Níl seans ach ag trí fhoireann Premiership Shasana a bhuachan, rud a fhágann go bhfuil cluichí na roinne sin an-leadránach, dar le Colm Mac Séalaigh.
Is deacair an Premiership a sheachaint. Ní hé go bhfuilim ag iarraidh sin a dhéanamh, ach dá mbeinn, ba dheacair é. Scaití bím ag ceapadh go mbíonn sacar ar an teilifís chomh minic leis na ‘Simpsons’, ‘Eastenders’ nó ‘Friends’ agus is minic a bhíonn! Le fírinne, bainim taitneamh as cláracha teilifíse ar nós ‘Match of the Day’ agus ‘The Premiership’ ach ní thuigim cén fáth go mbíonn an oiread sin rírá faoin bPríomhroinn chéanna. Is deacair éirí corraithe nó sceitimíneach faoi ar an ábhar go bhfuil sé sách leamh agus leadránach mar chomórtas. Mar sin féin, tarraingíonn sé caint agus díospóireacht agus argóintí i monarchana, i bpubanna, in oifigí agus i scoileanna, ní hamháin sa chlós ach i seomra na foirne teagaisc chomh maith, i gcás meánscoil lán-Ghaelach amháin ar a laghad!
Rud amháin a chuireann as dom féin ná an chaoi a nglactar leis go coitianta go bhfuil suim ag chuile dhuine beo i gcúrsaí sacair i Sasana, agus go bhfuil tú sórt "ait" ar bhealach éigin mura bhfuil. Ní gá ach “Premiership” nó “United” a rá agus tosaíonn an chraic. Ní gá ach ainmneacha ar nós Ferguson nó Keane, Abramovich nó Drogba a lua agus glactar leis go dtuigeann chuile dhuine cé atá i gceist, cén club lena mbaineann siad, céard a itheann siad don bhricfeasta ar maidin! Nach mbeadh sé iontach dá dtarlódh sé uair amháin ar an "Late Late Show", cuir i gcás, go mbuafadh duine sa lucht féachana dhá thicéad go Old Trafford, nó a leithéid de dhuais, agus go ndéarfaidís le Pat Kenny iad a thabhairt do dhuine éigin eile ar an ábhar nach raibh aon suim acu dul ann. Ba bhreá liom aghaidh Pat a fheiceáil dá dtarlódh sin!
Ach, cén dochar? Níl aon rud mícheart nó mímhorálta faoi shuim a chur sa Premiership! Níl ann ach gur mhaith leat a mhíniú do dhaoine uaireanta nach bhfuil tú chomh tógtha sin lena dtarlaíonn ó lá go lá thall i Sasana. Ar chuma ar bith, nach í Príomhroinn Shasana an sraithchomórtas sacair is fearr agus is spéisiúla ar domhan? Nó an ea? Is cinnte go bhfuil aird mhuintir na hÉireann, chomh fada is a bhaineann le cúrsaí sacair ar aon nós, dírithe ar fad, beagnach, ar imeachtaí na Príomhroinne sin. Gan amhras, caitear súil ar chúrsaí in Albain anois is arís le seiceáil cén chaoi a bhfuil ag éirí leis na Ceiltigh thuas ansin, go mór mór nuair a bhíonn siad i gcoinne Rangers. Tá an choimhlint nó iomaíocht seo idir na Ceiltigh agus Rangers míshláintiúil toisc go bhfuil sé bunaithe ar dheargsheicteachas. Caitlicigh v Protastúnaigh atá i gceist, ach is údar gáirí ar bhealach é nuair a chuireann tú san áireamh gur cuma sa diabhal leis na himreoirí ina gcroí istigh (nach de bhunadh Ghlaschú nó na hAlban a bhformhór) faoin tseafóid sheicteach. Dar ndóigh, ligeann siad orthu go bhfuil an paisean agus an tuiscint cheart acu ar an traidisiún, ach i ndáiríre níl ann acu go dtuigeann siad cé tá ag íoc an phá i ndeireadh na seachtaine.
Dornán beag clubanna
Ar aon nós, taobh amuigh den choimhlint shuarach úd thuas in Albain, is i Sasana atá an t-aicsean agus na cluichí iontacha! Ach, fan nóiméad, má dhéanaimid anailís ar an scéal, fiú ar leibhéal an-simplí ar fad, seans go dtiocfaimid ar an tuairim nach bhfuil Príomhroinn Shasana chomh hiontach sin i ndáiríre. An léiriú is fearr air sin ná an chaoi gurb é an dornán beag céanna clubanna a bhíonn chun tosaigh ar an gcuid eile bliain i ndiaidh bliana. Níl ach trí nó ceithre fhoireann sa Phríomhroinn atá fíormhaith: Chelsea, Arsenal agus Manchester United. Uaireanta, déanann Liverpool iarracht a dhul in iomaíocht leo, ach de ghnáth críochnaíonn siad sa cheathrú háit, líon mór pointí taobh thiar de na foirne eile. Cheana féin i mbliana is léir gur ceann de na trí fhoireann a luadh thuas a bhuafaidh an Chraobh agus an t-aon rud atá suimiúil faoin bPríomhroinn ná cé acu a bhuafaidh í. Seans nach mbeidh an comórtas thart chomh luath sa séasúr reatha is a bhí anuraidh nuair a d’imigh Chelsea as radharc ar fad sa chéad leath den séasúr.
