Tá farasbarr de scoth na ngalfairí ag éirí aníos in Éirinn le blianta beaga anuas. Tá Colm Mac Séalaigh ag iarraidh adhmad a dhéanamh de nó cá raibh a leithéid go léir roimhe seo?
Cuireadh tús le Craobhchomórtas Gailf Oscailte na Breataine i 1890 agus ba é Fred Daly an chéad Éireannach a bhuaigh an comórtas cáiliúil sa bhliain 1947. B’éigean fanacht go dtí 2007 le go mbuafadh Éireannach eile. Padraig Harrington a bhain an t-éacht sin amach agus rinne sé arís é in 2008. Ó shin i leith tá an Corn Oscailte gnóthaithe ag Darren Clarke (2011) agus ag Rory Mc Ilroy (2014). Tá ceithre chomórtas mhóra gailf ann ar a dtugtar ‘majors’ agus seachas comórtas na Máistrí a imrítear in Augusta Mheiriceá, tá gach ceann de mhórchraobhchomórtais an ghailf gnóthaithe ag Éireannaigh le seacht mbliana anuas: Craobh Oscailte na Breataine faoi cheathair, Craobh Oscailte SAM faoi dhó (Graeme Mc Dowell in 2010 agus Rory Mc Ilroy in 2011) agus Craobh an PGA faoi dhó (Harrington in 2008 agus Mc Ilroy in 2012).
Is é sin le rá, tá éirithe le ceathrar Éireannach ocht gcinn de mhórchómórtais an ghailf ghairmiúil a bhuachan le seacht mbliana anuas, rud nár éirigh ach le hÉireannach amháin a dhéanamh in imeacht 117 bliain ó cuireadh an chéad major ar bun.
Cad is cúis leis an bhfeabhas iontach seo ar stádas ghalfairí na hÉireann le seacht mbliana anuas? Creidim go bhfuil tosca éagsúla i gceist agus ina measc sin tá an t-ardú ar chaighdeán maireachtála an ghnáthdhuine le caoga bliain anuas a chuir ar a chumas galf a imirt ar chostas réasúnta seachas mar a bhíodh – cluiche an uasaicme (dlíodóirí, dochtúirí, is araile=high rank civil servants">ardstátseirbhísigh ="gloss" title="and so on">is araile) a bhí sa ghalf ar feadh i bhfad. Chomh maith leis sin, chuidigh teacht chun na teilifíse daite agus craoladh na gcomórtas mór gailf beo ar an teilifís le suim an ghnáthdhuine a mhúscailt sa spórt áirithe seo.
Is Treise Dúchas, ach Is Gá Oiliúint
Ach níos tábhachtaí ná na tosca thuasluaite ab ea cinneadh a thóg Aontacht Gailf na hÉireann (GUI) thart ar scór blianta ó shin struchtúir a chur ar bun a chuirfeadh ar chumas daoine óga caighdeán ard i scileanna an ghailf a bhaint amach. Cuireadh Acadamh Náisiúnta ar bun, meitheal náisiúnta, galf sóisearach, treoirlínte do thuismitheoirí agus do dhaoine óga agus cúrsaí oiliúna. Mar sin, tá ról na n-oiliúnóirí nó na dteagascóirí, na meantóirí, na múinteoirí gailf - pé ainm is mian leat a chur a orthu – fíorthábhachtach maidir le sárghalfairí a dhéanamh.
I dteannta an GUI, ghlac cuid mhaith cumann gailf an cúram orthu féin cabhrú le gasúir de chuid a mball agus le daoine óga eile scileanna an ghailf a fhoghlaim trí oiliúint a chur orthu, comórtais a eagrú dóibh agus am ar an ngalfchúrsa a chur ar fáil dóibh chun a gcuid scileanna a chleachtadh.
Bhí obair den chineál céanna ar siúl cheana féin ag eagraíochtaí eile spóirt – Cumann Lúthchleas Gael, lucht sacair, rugbaí, leadóige is araile. Bhí lucht dornálaíochta ar ndóigh ag gabháil don oiliúint le fada agus an toradh le feiceáil le fada ar a gcuid oibre. Ach is rud réasúnta nua é, ar bhonn leathan ar aon nós, an oiliúint i gcúrsaí gailf in Éirinn. Sna ‘seanlaethanta’ d’fhoghlaim leithéidí Harry Bradshaw, Christy O’Connor, Eamonn Darcy agus go leor galfairí eile scileanna an ghailf as a stuaim féin – thosaigh go leor acu amach ina gcodaithe agus iad ina ngasúir, ag iompar málaí gailf an uasaicme ar mhaithe le cúpla pingin a thuilleamh, agus chuir siad suim sa chluiche de bharr na taithí sin.
Blas ar an mBeagán, Domlas ar Mhórán
Ach is cóir a bheith san airdeall maidir le cúrsaí oiliúna. Cé go ndeir an seanfhocal gur treise an dúchas ná an oiliúint, creideann roinnt tráchtairí ar chúrsaí spóirt gur féidir níos mó dochair na maitheasa a dhéanamh nuair a théann an oiliúint thar fóir.
Bhí go leor plé ar an ábhar seo le déanaí le linn Chorn na Cruinne sa sacar nuair a bhí tráchtairí agus lucht scagtha ag iarraidh teacht ar mhíniú ar dhrochthorthaí fhoireann Shasana agus fhoireann na Brasaíle go háirithe. Cuireadh an tuairim chun cinn go raibh cuid den mhilleán ar lucht oiliúna go raibh imreoirí Shasana agus, cé chreidfeadh é, imreoirí na Brasaíle, á scrios ag drochoiliúint – oiliúint a leagann béim ar mhéid, neart agus láidreacht an imreora agus ar thaicticí do-lúbtha seachas ar scileanna an chluiche a fhorbairt agus a dhaingniú. Toradh na mí-oiliúna ná imreoirí nach bhfuil ar a gcumas athruithe a dhéanamh, an gníomh sciliúil gan choinne a chur i bhfeidhm faoi mar a dheineadh sárimreoirí na haimsire atá thart - Best, Maradona, Pele, Cruijff is araile.