Tá Colm Mac Séalaigh ag meá tarraingt na sluaite ar na cluichí idir Éire agus an Astráil. Cruthaíonn na cluichí céanna deacrachtaí d’imreoirí dílse a mbíonn a gcuid clubanna ag brath orthu.
Nach aisteach an cluiche nach ann dó ach ar feadh tréimhse ghairid, cúpla seachtain i ndáiríre, in aghaidh na bliana? Spórt nach n-imríonn aon duine ina óige is nach bhfoghlaimíonn ach drong bheag conas é a imirt agus nach mbíonn deis ach ag drong bheag ar imreoirí den scoth iad é a imirt. Is amhlaidh atá i gcás an chluiche ar a dtugtar na Rialacha Idirnáisiúnta. Rialacha Comhghéillte a thugtar ar an gcluiche freisin, mar shampla ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus is ainm é a thugann nod dúinn faoi bhunús agus faoi chomhdhéanamh an chluiche. D’fhéadfaí a rá gur cluiche peile é ar meascán de pheil Ghaelach agus de pheil na hAstráile (Rialacha na hAstráile) atá sa chluiche comhghéillte agus mar sin sin gur meascán den pheil Ghaelach agus den rugbaí atá ann (tá daoine ann a thabharfadh manglam air ach fagaimis sin mar atá sé!).
Imrítear an cluiche peile comhghéillte seo uair sa bhliain nó mar sin idir foireann de chuid na peile Gaelaí agus foireann de chuid imreoirí Shraith Peile na hAstráile, an AFL. Imrítear na cluichí sa dá thír gach re seal agus i mbliana is san Astráil atá na cluichí á n-imirt – dhá chluiche a imrítear idir an dá thír agus is é an scór iomlán ón dá chluiche a chomhairítear sa deireadh. Bronntar Corn Chormaic Mhic an Ailín ar na buaiteoirí in ómós d’iarpheileadóir Thír Eoghain a cailleadh go tubaisteach sa bhliain 2004.
Má tá meascán mearaí ar aon léitheoir nach bhfaca an cluiche seo á imirt riamh i dtaobh cén sórt cluiche é féin, ná bíodh aon imní air – bíonn meascán mearaí ar go leor daoine agus iad ag féachaint ar an gcluiche á imirt, go fiú agus taithí mhaith acu ar an dá chluiche peile atá mar bhunús leis an gcluiche comhghéillte. Bíonn méid áirithe éiginnteachta agus dearmaid ar na himreoirí iad féin, ní nach ionadh, i ngeall ar easpa taithí ar an gcluiche i gcaitheamh na bliana. Tá éagsúlachtaí sa chluiche comhghéillte ón gcluiche a bhíonn á imirt de ghnáth ag na himreoirí agus bíonn ar an dá thaobh géilleadh do chuid de rialacha an taoibh eile. Samplaí de sin is ea go mbíonn cead an liathróid a ardú díreach ón talamh, rud nach bhfuil ceadaithe sa pheil Ghaelach gan chois a chur leis an liathróid i dtosach; liathróid chruinn a úsáidtear cé gur liathróid ubhchrutha a úsáidtear i bpeil na hAstráile.
Mealladh na Sluaite
In ainneoin a bhfuil de chomhghéilleadh ag baint le cluiche na Rialacha Idirnáisiúnta, tá éirithe leis na himreoirí tríd is tríd leibhéal ard cumais agus máistreachta a bhaint amach agus tá cluichí lániomaíocha, coimhlintí géara agus cur chuige den scoth feicthe go minic. Tá éirithe leis na heagraíochtaí, an CLG agus an AFL, na sluaite móra a mhealladh ó am go ham trí fhógraíocht dhian a dhéanamh agus de thoradh ghéire na hiomaíochta idir an dá thír.