Is trua gur mar sin atá. Bhí sé níos suimiúla nuair a bhí West Ham, Spurs, Everton, Newcastle, Leeds agus araile in ann dul in iomaíocht leis na clubanna móra úd agus cluiche maith a thabhairt dóibh. Ach tá bearna shuntasach eatarthu anois agus tá an bhearna ag méadú de shíor. Scór bliain ó shin, bhí caighdeán níos cothroime ann agus cluichí níos fearr a raibh brí agus substaint leo. Anois nuair a imríonn Everton agus Newcastle, Aston Villa agus Spurs, agus mar sin de, is cuma cé a bhuann. Is iad na cluichí a bhaineann le hArsenal, Man United agus Chelsea is tábhachtaí sa deireadh agus sin an fhírinne.
Mar sin, céard a tharla nó céard tá difriúil faoi chúrsaí sacair ar an taobh thall den “chainéal”, mar a deirtear ar RTÉ. Tá sé furasta go leor a mhíniú: airgead bun agus barr an scéil. Ní féidir bheith san iomaíocht i gcúrsaí sacair gan airgead mór agus níl an saghas airgid atá ag teastáil sa Premiership ach ag cúpla club. Níl sé indéanta, dar liom, Príomhroinn cheart a reáchtáil, is é sin sraithchomórtas ina bhfuil na foirne ar comhscór, mar a déarfá, ag tús an tséasúir. B’fhéidir gur cuma leis an lucht eagraithe (agus leis an lucht leanta freisin, b’fhéidir) ach tá a lán de na clubanna i bhfiacha agus i dtrioblóid dá réir. I gcás mo leithéidse, ní údar imní é, ach samhlaím go n-éireoidh sé níos deacra de réir mar a théann na blianta ar aghaidh an lucht féachana a mhealladh má leanann an scéal amhlaidh agus an bhearna idir an mionlach saibhir agus an chuid eile ag méadú.
Má tá siad dáiríre faoi, aithneoidh na húdaráis an fhadhb agus tuigfidh siad agus géillfidh siad go mba chóir go mbeadh Sraith nó Príomhroinn Eorpach ann do na clubanna ar fud na hEorpa atá an-saibhir agus sraitheanna cearta náisiúnta a thabharfaidh sásamh agus dóchas don lucht leanta.
Géarchéim
Rud eile, feictear dom go bhfuil géarchéim i ndán don fhoireann náisiúnta sacair i Sasana agus dá réir sin d’fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann. Níl sé i bhfad ó shin ó bhí laochra an chluiche thall ina Sasanaigh den chuid is mó, agus corr-Éireannach agus Albanach ina measc. Faoi mar atá sé faoi láthair, eachtrannaigh is ea formhór na n-imreoirí agus na mbainisteoirí sna clubanna móra. Is beag Sasanach ná Éireannach atá ar aon chaighdeán leis na himreoirí as an bhFrainc, an Iodáil, an Phortaingéil agus araile atá ag imirt sa Phríomhroinn. Scór bliain ó shin bhí na heachtrannaigh (abraimis nach eachtrannaigh iad na hÉireannaigh ar son na hargóinte) ina mionlach beag coimhthíoch i sraithchomórtas Shasana ach anois a mhalairt atá fíor.
Tá léiriú ar an teoiric seo le fáil i gcomhthéacs fhoirne idirnáisiúnta Shasana agus na Poblachta. Cé go bhfuil Sasana ar bharr a ngrúpa i gcomórtas Chorn na hEorpa faoi láthair, tá siad ar comhphointí (seacht gcinn) leis an gCróit, an Mhacadóin agus Iosrael. Chaill Sasana i gcoinne na Cróite agus bhí comhscór i gceist sa chluiche leis an Macadóin. Níl ach seacht bpointe ag an gcéad fhoireann sa ghrúpa; i ngach grúpa eile tá ar a laghad naoi bpointe ag an gcéad fhoireann agus tá dhá phointe dhéag ag foireann amháin.
Dar ndóigh, feicimid go bhfuil an scéal níos measa i gcás fhoireann na hÉireann; níl ach pointe amháin acu, tá siad ag bun an ghrúpa agus bhí an toradh uafásach i gcoinne na Cipire náireach amach is amach. Níl sé i bhfad ó shin ó bhí imreoirí fhoireann na hÉireann ag imirt le clubanna móra Shasana ar nós Liverpool, Manchester United, Arsenal agus araile. Anois, cé is moite d’eisceacht nó dhó, níl seans faoin spéir ag Éireannach áit a fháil ar na foirne thuasluaite.
Cá bhfágann sé sin an Premiership? Fágann sé é, mar atá ráite agam, le trí nó ceithre fhoireann láidre ar a bhfuil imreoirí costasacha as tíortha éagsúla den chuid is mó, agus clubanna eile atá ag streachailt le bheith beo i sraithchomórtas nach bhfuil leath chomh suimiúil is a deirtear agus atá ar chaighdeán an-dona. Ceapaim nach bhfuil Príomhroinn Shasana go maith. Níl sé ag oibriú mar atá sé eagraithe agus ní bheidh rath air sa bhfadtéarma, dar liom.
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.