CÚRSAÍ SPÓIRT
Tús Ré
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Cluichí spreagúla spleodracha atá feicthe againn go dtí seo i mbliana agus tá Colm Mac Séalaigh sásta buille faoi thuairim a thabhairt faoi cé a bhuafas na cluichí atá fanta le himirt.

Ní áibhéil é a rá gur tháinig deireadh le ré órga, an ré is órga is dóigh, i stair ghlórmhar iomána Chill Chainnigh ar an Domhnach deiridh de mhí Iúil seo caite nuair a bhuaigh Corcaigh orthu i gcluiche ceathrú ceannais iomána na hÉireann. Ré ab ea í a mhair ar feadh trí bliana déag nó mar sin inar bhuaigh iománaithe Chill Chainnigh iliomad craobhacha, idir chraobhacha sraithe, chraobhacha Laighean agus chraobhacha na hÉireann.

Deirim gur deireadh ré atá ann in ainneoin go bhféadfadh sé tarlú go mbuafadh Cill Chainnigh craobh na hÉireann an bhliain seo chugainn ach go fiú is go dtarlaíonn sé sin, is dóigh liom go mbeidh roinnt mhaith imreoirí cáiliúla in easnamh agus aghaidheanna nua ina n-áit. Ceist eile í an mbeidh Brian Mac Óda fós ina bhainisteoir. Beidh fhios againn faoi sin in am agus i dtráth, ach idir an dá linn bainimis taitneamh agus sásamh as an gcuid eile den chraobhchomórtas nuair a thabharfaidh Áth Cliath aghaidh ar Chorcaigh agus Luimneach aghaidh ar an gClár.

Is deacair a rá cé bhuafaidh na cluichí sin. An mbeidh iománaithe óga, oilte Chorcaí rómhear agus rólúfar d’iománaithe Átha Cliath, nó an seasfaidh an taithí agus an sracadh fada atá gnóthaithe ag fir na hardchathrach le roinnt blianta anuas leo leis na Corcaigh a chloí? Agus céard faoi Luimneach agus an Clár? Garchomharsana is ea iad dar ndóigh, agus is cinnte go mbeidh coimhlint an-ghéar eatarthu. Ní bheidh oiread na fríde eatarthu ar deireadh, cúilín nó dhó cheapfainn.

Pé ní a tharlaíonn sna cluichí sin, beidh sé suimiúil, beidh sé spreagúil, beidh sé difriúil agus beidh sluaite móra i láthair. Rachaidh sé chun tairbhe na hiomána chomh maith contaetha eile a fheiceáil ag teacht chun cinn arís.

Tinreamh Ard agus Teas Ard

Is fada go deimhin ó bhí samhradh chomh breá is a bhí againn go nuige seo i mbliana. Grian, teas, brothall lá i ndiaidh lae. Thiocfadh le duine dul i dtaithí uirthi mar aimsir. Sluaite ag freastal ar na cluichí Gaelacha ar fud na tíre dá réir, breis agus 600,000 i láthair ag cluichí craoibhe sna cúigí gurb ionann sin agus ardú 9% ar thinreamh na bliana seo caite. Seans maith go mbeadh na figiúirí níos airde dá n-imreofaí gach cluiche in ionad mór seachas a imirt in ionad na foirne a bhí ‘ag baile’ de réir na tarraingthe, mar shampla Dún na nGall i gcoinne Thír Eoghain. I gcás cuid de na cluichí in Ulaidh mar shampla ba mhó an t-éileamh ar thicéid ná an soláthar, a bhuíochas sin do shuim an phobail agus don aimsir bhreá.

Is fada leis ó bhí oiread cluichí peile agus iomána a bhí chomh spreagúil, spleodrach is atá feicthe againn cheana féin i mbliana. Is breá an rud é nuair a bhuann foireann nach rogha na coitiantachta í, go mór mór nuair a bheireann siad leo an chraobh mar a rinne peileadóirí Mhuineacháin agus iománaithe Luimnigh agus Átha Cliath ar na mallaibh. Agus cé nár bhuadar aon chraobh, d’éirigh le peileadóirí Londain gaisce mór a dhéanamh agus dhá chluiche craoibhe a bhuachan in aghaidh Shligigh agus Liatroma.

Buaic na Biaiste

Ach is gearr a bhíonn an samhradh ag imeacht agus na cluichí á n-imirt agus níl fágtha le himirt anois ach na cluichí ceathrú ceannais, leathcheannais agus ceannais sa pheil agus na cluichí leathcheannais agus ceannais san iomáint.

Ó thaobh na peile de, tá sé cinn de chontaetha Roinn 1 den tSraith Náisiúnta móide dhá cheann as Roinn 3 ina ‘seasamh’ fós, tráth scríofa an ailt seo. Cé leo a mbeidh an ‘sway’, an cheist atá ar bhéal chuile dhuine na laethanta beaga seo roimh na cluichí ceathrú ceannais. Sílimse gur ag Áth Cliath, Ciarraí, Muineachán agus Maigh Eo a bheas an bua. Is breá an rud é An Cábhán a fheiceáil i bPáirc an Chrócaigh arís agus tá súil agam go mbeidh cluiche maith ag Martin Ó Duinn in aghaidh Chiarraí mar go bhfuil sé ar na peileadóirí is deise stíl agus is oilte atá feicthe agamsa i mbliana. Ní móide áfach go mbeidh An Cabhán láidir go leor chun an ceann is fearr a fháil ar Chiarraí.

Measaim go mbuafaidh Maigh Eo ar Dhún na nGall toisc go bhfuil siad níos fearr ag aimsiú na scóranna agus go bhfuil siad gafa chun cinn mar fhoireann i mbliana fad is atá Dún na nGall imithe ar gcúl de réir cosúlachta. Tá foireann Mhuineacháin an láidir agus crua agus go bhfuil rith an lae leo, nó tá ‘móiminteam’ fúthu (rud an-tábhachtach ar na saolta seo ar ndóigh) agus measaim go n-éireoidh leo Tír Eoghain a chloí.

Tá cuma na maitheasa ar fhoireann peile Átha Cliath agus formhór a gcuid cluichí sraithe agus craoibhe go dtí seo i mbliana buaite acu gan stró. Is acu atá an leagan agus an stíl peile is taitneamhaí le bheith ag breathnú air agus cuireann siad scór mór suas de bharr na béime a chuireann siad ar ghluaiseacht sciobtha i dtreo cúl an fhreasúra agus de bharr feabhas na dtosach atá acu. Le Craobh an hÉireann a bhuachan caithfidh siad buachan ar Chorcaigh, Chiarraí agus Mhaigh Eo measaim, bóthar achrannach go leor bliain ar bith, ach bóthar atá ar a gcumas a thaisteal le muinín agus le flosc.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.