Le barr díograise CLG, cumainn sacair agus rugair, is beag an líon pionsóirí, nó lucht coraíochta nó a leithéid a sheasfas an fód d’Éirinn i gcluichí idirnáisiúnta a deir Colm Mac Séalaigh.
Agus an t-alt seo á chur i dtoll a chéile agam níl fágtha ach laethanta beaga roimh thús na gCluichí Oilimpeacha Samhraidh i Londain. Beidh leath de na cluichí thart, b’fhéidir, faoin am a léifeas aon duine an t-alt seo ach ina ainneoin sin, ba dheacair neamhaird a dhéanamh ar an bhféile spóirt is mó ar domhan in 2012. Thabharfadh go leor daoine ‘seó gnó’ seachas ‘féile’ ar na cluichí samhraidh ar an ábhar go mbíonn tionchar nach beag ag cúrsaí gnó, airgead agus gnóthaí polaitíochta orthu. Ach é sin ráite, an bhfuil rud fiúntach ar bith ar domhan níos mó nach bhfuil greim scóige ag an airgeadas agus ag an margadh air? Is maith linn a cheapadh anseo in Éirinn go bhfuil an Cumann Lúthchleas Gael, cuir i gcás, ina eagraíocht dheonach atá neamhspleách ar chúrsaí tráchtála ach is í an fhírinne go bhfuil an CLG taobh le comhlachtaí tráchtála oiread is atá aon dream eile chomh fada is a bhaineann sé le maoiniú a chur ar fáil do dhul chun cinn na heagraíochta.
É sin ar fad ráite, in ainneoin chonspóidí faoi dhrugaí, faoi bhaghcait pholaitiúla, chiníochas agus faoi oilbhéimeanna éagsúla (mar shampla shiúil foireann sacair ban na Cóiré Thuaidh den pháirc nuair a ardaíodh brat náisiúnta na Cóiré Theas roimh a gcluiche), leanann an Ghluaiseacht Oilimpeach ar aghaidh agus í ag díriú ar na hidéil a spreag Baron Pierre de Coubertin in 1894 í a bhunú. Agus má tá lochtanna ar an gComhairle Oilimpeach Idirnáisiúnta, cén eagraíocht ar domhan nach bhfuil locht uirthi agus daoine ag plé léi?
Nuair a thagann na Cluichí Oilimpeacha trí mheán na teicneolaíochta isteach sa seomra suí, iomlán beo agus daite, gach ceathrú bliain, cuirimid suim mhór iontu ar feadh na coicíse sin a bhíonn siad ar siúl agus bímid inár saineolaithe ar spóirt nach bhfaca muid le ceithre bliana anuas.
Snámh Portaigh
Cé gur maith ann na Cluichí Geimhridh, na Cluichí Parailimpeacha agus na Cluichí don Óige freisin, is iad na Cluichí Samhraidh is mó a théann i bhfeidhm orainn. Caolsheans go bhfeicfimid mórán dul chun cinn in Éirinn ag na Cluichí Geimhridh mura ndéantar spóirt oifigiúla de shnámh portaigh, d’iomrascáil báistí nó de dhíospóireacht faoin aimsir. Tugann na Cluichí Parailimpeacha deis agus aitheantas dóibh siúd atá faoi bhac fisiceach a bheith páirteach i spóirt go hidirnáisiúnta. Ná déanaimis dearmad ach oiread ar na Cluichí Oilimpeacha Speisialta agus ar an dul chun cinn atá déanta ag an ngluaiseacht sin.
Maidir leis na spóirt a bhíonn ar bun le linn Chluichí Oilimpeacha an tSamhraidh, ní fhéadfaí a rá go mbíonn suim an-mhór ag muintir na hÉireann iontu seachas le linn na féile féin, b’fhéidir. Níl mórán suime ag muintir na hÉireann sna spóirt theicniúla aonair ar nós ardú meáchain agus caitheamh diosca nó casúir, cé gur bhuaigh Éireannaigh boinn i gcuid de na spóirt sin ag Cluichí Oilimpeacha san atá thart. Is fearr le muintir na hÉireann spóirt foirne, cluichí páirce go háirithe, agus nuair is iad an pheil Ghaelach, an iománaíocht, sacar agus rugbaí na cluichí is mó a bhfuil tóir ag an bpobal orthu, is beag duine a bhíonn fágtha le suim a chur i spóirt ar nós na coraíochta agus na claimhteoireachta. Agus an aimsir mar a bhíonn sí in Éirinn, is beag seans go dtiocfaidh an eitpheil trá chun cinn go luath!
Cuid mhór de na spóirt nó na cluichí atá mar chuid de na Cluichí Oilimpeacha, is spóirt mhionlaigh iad ach i dtíortha ina bhfuil daonra mór agus airgead ar fáil téann na spóirt mhionlaigh sin i bhfeidhm ar níos mó daoine. Dea-theist ar fhís na gCluichí Oilimpeacha go gcuirtear spóirt san áireamh nach mbíonn éileamh mór orthu i gcoitinne ach atá á n-imirt in a lán tíortha – eitpheil, saighdeoireacht, tumadóireacht, snámh sioncrónaithe is araile.
Is Mór an Ní a Bheith Ann
Dea-theist arís ar ghluaiseacht an gCluichí Oilimpeacha ná go mbíonn deis ag lúthchleasaithe as gach tír ar domhan páirt a ghlacadh sna cluichí a fhad is a shroicheann siad bunchaighdeán a bhíonn leagtha síos ag na heagraíochtaí spóirt iad féin agus go roghnaítear iad ar fhoireann Oilimpeach a dtíre féin. Mura mbeadh teorainn le líon na n-iomaitheoirí as gach tír, is amhlaidh nach mbeadh seans ach ag imreoirí nó lúthchleasaithe as na tíortha móra a bheith sna babhtaí ceannais, gan trácht ar bhonn a bhuachan.
Is iad na tíortha móra (SAM, An Rúis is araile) a bhuann formhór na mbonn dar ndóigh ach beidh iomaitheoirí as gach cearn den domhan ag déanamh a míle dícheall an bonn a bhuachan ar son a dtíre féin. Agus tá seans i gcónaí ann gur iomaitheoir as tír bheag éigin a bhainfidh an chraobh má tá sé/sí sách maith.
Ar chaoi ar bith, beimid ag coinneáil súil ar ár gcuid féin, idir lúthchleasaithe, dhornálaithe agus eile, agus iad ag iomaíocht sna cluichí is géire coimhlinte ar domhan agus beimid ag súil go n-éireoidh go geal leo. Déanfaimid ceiliúradh leo agus laochra díobh má bhuann siad, comhbhrón leo má chailleann agus smaoineoimid, ar feadh nóiméad beag amháin b’fhéidir, gurb é an glacadh páirte atá tábhachtach agus ní an bua.