CÚRSAÍ SPÓIRT
Spóirt agus Fógraíocht i SAM
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Bhí deis ag Colm Mac Séalaigh súil a chaitheamh ar ghnóthaí spóirt in oirthuaisceart na Stát Aontaithe. Ní tharraingíonn na cluichí gaelacha oiread airde aniar is a shamhlaímid.

Íomhá
Tom Brady, laoch de chuid na New England Patriots
(le Jeffrey Beall ar Vicipéid)
Íomhá
Jason Varitek ag ceapadh cnaige
(le Michael Pick ar Flickr)
Íomhá
Baile na bPatriots, Gillette
(le Thalan ar Vicipéid)
Íomhá
Bill Wagner na Red Sox
(le Michael Pick ar Flickr)

Thug mé mo chéad chuairt le déanaí ar Nua-Eabhrac agus ar cheantar Nua-Shasana (stát Massachusetts go háirithe) de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá, cuairt a bhí ar na bacáin le roinnt blianta anuas. Cuairt seachtaine a bhí i gceist a raibh d’aidhm aici cuid de radharcanna Nua-Eabhrac agus Boston, móide a gcuid siopaí, a fheiceáil nó ruathar tapa a thabhairt orthu ar a laghad, agus cuairt a thabhairt ar ghaolta le mo bhean chéile idir shean agus óg, aintíní, uncail, col ceathracha, col cúigir agus eile, a bhaineann le contae na Gaillimhe, thoir agus thiar.

Is iomaí gné den saol ar chuir mé spéis ann le linn na cuairte, cúrsaí spóirt san áireamh. Rud amháin a chuir beagán iontais orma laghad suime a bhí ag na Gaeil-Mheiriceánach ar bhuail mé leo sna cluichí Gaelacha agus a laghad eolais a bhí acu fúthu. Is beag duine acu a raibh fhios acu mar shampla go mbeadh Cluiche Ceannais Peile na hÉireann ar siúl ar an Domhnach a bhí romhainn amach. B’fhéidir dá mbeadh a gcontae féin ag imirt go mbeadh suim acu sa scéal. Shíl fear amháin go raibh Maigh Eo agus Áth Cliath sa chluiche ceannais iomána!

Cluichí Móra na Stát Féin

Ach bhí suim acu sna cluichí móra a bhí ag tarlú sa cheantar agus sna foirne a bhain leis an limistéar acu féin, ‘Patriots’ Nua-Shasana ó thaobh na peile agus Red Sox Bhoston ó thaobh an chluiche chorr. Bhí cluiche mór peil Mheiriceánach ar bun in Foxborough taobh amuigh de Bhoston an Domhnach céanna a raibh Baile Átha Cliath agus Maigh Eo ag imirt idir na New England Patriots agus Tampa Bay Buccaneers. Bhí 70,000 duine le bheith ag an gcluiche sin agus, idir fhir agus mhná, bhí suim mhór ag daoine sa chluiche. Bíonn ticéid sa phríomhroinn ag col ceathar le mo bhean do gach cluiche baile, ticéid a mbíonn $600 an ceann mar phraghas orthu! Bhí muid ag breathnú ar an gcluiche sa teach ar scáileán mór agus lean sé ar aghaidh ar feadh achar fada. Bhí go leor sosanna le linn an chluiche chun fógraí a thaispeáint ar an teilifís rud a chuir fad leis an gcluiche agus ní mó ná sásta a bhíonn an lucht tacaíochta féin leis na stopanna céanna.

Thugamar cuairt ar Staidiam na ‘Patriots’ an oíche roimh an gcluiche mór agus b’iontach an radharc é. Ní hamháin gur staidiam nua-aoiseach é ar nós Pháirc an Chrócaigh (gan a bheith chomh mór leis) ach bhí idir shiopaí, bhialanna agus thábhairní taobh amuigh agus iad go léir bainteach le staidiam na ‘New England Patriots’. Bíonn oiread daoine taobh amuigh is a bhíonn taobh istigh le linn chluiche de réir dealraimh. Dhéanfá iontas de gan amhras ach níor mhór cuimhneamh gur gnó thar a bheith mór í an pheil Mheiriceánach.

Íoctar airgead aisteach leis na peileadóirí ach ní maith a théann sé dóibh go minic mar is cosúil go mbíonn 60% de na himreoirí peile bancbhriste taobh istigh de chúig bliana tar éis dóibh éirí as an imirt. Is iomaí fáth leis sin: ragairne, cearrbhachas, ‘cairde’, drochchomhairle i dtaobh infheistiú, póstaí briste agus ailiúnas ina measc.

Rannpháirtíocht Réasúnta an Phobail

Ba léir le linn mo chuairte giorra go bhfuil suim mhór i measc mhuintir Mheiriceá sa pheil Mheiriceánach agus sa chluiche corr nó bhí an méid sin le léamh ar a raibh de chluichí sa dá spórt úd á gcraoladh ar stáisiúin éagsúla teilifíse chuile oíche agus na sluaite daoine i láthair ag na cluichí sin.

Ach bhí mé fiosrach freisin faoi rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt i measc na ‘ngnáthdhaoine’ nó sa phobal i gcoiteann. De réir fianaise mo dhá shúl agus mé ag taisteal ó áit go háit ar thraein, i gcarranna agus san aer, agus ó bheith ag caint le daoine chomh maith, is cosúil go bhfuil rannpháirtíocht mhaith nó réasúnta i measc an phobail i spóirt éagsúla ar nós sacair, rugbaí, cispheile, eitpheile, bogliathróid (softball) chomh maith le peil Mheiriceánach agus an cluiche corr. Aisteach go leor (b’fhéidir) is é an chéad spórt a chonaic mé á imirt ‘beo’ ná cruicéad. Sílim gur i gceantar Brooklyn a bhí mé ag taisteal tráthnóna Domhnaigh nuair a thug mé faoi deara go raibh trí chluiche cruicéad ar bun in áiteanna éagsúla. Ní raibh mórán lucht féachana i láthair ach bhí daoine feistithe amach agus ag imirt. Chonaic mé daoine óga agus gasúir i mbun sacair, peil Mheiriceánach agus sa chluiche corr freisin agus iad á n-eagrú ag daoine fásta, múinteoirí scoile b’fhéidir. Sheas mé scaitheamh ag breathnú ar chluiche rugbaí idir dhá ardscoil in áit a bhí an-chosúil le Bóthar na Trá.

Agus muid san aer os cionn Bhoston ar an mbealach abhaile, bhí paistí beaga, glasa scaipthe ar fud na háite le feiceáil trí fhuinneog an eitleáin. Páirceanna an chluiche chorr gan amhras ar bith. Fianaise ar thábhacht an spóirt i measc phobal na tíre b’fhéidir. Cé nach raibh mé ann ach achar gearr ba léir dom go raibh ionad lárnach ag an spórt i saol na muintire sa taobh thoir thuaidh de SAM.

Bhuaigh na ‘Patriots’ leis an scór 23 in aghaidh 3.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.