Tá Colm Mac Séalaigh go láidir den tuairim go bhfuil sé in am ag na heagraíochtaí spóirt in Éirinn an ceangal atá acu leis na comhlachtaí óil a bhriseadh.
An chéad chorn a bhuaigh an club s’againne le mo linnse ná Corn Bhaintreacha na Sean-Óglach. D’eagraíodh fear as Cumann an Athar Uí Mhurchú an “Old IRA Widows Tournament” chuile bhliain agus thugadh sé cuireadh do chlub sóisear eile imirt i gcoinne “Father Murphys” ar son coirn agus bonn agus bhailíodh sé síntiús (punt sa sean-seanairgead) ó gach imreoir ar mhaithe le baintreacha na sean-Óglach.
Taca an ama a thosaigh mé féin ag imirt leis na daoine fásta i gCumann Báire Chaoimhín, bhíomar i Roinn C den tSraith Shóisearach, agus cé nach raibh caighdeán iománaíochta an-ard againn, bhí scata leaideanna óga ag teacht chun cinn le chéile. Nuair a tugadh cuireadh dúinn páirt a ghlacadh i gcomórtas an Athar Uí Mhurchú, ba mhór an fonn a bhí orainn glacadh leis an gcuireadh mar b’ionann é sin agus imirt i gcluiche ceannais, rud nach raibh taithí ag aon duine againn air san am. An chéad bhliain bhí conspóid ann i dtaobh imreora áirithe a raibh mioncháil air mar iománaí agus a bhí, dá bhrí sin, i bhfad rómhaith do ghrád s’againne. Tugadh cuireadh dó dul ag imirt le cumann an Athar Uí Mhurchú, cé go raibh fhios ag an saol mór gur le cumann eile ar fad, i gcontae eile raibh ceangal stairiúil aige leis an bhfíor-Athair Ó Murchú, a bhain sé a cháil amach. Imríodh an cluiche ar aon nós agus chailleamar, agus bhí díomá agus fearg orainn i ngeall ar an “éagóir” a deineadh orainn.
B’fhéidir go raibh trua ag an bhfear uasal a d’eagraíodh an comórtas dúinn, mar an bhliain dár gcionn tugadh cuireadh arís dúinn agus ghlacamar leis in athuair. Ní raibh foireann an Athar Uí Mhurchú chomh láidir is a bhí an bhliain roimhe sin, agus bhí an bua againn. Ba é sin an chéad uair a bhuamar comórtas nó corn ar bith agus rinneamar ceiliúradh cuí. Ní corn mór a bhí ann agus dá bhrí sin ba ghá é a
líonadh (le fuisce agus líomanáid dhearg) níos mó ná uair amháin. Thugamar cuairt ar gach pub (dhá cheann) a thaithímis ag an am i Sráid Camden agus bhí na tábhairneoirí lánsásta an fuisce a chur ar fáil (nó arbh í an líomanáid a bhronnadar orainn?). Bhlaiseamar go léir den chorn agus cuireadh thart timpeall an tí é amhail is gur Corn Mhic Cárthaigh féin a bhí ann!
Anois, suíonn Corn an Athar Uí Mhurchú go huaigneach san áiléar sa teach s’againne toisc gur thit Cumann an Athar Uí Mhurchú as a chéile go luath i ndiaidh dúinn an corn a bhuachan. Bhí muid féin ag féachaint chun cinn i ndiaidh ár mbua stairiúil agus ligeadh an tAthair Ó Murchú, a chorn agus na baintreacha i ndearmad. Níl a fhios agam céard a tharla do Bhaintreacha na Sean-Óglach ach glacaim leis gur tugadh aire dóibh agus nach rabhadar ag brath rómhór ar na síntiúis a d’fhaighidís uainne.
Buanna éagsúla
Ar chaoi ar bith, d’imigh na blianta agus chuamar ó neart go neart mar fhoireann iomána agus ar feadh scaithimh ní raibh ár sárú i measc chlubanna sóisearacha agus idirmheánacha iomána Átha Cliath. Bhuamar an Chraobh agus an tSraith Shóisearach agus Idirmheánach i ndiaidh a chéile, móide Corn Fogarty agus Corn an Chéitinnigh, corn a raibh an-stair ag baint leis. Bhuamar Roinn a Dó den tSraith Shinsearach agus bhíomar chun cinn i Roinn 1 ar feadh tréimhse, ach níor éirigh linn an Chraobh Shinsearach a bhuachan, cé go raibh imreoirí den scoth againn. Bhí gach corn sóisearach agus idirmheánach inár seilbh le linn tréimhse cúig bliana nó mar sin agus thosaigh sin ar fad de bharr Chorn an Athar Uí Mhurchú agus Cumann Bhaintreacha na Sean-Óglach.
An rud a chuir an méid sin i mo cheann ná alt a léigh mé le déanaí faoi chúrsaí óil agus cúrsaí spóirt sa tír seo agus an nasc láidir atá idir an dá rud. Is léir go bhfuil baint mhór ag an alcól leis an gceiliúradh ó thaobh spóirt de chomh maith le mórán ócáidí agus imeachtaí eile i saol mhuintir na hÉireann – bainiseacha, baistí, torthaí scrúdaithe agus mar sin de. Nuair a bhuaimis, agus nuair a chaillimis, théimis go dtí an teach tábhairne agus d’ólaimis ár ndóthain. Ba chuid den chultúr é; thaitin sé linn agus bhíodh craic againn agus thiomáinimis abhaile ina dhiaidh. Tá sin scanrúil agus scannalach a leithéid a scríobh agus a léamh anois i gcomhthéacs eachtraí an lae inniu, ach bhí sin comónta go dtí le gairid.
