Bhí Colm Mac Séalaigh ag breathnú ar leabhar Dhéaglán Uí Bhuaigh This is Our Year agus ar an imreas a d’eascair as.
Is gnách le roinnt mhaith blianta anuas go mbíonn rogha mhaith leabhar nua faoi spóirt éagsúla ar fáil le haghaidh mhargadh na Nollag. Bíonn sciar maith de na leabhair seo dírithe ar na cluichí Gaelacha. Is fíorannamh áfach go mbíonn aon leabhar i nGaeilge ina measc. Eisceacht shuntasach ab ea Lá an Phaoraigh le Seán Óg agus Aoife de Paor (2007 Cló Iar-Chonnacht). Agus an tsuim mhór mhillteach atá ag muintir na hÉireann sa spórt (rud a thuigeann lucht TG4 go rímhaith) bheadh duine ag ceapadh go dtabharfadh lucht foilsitheoireachta leabhair Ghaeilge cuireadh do scríbhneoir(í) Gaeilge tabhairt faoi ábhar éigin spóirt. Mo chéad rogha féin ná Alan Titley. Chuirfinn gach saghas deontais atá ar fáil ina threo agus cead a chinn a bheith aige ansin.
Cuidíonn sé go mór le díol leabhair, dar ndóigh, ruainne beag den chonspóid a bheith ag baint leis agus tá sin amhlaidh i gcás an leabhair This is Our Year le Declan Bogue, a d’fhoilsigh Ballpoint Press).
Is i gcontae Dhún na nGall is mó a bhí cur agus cúiteamh faoin leabhar seo. Baineann cuid shuntasach de scéal an leabhair le fear Gaeltachta, Caoimhín Ó Caiside, ar dhíbir bainisteoir foireann peile Dhún na nGall, Jim Mag Aonasa, den fhoireann é le déanaí i ngeall ar a scéal a scaoileadh sa leabhar. Is é an fáth atá tugtha ag Mag Aonasa, is cosúil, ná gur bhris an Caisideach conradh nó gealltanas a bhí sínithe aige agus ag baill eile na foirne nach labhróidís le lucht na meáin chumarsáide faoi nithe a bhain le hullmhú na foirne.
Is trua go raibh iarmhairt chomh tromchúiseach le This is Our Year mar is leabhar fíormhaith ann féin agus is leabhar é gur féidir a chur le liosta na leabhar fiúntach faoi Chumann Lúthchleas Gael a foilsíodh le roinnt blianta anuas.
Dhá Thaobh an Scéil
Ní hé sin le rá go bhfuil gach gníomh agus eachtra a bhfuil trácht orthu sa leabhar ina n-ábhar maíte agus ceiliúrtha. I dteannta na gaisciúlachta agus na crógachta, na díomá agus an áthais, tugtar léargas dúinn ar iompar eile, idir theanga agus ghníomh, nach bhfuil inmholta ach a mhalairt ar fad. Ach is é bua an leabhair nach ndéantar na gnéithe míthaitneamhacha den pheil Ghaelach a cheilt agus trí insint lom, fhírinneach na n-imreoirí go gcaitear solas ar an uirísle, an fhabhtacht agus ar an bhfalcaireacht a bhíonn chun cinn uaireanta ar pháirc na himeartha.
Is é atá i leabhar Uí Bhuaigh cuntas agus tuairisc fhíorshuimiúil ar an chaoi inar éirigh le contaetha Uladh ó thaobh na peile de i rith na bliana atá díreach thart. Insítear an scéal trí shúile agus trí fhriotail imreoirí ó gach contae mar aon le hionchur roinnt iarimreoirí agus bainisteoirí chomh maith. A scéal féin a insíonn gach duine mar aon le scéal a chontae féin ó thús deireadh shéasúr na peile a chríochnaigh, chomh fada agus a bhain le contaetha Uladh, ar 28 Lúnasa nuair a bhuaigh Áth Cliath ar Dhún na nGall i gcluiche leathcheannais na hÉireann.
