CÚRSAÍ SPÓIRT
Uair na Cinniúna do Chumann Lúthchleas Gael
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Is spéis le Colm Mac Séalaigh ceist mhór atá ag bagairt ar Chumann Lúthchleas Gael le seal gairid de bhlianta: íocaíocht bainisteoirí.

Íomhá
Ag glacadh isteach an airgid
Íomhá
Cumann na nImreoirí, socraithe
Íomhá
An t-oibrí deonach
Íomhá
Tuarastal agus costais don bhainistíocht

Is deacair ar na saolta seo neamhaird a thabhairt ar cheist atá ag crá údaráis an Chumann Lúthchleas Gael le tamall de bhlianta agus atá, ceal cluichí móra le tuairisciú, ag líonadh spás na gcluichí Gaelacha ar leathanaigh na nuachtán náisiúnta agus eile. Íocaíochtaí neamhdhlisteanacha atá á ndéanamh le bainisteoirí foirne timpeall na tíre atá i gceist agus bhí alt agam cheana (Bealtaine 2011) ar an ábhar tar éis d’Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Criostóir Ó Cuanaigh, ‘ailse atá ar fud na heagraíochta’ a thabhairt ar an gcleachtas seo le linn a aithisc ag Comhdháil Bhliantúil an CLG a tionóladh sa Mhuileann Gearr anuraidh.

Níor thaitin an focal “ailse” le go leor daoine ach is dóigh go raibh an tUachtarán ag iarraidh aird mhuintir an CLG a dhíriú ar nós atá coitianta ar fud na tíre más fíor in ainneoin é bheith in aghaidh fhealsúnacht agus ethos na heagraíochta.

Cé go bhfuil sé pléite cheana agam is dóigh liom gur ceart filleadh ar an ábhar toisc é bheith chomh tromchúiseach sin agus go bhféadfadh sé an CLG a athrú ó bhonn ag brath ar an gcinneadh nó ar na cinntí a ghlacann baill na heagraíochta sna míonna agus sna blianta atá le teacht. Dáiríre, d’fhéadfaí a rá gurb é am na cinniúna é ag an gCumann Lúthchleas Gael. De thoradh brú ón Uachtarán, d’ullmhaigh an tArd-Stiúrthóir, Páraic Ó Dufaigh, plépháipéar ar an ábhar agus nochtadh é le déanaí. B’in an chéad chéim i bpróiseas atá tionscanta ag an CLG chun teacht ar réiteach na faidhbe. Is é an chéad chéim eile go mbeidh ar gach coiste contae aighneacht scríofa a chur faoi bhráid na hardoifige faoi 24 Feabhra. Chuige sin, beidh sraith cruinnithe á reáchtáil ar fud na tíre chun an t-ábhar a chíoradh. Sin an cíoradh a bheas teasaí cheapfainn.

Creach Peadar is Díol Pól

Daoine atá go láidir ar son bainisteoirí a íoc, beidh le rá acu go n-íoctar go leor daoine eile sa CLG (rúnaithe, lucht gearrtha féir, dochtúirí, srl.) agus nár mhiste dá bhrí sin na daoine atá freagrach as ullmhú foirne a íoc freisin. Ní léir áfach an iad bainisteoirí na bhfoirne uile atá i gceist acu (faoi 12 bliain, faoi 13 bliain, foirne mionúr is araile) nó an iad bainisteoirí na bhfoirne sinsir amháin atá i gceist. Níor mhiste a rá go mbeadh cuma an easpa chothromaíochta ar shocrú a d’fhágfadh bainisteoir amháin atá ag déanamh na hoibre céanna foirne ar an ngannchuid ar fad agus bainisteoir eile á íoc.

lear mór airgid á íoc amach cheana féin a deirtear, ach dáiríre, ní fios cé méid. Sa chás go gceadófar íocaíochtaí amach anseo, cé méid airgid a bheas i gceist agus cad as a dtiocfaidh sé? An mbeidh cead ag bainisteoirí a gcuid íocaíochtaí a phlé agus a shocrú i gcomhar le coistí clubanna agus contaetha agus ardú a éileamh faoi mar a dhéanann fostaithe go minic i gcúrsaí gnó? An mbeidh an íocaíocht ag brath ar leibhéal an bhrú agus stró atá ar an mbainisteoir de thoradh an mhéid ama a chaitheann siad as baile gan a bhean chéile ná a chlann a fheiceáil ó cheann ceann na seachtaine? Luaitear an ghné sin den bhainistíocht go minic ach dáiríre an mbaineann sé le hábhar?