Tá an t-ól fós mar chuid dár gcultúr agus tá seans ann go bhfuil an scéal níos measa anois i measc daoine óga. Tá a fhios ag an saol mór go mbíonn daoine óga – sé bliana déag, seacht mbliana déag agus níos óige – ag ól go rialta agus go mbíonn an t-ól mar ghnáthchuid de shaol déagóirí timpeall na tíre agus ní taise d’ócáidí spóirt. Nuair a dhéantar cluiche ceannais a bhuachan nó a chailliúint, cluichí scoile san áireamh, bíonn an t-alcól mar chuid lárnach den cheiliúradh nó den chaoineadh. Is cinnte go mbíonn an t-uafás óil ar ócáidí móra rugbaí agus sacair agus cluichí Gaelacha. Cuid den ócáid é piontaí agus eile a chaitheamh siar roimh agus tar éis cluiche mhóir agus anois i bPáirc an Chrócaigh bíonn ól ar díol taobh istigh den staid.
Is í an cheist atá le cur agus le plé i gceart ná an rud sláintiúil é an nasc atá le sonrú go soiléir idir spórt agus ól. Tá mórán daoine míshásta agus míshuaimhneach leis an gceangal atá coitianta idir ól agus spórt. Luaitear sa chomhthéacs sin an urraíocht a thugann comhlachtaí óil d’eagraíochtaí, do chumainn agus do chomórtais spóirt.
Poiblíocht agus fógraíocht
Tá ceangal láidir ag rugbaí agus iománaíocht le comhlachtaí móra beorach agus a lán airgid ag teacht ón urraíocht a chuireann na comhlachtaí sin ar fáil. Níl dabht ar bith ach go bhfuil poiblíocht agus fógraíocht iontach suntasach agus tarraingteach á fáil ag an iomáint agus ag an rugbaí de bharr a gceangal leis na comhlachtaí móra seo. Ach an cheist ná an bhfuil sé ceart. Is cinnte go n-oibríonn sé ó thaobh na gcumann spóirt agus na gcomhlachtaí ach an bhfuil an teachtaireacht cheart á cur chun cinn ag Cumann Lúthchleas Gael (CLG) agus ag lucht an rugbaí? Is léir go gcreideann na comhlachtaí go bhfuil an urraíocht ag cuidiú leo a gcuid táirgí a chur chun cinn. Sin an sprioc atá acu léi. Ach an bhfuil an urraíocht ag cur aidhmeanna CLG agus an IRFU chun cinn? Is eagraíochtaí iad atá dírithe ar rannpháirtíocht daoine óga i gcúrsaí spóirt mar rud sláintiúil agus folláin. An fhadhb ná go bhfuil siad ag tabhairt le fios go bhfuil an t-alcól inghlactha agus normálta, fiú i measc imreoirí spóirt. Ní dóigh liom féin gur féidir an méid sin a shéanadh. Níl a fhios agam an bhfuil aon chruthúnas ann go bhfuil baill CLG ag ól níos mó beorach de bharr urraíocht comhlachta áirithe, ach má tá seans ar bith ann go bhfuil daoine óga faoi thionchar na fógraíochta agus a ghabhann leis, ba chóir é a stopadh láithreach.
Tá neart samplaí d’imreoirí iontacha ar scrios an t-ól an saol orthu. Ní gá ach smaoineamh ar George Best, Nicky Rackard, Paul McGrath, John Leahy agus araile.
D’éirigh le cuid acu an lámh in uachtar a fháil ar an ól tar éis troid dian ach bhí fulaingt agus crá ag baint leis ó thaobh a muintire gan trácht orthu féin. B’fhéidir go mbeidís in n-alcólaigh ar aon nós, ach seans maith nár chuidigh cultúr “an Corn a líonadh” agus an cheiliúrtha leo nuair ab é a bhí uathu agus iad óg ná an staonadh agus an staidéar.
Dar liom, ba náireach an radharc é imreoirí gailf a fheiceáil ag caitheamh siar seaimpéin agus beorach ag deireadh Chorn Ryder i gClub Chill Dara. Cén sórt teachtaireachta é sin don aos óg? Ní teachtaireacht shláintiúil é, dar liom. Tá an chuma ar an scéal nach gcuireann eagraíochtaí spóirt leas an aosa óig san áireamh nuair a théann siad ar thóir an airgid mhóir i bhfoirm urraíochta agus fógraíochta. Caithfear a chur in iúl dóibh nach bhfuil an spórt agus an t-ól comhoiriúnach. Cén fáth? Mar scriosann an t-alcól saol daoine. Is é an druga is dainséaraí de réir na staitisticí. Tá baint aige le cuid mhór tinnis agus galar agus le ráta ard timpistí bóthair agus féinmharaithe in Éirinn. Caithfidh na cumainn spóirt, agus tá dualgas orthu é a dhéanamh, an ceangal a bhriseadh agus leas daoine, daoine óga go mór mór, a chur roimh aon rud eile.
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.