CÚRSAÍ SPÓIRT
Deán na Spéire
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Dhírigh Colm Mac Séalaigh a aird ar cheist a tharraing cur is cúiteamh go leor le deireanas. Is é sin, ceist Deán na Spéire, mura miste leat, nó an cainéal Sky.

Íomhá
Joe Brolly ar dheis, ar son Líofa
(le Sinn Féin ar Vicipéid)
Íomhá
GPA
(le Gaelic Players.com ar Flickr)
Íomhá
Rupert Murdoch ag Davos
(le Davos 09 ar Flickr)
Íomhá
Setanta Sports
(ar Vicipéid)

Éist anseo leis an alt á léamh ag Deirdre Ní Chonghaile as Árainn, Co. na Gaillimhe.

Ní nach ionadh, bhí go leor le rá nuair a d’fhógair Cumann Lúthchleas Gael (CLG) ar na mallaibh go raibh margadh déanta acu leis an gcomhlacht teilifíse, Sky TV, le líon áirithe de chluichí craoibhe CLG an tsamhraidh seo a chraoladh ‘beo’ ar an gcainéal úd den chéad uair.

Ceithre chluiche dhéag a bheas á gcraoladh ar Sky TV, cluichí nach mbeidh le feiceáil ‘beo’ ar aon bhealach teilifíse eile, agus beidh cead acu sé cinn eile de na cluichí craoibhe a thaispeáint ag an am céanna is a bheidh siad ‘beo’ ar RTÉ. Is é ábhar maíte an CLG faoin socrú seo go mbeidh ar chumas mhuintir na hÉireann i gcéin, go háirithe sa Bhreatain agus san Astráil, na cluichí úd a fheiceáil ‘beo’ (má tá siad sásta an táille chuí a íoc le Sky dar ndóigh) agus go mb’fhéidir go bhfeicfidh daoine eile sna tíortha sin cluichí na nGael á n-imirt agus go meallfaí lucht féachana breise i measc mhuintir na dtíortha úd. Thiocfadh as sin, b’fhéidir, go leathnófaí ar shuim dhaoine, agus leis sin rannpháirtíocht daoine, sna cluichí Gaelacha timpeall an domhain trí chraoladh na gcluichí ar Sky TV.

In ainneoin sinroinnt daoine an-amhrasach faoin scéal.

Ina cholún seisean ar an nuachtán The Sunday Independent, áitíonn Colm Ó Ruairc, tráchtaire de chuid RTÉ ar chúrsaí peile agus iarlaoch peile de chuid contae na Mí, go bhfuil a anam díolta ag an CLG le Sky TV agus pócaí Rubert Murdock gur leis an gcomhlacht Sky líonta acu dá réir (amhail is nach raibh na pócaí céanna ag cur thar maoil mar atá). Dar leis an Ruarcach nach bhfuil bunphrionsabal ar bith fágtha ag an CLG anois agus nach bhfuil de shuim ag Sky sa socrú seo ach oiread daoine eile agus is féidir a mhealladh chun íoc as an gcainéal acu san agus tuilleadh brabaigh a dhéanamh.

Meath an Amaitéireachais

Déanann Ó Ruairc pointe le hábhar nuair a deir sé gur spóirt phroifisiúnta iad na spóirt eile ar fad a bhíonn á gcraoladh ag Sky agus go síothlaíonn cuid mhaith den airgead a íoctar le heagraíochtaí spóirt i dtreo na n-imreoirí agus nach gcaitear mórán den airgead ar fhorbairt an spóirt féin. B’fhéidir go bhfuil an ceart aige agus tá go leor daoine eile á rá, agus drogall orthu roimhe, gur céim eile í seo i dtreo na híocaíochta d’imreoirí idirchontae CLG.

Ceistíonn Ó Ruairc tuairim an CLG agus daoine eile go mbeidh na cluichí Gaelacha le feiceáil thar lear de thoradh an tsocraithe nua seo. Dar leis go bhfuil sé tar éis tarlú cheana féin go mbíonn cluichí móra CLG le feiceáil in áiteanna thar lear mar a bhfuil Éireannaigh ag obair nó ar saoire iontu. Go deimhin níl sé chomh fada sin ó bhíos féin ag breathnú ar chluichí craoibhe iomána agus peile, cluichí ceannais na hÉireann san áireamh, agus mé ar saoire thar lear. Ná fiafraigh díom cén cainéal a raibh na cluichí sin á gcraoladh orthu áfach!

I gcoinne thuairim Ui Ruairc, deir John Greene ar an bpáipéar céanna nach bhfuil an CLG ag tabhairt cúl le muintir na hÉireann agus nach bhfuil sa mhargadh atá déanta acu le Sky ach dul chun cinn ar an dul céanna le craoladh na gcluichí Gaelacha ar Theilifís Éireann sna 1960í. San am sin bhíodh daoine á rá nach ngabhfadh aon duine chuig na cluichí nios mó dá mbeidís ‘beo’ ar an teilifís. Níor tharla sé sin ach i gcás amháin is é sin cluichí an Bhóthar Iarainn (comórtas idirchúige) a bhíodh á gcraoladh ar RTÉ ar Lá ’le Pádraig. Thit an slua go tubaisteach an-tapa ón 40,000 duine a bhíodh i láthair sna caogaidí ach níor chuir an teilifís as do na cluichí i gcoitinne ach a mhalairt.

Ní Lia Duine ná Tuairim

I measc daoine a bhfuil baint dhíreach acu leis an CLG tá meascán de thuairimí le fáil. Deir bainisteoir fhoireann peile Átha Cliath, Jim Ó Gábháin, go gceapann sé nach ndéanfaidh an margadh dochar agus go b’fhéidir go rachadh sé chun leas an CLG.

Bhí Eugene Mac Aoidh, iarbhainisteoir peile Uíbh Fháillí agus iriseoir, in aghaidh an mhargaidh ar an ábhar gur shíl sé nach mbeadh cuid den seandream a chaith a saol ag saothrú ar son an CLG in ann cluichí áirithe a fheiceáil toisc nach raibh Sky TV acu agus nach mbeadh sé acu toisc nach mbíonn uathu san ach na cluichí Gaelacha a fheiceáil.

Daoine a bhí sásta go maith leis an socrú ná Dónal Óg Ó Cíosóig agus Dessie Ó Fearghaíle, iar-imreoirí le Corcaigh agus Áth Cliath faoi seach agus feidhmeannaigh de chuid Chumann na n-Imreoirí Gaelacha (GPA). Dar le Joe Ó Brollaigh, iar-imreoir eile agus tráchtaire ar Sunday Game RTÉ, déanfaidh conradh Sky dochar d’éiteas an CLG trí chreimeadh a dhéanamh ar bhunphrionsabal an amaitéarachais.

Cad a cheapaimse? Is dóigh liom go gcaithfidh bainistíocht an CLG a bheith fíorchúramach agus gan dearmad a dhéanamh nach ionann tosaíochtaí bhaill an CLG agus tosaíochtaí Sky TV, gnólacht mór, millteach nach iad an spórt ná cluichí na nGael is cás dóibh ach brabach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.