Chas Colm Mac Séalaigh le hAntoine Ó Coileáin, ceannaire Gael Linn, eagras atá ag múnlú bealaí nuála leis an nGaeilge a chur chun cinn le breis is glúin anuas agus atá áirithe anois ar na sé cheanneagras faoin gcóras nua maoinithe.
CMacS: Ar mhaithe le lucht léite Beo, ar mhiste leat beagán a rá faoi do chúlra le do thoil?
AÓC: Rugadh mé i mBéal an Átha i gCo Mhaigh Eo agus is duine de sheisear clainne mé. Bleá Cliathach ab ea m’athair agus sa bhliain 1971 d’aistrigh an teaghlach ar fad go dtí Baile an Teampaill i mBÁC. Rinne mé an Ardteist i scoil De La Salle i mBaile an Teampaill agus ina dhiaidh sin d’fhreastail mé ar Choláiste Phádraig, Droim Chonrach le traenáil mar mhúinteoir bunscoile. Chaith mé cúig bliana ag múineadh i mbunscoil Bhaile an tSaoir, Baile Átha Cliath.
CMacS: Cé as a dtáinig do shuim sa Ghaeilge?
AÓC: Is as ceantar breac-Ghaeltachta do mo mháthair agus bhí an-spéis sa Ghaeilge i gcónaí sa bhaile; bhíodh cuairteoirí ag teacht chuig an teach agus Gaeilge acu. Chaith mé seal sa Ghaeltacht i gCeathrú Thaidhg i Maigh Eo nuair a bhí mé i mo dhéagóir. B’shin tús ceart mo chuid suime sa Ghaeilge. Nuair a bhí mé i gColáiste Phádraig chaith me tréimhse thiar i gColáiste Lurgan i nGaeltacht Chonamara – bhí sin an-taitneamhach.
CMacS: Tá an ceangal le Maigh Eo tábhachtach duit?
AÓC: Cinnte dearfa. Cé go bhfuil formhór mór mo shaoil caite agam i mBÁC, agus is breá liom an chathair agus muintir na cathrach, má chuirtear ceist orm deirim i gcónaí gur de bunadh Mhaigh Eo mé.
Le Bord na Gaeilge
CMacS: Cén uair a chuaigh tú ag obair le Bord na Gaeilge?
AÓC: I 1980. Bhí Bord na Gaeilge ag cuardach duine ar chonradh cúig bliana mar fheidhmeannach sinsearach san rannóg oideachais agus chuir mé isteach ar an bpost – thaitin an teideal go mór liom! Ba ghearr go raibh na blianta istigh agus tharla go raibh an oiread spéise agam sa chineál oibre a bhí ar bun agam gur shocraigh mé an tsnaidhm leis an mhúinteoireacht a ghearradh. Fostaíodh mé go lánaimseartha ansin ag Bord na Gaeilge.
CMacS: Agus tú ag obair le Bord na Gaeilge céard iad na cúraimí a bhí ort?
AÓC: Bhí an-éagsúlacht sna cúraimí oibre a bhí orm. Bhí Bord na Gaeilge sásta dul sa seans, seasamh amach ón slua, an Ghaeilge a chur an ar gclár náisiúnta más maith leat. Ceapadh mé i mo bhainisteoir rannóige. Bhí mé ag plé le cúrsaí oideachais agus le bunú an Chomhchoiste Réamhscolaíochta, le cúrsaí cumarsáide agus le Cúrsaí Stáit mar a thugtaí air ag an am, an cineál oibre a bhíonn ar siúl ag an gCoimisinéir Teanga anois. Ag an am sin, ní raibh reachtaíocht i gceist ach treoirlínte a bhí curtha i bhfeidhm ag an Aire, Micheál D Ó hUiginn. Bhí frustrachas uafásach ag baint leis an obair sin mar ní raibh dualgas ar aon duine aird a thabhairt ar na treoirlínte. Bhíodh muid ag scríobh, ag tuairisciú is ag gearán le ranna stáit ach snámh in aghaidh easa a bhí ann.Tuigim dá bhrí sin an frustrachas a bhí ar Sheán Ó Cuirreáin nuair nach raibh comhoibriú á fháil aige ó rannóga stáit. Sna 1990í bhí mé ag gabháil do na treoirlínte faoin dátheangachas sa tseirbhís phoiblí. B’shin iad na blianta ba mheasa – i ngleic leis an státchóras.
Le Gael Linn
CMacS: Cén uair a thosaigh tú ag obair le Gael Linn?
AÓC: Samhradh 2002 mar chomharba ar Herman Ó Briain as Camus.
