Tá an bhliain úr ag teannadh linn, am a dhéantar buaiteoirí na gcraobhchomórtas peile agus iomána a thuar. Ach níl aon cheist faoi, dar le Colm Mac Sealaigh, ach go bhfuil bliain mhaith i ndán do Chiarraí agus Chill Chainnigh arís.
Ar cheann de na heachtraí is mó a mhairfidh cuimhne orthu i m’intinn ón mbliain 2007, tá cluiche ceannais na hÉireann sa pheil. Is éard ba chúis leis sin ná go rabhas thar lear ag an am – rud nár tharla dom riamh agus Craobh na hÉireann ar siúl. Ar saoire in Algarve na Portaingéile a bhíos féin agus mo bhean, agus chuamar le breathnú ar an gcluiche chuig ceann de na pubanna Éireannacha a bhí líonmhar san áit a rabhamar.
Bhí slua mór Éireannach i láthair agus sé nó seacht scáileán teilifíse timpeall an tí sa chaoi is go raibh radharc breá ag gach duine ar an gcluiche. Bhí bratacha na gcontaetha go léir, nach mór, crochta as an tsíleáil agus ar na ballaí, mar aon le grianghrafanna de cheoltóirí, d’aisteoirí agus de lucht spóirt na tíre seo. Murach na brístí gearra agus na t-léinte a bhí á gcaitheamh ag fir agus ag mná, agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch taobh amuigh, ní chreidfinn nach sa mbaile a bhí mé – i bpub éigin, áit éigin sa tír.
Ar chaoi ar bith, shocraigh muid síos sa teach tábhairne seo. Bhí gach rud go breá – an bua ag Gaillimh sna mionúir – go dtí gur cuireadh tús le cluiche na sinsear. Ba léir tar éis cuid ghearr a bheith imeartha go mbeadh an bua ag foireann Chiarraí, a bhuíochas sin ar lag-imirt fhoireann Chorcaí níos mó ná ar shár-imirt na gCiarraíoch. Bhí sé díreach ar nós a tharla d’fhoireann Mhaigh Eo sna blianta 2006 agus 2004.
Na buaiteoirí á dtuarIs é an rud a chuir mé ag smaoineamh faoin eachtra seo ná gur nós é ag tús na bliana buaiteoirí na gcraobhchomórtas a thuar. Nuair a smaoiním ar an bpeil, smaoiním ar an lá úd san Algarve agus an bua éasca, údarásach a bhí ag foireann Chiarraí. Ba mhaith liom dá dtarlódh sé arís, ach amháin dá mbeadh cluiche níos fearr i gceist – níos fearr ná mar a bhí ar siúl in 2007 nó in 2006 nó in 2004. Ni
bheinn an-dóchasach faoi sin, áfach, mar sílim go mbuafaidh Ciarraí an pheil arís agus sílim go mbuafaidh Cill Chainnigh an iomáint.
Dá mhéad a smaoiním air, is soiléire dom go mbeidh sé amhlaidh. Cén fáth a bhfuil an tuairim seo agam? Tá deis iontach ag an dá chontae sin an tríú craobh i ndiaidh a cheile a bhuachan – deis agus spreagadh atá ann nach mbeidh ag na himreoirí sin go brách arís. Tá an dá chontae i mbarr a réime agus, ag an am céanna, tá an iomaíocht lag – nó in ísle brí, fiú. Tá na himreoirí is fearr sa tír ag Cill Chainnigh agus Ciarraí, agus maidir le foireann amháin, tá an bainisteoir is fearr sa tír aici le deich mbliana anois. Rud eile ná, má éiríonn le Ciarraí agus Cill Chainnigh na cluichí leathcheannais a bhaint amach – agus dealraíonn sé go ndéanfaidh siad amhlaidh – ní bhfaighidh aon fhoireann sa tír an ceann is fearr orthu. Is é an fáth go mbeidh sé amhlaidh ná go bhfuil bua ag na foirne seo a bhíonn mar bhua ag na foirne is fearr i gcoitinne – tuigeann siad conas cluiche a bhuachan sa deich nóiméad deireanach de chluiche crua craoibhe. Ní hamháin sin, ach is beag contae eile a bhfuil an bua sin acu – cé is moite de Thír Eoghain sa pheil agus Corcaigh agus Port Láirge san iomáint, ach tá laigí eile ag baint leis na contaetha sin nach bhfuil ag baint, go soiléir, le Ciarraí nó ag Cill Chainnigh.
