Tá Colm Mac Séalaigh ag caitheamh an tsamhraidh i gConamara ach tá ag éirí leis súil a choinneáil ar an bpeil Ghaelach agus ar an iomáint, mar sin féin.
Táim i nGaeltacht Chonamara anois le os cionn míosa, ag plé le “Gaeilgeoirí” (i.e. foghlaimeoirí Gaeilge idir 11 bhliain agus 18 mbliana d’aois), múinteoirí agus mná tí, ag freastal ar sheisiún ceoil anois is arís, agus ag baint thaitneamh an domhain as an obair agus as an saol difriúil a bhíonn ann i rith an tsamhraidh. Is deacair súil a choinneáil ar chúrsaí spóirt i gcomhthéacs mar sin, in ainneoin gurb é an samhradh an t-am a tharlaíonn na hócáidí móra spóirt sa chuid seo den domhan.
De dheasca bheith chomh gnóthach le hobair an choláiste samhraidh, níl an spórt chomh lárnach i mo shaol ó lá go lá is a bhíonn de ghnáth agus, le fírinne, ní chuireann sin as dom ar chor ar bith. Is dóigh liom go léiríonn sé nach bhfuil an spórt chomh tábhachtach dom is a cheapas. Tá a fhios agam gur féidir le duine bheith gafa agus an-ghafa le foireann nó le cúrsaí spóirt, agus go dteastaíonn cur chuige an-dian le bheith san iomaíocht ag leibhéal ard, ach uaireanta, agus laethanta breátha fada grianmhara an tsamhraidh ag teacht agus ag imeacht, bím scoite amach ón rírá go léir agus ní miste liom sin.
Mar sin féin, is maith liom súil a choinneáil ar a bhfuil ag tarlú i ndomhan mór an spóirt. Ós rud é go bhfuil Corn an Domhain thart, móide Wimbledon, an séasúr rugbaí, an Tour de France, Galf na Breataine agus mar sin de, is amhlaidh go bhfuil, ar feadh cúpla mí ar aon nós, an spotsolas ar na cluichí Gaelacha agus is breá an rud é sin.
Cuid lárnach, bhunúsach de thaithí an tsamhraidh is ea cluichí Chumann Lúthchleas Gael, lena ndathanna, sluaite móra, bratacha, conspóidí, troideanna, argóintí agus araile. Agus ar nós áite ar bith sa tír, bíonn caint agus cur agus cúiteamh anseo i gConamara freisin faoi chluichí na nGael. D’fheicfeá geansaithe na gcontaetha éagsúla á gcaitheamh ag na scoláirí mar léiriú ar an tsuim mhór sna cluichí agus coinníonn an clúdach teilifíse gach duine ar an eolas.
In ainneoin gur beag a fheicim agus a chloisim de na cluichí peile agus iomána agus mé i mbun mo chuid oibre, tá mo dhóthain feicthe agam de na cluichí agus míreanna tráchtaireachta cloiste agam ar Raidió na Gaeltachta agus ar RTÉ le mé a choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn na gcontaetha éagsúla. Déanaim iarracht ar leith na cluichí iomána a fheiceáil más féidir in aon chor. Tar éis cluichí sacair Chorn an Domhain, an rugbaí roimhe, agus le hais cuid de na cluichí sa pheil Ghaelach, is breá an rud é cluiche iomána a fheiceáil.
Ní raibh na cluichí iomána tríd is tríd thar barr go dtí seo i mbliana, áfach, ach fós buaileann siad aon chluiche eile ó thaobh scile, crógachta agus luas na himeartha.