CMacS: Sula bhfuair tú an post cén sórt eolais a bhí agat ar Ghael Linn mar eagraíocht?
AÓC: Ní raibh an oiread sin eolais agam ar obair Ghael Linn. Ar scoil ghlac mé páirt i ndíospóireachtaí. Bhí cur amach agam ar chúrsaí ceoil tríd an gclár raidió agus sheinntí ceirníní Ghael Linn sa bhaile go minic agus mé ag fás aníos. Bhí an nuachtán Anois ann arna fhoilsiú ag Gael Linn. Bhí cur amach áirithe agam ar an eagraíocht nuair ba chomharsana muid i mBord na Gaeilge agus Gael Linn ar Chearnóg Mhuirfean.
CMacS: Céarbh iad na cúraimí a bhí ort nuair a thosaigh tú le Gael Linn?
AÓC: Bhí i bhfad níos mó le déanamh ná mar a shíl mé go mbeadh. Ag an am, bhí athruithe ar bun maidir le cúrsaí infheistíochta agus sealúchais. Bhí fiacha troma ar an eagraíocht agus na billí úis ag ardú. Bhí dhá fhoirgneamh i gCearnóg Mhuirfean le díol agus Seán Dunne ceaptha iad a cheannach. Ach, thit sé amach linn agus bhí cásanna ardchúirte á mbagairt ar a chéile. Bhí orm dul i ngleic leis an bhfadhb agus le Seán Dunne. Ach, réitíomar an cheist sa chaoi is nár ghá dul chun na cúirte. Ghlac sé sin mórchuid ama mar ní raibh taithí agam ar an gcineál oibre roimhe sin mar sheirbhíseach stáit. Baisteadh achrannach a fuair mé i saol an ghnó agus na tráchtála, thar oíche nach mór. Ach, an duine a bhí ina chathaoirleach ar Ghael Linn nuair a thosnaigh mé, Déaglán Ó hÓgáin, nach maireann, bhí sé sin ina chrann taca againn. Thug sé an-chúnamh dom sna blianta tosaigh sin.
CMacS: An raibh obair Ghael Linn ag dul ar aghaidh ag an am céanna?
AÓC: Bhí. Bhí Gael Linn díreach tosaithe ar shraith nua scéimeanna, oidhreacht Shlógadh más maith leat – na míreanna ab fhearr ar éirigh leo ag Slógadh. Bhí Siansa díreach tosaithe, na féilte drámaíochta Coirm, féilte spóirt do ghasúir bhunscoile agus eile. In imeacht na mblianta táimid tar éis na scéimeanna sin a fhorbairt agus gné lárnach dár gcuid oibre a dhéanamh díobh.
An Ceol agus Lipéad Ghael Linn
CMacS: Céard faoi chúrsaí ceoil? An bhfuil aon ábhar nua ar na bacáin?
AÓC: Is foilsitheoir ceoil i gcónaí é Gael Linn. Tá an lipéad ar marthain i gcónaí agus eisítear trí nó ceithre theideal in aghaidh na bliana. Mar gheall ar an gcomóradh seasca bliain a bhí ar siúl anuraidh d’eisíomar roinnt seancheirníní ón gcartlann arís. Tá na teidil ar fad nach mór sa chatalóg ar fáil ar leithéidí iTunes anois freisin. Ach is maith linn an leagan crua a chur ar fáil chomh maith nuair is féidir.
Tá dhá rud ar na bacáin díreach faoi láthair. Tarlaíonn gur ábhar iad a taifeadadh san am atá thart ach nár eisíodh riamh. Saothar le Seán Ó Riada is ea ceann acu – ceolchoirm a thug sé agus é ag seinm as féin ar an bpianó agus ar an gcruitchorda. Níor eisíodh ariamh é toisc gur cailleadh é go hóg. Tá sé i gceist albam le hEithne Ní Uallacháin, a bhíodh ag seinm leis an ngúpa ceoil Lá Lúgh, a bhí réidh le heisiúint nuair a cailleadh í gan choinne, a chur amach i mbliana freisin.
CMacS: Cad iad príomhthosaíochtaí Ghael Linn ar na saolta seo?