Daoine go Leor Buartha

Scanraíonn an cheist ar fad go leor daoine sa CLG toisc go bhfeictear dóibh go mbeidh sciar maith den airgead a bhailítear go deonach trí chrannchuir, oícheanta rásaíochta, chlasaicí gailf, laiteonna, shiúlóidí urraithe is araile á chaitheamh ar bhainisteoirí seachas ar ghasúir, ar fhearas agus ar áiseanna.

Imní eile atá ar bhaill na heagraíochta ná go dtreiseofar ar sheasamh imreoirí atá ar son íocaíochtaí dóibh féin má cheadaítear íocaíochtaí do bhainisteoirí. Má tharlaíonn sé sin, creidtear go mbeidh athrú ó bhonn ar eagraíocht atá fite fuaite i saol phobail na hÉireann le beagnach céad tríocha bliain.

Mar sin, cad iad na roghanna a bheas á bplé sna seomraí cruinnithe ar fud na tíre sna laethanta atá romhainn? Is dóigh go bhfuil trí rogha bhunúsacha roimh bhaill an CLG:

(a) An scéal a fhágáil mar atá sé, gan dada a dhéanamh.

(a) Íocaíochtaí do bhainisteoirí a cheadú ach coinníollacha agus srianta áirithe a bheith leagtha amach go soiléir.

(b) Íocaíochtaí a neamhcheadú agus smachtbhannaí troma a leagadh ar bhall, ar chlub nó ar chontae a sháródh an riail.

Cad a tharlóidh?

Ní tharlóidh (a) thuas dar liom toisc go bhfuil dochar á dhéanamh do dhea-cháil an CLG agus go bhfuil ceannairí na heagraíochta meáite ar an scéal a chur ina cheart más féidir in aon chor.

Maidir le (b), tá seans láidir go dtarlóidh socrú den chineál áirithe seo, ach dar le go leor ní stopfaidh coinníollacha ná srianta íocaíochtaí breise, neamhdhleathacha a bheith á ndéanamh le bainisteoirí áirithe.

I gcás (c) beidh gá le riail láidir, shoiléir nach mbeidh aon amhras ar aon duine faoina ciall. Déarfaidh daoine dar ndóigh go mbrisfear aon riail a bheas ann agus go leanfaidh an íocaíocht ar aghaidh faoi rún. An argóint chéanna a dhéantar i bhfabhar drugaí a dhlisteanú, ach dar ndóigh, ní féidir sochaí nó eagraíocht a riaradh de réir fealsúnachta a deir nach fiú riail a bheith ann toisc go mbristear í go minic.

Tá cinneadh tromchúiseach le déanamh ag baill an CLG, cinneadh a dhéanfas an eagraíocht a shainiú go ceann i bhfad. Tá fórsaí seachtracha, frithamaitéaracha ag feidhmiú agus tá siad cumhachtach. É sin ráite, creideann daoine maithe go bhfuil cúiteamh ar shaothar tuillte ag bainisteoirí a chaitheann dua agus am thar na bearta ar son na bhfoirne atá faoina gcúram. Níltear á shéanadh áfach go ndéanann daoine íobairtí móra. Tá siad ar fud na tíre agus thar lear chomh maith. ‘Ar son na cúise’ a dhéanann daoine na híobairtí céanna, ar son pobail, muintire, paróiste, club, idéil, féiniúlachta agus ar son an chluiche féin. Baineann daoine foladh agus ciall, sásamh agus taitneamh, as an obair dheonach a dhéanann siad – is é sin an íocaíocht is mó a bhíonn uathu i ndeireadh báire.

Fágtar mar sin é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.