Thaitin Port Láirge i gcoinne Thiobraid Árann sa cheathrú craobh go mór liom. Ó bhíos i mo ghasúr, bhí gean agam ar mhuintir na nDéise de bharr Chraobh na hÉireann 1963, nuair a bhuail Cill Chainnigh iad in ainneoin gur scóráil siad sé chúl, más buan mo chuimhne, ach, go mí-ámharach do Phort Láirge, scóráil Eddie Keher 0-14. Mí-ádh ar Phort Láirge arís? An dtarlóidh sé sin i mbliana? B’fhéidir é, ach tá foireann na nDéise ag léiriú den chéad uair, i gcás na foirne áirithe seo, go mb’fhéidir go bhfuil gnéithe den iomáint sciliúil, cur chuige láidir agus meon dearfach acu sa deireadh atá ag teastáil chun dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa chomórtas craoibhe. An bua a bhí acu in aghaidh Thiobraid Árann, ba é an chéad bhua é ag Port Láirge le fada an lá i bPáirc an Chrócaigh – éacht ann féin. Tá scil, carachtar agus neart le fáil san fhoireann. Tá Cionnaith Mac Craith, Dan Ó Seanacháin, Eoin Ó Ceallaigh, Antaine de Brún, Seán Ó Maoláin agus araile ina n-iománaithe iontacha, iad dochloíte agus iad i mbarr a maitheasa, agus ba bhreá liom dá mbuafaidís Craobh na hÉireann – bheadh sin iontach ar fad, faoi mar a bhí 1996 nuair a bhuaigh Loch Garman.
Ciarraí lag agus mí-éifeachtach
Maidir leis an bpeil Ghaelach, chuir sé ionadh orm chomh lag agus mí-éifeachtach is a bhí Ciarraí i gcoinne Chorcaí. B’fhéidir gur masla é sin do pheileadóirí Chorcaí mar is cinnte go raibh siad rómhaith do Chiarraí i gcluichí ceannais na Mumhan. Gur bualadh Tír Eoghain ar deireadh, ní iontas ar bith é i bhfianaise na n-imreoirí cumasacha a bhí in easnamh orthu ar chúis amháin nó ar chúis eile. Go fiú dá mbeadh an fhoireann ar fad ar fáil agus iad aclaí agus i mbarr a sláinte, bheadh sé fós fíordheacair dóibh éacht 2005 a bhaint amach arís in 2006. Is fada go bhfeicfimid contae ar bith ag buachan dhá chraobh peile as a chéile arís, gan trácht ar thrí cinn.
Tá na Dubs ar ais, is cosúil. I gcoinne Laoise agus Uíbh Fhailí, bhí siad dosháraithe. Tá an t-ocras ceart orthu; tá siad aclaí, tá foireann de 24 acu atá an-láidir anois agus tá siad ag imirt go maith. Tá an lucht leanúna ar bís agus lán le dóchas. Beidh sé deacair iad a stopadh agus sílim féin, mura mbuann siad féin í, gurb í an fhoireann a gheobhaidh an ceann is fearr ar na Dubs a bhuafaidh Craobh na hÉireann.
Ar ais chuig an iomáint go fóill. Cill Chainnigh, Corcaigh, an Clár agus Port Láirge fágtha i ndeireadh an tsamhraidh. An t-aon iontas, is dóigh, ná chomh lag is a bhí iarracht na Gaillimhe tar éis dul chun cinn sásúil na bliana seo caite. Ba mhaith liom Port Láirge agus Cill Chainnigh a fheiceáil i gcluiche ceannais na hÉireann agus go mbuafadh Port Láirge. Tá foireann iontach, agus imreoirí iontacha, ag Corcaigh, ach ba mhaith liom go mbuafadh Port Láirge orthu sa chluiche leathcheannais agus ba bhreá liom a bheith ann.
B’fhearr liom go mbuafadh Cill Chainnigh ar an gClár ar dhá chúis: níl mórán imreoirí ag a bhfuil stíl cheart iomána ag an gClár, dar liom, agus ní foireann iad atá tarraingteach don duine neodrach. Tá imreoirí an Chláir mór, láidir, crua agus fíochmhar sa choimhlint, ach nílim in ann a rá go bhfuil aon iománaí speisialta acu, cé go gcaithfeadh duine ardmheas a bheith aige ar a ndíograis agus a gcur chuige, agus ar imreoirí mar Dhaithí Mac Gearailt, Brian Ó Lóthán agus Séanín Mac Mathúna as an tseirbhís atá tugtha acu don chontae.
Cill Chainnigh i gcoinne Phort Láirge: sílim go mbeadh sin go hiontach, ós rud é go bhfuil le scil, luas agus imreoirí den scoth ag an dá fhoireann. B’fhearr liom é ná Port Láirge v an Clár ar an ábhar go mb’fhéidir gur cluiche crua, míthaitneamhach a bheadh ann. Ach, níl agam ach mo thuairim féin agus beatha duine an méid sin.
Go n-éirí go geal leo siúd go léir atá fanta sa chraobhchomórtas.
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.