CÚRSAÍ SPÓIRT
Craobh Cheannais na hÉireann a Bhaint
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Ríomhann Colm Mac Séalaigh scéal thíos seal thuas seal foirne peile Átha Cliath i gCraobh na hÉireann le breis is céad bliain anuas.

Íomhá
Corn Mhig Uidhir
Íomhá
Roimh an gcluiche anuraidh, Cnoc 16
le Nailer145 ar Vicipéid
Íomhá
Timpeallaithe ag Tír Eoghain Feabhra 2007

Ceacht staire ar dtús an turas seo. 1955 an bhliain agus Ciarraí i gcoinne Átha Cliath i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann. Bhí cur agus cúiteamh mór agus easaontas binbeach uaireanta i measc an phobail (nó i measc na ndaoine fásta a bhí timpeall ormsa agus mé ag fás aníos ar aon nós). Ba é údar iaróige na bliana roimhe sin, ná cé acu ab fhearr, peileadóirí glice, sotalacha (dar le muintir na ‘tuaithe’) na hardchathrach nó imreoirí fearúla, ‘soineanta’ na ‘Ríochta’. Cáil na hidirimeartha sciliúla, glice a bhí ar fhir Átha Cliath san am, agus chleacht foireann Chiarraí luachanna na peile traidisiúnta a raibh béim ar cheapadh na liathróide nó na ‘caide’ fada ard san aer agus í a sheoladh ar aghaidh le cic breá, ard síos an pháirc. Bhí ar gach fear obair ar a chonlán féin de réir an traidisiúin agus an lámh in uachtar a fháil ar a chéile comhraic. De réir na stíle ‘nua’ áfach, ba cheart don imreoir a bhí i seilbh na liathróide í a chur chuig comhghleacaí imeartha dá bhféadfadh sé sin a dhéanamh ar chor ar bith.

Ar fhoireann Chiarraí na bliana 1955, bhí sárpheileadóirí a bhí ar tí imirt sa tríú cluiche ceannais i ndiaidh a chéile. Ina measc bhí fathaigh pheile ar nós Jerome O Shea (athair an imreoir rugbaí Conor), John Dowling, Páidí Sheehy agus Johnny Cullotty. Ar fhoireann Átha Cliath a fuair an bua ar churaidh uile-Éireann na bliana 1954, Contae na Mí, bhí Kevin Heffernan, Ollie Freeney, Des Ferguson, Cathal O Leary is araile. Thug siad léasadh agus ceacht peile do chontae na Mí, i gcluiche ceannais Laighean, le taispeántas de pheil chliste, thomhaiste a raibh imreoirí ag gluaiseacht agus ag taisteal ar fud na páirce agus ag cur na liathróide go híseal de ghnáth go dtína chéile imeartha. Sampla den chur chuige sin ná an chaoi inar thaistil Kevin Heffernan, lántosaí Átha Cliath, i bhfad ó chúl na Mí ag mealladh a chéile comhraic Paddy O Brien, an lántaca, le dul ina dhiaidh. D’fhág an tseift sin slí ag tosaithe eile Áth Cliath éalú óna gcéilí comhraic agus scór a aimsiú.

Géarú Iomaíochta

D’oibrigh plean agus stíl fhir na cathrach go seoigh agus bhí lucht leanúna Áth Cliath an-dóchasach go n-éireodh arís leo sa chluiche ceannais i gcoinne Chiarraí. Ach ní hamhlaidh a tharla in ainneoin cúl de chineál nach bhfacthas riamh roimhe ná ó shin, cúl a léirigh dánacht agus clisteacht imreora amháin de chuid Átha Cliath, Ollie Freeney, nuair a chuir sé an pheil i gcúl eangach Chiarraí ó chic saor 21 slat amach agus seisear de chosantóirí Chiarraí i mbéal báire. Ach níor leor an gníomh bíogach sin le foireann Chiarraí a chur de dhroim seoil, agus, ar scór a bhí íseal go maith, 0-12 i gcoinne 1-6, bhí an lá le muintir Chiarraí.

