Caithfear éisteacht leis an gcolainn, dar le Colm Mac Séalaigh, mar is féidir éachtaí a dhéanamh ar feadh na mblianta, ach níor cheart éinne a spíonadh amach uilig, thar a acmhainn.
Tagann an t-am i saol gach imreoir spóirt go gcaithfidh sé nó sí cinneadh a dhéanamh i dtaobh éirí as a bheith ag imirt. Sna spóirt diantraenála agus coimhlinte (peil, iomáint, rugbaí is araile) níl mórán le cois trí bliana is tríocha ag aon imreoir le bheith ag imirt.
Ní raibh Craobhchomórtas na Sé Náisiún sa rugbaí ach ar tí tosú nuair a bhí tuairimíocht ar bun faoi thodhchaí na sár-imreoirí úd Brian Ó Drisceoil agus Rónán Ó Gadhra atá 34 agus 36 bliain d’aois faoi seach.
I gcás Uí Ghadhra, a roghnaíodh ar fhoireann na hÉireann den chéad uair sa bhliain 2000, dealraíonn sé go bhfuil a ré seisean thart a fhad is a bhaineann leis an bhfoireann náisiúnta. Níor roghnaíodh ar an meitheal imreoirí don chluiche deireanach é agus is deacair a shamhlú go bhfeicfear arís é sa gheansaí uaithne.
Scéal eile ar fad é scéal an Drisceolaigh, sár-imreoir rugbaí a linne dar le cách. Pé uair a éiríonn sé as a bheith ag imirt, agus b’fhéidir nach fada uainn an lá sin, caolsheans go bhfeicfear a shárú ar pháirc rugbaí go ceann i bhfad. Tá a lán buanna ag Brian Ó Drisceoil mar imreoir rugbaí – tuiscint, scil, diongbháilteacht, luas – ach thar aon ní eile, is í an chrógacht an tréith is suntasaí a bhaineann leis dar liom. Coimhlinteoir gan fuacht gan faitíos é nach mbíonn trua aige dó féin ach a chuireann é féin sa bhearna baoil de shíor.
Cé nach bhfuil aon leid tugtha ag Brian Ó Drisceoil féin faoi bheith ag éirí as an rugbaí is deacair gan a bheith den tuairim gur luath seachas mall a tharlóidh sin. B’fhéidir nár mhaith leis cinneadh á dhéanamh go dtí tar éis turas fhoireann rugbaí Leoin na Breataine agus na hÉireann chun na hAstráile mar is cosúil go bhfuil dúil mhór aige sa dúshlán a bhaineann leis sin. Éacht ar leith a dhéanfadh sé dá n-imreodh an Drisceolach do na ‘Leoin’ don cheathrú huair.
Focal Comhairle le Barr Measa
Bheinnse den tuairim go mba chóir dó éirí as ag an bpointe sin. An fáth is mó a deirim sin ná go bhfuil drochíde go leor faighte ag a chorp, a chloigeann go háirithe, toradh ar ndóigh ar a chrógacht.
Bhí cuma an-traochta, spíonta air agus é ag siúl den pháirc tar éis cluiche fíochmhar eile idir Éirinn agus an Fhrainc an mhí seo caite. B’éigean dó an blár a fhágáil i rith an chluiche sin agus cuma air go raibh comhtholgadh ag cur as dó ach tháinig sé ar ais agus cóir leighis curtha air amhail is go raibh sé á rá: “níl mise réidh fós; ní ligfidh mé síos an fhoireann”.
Sa chluiche deiridh i mbliana i gcomórtas na Sé Náisiúin i gcoinne na Iodáile tharla eachtra nár tharla riamh cheana: cuireadh Brian Ó Drisceoil den pháirc. Cárta buí agus deich nóiméad i mbosca na bpeacaí a bhí i gceist ar an ábhar gur shatail an Drisceolach lena bhróig ar imreoir de chuid na hIodáile a bhí sínte ar an talamh. Fágadh clab iontais agus alltachta ar dhaoine toisc nach bhfaca siad gníomh mar é ag Ó Drisdeoil cheana. Dá dtaispeánadh an réiteoir cárta dearg don Drisceolach agus é a dhíbirt scun scan den pháirc ní fhéadfaí a rá nach raibh an ceart aige.
Ualach na Tarrthála ar an Iar-Cheann Feadhna
Cad ba shiocair le hiompar gan choinne Uí Dhrisceoil? Ní mór a rá ar dtús nach cóir aon leithscéal a dhéanamh ar a shon, ach is féidir tosca áirithe a chur san áireamh má tá míniú ag teastáil ar a iompar neamhghnáthach. Bhí, dar liom, an phraiseach ar fud na mias maidir le foireann na hÉireann ag an bpointe sin. Thosaigh na fadhbanna nuair a d’fhógair Declan Ó Duáin, bainisteoir na foirne, nach mbeadh Ó Drisceoil ina chaptaen níos mó, cúram a bhí air ó 2003, agus inar chruthaigh sé arís is arís eile a chumas iontach mar cheann feadhna. Ghortaigh sé sin Ó Drisceoil déarfainn agus ní dhearna sé maith don fhoireann ach oiread dar liom, cé nach gceapfá sin i ndiaidh an bhua i gcoinne na Breataine Bige.
Is ina dhiaidh sin, áfach, a thit an lug ar an lag ar fhoireann na hÉireann nuair a thosaigh imreoirí ag titim gortaithe ar nós coirce roimh an speil. Bhí oiread imreoirí á ngortú go raibh ceisteanna á gcur: an é seo an cluiche páirce is brúidiúla ar domhan agus an bhfuil an rugbaí ag éirí níos brúidiúla agus níos fíochmhaire in aghaidh na bliana?
Ceist í sin le haghaidh lae eile is dóigh ach de bharr gortaithe a bhain d’imreoirí éagsúla agus roghanna a rinne an bainisteoir, d’fhéadfaí a rá gur thit sé ar ghuaillí Bhriain Uí Dhrisceoil foireann na hÉireann a tharrtháil. In ainneoin a dhíchill ní raibh ar a chumas é sin a dhéanamh áfach de dheasca a aoise agus a choirp leonta is dóigh. Ba é críoch an scéil, go bhfuair an mhífhoighid an ceann is fearr air agus d’imigh an féinsmacht uaidh, rud a tharlaíonn go minic d’imreoirí ag deireadh a ré nuair a bhíonn an óige ar fán agus an neart ar meath. Ag an tráth sin, is gá éisteacht leis an gcolainn agus ní leis an intinn.