AÓC: An príomhrud i láthair na huaire ná go bhfuil Gael Linn aitheanta mar cheanneagraíocht faoin gcóras nua maoinithe ag Foras na Gaeilge. I measc na gcúraimí a bheas orainn beidh an Ghaeilge agus oideachas in earnáil an Bhéarla agus tá sin ag teacht le scéimeanna atá againn cheana féin. Anuas air sin beidh freagracht orainn i leith oideachais do dhaoine fásta agus tacaíocht do mhúinteoirí (in áit Comhar na Múinteoirí). Beidh muid ag déanamh breis oibre sna réimsí sin chomh maith le forbairt a dhéanamh ar na deiseanna úsáide Gaeilge do dhaltaí scoile ón mbunleibhéal go dtí an tríú leibhéal, thuaidh agus theas. Tá muid díreach tosaithe ar an obair phleanála agus ag déanamh idirphlé leis an bhForas maidir le hacmhainní foirne agus airgid. Seachas an méid sin, leanfaimid ag obair sna réimsí a bhí i gcónaí ann: an ceol, foilseacháin scoile, cistíocht nó bailiú airgid (ar mhaithe le foireann a fhostú) - níl ár ndóthain maoine/airgid againn agus ní bheidh go deo is dóigh!
Tús Maith & Spreagadh na nAontachtach
CMacS: An bhfáiltíonn tú roimh an leagan amach nua?
AÓC: Fáiltím roimh dheireadh an phróisis! Fáiltím roimh an gcinnteacht a thugann sé tar éis dúinn cúig bliana a chaitheamh sa cheo; cúig bliana as an straitéis fiche bliain don Ghaeilge. Bhí sé pianmhar mar phróiseas, ag plé le struchtúr na n-eagras is araile. Is mithid gníomhú anois ar bhonn comhaontaithe sula mbeidh sé rómhall. Tá súil agam, leis an bhfóram comhpháirtíochta atá le bunú, go mbeidh comhphleanáil ar bun idir na heagraíochtaí agus go mbeimid ag obair as lámha a chéile.
CMacS: An fiú dul thart ag stocaireacht sna meánscoileanna faoi Dheis Breise na Gaeilge le haghaidh fostaíochta nuair nach mbeidh daoine in ann obair le heagras Gaeilge thar thréimhse trí bliana nó a leithéid?
AÓC: Níl an Foras ag rá a thuilleadh gur conarthaí trí bliana a bheas ag fostaithe agus dá bhrí sin ní éiríonn an cheist. Sílim gur fiú feachtas leanúnach a bheith ann chun daoine óga a spreagadh agus a chur ar na súile acu go bhfuil deiseanna tríd an Ghaeilge, nach ábhar staidéir gan mhaith í, gur féidir tairbhe a bhaint aisti ó thaobh cúrsaí gairme. Níl na deiseanna chomh flúirseach is a bhíodh áfach. Tá gearradh siar millteanach tarlaithe i réimse na meáin chumarsáide - táimid gan nuachtán Gaeilge le fada cuir i gcás. Is dóigh go bhfuil deiseanna áirithe ann le cúrsaí idirlín ach cé tá chun tuarastal a íoc?
CMacS: Tá Gael Linn le blianta fada, mura bhfuil dul amú orm, ag spreagadh spéise sa Ghaeilge i measc na nAontachtach ó thuaidh. An féidir leat an obair sin a mhíniú dom le do thoil?
AÓC: Sna hochtóidí, b’fhacthas do Ghael Linn go bhféadfadh ról a bheith aige le comhthuiscint a chothú idir na pobail sa tuaisceart trí scéim oidhreachta a chur chun cinn. An rud a bhí i gceist ná sraith cainteanna agus ceardlainne i scoileanna nach mbeadh an Ghaeilge á múineadh iontu go brách. An sprioc a bhí ann ná a léiriú do dhaoine go raibh cosúlachtaí idir gnéithe den dá thraidisiún ó thuaidh, gur eascair siad as aon fhoinse amháin. Baineadh leas as na logainmneacha, sloinnte agus araile chun a mhíniú gur de shliocht na nGael na pobail éagsúla agus nach raibh seilbh nó úinéireacht ag dream seachas a chéile ar an oidhreacht seo. Táim ag ceapadh gur chuir Gael Linn síol atá ag bláthú anois, ach is cóir moladh a thabhairt don Iontaobhas Ultach a bhfuil an-obair déanta acu sa réimse sin.
Comhairleoirí ar Easpa Gaeilge
CMacS: Tuairiscíodh le déanaí gur dhiúltaigh gach ceann de na ceanneagraíochtaí Ghaeilge glacadh le comhairle ó chomhlucht comhairleoirí darb ainm Treacy atá fostaithe ag Foras na Gaeilge. Cén léamh atá agat féin ar an scéal sin?
