Tá an-díomá ar Cholm Mac Séalaigh mar gheall ar dhrochiompar imreoirí áirithe de chuid Chumann Lúthchleas Gael. An amhlaidh gur cuid normálta den chluiche í an bhruíon sa lá atá inniu ann, a fhiafraíonn sé.
An amhlaidh go raibh an ceart ag na Sasanaigh tar éis an tsaoil? An é go mbíodh na Gaeil fiáin agus neamhshibhialta? Go mbídís i gcónaí ag troid lena chéile agus nach mbíodh smacht acu orthu féin? Níl ann ach ceist. Spreag imeachtaí áirithe a tharla le déanaí ar pháirceanna Chumann Lúthchleas Gael (CLG) an cheist sin i m’intinn. Má ghlacann muid leis gurb iad Clanna Gael (clubainm atá coitianta ar fud na tíre) a imríonn cluichí na nGael agus a bhíonn de shíor ag troid lena chéile, b’fhéidir go raibh an ceart ag na Sasanaigh.
"Níl ann ach cuid den chluiche," a deirtear. "Is cuid den chultúr é"; "Níor gortaíodh éinne"; "Ní raibh ann ach fir óga ag scaoileadh amach a gcuid teannais". Tá na ráitis seo uilig agus tuilleadh mar iad cloiste againn go minic i rith na mblianta. Cloistear iad aon uair a bhíonn troid nó aon uair a tharraingítear bruíon le linn nó i ndiaidh cluiche. Chualathas na leithscéalta arís le déanaí tar éis scliúchas Staid Semple ag tús mhí an Mheithimh inar thug iománaithe an Chláir agus Chorcaí faoina chéile sular cuireadh tús leis an gcluiche. Tá taithí againn cheana féin ar bhabhtaí dornálaíochta agus iomrascála a fheiceáil ar an taobhlíne, sa tollán ag leathama nó le linn an chluiche é féin. Ach anois, de réir cosúlachta, "is cuid den chluiche" é an scliúchas réamhchluiche.
Is cuma céard a deir daoine eile faoi, ní féidir a shéanadh ach gur cuid lárnach de chluichí Gaelacha í an bhruíon agus an t-achrann sa lá atá inniu ann. Tarlaíonn sé go rialta ag cluichí ag gach aois agus gach leibhéal ar fud na tíre. Feictear é ag cluichí scoile, ag cluichí club, ag cluichí idirchontae agus i ngach áit. Tá sé mar chuid den chluiche freisin dorn a bhualadh ar imreoir eile, cic a thabhairt dó, é a lascadh le camán, a gheansaí a tharraingt agus é a tharraingt síos go neamhdhleathach. Ní gá ach breathnú ar na cluichí a chraoltar beo ar an teilifís chun na heachtraí seo ar fad a fheiceáil. Ní eachtraí eisceachtúla iad ach an oiread, ach gnátheachtraí a tharlaíonn go minic.
Mearbhall na nAstrálach
An raibh aon duine ón Astráil i Staid Semple nó i bPáirc an Chrócaigh nó i bPáirc Uí Mhórdha le déanaí, meas tú? Nó b’fhéidir go raibh siad i dteach tábhairne san Astráil ag breathnú ar *The Sunday Game *ar Setanta Sports?Má bhí, céard a shíl siad den chluiche, meas tú? An raibh siad magadh faoi na Gaeil agus iad ag troid lena chéile ar pháirceanna na tíre? B’fhéidir go raibh siad ag smaoineamh ar na gearáin agus na clamhsáin a rinne muintir na hÉireann faoi thaicticí garbha, brúidiúla na nAstrálach i bPáirc an Chrócaigh tráth na gcluichí a d’imrítí faoi rialacha idirnáisiúnta. Má bhí na hAstrálaigh ag breathnú ar an gcéad chluiche idir Baile Átha Cliath agus an Mhí, seans go raibh cineál mearbhaill orthu nuair a chonaic siad imreoir de chuid na Mí, ar iarchaptaen fhoireann na hÉireann sna cluichí idirnáisiúnta é, ag caitheamh doirn faoi dhó le cloigeann a chéile comhraic agus a lámh timpeall ar mhuineál imreora eile geábh eile.
Agus cé go raibh gníomhartha an imreora sofheicthe don lucht féachana agus iad ag breathnú ar an gcluiche ar an teilifís, ní dhearnadh tada faoi. Níor bacadh le smachtbhannaí de chineál ar bith a chur ar an imreoir. Nárbh é sin an t-imreoir céanna a raibh an oiread sin clampair faoin gcaoi ar caitheadh chun talaimh é go dleathach le linn cluiche a imríodh i gcoinne na hAstráile faoi rialacha idirnáisiúnta an fómhar seo caite?
Fadhbanna leis an gcóras
Ach is í an fhadhb is mó atá ag CLG ná seasamh na n-imreoirí, na mbainisteoirí agus na n-oifigeach i leith na rialacha agus an chórais smachta. Tá sé ráite ag iarimreoirí agus ag iarbhainisteoirí cáiliúla le déanaí go bhfuil na daoine thuasluaite go léir sásta rud ar bith a dhéanamh ar mhaithe le cluiche a bhuachaint.
Má dhíbirtear imreoir as cluiche, tá an chuma ar an scéal anois go síleann na hoifigigh chontae go bhfuil sé de dhualgas orthu cás an imreora sin a throid agus an córas smachta a thástáil go dtí a theorainn. Is cuma cé acu sa cheart nó sa mhícheart atá an t-imreoir. Tá sé seo fíor ó Dhoire go Corcaigh.
Is léir nach bhfuil an córas nua smachta sásúil. Tá ceithre chéim faoin gcóras seo agus cothaíonn na céimeanna ar fad deacrachtaí. Bíonn sé deacair cruinnithe a eagrú agus na páirtithe ar fad a bhí bainteach le heachtra a thabhairt le chéile. Réiteach amháin atá molta le déanaí ná grúpa ar leith a bhunú chun an córas smachta a láimhseáil. Bheadh an grúpa seo comhdhéanta de dhaoine ón taobh istigh agus ón taobh amuigh de CLG. Bheadh cáilíochtaí aitheanta agus taithí bhainistíochta ag na daoine seo. Bheidís ag obair ar bhonn gairmiúil, sé sin d’íocfaí iad as a gcuid oibre. Táthar ag súil go bhfeidhmeodh an córas go tapa agus go héifeachtach mar thoradh ar na hathruithe seo.
Bhí díomá ar go leor daoine faoin méid a tharla i Staid Semple, ach tuigimid nach scabhaitéirí ná drochdhaoine iad leithéidí Sheáin Óig Uí Ailpín, Dhónail Óig Uí Chíosóig nó imireoirí eile mar iad. Le bheith cóir, réaltaí de chuid na gcluichí Gaelacha atá iontu. Sárimreoirí agus sáreiseamláirí don aos óg i gcoitinne is ea iad. Cé gur loic siad orthu féin i Staid Semple, loic an córas orthu freisin. Roimh an gcluiche agus ó shin i leith. Is gá an córas a leasú agus é a chur ina cheart gan mhoill.
Táim den tuairim go mbeidh tuilleadh díospóireachta ar an ábhar seo go luath.
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.