Tá foirne iomána na hÉireann i mbliana curtha in ord feabhas a n-imeartha ag Colm Mac Séalaigh agus is cosúil iad lenar chruthaigh siad anuraidh.
Chuadar ann agus dóchas ina gcroí. Imreoirí agus lucht tacaíochta. Bhí na comharthaí go maith agus bhí muinín acu astu féin agus as an bhainistíocht. Dúirt chuile dhuine go mbeadh sé deacair, fíordheacair, ach dá n-imreoidís chomh maith is a bhí siad in ann, chomh maith is a d’imir siad sna cluichí roimhe seo agus sciorta den ádh a bheith leo, go mb’fhéidir go dtiocfadh leo an bua a fháil.
Fiú más iad na curaidh a bhí ina gcoinne, an fhoireann ab fhearr ar fad le roinnt blianta anuas, shíl chuile dhuine go ndéanfaidís cluiche maith de, go mbeadh coimhlint ghéar ann, go mb’fhéidir go mbeadh an imirt idir dhá cheann na meá suas go dtí an fhead deiridh. Ach ar an drochuair ní hamhlaidh a bhí. Níor tharla an taispeántas mór, an imirt ghaisciúil, an cur chuige fíochmhar a raibh chuile dhuine ag súil leis, ach a mhalairt. Bhíodar leamh, leochaileach, gan treoir ar uairibh, ar nós gasúr nár fhoghlaim nó a rinne dearmad ar bhunscileanna an chluiche. Buaileadh iad agus buaileadh go dona iad. Níor shamhlaigh aon duine roimh an gcomórtas go bhféadfadh siad a bheith chomh lag lúbach agus a chailleadh chomh héasca. Ach, ba léir go luath sa chluiche nach raibh ach an chaill i ndán dóibh.
Rinne lucht leanúna agus lucht tráchtaireachta iarracht ar mheabhair a bhaint as an méid a tharla. Rinneadh plé ar a ndeachaigh mícheart, ar chúiseanna na lagimeartha, ar na botúin bhunúsacha, ar an easpa cur chuige agus cumais. Cuireadh an milleán ar imreoirí, ar phlean an lucht bainistíochta, ar an gcineál ullmhúcháin, ar thuirse a bheith ar na himreoirí de bharr an iomarca traenála sna seachtainí roimh an chomórtas. B’fhéidir go raibh easpa féinmhuiníne taobh thiar den lagthaispeántas. Ach, is é an léamh is cruinne i ndeireadh an lae ar an scéal go raibh na curaidh i bhfad níos fearr mar fhoireann agus go raibh imreoirí níos fearr acu ar fud na páirce idir óg agus shean.
An Breo Croí
Ag teacht i dtreo dheireadh an chluiche, agus an slua ciúnaithe go maith, d’ardaigh dornán den lucht tacaíochta cúrfá ‘The Fields of Athenry’. Ba gheall le holagón é ach ní raibh ann ach iarracht ar an dobrón a luigh ar chroí ’ch éinne acu a mhaolú beagán.
Sea, a léitheoir dhil, más ag ceapadh atá tú gur ag trácht ar fhoireann de chuid na hÉireann atáim, an fhoireann sacair sa Pholainn mar shampla nó an fhoireann rugbaí sa Nua-Shéalainn, tá tú mícheart. Ní hea, ach foireann shinsearach iománaíochta Átha Cliath atá i gceist agam, foireann agus a lucht tacaíochta a d’fhulaing an breo croí, ní den chéad uair, i gcluiche iomána i gcoinne Cill Chainnigh. Ó bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael buaileadh iománaithe Átha Cliath go minic in aghaidh foirne maithe, ach is deacair ag duine beo cuimhneamh ar léasadh chomh holc á thabhairt ar fhoireann na hArdchathrach is a tugadh ar an Satharn 23 Meitheamh seo caite.
Nuair nach scórálann foireann ach naoi gcúilín i gcluiche iománaíochta, cuma cé tá ina gcoinne, is dona an lá é. B’é an scór b’ísle a bhí ag iománaithe Átha Cliath ón uair a chuaigh Antaine Ó Dálaigh i gceannas orthu in 2009. Seachas Gary Mag Uidhir sa chúl, níor imir aon duine d’imreoirí Átha Cliath de réir a chumais nó de réir an chumais a bhí léirithe aige go nuige seo. Ba é sin an ghné den scéal ba dheacra a thuiscint. Bhíodar ar nós lúthchleasaithe na hÉireann a dteipeann orthu an chuid is fearr a fháil astu féin sna Cluichí Oilimpeacha. An t-aon léas beag dóchais ar an lá áfach do mhuintir Átha Cliath ná taispeántas na foirne mionúire a bhuaigh go réidh agus go sciliúil ar fhoireann Chill Chainnigh.
Cait chun Cinn ar Chách
Anois, agus é seo á scríobh agam, tá gach foireann iomána chontae feicthe againn uair amháin ar a laghad ag imirt sa chraobhchomórtas, agus cheana féin tá cosúlacht mhór ar an scéal nach dtiocfaidh aon athrú suntasach ar ord nó ar stádas na gcontaetha in 2012 seachas mar a bhí i 2011. Is í foireann iontach Chill Chainnigh atá i gcónaí ar bharr an dréimire agus mar rogha na coitiantachta maidir le Corn Mhic Cárthaigh a bhuachan. Tá siad i mbarr a sláinte agus a n-aclaíochta i gcónaí agus más dada é is ag dul i bhfeabhas agus in aibíocht atá siad ar nós an fhíona mhaith, gan aon lagú ná maolú tagtha ar a gcuid imeartha ná ar a ndúil sa choimhlint agus sa bhua.
Maidir leis na contaetha eile, bhí an-choimhlint idir Tiobraid Árann agus Corcaigh agus cé gur bhuaigh Tiobraid Árann bhí cuma dheas ar fhoireann Chorcaí a bheas ag teacht in inmhe de réir a chéile más aon fhianaise an taispeántas a thug siad sa chluiche sin. Tá Gaillimh ag feabhsú ach ag scaoileadh an iomarca cúl isteach agus ní móide go mbeidh an chuid eile sách maith le Páirc an Chrócaigh a bhaint amach ar 9 Meán Fómhair.
Ar chaoi ar bith, is mar seo a leanas a chuirfinnse na contaetha atá fágtha sa chraobhchomórtas in ord fiúntais ag an tráth seo (deireadh an Mheithimh):
- Cill Chainnigh
- Tiobraid Árann
- Corcaigh
- Gaillimh
- Portláirge
- Luimneach
- Áth Cliath
- An Clár
- Uíbh Fhailí
- Loch Garman