Tugann an leabhar an léitheoir isteach go croílár an chomhluadar peile i ngach contae. Bíonn an léitheoir i láthair sa seomra feistis, ag cruinnithe, ar pháirc na traenála agus na himeartha, ar an mbus ag taisteal chuig cluichí agus abhaile, sna tithe tábhairne agus sna hóstáin, agus sa seomra codlata fiú amháin.
Is iad na himreoirí a dhéanann cur síos dúinn ar na mothúcháin, na pianta, na mianta agus ar na huaillmhianta a bhíonn á gcrá agus á spreagadh maidir le cúrsaí peile; iadsan a thugann léargas dúinn ina bhfriotail mhacánta féin ar céard tá i gceist le bheith i do pheileadóir idirchontae nó i do bhainisteoir, ar an mbrú, ar an díomá, ar an gcrá croí agus ar an ngliondar, scaití, a bhaineann lena saol. Iadsan a léiríonn dúinn gur casta agus gur doghrainneach, cráite agus badráilte, spreagúil agus sásúil, ó thráth go céile saol an pheileadóra amaitéaraigh idirchontae. I measc na dtéamaí a scagann siad tá a leithéidí seo: frustrachas an imreora atá gortaithe; easpa féinsmachta; caint gharbh, ghránna le céilí comhraic; cultúr an ólacháin i measc imreoirí; easaontas le bainisteoirí; frustrachas an imreora nach bhfaigheann deis imeartha in ainneoin a chuid iarrachtaí; imreoirí ag teacht chuig deireadh a dtréimhse imeartha – an ceart imeacht nó fanacht?; íobairtí a dhéanann imreoirí chun a bheith aclaí; taicticí gránna – foréigean, imeaglú, falcaireacht; cur síos ar chluichí, scóranna, eachtraí calaoiseach.
An Fhírinne Ghlan
Caithfear a rá go bhfuil gach imreoir agus daoine eile a cuireadh faoi agallamh le haghaidh an leabhair seo an-oscailte agus macánta ina gcuid scagtha agus tuairimíochta. Mar a deir Eugene McGee, iarbhainisteoir peile de chuid Uí bhFáilí: “tá ionadh orm go raibh na himreoirí chomh hoscailte, craobhscaoilte agus fíréanta sa chaoi inar labhair siad” leis an údar.
Duine de phríomhphearsana an leabhair is ea Caoimhín Ó Caiside, imreoir de chuid Dhún na nGall, a bhí éirithe as an imirt idirchontae nuair a d’iarr an bainisteoir nuacheaptha, Jim Mag Aonasa, air filleadh ar fhoireann an chontae. Thoiligh an Caisideach rud a dhéanamh ar an mbainisteoir nua. Thaitin leis an chaoi inar labhair Mag Aonasa, iarimreoir é féin agus comhghleacaí de chuid an Chaisidigh roimhe sin, faoi chúrsaí peile. Tríd an leabhar molann an Caisideach a bhainisteoir agus níl oiread na fríde de cháineadh aige air. Mar sin féin, thóg Mag Aonasa an cinneadh an Caisideach a dhíbirt ón bhfoireann toisc gur labhair sé go hoscailte, macánta leis an údar. Is daor mar a d’íoc an Caisideach as a mhacántacht.
Go híorónta, i bhfianaise a bhfuil tarlaithe, cuirtear tús agus deireadh leis an leabhar le Caoimhín Ó Caiside. Ag an tús, buailimid le Caoimhín agus é i mbun cleachtadh scileanna ar pháirc Ghaoth Dobhair. Cuirtear deireadh leis an scéal le comhrá gairid idir an bainisteoir agus an t-imreoir agus iad in umar na haimléise tar éis do Dhún na nGall a bheith buailte ag Áth Cliath i gcluiche leathcheannais na hÉireann. “Feicfidh mé thú an chéad bhliain eile” a deir Mag Aonasa. Is é freagra an Chasaidigh: “gan amhras ar bith, a Jim”.