Ta Ciarraí agus Cill Chainnigh ar tí an stair a scríobh in 2008 – an tríú craobh i ndiaidh a chéile a bhuachan, rud nár tharla ó rinne Ciarraí é sa bhliain 1986 agus Corcaigh san iomáint sa bhliain 1978. Rud mór d’fhoireann ar bith is ea é dhá chraobh i ndiaidh a chéile a bhuachan, mar atá déanta acu faoin tráth seo. Ach éacht ar leith – éacht mór millteach – is ea é an tríú craobh as a chéile a ghnóthú. Mairfidh a gcáil go ceann i bhfad má éiríonn leo.
Maidir le Cill Chainnigh, ghoill sé go mór orthu, agus ar a mbainisteoir Brian Cody go mór mór, nuair a sciob Corcaigh an tríú craobh uathu sa bhliain 2004. Ar
ndóigh, bhain siad díoltas amach ar Chorcaigh dhá bhliain ina dhiaidh sin. Níl a fhios agam cé a mbeadh sé ar a gcumas acu ruathar Chill Chainnigh a stopadh i mbliana, áfach. Tá Corcaigh imithe ar gcúl, beagán, ó 2005 agus tá a n-aird ar rudaí eile faoi láthair. Iomaíocht lagB’fhéidir go n-éireoidh le Port Lairge an beart a dhéanamh i mbliana, ach tá a leithéid á rá againn le roinnt bliana anuas agus níor éirigh leo go dtí seo. Fágann sin Gaillimh – ní dóigh liom go bhfuil na himreoirí cruthanta ag aon chontae eile. Tá seans i gcónaí ann go mbainfidh Gaillimh geit as Cill Chainnigh – an cuimhin leat 2005? – agus le Ger Loughnan i bhfeighil fhoireann na Gaillimhe don dara bliain, cá fhios nach mbainfidh siad gaisce amach gan choinne. É sin ar fad ráite, sílim go mbeidh Brian Cody agus a chuid imreoirí meáite ar Chraobh na hÉireann a bhuachan arís i mbliana – tá an talann, an cur chuige, an neart agus an cruas acu, agus tá siad éadrócaire go leor chun é a dhéanamh.
Maidir le Ciarraí, ní dóigh liom go bhfuil an iomaíocht sách maith le cúpla bliain anuas chun iad a stopadh. Níl seans faoin spéir go mbuailfidh Corcaigh – tá nithe mar chúrsaí stailce, mar bhainisteoir nua agus mar an dóigh ar theip orthu in 2007
go léir ina gcoinne. Agus níl aon chomhartha ann go mbeidh Áth Cliath níos fearr mar fhoireann in 2008 ná mar a bhí siad in 2007 nó 2006. Tá an chosúlacht ar an scéal gur tháinig lagtrá ar chúrsaí peile ó thuaidh le cúpla bliain anuas de bhrí go raibh cuid mhaith imreoirí tábhachtacha gortaithe, i gContae Thír Eoghain ach go háirithe.
Dáiríre, níl ach rud amháin a d’fhéadfadh cur isteach ar na Cait: dá ngortófaí imreoir nó imreoirí tábhachtacha ag an am mícheart. Is rud é sin nach bhfuil aon smacht ag Brian Cody air. Tá an rud céanna fíor ó thaobh fhoireann Chiarraí de. Ach fhad is atá Henry Shefflin, Tommy Walsh, Martin Comerford agus araile aclaí go leor le himirt ar fhoireann Chill Chainnigh, agus muintir Uí Shé, an “Gooch” agus Donaghy maith go leor le bheith páirteach ar fhoireann Chiarraí, ní gá dóibh a bheith imníoch.
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.