CÚRSAÍ SPÓIRT
Gnéithe den Spórt nach bhFuil Uainn
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Bhí Colm Mac Séalaigh ag machnamh ar a thábhachtaí is atá spórt agus laochra an spóirt dúinn lenár gcroí is ár meanma a ardú ó am go chéile. Bíonn taobh eile ar an mbád i gcónaí ar ndóigh.

Íomhá
Séamas Mac Géibheannaigh
(le Irish Philadelphia Photo Essays ar Flickr)
Íomhá
I measc laochra ár linne, Katie Taylor
Íomhá
Anraoi Ó Seibhleáin, i measc laochra ár linne

Ar an Domhnach 13 Eanáir d’fhoilsigh an Sunday Independent forlíonadh speisialta in éineacht leis an nuachtán Domhnaigh faoi chúrsaí spóirt in Éirinn agus thar lear. Foilsíodh cineál eagarfhocail san fhorlíonadh a bhí lán de mholadh agus d’adhradh do lucht spóirt. Nochtadh tuairim go raibh imreoirí spóirt ina n-eiseamláirí don óige agus don phobal i gcoitinne agus dúradh go raibh teipthe ar eagraíochtaí móra agus ar chinnirí éagsúla na tíre, idir chléir agus thuath, lucht polaitíochta, gnó agus siamsaíochta (an dream a luaitear an focal ‘celebrity’ lena stádas sa phobal go háirithe), treoir, sampla agus cinnireacht cheart a thabhairt do mhuintir na tíre. Dúradh nach bhfuil ann a thuilleadh le pobal na tíre a ardú agus a spreagadh ach lucht spóirt.

Is minic agus tábhacht an spóirt do dhaoine óga á chur chun cinn go luaitear dea-thréithe agus luachanna ar leith a bheith ceangailte go dlúth le spóirt – comhoibriú idir daoine, obair foirne, spórtúlacht, dea-mhéin, dea-shláinte choirp agus anama, cumarsáid, meas ar dhaoine, meas ar do chéile comhraic, macántacht, paisean, dílseacht, dea-shampla, dea-thoil, ionracas agus mar sin de – agus níl amhras ar bith ná go mbíonn fáil ar na dea-thréithe sin i measc lucht spóirt faoi mar a bhíonn i measc daoine i gcoitinne. Ach, má dhéanaimid scrúdú le súil ghrinn, ghéarchúiseach ar an gcaoi ina bhfuil cúrsaí spóirt admhóimid gur gá i gcónaí do lucht stiúrtha spóirt a bheith san airdeall ar theacht chun cinn drochthréithe an duine, tréithe atá in ann an spórt a mhilleadh ar na céadta míle duine.

Mar a léiríonn an pointe úd go beacht, cúpla lá i ndiaidh foilsiú forlíonadh an Sunday Independent, tharla gur cuireadh agallamh ar dhuine de na pearsana spóirt is mó cáil ar domhan, Lance Armstrong. Oprah Winfrey, láithreoir cáiliúil teilifíse i Meiriceá agus timpeall an domhain, a chuir an t-agallamh ar Armstrong, rothaí gairmiúil atá anois míchlúiteach i Meiriceá agus timpeall an domhain, ar bhealach teilifíse Winfrey féin, OWN.

Dúil sa Titim agus san Ainghníomh

Ocht milliún is fiche duine timpeall an domhain a bhí ag faire de réir lucht an chainéil, léiriú ar cháil Armstrong agus ar an tsuim atá curtha ag daoine ar fud na cruinne i scéal nach gcuireann in aon slí le huaisleacht nó le hardghradam an spóirt. Le fada anois tá drochghníomhartha agus míchleachtais, ó thaobh spóirt de, curtha i leith Armstrong agus ar deireadh, agus gan an dara suí sa bhuaile aige dáiríre, d’admhaigh sé go raibh na líomhaintí fíor: gur bhain sé áirge as drugaí, cógais agus as cleachtais a bhí cosctha ag na húdaráis spóirt agus a chuidigh leis bua i ndiaidh bhua a bhaint amach i spórt na rothaíochta.

Ghlac sé leis go raibh na ráflaí a bhain leis féin le blianta fada fíor agus go raibh an ceart ag iriseoirí ar nós David Walsh agus Paul Kimmage ina thaobh. D’admhaigh sé gur falcaire agus gur bhréagadóir a bhí ann, go mbíodh sé ag maistíneacht ar iomaitheoirí agus ar dhaoine eile, go raibh sé neamhthrócaireach, gránna agus mímhacánta. Ach, in ainneoin na hadmhála go léir, bhí sé le brath ar a chuid cainte agus ar a shúile nach raibh aiféala air faoin méid a bhí déanta aige ach gur rugadh air agus go mb’éigean an fhírinne a insint amach. An cheist anois ná cad ba chóir a dhéanamh faoi nó leis? Cloisfear a thuilleadh.

Mar is léir, tagann drochthréithe an duine chun cinn sa spórt chomh maith le comhthéacs ar bith eile - ciníochas, falcaireacht, dópáil, maistíneacht, bréagadóireacht, troid, achrann ar pháirceanna, ionsaithe ar réiteoirí, alcólachas agus cearrbhachas (tá aitheantas tugtha ag CLG don fhadhb seo), drochíospairt leanaí agus daoine óga (dhearbhaigh an sárdhornálaí clúiteach Sugar Ray Leonard gur thug traenálaí drochíospairt dó agus é i mbun traenála do na cluichí Oilimpeacha mar shampla).

An Turas Spleodair

Ach, má bhíonn leithéidí Lance Armstrong ann, bíonn na dea-scéalta ann freisin agus dóthain díobh sin le nach baol dúinn géilleadh don éadóchas. Mura bhfuil i gceist ach gur chinn Katie an Táilliúra fanacht ina dornálaí amaitéarach agus gan dul i muinín na dornálaíochta gairmiúla nó gur ceapadh Pól Mac Fhionnlaoich ina chaptaen ar fhoireann ghailf na hEorpa nó gur fhógair Ciaran Mac Giolla Chainnigh go raibh sé le filleadh abhaile ón Astráil toisc go mb’fhearr leis a bheith i measc a mhuintire féin agus a bheith ag imirt peile agus iománaíochta lena chumann agus lena chontae dúchais. Uaireanta, mar a dúirt Ciarán féin, “ní glaise iad na cnoic i bhfad uainn i gcónaí”.

Uaireanta is nuair a éiríonn sárimreoir as an spórt go n-aithnímid feabhas agus cumas ár gcuid laochra spóirt in ainneoin na laigí daonna a bhaineann leo nó b’fhéidir dá mbarr. Rith sin liom nuair a tuairiscíodh go raibh an sáriománaí de chuid na nDéise, John Ó Maoláin, tar éis éirí as an imirt idirchontae. Is beag nach mbeadh uaigneas ar dhuine i ndiaidh a leithéid ach leanann an saol ar aghaidh agus tagann laochra eile chun cinn.

Is fíor don Sunday Independent a deir gurb é an spórt a bheireann cuid mhór de laochra na linne chugainn. Is furasta i gcomhthéacs na tíre seo iad a ainmniú: Ó Sibhleáin, Mag Aonghusa, Ó Drisceoil, de Briotún, Mac Fhionnlaoich, Iníon an Táilliúra agus araile. Tá na daoine sin tábhachtach. Tugann a gcuid éachtaí ar thuras glórmhar, spleodrach sinn. Ba bhoichte an saol dá n-uireasa.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.