CÚRSAÍ SPÓIRT
Jim Stynes - Sárlaoch
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Rianaíonn Colm Mac Séalaigh Conair laoch na himeartha in Éirinn agus thar lear, Jim Stynes, a fuair bás den ailse san Astráil agus a cuireadh in Éirinn an mhí seo chuaigh thart.

Íomhá
Jim Stynes ag Ceiliúradh na 150 Laochra '08
(Vicipéid)
Íomhá
Mícheál Ó Muircheartaigh a chuir agallamh RnaG ar Jim siar in '86
Íomhá
Jim Stynes ag 'Reach'
(Piaras Jackson a tharraing, ar Flickr)

Tubaiste agus ábhar dobróin is ea bás duine óg gan amhras agus ar bhealach áirithe, tá brón ar leith ag baint le bás an chleachtóir spóirt ar eiseamláir de neart agus de bhrí na hóige é. Ní gá ach cuimhneamh ar Chormac Mac an Ailín, peileadóir Thír Eoghan, Paul Ó Maoilchéire, iománaí Átha Cliath, Darren Sutherland, dornálaí Oilimpeach, Philip Mag Aonasa, iománaí agus peileadóir Liatroma, gan ach dornán a luadh.

San áireamh sa bhuíon sin, tá Jim Stynes a cailleadh ar 20 Feabhra 2012 in aois 45 bliain (fós óg agus gníomhach ar son daoine eile) i ndiaidh dó troid go cróga agus go huasal i gcoinne ghalair na hailse le roinnt blianta anuas. Bhí Jim de Stín mar a thugtaí air freisin [in áit ‘Mac Stíbhin’] ar na peileadóirí ab fhearr lena linn. I 1984 bhuaigh sé, mar bhall de Chumann Bhaile Baodáin Naomh Éanna, bonn uile Éireann le foireann mhionúr peile Átha Cliath. Ba léir do chách go raibh tallann eisceachtúil peile aige ach, ní ar fhoireann shinsir Átha Cliath a thug Jim aghaidh, ach ar Astráil na gréine agus na Melbourne Demons.

Sna 1980í luatha, d’fhreastalaíodh Jim de Stín, a dheartháireacha, Brian agus Daithí, agus a dheirfiúr Sharon ar Choláiste na bhFiann. Ní hamháin sin ach ghlac Jim páirt ghníomhach ar feadh roinnt blianta i gCumann na bhFiann, seirbhís náisiúnta don óige trí mheán na Gaeilge. Bhain sé gradam amach mar chinnire sa chumann agus sa choláiste. Dar le Liam Ó Maolaodha a bhí ina eagraí ar Chumann na bhFiann ag an am, ba ‘dhaoine uaisle’ iad muintir de Stín agus ‘sheas Jim amach ón tslua de bharr a phearsantachta, a chur chuige agus, dar ndóigh, a airde’.

Ag Treabhadh Leis ar an Dá Thrá

In agallamh a rinne sé i nGaeilge le Mícheál Ó Muircheartaigh sa bhliain 1986 agus é ina fhear óg scór bliain d’aois, agus ar craoladh cuid de ar RTÉ Raidió na Gaeltachta lá tar éis a bháis, labhair Jim go sceitimíneach faoina shaol san Astráil agus faoin dóchas a bhí aige go n-éireodh leis áit a fháil ar an bhfoireann an bhliain dár gcionn. Bhíodh sé ag traenáil go dian gach lá agus cluiche a mhairfeadh dhá uair a chloig le himirt aige ar an Satharn. “Bím righin agus tuirseach tráthnóna Sathairn”, a dúirt sé, “ach uaireanta imrím cluiche peil Ghaelach ar an Domhnach”! Mhol sé na hAstrálaigh a raibh plé aige leo á rá go raibh siad i gcónaí ag tabhairt an-aire dó féin agus do na daoine óga eile, rud a dhéanfadh sé féin roinnt blianta ina dhiaidh sin.

Chaith Stynes trí bliana ina dhalta ag foghlaim a cheirde mar pheileadóir Astrálach. In aois bliain is fiche dó, d’imir sé a chéad chluiche sinsir. D’imir Stynes in 244 cluiche i ndiaidh a chéile idir 1987 agus 1998 leis na Demons – curiarracht ann féin. Bhain sé amach gach duais, onóir agus gradam a bhain le peil na Astráile le linn na tréimhse sin. Ba é an chéad imreoir nárbh Astrálach é ar bronnadh Bonn Brownlow air, is é sin an gradam is mó de chuid pheil na hAstráile.

Fear Spóirt agus Fear Riaracháin den Scoth

Fear ard, go maith os cionn sé troithe, a bhí ann, é láidir, aclaí agus tiomanta. Ar an bhfoireann, bhí ról lárnach aige ar nós imreoir lár páirce sa pheil Ghaelach agus thuill sé meas lucht leanúna pheil na hAstráile. D’imir Jim Stynes i gcoinne agus in éineacht le foireann na hAstráile agus le foireann na hÉireann sna cluichí faoi Rialacha Comhghéillte agus d’imir sé i gcoinne a dhearthár Brian a bhí ar fhoireann na hÉireann.

Ní duine é de Stín a ligfeadh a mhaidí le sruth, agus tar éis dó éirí as an imirt i 1998, chuaigh sé i mbun cúrsaí riaracháin leis na Demons. Bhí fiacha troma ar an gcumann agus ceithre bliana ó shin rinneadh uachtarán an chumainn de agus faoina stiúir, d’éirigh leis an gcumann na fiacha a ghlanadh. Taobh amuigh dá chuid imeartha agus riaracháin leis na Melbourne Demons, bhunaigh Stynes an Reach Foundation i 1994. Tionscadal a bhí ann a d’fhéach le cabhair a thabhairt do dhaoine óga a bhí ina gá trí féinmheas agus féinmhuinín a chothú iontu. In agallamh leis cúpla bliain ó shin, dúirt Jim gur bhain sé leas as coincheap na gcoláistí samhraidh ina chuid oibre ar son na ndaoine óga sin.

Bronnadh mórán gradam ar Jim Stynes san Astráil agus go háirithe ina bhaile nua, Melbourne, agus i stát Victoria. Dámhachtain na Laoch, Gradam na Bliana i Stát Victoria agus gradam Phearsa Melbourne 2010, trí cinn de na gradaim a bronnadh air le linn a bheatha. Mar sméar mullaigh an chnuasaigh, bronnadh sochraid stáit air i ndiaidh a bháis. I measc na bhfíréan go raibh a anam uasal.

Aguisín: 18.3.12. Páirc Uí Nualláin. Cill Chainnigh 5-16 Áth Cliath 6-12. Curaidh Chraobh na hÉireann v Curaí na Sraithe Náisiúnta. Cluiche na Bliana go nuige seo. Cá raibh na ceamaraí teilifíse?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.