Is i 1955 a thosaigh an iomaíocht sin idir Ciarraí agus Áth Cliath a mbítear ag caint faoi go minic. Roimhe sin, níor imir na contaetha i gcoinne a chéile go minic. Bhí ocht gcinn de chraobhacha bainte ag Áth Cliath faoin am ar bhuaigh foireann as Ciarraí a gcéad cheann i 1903. In 1892 bhuaigh Áth Cliath (Éire Óg) ar Chiarraí (Raonaithe na Leamhna) leis an scór 1-4 i gcoinne 0-3. Bhuaigh Ciarraí (Mistéiligh Thrá Lí) ar Áth Cliath (Na Cicim) 0-5 i gcoinne 0-2 i 1904. I 1923, bhí an bua ag Áth Cliath, 1-5 i gcoinne 1 -3 do Chiarraí, agus i 1924 bhuaigh Ciarraí 0-4 i gcoinne 0-3. Pé iomaíocht a bhí idir na contaetha an tráth úd mar sin, bhí sé maolaithe go maith faoin mbliain 1955.

Cad a mhúscail an iomaíocht ‘thraidisiúnta’ nua seo eatarthu mar sin? Tá cuid den mhíniú tugtha cheana féin thuas. Cuid eile de, is é go raibh foireann Átha Cliath déanta den chéad uair de lucht na cathrach, is é sin d’imreoirí a rugadh nó a tógadh i gcontae agus i mBaile Átha Cliath. Bhí glactha ag coiste an chontae le cúpla bliain anuas gur mar sin a bheadh feasta agus ba í foireann lár na gcaogaidí an chéad fhoireann nach raibh déanta cuid mhaith de pheileadóirí as contaetha éagsúla a bhí ag obair i mBaile Átha Cliath. Bhí an bhéim anois ar imreoirí de bhunadh dúchais Átha Cliath a bheith á roghnú agus dar ndóigh spreag sé sin lucht leanúna cathrach chun tacaíocht a thabhairt do na foirne agus chothaigh sé meas ar pheileadóirí agus ar iománaithe an chontae nach raibh le brath i measc phobal na cathrach roimhe sin. Chothaigh sé coimhlint freisin, agus dímheas uaireanta, idir Áth Cliath agus contaetha eile agus an dá thaobh ag lochtú tréithe a shamhlaigh siad leis an dream eile.

Thíos Seal, Thuas Seal

Bhí an fear tuaithe in uachtar tar éis 1955 agus lean an scéal amhlaidh le buanna arís ag Ciarraí i 1962 agus 1965 sa chluiche leathcheannais agus sa chluiche ceannais i 1975. Bhí lagmhisneach ar lucht peile na cathrach go mb’fhéidir nach bhfeicfí foireann Átha Cliath caithréimeach go deo i gcoinne fhoireann Chiarraí. Ach bhí fear amháin meáite ar a sheacht míle dícheall a dhéanamh chun an bua a bhí á shantú ag muintir Átha Cliath le fada an lá a bhaint amach. Mar imreoir agus mar bhainisteoir, d’fhulaing Kevin Heffernan an díomá agus an diachair a lean an chailliúint i gcoinne Chiarraí. Níor chaill sé misneach áfach agus i 1976 agus 1977 d’éirigh leis foireann a chur le chéile a d’imreodh an saghas peile a chloífeadh na Ciarraígh. Ach, bhí teacht aniar sna Ciarraígh chéanna agus ní rabhadar mall ag cur deireadh le héirí in airde na ‘Dubs’. I 1978, 1979, 1984 agus 1985, chloígh siad Áth Cliath agus léiríodar a n-urlámhas peile athuair. Ó shin i leith go 2009 bhí an bua ag Ciarraí aon uair a casadh na contaetha ar a chéile sa chomórtas craoibhe.

Ach múineann an stair dúinn, agus múineann cúrsaí spóirt go háirithe, nach bhfanann an saol socair. ‘Thuas seal, thíos seal’ agus ‘níor chaill fear an mhisnigh riamh é’ a deir na seanfhocail. Caithfidh sé go gcreideann bainisteoir Átha Cliath Pat Gilroy sna seanfhocail, nó i leagan éigin díobh ar aon nós, mar in ainneoin go ndearna Ciarraí slad ar Áth Cliath sa chluiche ceathrú ceannais ina chéad bhliain mar bhainisteoir i 2009, níor chaill Gilroy ná a chomhghleacaithe an misneach. Níor ghéilleadar don díomá. D’fhanadar diongbháilte. D’oibrigh siad go dian agus bhaineadar fómhar. Pé bealach ar tharla sé, bhí bua Átha Cliath ar Chiarraí i gcluiche ceannais 2011 ina bhua chomh milis is a bhí riamh agus bhí muintir Átha Cliath ar nós dream ar baineadh cuing throm na tíorántachta díobh tar éis blianta fada i gcarchair chrua dhobhriste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.