Dar le Colm Mac Séalaigh, ba é diongbháilteacht Mhic Fhearghusa an ghné a chinn go mbeadh blianta fada glórmhara ag Manchúin Aontaithe chun tosaithe foirne uile na Príomhshraithe.
Nuair a tháinig Sir Alexander Chapman (“Alex”) Ferguson, i mí na Samhna 1986, mar bhainisteoir chuig ceann de na foirne sacair is cáiliúla ar domhan, Manchester United, ní raibh mórán cuma air mar chlub ná ní raibh mórán dóchais ag a lucht leanúna. Sé bliana ina dhiaidh sin, bhí an scéal feabhsaithe beagán, ach ní raibh lucht leanúna Manchester United sásta fós le bainistíocht Ferguson. An bua a shantaigh siad agus nach raibh acu ó 1967, bheith ina gcuraidh sraithe ar Shasana, bhí sé ar iarraidh.
Ach, d’athraigh cúrsaí Manchester United ó bhonn, agus cúrsaí sacair i Sasana trí chéile d’fhéadfaí a rá, sa bhliain imeartha 1992/1993. Cuireadh leagan nua den tSraith Peile ar bun, Sraith na Príomhroinne (FA Premier League) nó An Phríomhroinn mar is fearr aithne uirthi, agus ba iad Manchester United na céad bhuaiteoirí den tsraith nua. Leis sin, bhí tús curtha le ré órga nua i stair an chlub agus bhí dlúthbhaint ag Alex Ferguson lena cruthú.
Is liosta le háireamh a bhfuil buaite ag Manchester United ó shin i leith faoi cheannas agus faoi stiúir Alex Ferguson, ach is dóigh gurb é Príomhroinn Shasana a bheith buaite trí huaire déag (agus a bheith cúig uaire sa dara háit) an churiarracht is mó ar fad díobh. Níor éirigh ach le ceithre chlub eile an Phríomhroinn a bhuachan rud a léiríonn ceannas Manchester United ar chúrsaí sacair i Sasana.
Spéis na nÉireannach
I dteannta na mbuanna sin uile, bhain Alex Ferguson go leor gradam eile: an bainisteoir is faide i bhfeighil Manchester United (26 bliain), an bainisteoir is faide ag saothrú sa Phríomhroinn agus ‘Bainisteoir na Bliana’ gnóthaithe níos minice ná aon duine eile.
Ní áibhéil a rá, dar ndóigh, go bhfuil suim mhillteach i measc mhuintir na hÉireann i gcúrsaí Manchester United agus an chúis is mó leis sin, is dóigh, ná gur imir formhór na bpeileadóirí ab fhearr de chuid na tíre seo leis an gclub cáiliúil sin – Johnny Carey, Johnny Giles, Roy Keane, Paul McGrath agus George Best, gan ach dornán beag a luadh. Ba scéal mór é dá bhrí sin ar na meáin in Éirinn nuair a d’éirigh Alex Ferguson as a phost mar bhainisteoir ar Manchester United agus caithfidh mé a rá gur chuir mé suim sna cuntais agus sna léirmheasanna a scríobhadh agus a craoladh faoi.
Ábhar inspéise a bhí sna mhíniúcháin agus sa scagadh ag tráchtairí éagsúla ar a fheabhas a bhí Alex Ferguson mar bhainisteoir. Bhain formhór na dtuairiscí a léigh mé níos mó le carachtar an fhir agus leis na tréithe pearsantachta agus intinne a bhain leis ná le pé cur chuige, nó le stíl imeartha, a chuir sé chun cinn lena chuid foirne.
Ba é an modh bainistíochta a chleacht Mac Fheargusa de réir dealraimh ná modh an deachtóra fhorlámhaigh. Dúradh go bhféadfadh sé bheith brúidiúil, neamhthrócaireach agus géar lena chuid imreoirí féin. Má sheas aon imreoir ina choinne, a chuid modhanna a cheistiú nó locht a fháil air féin nó ar chomhimreoirí eile, nó má chleacht imreoir nósanna nár réitigh sé féin leo, níor leasc leis scaoileadh leis. Ba é an uair a scaoil sé le Roy Keane an uair ba mhó a léirigh sé an aigne neamhthrócaireach sin: ní cheadódh sé d’aon imreoir dá fheabhas é an bonn a bhaint dá údarás. Ach, má bhí Ferguson ina thíoránach, bhí sé cliste chomh maith agus thug sé sárimreoirí chuig Manchester United a chinntigh feabhas agus neart na foirne, imreoirí ar nós Cantona, Keane, Irwin, Schmeichel, van Nistelrooy, Ronaldo, van Percie agus mar sin de.
Sracadh go Ceann Scríbe
Thar aon ní eile áfach, bhí a intinn soiléir faoin ngné den chluiche ba thábhachtaí a shaothrú agus a chur chun cinn i gcónaí: an bua. Ba chuma cén freasúra a bheadh ann, ba é a chúram agus cúram na foirne an bua a fháil i ngach cluiche. Is é sin an aigne a chothaigh sé i measc imreoirí Manchester United (faoi mar atá déanta ag Brian Ó Códa le foireann Chill Chainnigh). Bhí ar imreoirí Manchester United a bheith an-soiléir agus ar aon intinn faoin ról a bhí acu – cur chuige tiomanta, coimhlint gan ghéilleadh, troid go deireadh ar son an bhua. Ní iontas ar bith dá bhrí sin gur bhuaigh Manchester United cluichí sna nóiméid dheireanacha go minic. Is cosúil, nó tá sé ráite ar aon nós, go raibh faitíos, sceon b’fhéidir, ar imreoirí roimh fhearg Ferguson agus nár mhaith leo an fhearg sin a tharraingt orthu féin trí chluiche a chailleadh.
Ach má bhí na torthaí agus na buanna ag Manchester United thar barr i Sasana, ní fhéadfaí an rud céanna a rá i dtaca le comórtais na hEorpa. Cé gur bhain siad faoi stiúir Ferguson Sraith na Seaimpiní faoi dhó agus cúpla corn eile de chuid na hEorpa móide Corn Chlubanna an Domhain FIFA uair amháin, bhí an chosúlacht ar an scéal go minic nár oibrigh cur chuige Ferguson chomh maith sin ar fhaichí coimhthíocha na hEorpa is a d’oibrigh siad ar fhaichí méithe Shasana. B’fhéidir nach raibh an cur chuige sin sách ‘sofaisticiúil’ leis an mbua a fháil ar leithéidí Real Maidrid, Bharcelona nó Milan ar bhonn rialta, ach, ar an láimh eile, b’fhéidir go mba thábhachtaí do Ferguson na comharsana bradacha, Learpholl agus Manchester City ach go háirithe, a choinneáil faoi chois ná a bheith róbhuartha le foirne allúracha i bhfad i gcéin.