Ba bhreá le Colm Mac Séalaigh dá mbeadh an stádas céanna ag Corn an Bhóthair Iarainn is a bhí sna seascaidí ach tuigeann sé gur beag an baol go dtarlóidh sé sin.
Bhí sé de phribhléid agus d’onóir agam an sáriománaí agus an laoch Criostóir Ó Rinn a fheiceáil ag imirt uair amháin. Bhí mé an-óg ag an am, gan dabht, ach tá cuimhne nó cineál pictiúrtha i mo cheann den laoch mór ag scóráil cúil i gcluiche ceannais Chorn an Bhóthar Iarainn i gcoinne fhoireann Laighean ar a raibh cuid mhaith Dubs. 1961 nó 1962 a bhí ann, measaim, agus bhí níos mó Dubs ar an bhfoireann iománaíochta ná mar a bhí d’imreoirí as aon chontae eile as Laighin toisc go mba iad Áth Cliath curaí Laighean na bliana 1961. Le fírinne, bhí níos mó Dubs ar fhoireann iománaíochta Laighean sna blianta úd ná mar a bhí ar an bhfoireann pheile, rud atá deacair a chreidiúint anois, i bhfianaise stádas íseal Átha Cliath ag an leibhéal sinsearach.
An uair úd, ceathracha éigin bliain ó shin, bhíodh sluaite móra ag freastal ar Pháirc an Chrócaigh Lá Fhéile Pádraig gach bliain chun cluichí ceannais Chorn an Bhóthair Iarainn san pheil agus san iomáint a fheiceáil. B’in iad na cluichí idirchúige agus ní raibh a sárú ó thaobh sluaite ach cluichí ceannais na Mumhan agus na hÉireann. Imreoirí agus laochra, peileadóirí agus iománaithe, daoine mar Chriostóir Ó Rinn, Nicky Rickard, Mícheál Ó Conaill agus Deasún Ó Foghlú, ba chúis cuid mhaith leis sin mar ní bhídís le feiceáil ar an teilifís faoi mar a bhíonn laochra an lae inniu.
Ach thosaigh meath na gcomórtas cúige ó thaobh thacaíocht an phobail de le bunú Telefís Éireann i 1961. Is éard a tharla ná gur thosaigh TÉ ag craoladh na gcluichí ceannais ó Pháirc an Chrócaigh ar Lá Fhéile Pádraig (i nGaeilge, chomh fada le mo chuimhne). Mar is eol do chách, is minic drochaimsir, idir bháisteach is
fhuacht, ar lá na féile náisiúnta agus ba ghearr gur thuig daoine ar fud na tíre go mba thaitneamhaí agus go mba shaoire fanacht sa mbaile ar a gcompord agus breathnú ar na cluichí ar an teilifís ná taisteal go Baile Átha Cliath, suí nó seasamh sa bhfuacht agus an baile a shroicheadh arís faoi dhorchadas na hoíche. Dá bhrí sin, thosaigh líon an lucht freastail ag laghdú go tapa bliain i ndiaidh bliana go dtí nárbh fhiú na cluichí a chur ar siúl i bPáirc an Chrócaigh ar chor ar bith. Agus, gan slua i láthair, ní bhíonn aon atmaisféar agus gan atmaisféar ní bhíonn an spiorad céanna sna cluichí, dá fheabhas iad na himreoirí.
Ba ghearr nach raibh i gcomórtas an Bhóthair Iarainn ach mionchomórtas a imrítear gar do dheireadh na bliana agus gan mórán spéise ag lucht tacaíochta iontu. In áit na gcluichí idirchúige, cuireadh cluichí ceannais na gclub ar siúl i bPáirc an Chrócaigh Lá Fhéile Pádraig agus tá ag éirí thar cionn leo sin, in ainneoin go gcraoltar beo iad ar an teilifís. Is dócha gurb é an difríocht idir craobhchluichí na gclub agus craobhchluichí an Bhóthair Iarainn ná go bhfuil daoine sásta an íobairt a dhéanamh agus taisteal ina sluaite chun tacaíocht a thabhairt dá gcumann áitiúil féin, go mór mhór más as baile nó paróiste beag faoin tír atá i gceist.
