CÚRSAÍ SPÓIRT
Corn na Cruinne
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Níorbh é for agus fónamh Cholm Mhic Shéalaigh a bheith ag amharc ar Chorn an Domhain, d’uireasa na himeartha is na heachtraíochta. Tharla ann is níor tharla as é, chonaic sé roinnt imeartha.

Íomhá
Samir Nasri, buachaill dána nár roghnaigh an Fhrainc
(le Илья Хохлов ar Vicipéid)
Íomhá
Luis Suárez a d'ith a bhealach amach as Corn na Cruinne
(le Jimmy Baikovicius ar Vicipéid)
Íomhá
Wayne Rooney, fear Shasana, arú anuraidh
(le Илья Хохлов ar Vicipéid)

Corn Sacair an Domhain faoi lánseol agus mé á scríobh seo. Tá cuid bheag de na cluichí feicthe agam ó thús deireadh agus príomheachtraí imeartha i gcás go leor eile acu chomh maith. Is fearr liom príomheachtraí na gcluichí a fheiceáil, mar, in ainneoin cluichí a bheith iontach, mealltach ó am go ham, is dóigh liom go mbíonn bíonn cluichí sacair i gcoitinne an-leadránach ar uairibh agus rófhada. Seans gurb iad na cluichí Gaelacha, an iománaíocht go mór mór, faoi deara mo dhearcadh toisc gur orthu is mó atá mo thaithí agus go dtarlaíonn scóranna agus eachtraí imeartha eile chomh tiubh te agus chomh rialta le linn na gcluichí sin.

Mar sin féin, is fíor don té a dúirt go bhfuil ionad agus tarraingt ar leith ag comórtas Chorn Sacair an Domhain i measc ócáidí agus féilte spóirt an domhain. Tá sé difriúil i measc comórtas eile sacair freisin ar roinnt cúiseanna, go háirithe ó thaobh an atmaisféir de. Sílim nach ionann an cineál lucht féachana, agus dá bhrí sin an t-atmaisféar, a bhíonn ag cluichí Chorn an Domhain agus a macasamhail ag cluichí sraithe Phríomhroinn Shasana nó Sraith na gCuradh san Eoraip nó a leithéidí sin. Samhlaím go bhfuil níos mó airgid acu ar an gcéad dul síos ná mar atá ag an ngnáthleantóir sacair – tá costais arda taistil, lóistín agus bia (gan trácht ar ól) i gceist agus lucht tacaíochta i bhfad ó bhaile agus bíonn ticéid do na cluichí daor. Tuigim freisin go mbíonn daoine sásta dul i bhfiacha d’fhonn a bheith i láthair ag comórtas Chorn an Domhain.

Scoth na bPeileadóirí le hAirgead na hEorpa

Rud eile ná go mbaineann daoine sásamh agus taitneamh ar leith as tacaíocht a thabhairt d’fhoireann a dtíre atá déanta don chuid is mó d’imreoirí a rugadh sa tír nó, i gcás Phoblacht na hÉireann, d’imreoirí a bhfuil baint éigin acu leis an tír. Ní fhaigheann lucht leanta an tsacair, ag an leibhéal is airde den spórt sin, an deis seo go minic, is é sin tacaíocht a thabhairt d’fhoireann a mbaineann na himreoirí leis an gcathair nó leis an tír fiú amháin ina bhfuil an fhoireann lonnaithe.

Rith roinnt smaointe liom agus mé ag breathnú ar na cluichí ar fhéach mé orthu go dtí seo. Ar an gcéad dul síos is léir go bhfuil formhór na n-imreoirí sacair is fearr ar domhan fostaithe san Eoraip, ag clubanna móra Eorpacha. Is beag nach gceapfá gur ag breathnú ar Shraith na gCuradh san Eoraip agus ní ar Chorn an Domhain a bhí tú. Is léir gur san Eoraip atá an t-airgead agus an oiread imreoirí as an Afraic agus as Meiriceá Theas a bheith ag imirt le clubanna Eorpacha. Dar ndóigh, chomh maith le bheith ina spórt, is gnó mór millteach é an sacar agus is iad an margadh .i. an córas caipitleach a shocraíonn cá bhfuil an t-airgead le déanamh. Is é an feall é ó thaobh mhuintir na hAfraice agus Meiriceá Theas nach mbíonn an deis acu ach go hannamh na himreoirí acusan a fheiceáil ina steillbheatha.

Chuir mé spéis ann agus bhain mé taitneamh as cuid den chíoradh a rinne an mheitheal saineolaithe a bhí ar RTÉ roimh, i rith agus tar éis gach cluiche. Sílim go raibh an ráiteas is fearr ag John Giles agus é ag caint i gcomhthéacs drochthorthaí fhoireann Shasana. Bhí sé ag míniú cén fáth nach raibh cosantóirí/cúlaithe agus imreoirí Shasana i gcoitinne sách maith chun an bua a fháil. Dar leis ní rabhadar crua go leor agus ba léir gurb é a bhí i gceist aige ‘ciniciúil’, ‘gránna’, neamhthrócaireach nó ceann éigin de na armaí sin a úsáidtear sa Bhéarla le cur síos a dhéanamh ar imreoirí áirithe nár mhaith leis an bhfreasúra teagmháil leo le linn cluiche. Luaigh sé ráiteas a bhí ag imreoir óna laethanta féin, imreoir as Albain nach cuimhin liom a ainm, a deireadh go gcaithfeadh an t-imreoir maith foirne a bheith sásta ‘a sheanmháthair a mharú’ ar son na foirne. Áibhéil, dar ndóigh, ach nach minic an áibhéil agus an spórt i dteannta a chéile?

Buaiteoirí

Maidir le cén fhoireann/tír a bhuafas an comórtas, níl aon tuairim agam féin ach amháin go measaim go mbeidh dhá cheann de na tíortha láidre, na tíortha a bhíonn san áireamh de ghnáth, sa chluiche ceannais: An Bhrasaíl, an Airgintín, An Ísiltír, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil. Eatarthu a bheas sé, tá mé ag ceapadh, cé go bhfuil cúpla foireann eile ann (Cósta Ríce b’fhéidir?) a d’fhéadfadh barrthuisle a bhaint astu. Nó b’fhéidir gur imreoir aonair a bhuafaidh Corn an Domhain – Neymar, Van Persie Robben? Nó an é Messi na hAirgintíne a dhéanfaidh an beart? Má dhéanann, beidh sé san áireamh in éineacht le Maradona agus Pele ar na himreoirí is fearr riamh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.