AÓC: Sílim go raibh sé tubaisteach gur roghnaíodh eagraíocht gan Ghaeilge le comhairle a chur ar eagraíochtaí Gaeilge. Is i nGaeilge a bhíonn pleananna, conarthaí &rl na n-eagraíochtaí á ndéanamh agus i nGaeilge a bhíonn an plé ar fad. Ní raibh sé go maith comhairleoirí gan Gaeilge a fhostú agus ré nua don Ghaeilge ar tí tosú! Riamh anall bhí Gael Linn ábalta teacht ar dhaoine le Gaeilge (san IMI agus a leithéid) le seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil. Is bocht an scéal é mura féidir iarracht níos fearr a dhéanamh teacht ar dhaoine le Gaeilge.
CMacS: Cén dearcadh a bhí agat ar fhógairt Sheáin Uí Chuirreáin go raibh sé le héirí as a phost mar Choimisinéir Teanga?
AÓC: Sílim gur rud an-tromchúiseach é gur bhraith Seán Ó Cuirreáin nach raibh aon dul as aige ach éirí as a phost toisc nach raibh an stát ag cloí leis an reachtaíocht agus go raibh teipthe air féin an ceann is fearr a fháil ar an státchóras. Bhí breis is 5000 duine ag siúl sráideanna Bhaile Átha Cliath ar agóid le déanaí agus bhí na daoine sin spréachta faoin scéal. Sílim gur ghlac Seán seasamh misniúil, cróga agus tá moladh ag dul dó. Ach, dáiríre, níl sé ach tar éis spotsholas a chur ar fhadhb ollmhór agus uileghabhálach agus is é sin an státchóras nó an státseirbhís féin seachas aon phearsa ar leith ag leibhéal rialtais.
CMacS: Cad leis a mbeidh tú ag súil ón gCoimisinéir nuacheaptha Rónán Ó Domhnaill?
AÓC: Bheinn ag súil, de bharr sheasamh Sheáin Uí Chuirreáin, go mbeadh náire ar dhaoine áirithe agus go rachfaí i ngleic le rúibricí agus le gealltanais atá tugtha faoi na scéimeanna teanga. Tá obair mhaslach roimh an gcoimisinéir nua áfach, ach níor theip ar fhear an mhisnigh. Tá meas agam ar Rónán, tá intinn ghéar aige agus tá sé tiomanta. Guím gach rath air.
Freagracht ar gach Éinne Againn
CMacS: Céard tá i ndán don Ghaeilge amach anseo dar leat mar theanga phobail?
AÓC: Feictear dom go bhfuil pobal Gaeilge ann i gcónaí ach go bhfuil na líonraí ag crapadh is ag cúngú agus is í an Ghaeltacht féin an cás is measa. Ach tá na fíricí ann, an Staidéar Cuimsitheach ann, agus is é an dúshlán ná rud éigin a dhéanamh faoin scéal.
Ar deireadh feictear domsa go bhfuil daoine ag glacadh céimeanna, go bhfuil coistí pleanála teanga ag teacht chun cinn sa Ghaeltacht, go bhfuil an pobal féin ag glacadh seilbhe ar an teanga. B’fhéidir gur rófhada ann don dearcadh nach bhfuil an Rialtas ag déanamh go leor. Ó thaobh na n-eagraíochtaí, tá na réimsí oibre leagtha síos, agus tá súil agam go dtabharfar na hacmhainní dóibh agus go luífidh siad isteach ar an obair.
CMacS: An gá do phobal na Gaeilge dul i muinín an Bhéarla chun a gcás a chur in iúl do phobal uile na tíre?
AÓC: Nuair a bhíonn gnó le déanamh, caithfidh tú dul i muinín teanga an té a mbíonn tú ag plé leis. I gcás na Gaeilge, tá tacaíocht an mhórphobail fíorthábhachtach má táthar le dul i bhfeidhm ar an Rialtas maidir le ceisteanna beartais. Cur chuige ar bhonn dátheangach is fearr mar go bhféadfaí olc a chur ar an lucht tacaíochta dá mbeifí ag stocaireacht as Béarla amháin.
CMacS: Cén caitheamh aimsire atá agat agus cén chaoi a gcaitheann tú do shaoire?
AÓC: Leis an gceathrar clainne tógtha, tá mé in ann breis ama a chaitheamh ar rudaí a thaitníonn liom - an drámaíocht agus an ceol. Téim ar thuras gach bliain a leanann saol duine de na cumadóirí móra ar an Mór-Roinn- Beethoven a bhí ann anuraidh.
CMacS: An bhfuil aon ní ar leith a chuireann fearg nó déistin ort?
AÓC: Mar rothaí cathrach, ba mhaith liom go mbeadh tiománaithe beagán níos tuisceanaí do thaistealaí an dá roth!
CMacS: A Antoine, táim fíorbhuíoch díot as an agallamh seo dhéanamh.