CÚRSAÍ SPÓIRT
Ar Bhóthar na Smaointe
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Níor ghá spórt ar bith a reáchtáil don óige nuair a bhí Colm Mac Séalaigh ag fás aníos. Chinneadh an aimsir agus an tráth bliana na cineálacha spóirt a rachadh daoine ina gcionn.

Íomhá
Seamus Elliott, rothaí 1963
(Le Ga Het Na ar Vicipéid)
Íomhá
Ráschúrsa Aintree
(le Roger May ar Vicipéid)
Íomhá
Ardán Ynys Môn san RDS
(le Culnacreann ar Vicipéid)
Íomhá
Turas na Fraince nó Tour de Doping
(le Wladyslaw ar Vicipéid)

Nuair a bhí mise i mo ghasúr bhí an spórt lárnach i nósanna spraoi gasúir na háite. D’imrímis, idir bhuachaillí agus chailíní, go leor cineálacha spóirt eadrainn féin – iománaíocht, peil, sacar, rásaíocht chapall, cruicéad, dornálaíocht, iomrascáil /an choraíocht, leadóg, lúthchleasa (rith, léim, rás cliath, caitheadh meáchain, caitheadh sleá, léim chuaille, saighdeoireacht san áireamh), galf, snámh agus araile.

Dar ndóigh, ní raibh an teilifíseán ag mórán daoine an uair sin sular bunaíodh Teilifís Éireann ar aon nós. Is beag spórt a bhí le feiceáil ar an teilifís dá bhrí sin ach bhí an raidió againn agus bhímis in ann na himeachtaí móra spóirt a ‘fheiceáil’ trí shúile agus glórtha tráchtairí spóirt na linne ar nós Mícheál Ó hEithir, Philip Greene, Liam Cambell, Mick Dunne, Noel Andrews agus eile.

Is de réir na séasúr agus cibé spórt a bhí ag tarlú ag an am in Éirinn nó/agus thar lear a d’imrímis ár gcuid spórt éagsúla. Mar shampla, i mí an Mhárta bhíodh ‘Grand National’ Aintree ar bun, ceann de na himeachtaí spóirt ba mhó a bheadh faoi thrácht an t-am sin den bhliain. Mar sin bhíodh ár ‘Grand National’ féin againn. Bhí gach gasúr ina mharcach agus ina chapall in éineacht agus ba iad gáirdíní na gcomharsan, suas is anuas le deich gcinn acu, an cúrsa agus b’iad na fálta a bhí idir na gairdíní na clathacha nó na sconsaí ar an gcúrsa rása. B’éigean do dhuine rith trí na gáirdíní agus léim thar gach sconsa ar an mbealach síos agus aníos arís. É sin a dhéanamh chomh tapa in Éirinn agus ab fhéidir sula gcuirfeadh aon duine de na comharsana stop leis an rás rud a d’fhéadfadh tarlú dá mbeadh gáirdín deas lusanna chromchinn nó lusanna eile ag ‘bagairt a gcinn thar dhroim a chéile’.

Mí Eile agus Spórt Eile

I mí Lúnasa bhíodh Seó na gCapall san RDS i mBaile Átha Cliath. Dúshlán eile a bhí ansin mar go mb’éigean sconsaí a thógáil i ngáirdín duine éigin as aon saghas ábhair a bhí ar fáil - seanchathaoireacha, cathaoireacha gréine, brícíní móna, camáin, rothair, maidí, bataí leadóige, rópaí, boscaí, buicéid, báisín uisce (sconsa uisce). Bheadh ‘four faults’ le cloisteáil ar fud na háite ar feadh na seachtaine.

Aimsir ‘Wimbledon’ bhíodh téad in áit eangaí ceangailte ar chipiní crainn trasna an gháirdín. Bata leadóige nó camán, liathróid leadóige agus cipíní crainn a bhíodh ann don chruicéad, geataí tosaigh na dtithe nó an bhearna idir dhá chuaille BSL mar chúil do na cluichí móra peile agus iomána. Do na Cluichí Oilimpeacha, bhí cúrsa ar leith againn - deich n-uaire timpeall an bhloc tithe don mharatón; síos agus aníos an tsráid do na rásaí eile. Bhíodh cluichí ceannais na hÉireann san iomáint agus sa pheil i mí Mheán Fómhair agus chuile ghasúr roghnaithe ar cheann de na contaetha a bhí le himirt sna cluichí. Ba í an tsráid féin Páirc an Chrócaigh.

Ar ócáid amháin, fuair duine éigin miotóga dornálaíochta mar bhronntanas agus bhí comórtas dornálaíochta againn, cró déanta le téad ó chrann go geata go cuaillí nó a leithéid sin. Cuireadh deireadh tobann le mo shuim féin sa dornálaíocht chéanna tar éis do bhuachaill eile dorn breá a leagadh ar mo shrón bhocht! Bhíodh rásaí rothar againn dar ndóigh timpeall na sráideanna – Rás Tailteann a bhíodh i gceist mar ní raibh aon eolas againn ar ‘Tour de France’ cé go raibh cáil ar Shay Elliott mar rothaí Éireannach ag an am. Bhí Séamus O Hanlon ina laoch freisin toisc gur bhuaigh sé an Rás Tailteann cúpla uair.

Laochra go Leor

Bhí laochra go leor againn ó na spóirt éagsúla cé nach bhfaca muid ach spléachadh beag orthu anois is arís i nuachtspól sa phictiúlann nó ar an teilifís - Ronnie Delaney (lúthchleasa), Christy O Connor (galf), Ben Hannigan, Pele (sacar), Jim Mc Court (dornálaíocht, Toiceó 1964), Tommy Wade ar Dundrum (san eachléim), Christy Ring, muintir Rackard, Kevin Heffernan, Ollie Walsh, Mick O Connell ó thaobh na gcluichí Gaelacha agus mar sin de.

Sa gheimhreadh féin bhí spórt againn, faoi shoilse buí na sráide go minic. Dá mbeadh brat sneachtasioc trom ar an talamh, bheadh sciáil, carr sleamhnáin, sleamhnú nó sciorradh, gan trácht ar chogadh liathróidí sneachta agus comórtais tógáil fhir sneachta, in áit an ghnáthchaitheamh aimsire. Dá mbeadh sioc á thuar chuirimis uisce ar na casáin a raibh fánaí géara leo agus bheadh sleamhnán iontach sciorrach againn an lá dár gcionn. Ní mé cad a cheap na daoine fásta faoin obair seo mar is cinnte go mbíodh na casáin iontach sleamhain agus baolach don té a bheadh ag siúl.

Le linn na drochaimsire féin agus muid coinnithe istigh faoi dhíon, bhí neart cluichí a bhféadfaí a imirt – caitheamh saigheada nó fáinní; táiplis, nathracha nimhe agus dréimirí; cártaí agus ‘lúdó’, agus bhíodh páipéar, criáin, marla, péint uisce agus pinn luaidhe againn chun an t-am a mheilt go dtiocfadh an ghrian amach arís.

Sea, bhí an-spórt againn. Bhímis tuirseach, traochta ag deireadh an lae ach sona, sásta agus ag tnúth le lá mór eile i mbun spóirt an lá dár gcionn. Ba mhaith liom a cheapadh go mbíonn cuid éigin den spraoi céanna ag óige an lae inniu.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.