Tragóid
Is é an feall é, dar liom , gur ligeadh Comórtas Chorn an Bhóthair Iarainn i ndearmad beagnach agus go bhfuiltear ag smaoineamh ar dheireadh a chur leis ar fad. Ba thragóid é, dar liom, dá dtarlódh sin. Tá cúpla fáth go ndeirim é sin. Sa chéad áit, bhí na cluichí go hiontach nuair a bhí slua mór i láthair ar nós mar a bhíonn cluiche rugbaí inniu idir an Mhumhain agus Laighin. Bhí coimhlint ghéar i gceist agus na hiománaithe agus na peileadóirí ab fhearr as gach cúige ag imirt. Bhí deis iontach ag imreoirí maithe na gcontaetha laga imirt ar stáitse mór agus bonn an-luachmhar ó thaobh onóra de a bhuachaint – iománaithe as Laois, Áth Cliath, Ciarraí, peileadóirí as Fear Manach, Liatroim, Tiobraid Árann (Babs
Céitinn, mar shampla) agus araile. Rud eile ná gurbh é foireann an chúige an leibhéal is airde sna cluichí Gaelacha agus ba ghaire d’fhoireann idirnáisiúnta. Ní áirím cluichí na Rialacha Idirnáisiúnta mar ní peil Ghaelach atá i gceist, ní imrítear an cluiche áirithe sin in aon áit ar domhan, agus ní féidir a rá gurb iad na peileadóirí is fearr a bhíonn ag imirt ar son na hÉireann sna cluichí sin ach oiread.
Is dóigh liom gurbh fhiú do Chumann Lúthchleas Gael comórtas Chorn an Bhóthair a athnuachan. Tá gá le seift nó plean cliste a thabharfadh na cluichí ar ais go dtí an staid ina raibh siad agus a thabharfaidh an stádas dóibh a bhí acu tráth. Tá samhlaíocht ag teastáil agus cur chuige. Deirtear go bhfuil na himreoirí á iarraidh agus dúil acu ann agus seans maith go bhféadfaí urraíocht a mhealladh ó lucht ghnó ach pacáiste maith a chur le chéile. Moladh amháin a bheadh agam féin ná ceangal de shaghas éigin a dhéanamh le gradam na Réalta. D’fhéadfaí, cuir i gcás, na himreoirí a bheadh ainmnithe ina n-ábhair Réalta a roghnú le himirt ar na foirne cúige agus go roghnófaí na Réalta díreach i ndiaidh na gcluichí idirchúige, a d’imreofaí thar dhá dheireadh seachtaine i ndiaidh a chéile, coicís nó mí, abair, i ndiaidh chluichí ceannais na hÉireann. Tuigim go mbeadh deacracht láithreach ar fud na tíre maidir le craobhchomórtais na gclub ach, arís, ba ghá samhlaíocht agus tionscnamh a úsáid chun an deacracht sin a shárú. Ba ghá an sraithchomórtas idirchontae a ghiorrú agus an craobhchomórtas a fháisceadh isteach i dtréimhse níos giorra chun go mbeadh deis níos fearr ag na clubanna a gcuid comórtas a rith. Tá gá cheana féin, agus cás na gclubanna mar atá sé, le polasaí nua chun freastal i gceart ar an ngnáthimreoir club.
Corn an Oireachtais
Ós ag scríobh dom faoi chomórtas an Bhóthair Iarainn, níor mhiste comórtas eile a lua, comórtas a mhealladh sluaite móra tráth, agus atá ligthe i léig ar fad. Is ag tagairt do Chorn an Oireachtais atáim agus bhí uair ann nuair a bhíodh slua chomh mór beagnach leis an lucht freastail ag cluiche ceannais na hÉireann i láthair i bPáirc an Chrócaigh le haghaidh cluiche ceannais an Oireachtais.
Tá cuimhne an-soiléir agam ar chluichí ceannais an Oireachtais sna blianta thart ar 1964/65 nuair a bhí coimhlint an-ghéar agus fhíochmhar idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann agus imreoirí mar Jimmy Ó Dúill, Eddie Ó Cathaoir, Seán Ó Dúill agus Ollie Breatnach ag imirt. Is cuimhin liom freisin go raibh an-áthas ar fad ar fhoireann iomána na Gaillimhe Corn an Oireachtais a bhuachaint sa bhliain 1979, b’fhéidir, agus ba chineál cloch cora é ar an mbóthar go dtí Corn Mhic Cárthaigh i 1980. Ach thit stádas Chorn an Oireachtais an-sciobtha trí na 1980í, faraor, agus ní heol dom go n-eagraítear ar chor ar bith anois é, ach bhí an-mheas ar fad air blianta ó shin.
Gan dabht, tá an saol i gcónaí ag athrú agus ní thig le duine ar bith an taoide a stopadh. Níl a fhios agam an féidir Corn an Bhóthair Iarainn agus Corn an Oireachtais a athréimniú nó an bhfuil an toil nó an spéis ann chuige. B’fhiú go mór dá leithéid a bheith ann, áfach, agus na gaiscí agus na gaiscígh a bhain leo. Is beag an seans go dtarlóidh sé arís go mbuafaidh imreoir amháin bonn peile agus bonn iomána ar an lá céanna agus é ag imirt dá chúige i lár na páirce in dhá chluiche díreach i ndiaidh a chéile. Ach sin a rinne Deasún Ó Foghlú as Áth Cliath agus é ag imirt do Chúige Laighean i bPáirc an Chrócaigh ar Lá Fhéile Pádraig 1962. Suaimhneas síoraí dó.
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.