Tá stair chorraithe go maith ag baint leis an gcluiche seo. Imríodh an chéad leagan de i 1967 nuair a thug foireann ón Astráil cuairt ar Éirinn agus d’imir siad i gcoinne curaidh na peile Gaelaí, an Mhí. Thug na hAstrálaigh taispeántas iontach agus ceacht peile d’fhir chontae na Mí an uair sin. An difríocht is mó, agus is fíor i gcónaí é, idir an dá fhoireann ná gur imreoirí gairmiúla iad peileadóirí na hAstráile agus gur dream amaitéarach iad peileadóirí na peile Gaelaí. Ón uair sin i leith dar ndóigh, tá dul chun cinn an-mhór déanta ag lucht imeartha na gcluichí Gaelacha maidir le traenáil, aclaíocht, forbairt scileanna, cur chuige is araile, ach tá buntáiste i gcónaí ag imreoirí gairmiúla ón taobh sin de.
Is deacair a rá cad é an mealladh a bhaineann leis an gcluiche comhghéillte seo a imrítear idir Éirinn agus an Astráil sa mhéid is nach cluiche é a imrítear go coitianta. É sin ráite, seans gurb é sin go díreach a mheallann lucht féachana, an rud nach bhfuil coitianta agus atá neamhghnáthach. Meallann imreoirí cáiliúla an dá spórt lucht féachana freisin. Tá mealladh eile ann, áfach, agus is é sin go bhfuil seans i gcónaí ann go dtarlóidh clampar, cipeadráil nó spairníocht idir imreoirí ar an bpáirc rud a tharla go minic san am atá thart. Ní deacair a mhíniú cén fáth go mbeadh clampar ann: míthuiscint faoi rialacha, easpa taithí ag imreoirí na peile Gaelaí ar an ngreamú a dhéanann lucht na peile Astrálaí ar chéilí comhraic agus an choimhlint ghéar san áireamh.
An Dá Thrá
Is deacair léirléamh a dhéanamh áfach ar stádas agus ar ionad an chluiche chomhghéillte ar fhéilire an CLG. Deir idir uachtaráin agus iaruachtaráin, lucht riaracháin agus imreoirí, gur gné fhíorthábhachtach cluichí na Rialacha Idirnáisiúnta i measc imeachtaí na heagraíochta. Ach, agus an t-alt seo á scríobh agam, ní thig le cuid de na peileadóirí is fearr in Éirinn taisteal chun na hAstráile chun a n-áit a ghlacadh ar fhoireann na hÉireann a bheas ag imirt i gcoinne na hAstráile. Ní hé nach spéis leo an cúram. Ní de bharr dímheas ar fhoireann Rialacha Idirnáisiúnta na hÉireann a d’fhan siad sa bhaile. Ní hé go bhfuilid gortaithe nó go bhfuil a bpoist ná cúraimí clainne á gcoinneáil sa bhaile. Is amhlaidh go bhfuil cuid shuntasach de na himreoirí is fearr ag fanacht sa bhaile de bharr na dílseachta atá acu dá gclubanna, go bhfuil seans acu craobh an chontae a bhuachan agus go bhfuil a gclubanna ag brath orthu. Sa chomhthéacs sin tá peileadóir na bliana 2011 agus peileadóir na bliana 2010, na deartháireacha Ailín agus Bernard Ó Brógáin as Baile Átha Cliath. Tá Darran Ó Súilleabháin as Ciarraí sa chruachás céanna. Ní cóir go mbeadh orthu cinneadh dá leithéid a dhéanamh. Is céim síos é don fhoireann idirnáisiúnta go bhfuil cuid de na himreoirí is fearr, dar le cách, in easnamh.
Má tá an CLG dáiríre faoi fhiúntas agus faoi thábhacht na Rialacha Idirnáisiúnta, ní mór dóibh a chinntiú nach mbeidh an choimhlint seo idir club agus tír ag tarlú sna blianta atá romhainn. Ag an am céanna, ní mór deimhin a dhéanamh de nach é an t-imreoir club a bheas thíos le pé socrú nó cinneadh a dhéantar. Dáiríre, tá sé thar am ag an CLG athchruth iomlán a chur ar chlár na gcluichí ar mhaithe le cách.