AGALLAMH BEO
Bernard Dunne, Curadh an Domhain 2009
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Bhuail Colm Mac Séalaigh leis an bhfear a chuir Kevin Myers, fiú amháin, ag caint níos boige i leith na Gaeilge, Bernard Dunne, iarchuradh dornálaíochta an domhain. Céard ba thús leis an iarracht ar fad?

Íomhá
Bernard Dunne
Íomhá
Bernard in aghaidh Ricardo Cordoba
Íomhá
Bernard réitithe le tabhairt faoi
(le Vintagekits ar Vicipéid)
Íomhá
Ag ceiliúradh 09
(le Eoin Campbell ar Flickr)
Íomhá
Crios Chraobh an Domhain
Íomhá
Sásta le ceann eile
(le Vintagekits ar Vicipéid)

Bhí sé de phribhléid agam aithne bheag a chur ar Bhernard Dunne, iarchuradh gairmiúil dornálaíochta an domhain sa Coileachmheáchan Trom, ag tús 2011 nuair a iarradh orm cabhrú leis a chuid Gaeilge a chleachtadh. Bhuail mé leis arís le déanaí le haghaidh an agallaimh seo ach is mó de chomhrá a bhí ann ná agallamh. Is mar seo a leanas a thosaigh an comhrá úd:

B.D. (Bernard Dunne) Tá mo Ghaeilge an-difriúil ó bhí muid ag caint cheana, nach bhfuil?

CMS (Colm Mac Séalaigh) Tá tú tagtha ar aghaidh go mór.

BD Tá ’fhios agam go ndéanaim a lán botún i mo chuid abairtí ach tuigeann daoine atá líofa cad tá á rá agam. Bíonn a fhios agam féin má dhéanaim botún ach leanaim ar aghaidh. Táim ag foghlaim i gcónaí – aréir bhí nótaí á scríobh agam – focail agus frásaí don todhchaí.

CMS Ní raibh tú go maith ar scoil ó thaobh na Gaeilge?

BD Theip orm sa Ghaeilge ach ní hé go raibh mé go dona ar scoil. Bhí an rang Gaeilge ar an gcéad rang gach maidin agus bhínn tuirseach ag an am sin tar éis a bheith ag traenáil roimh dhul ar scoil. Nuair a chuaigh mé go Meiriceá (ag traenáil don dornálaíocht ghairmiúil) thosaigh mé ag cur suime sa Ghaeilge i gceart. Cheannaigh mé leabhar agus dlúthdhiosca agus thosaigh mé ag foghlaim as mo stuaim féin.

Gné Éicint ar Iarraidh

CMS Cén chaoi ar chuir tú suim sa teanga?

BD Níl fhios agam. Thosaigh mé ag leanúint GAA i Meiriceá, ach is dóigh, agus mé thar lear, gur mhothaigh mé go raibh rud éigin in easnamh ionam, mo theanga dhúchais, b’fhéidir. Is dócha, nuair a bhí mé i mo chónaí i Los Angeles go mór mór, gur bhuail mé le daoine as tíortha éagsúla agus bhíodar ag labhairt a dteanga féin, Spáinnis mar shampla, agus is dócha gur mhothaigh mé go mba cheart go mbeinn in ann Gaeilge a labhairt.

Tá cara liom as Béal Feirste ina chónaí in LA agus iníon leis pósta le duine as cúlra Meicsiceach – ní raibh sé ina chónaí riamh i Meicsiceo ach tá sé bródúil as cultúr agus as teanga Mheicsiceo agus chuaigh sé sin i gcion orm. Is Éireannach bródúil mé ach ní raibh mé in ann labhairt i mo theanga féin. Ní raibh mórán ar eolas agam faoi mo chultúr fiú amháin faoi ‘myths and legends’ cuir i gcás, na scéalta sin ar fad. Anois, bím ag léamh scéalta faoi laochra as Éirinn le mo pháistí san oíche.

CMS Is laoch tú féin i dtraidisiún na laochra Gael, laoch dornálaíochta. Cén fáth go bhfuil traidisiún na dornálaíochta chomh láidir in Éirinn?

BD Tá sé aisteach, níl fhios agam cén fáth go bhfuil muid chomh maith sin ag troid. Tá dornálaithe óga 10,11,12 bliain d’aois sách maith le bheith ag troid ag leibhéal idirnáisiúnta, ná bac le hÉirinn; tá siad ag buachan comórtais faoi 16 is araile san Eoraip; tá sé dochreidte, dáiríre, ní hé go bhfuil duine anseo is ansiúd go maith, ach tá cúpla duine ag gach meáchan atá fíormhaith ar fad.

CMS I do leabhar, ‘Bernard Dunne My Story’, deir tú go dtagann na dornálaithe as ceantair áirithe nó as pobail áirithe agus le bheith i do dhornálaí ‘your gut must be formed in a harsh environment’. An bhfuil sé sin fíor? An dtagann an dornálaí as saol nó cúlra crua nó deacair?

BD Ní raibh saol crua agam nuair a bhí mé óg. Bhí mo thuismitheoirí an-tábhachtach. Rinne siad jab maith. Ba é m’athair mo thraenálaí ach tuigim do cheist mar ní thagann dornálaithe as ceantair flúirse de ghnáth. Sna ceantair sin tá rudaí eile níos tábhachtaí ar nós coláiste nó dathúlacht! I mo chás féin, bhí sé ionam ó nádúr a bheith i mo throdaí nó i mo dhornálaí. Ba chuma dá mbeinn im’ chónaí i ‘mbaile i bhfad siar’ bheinn i mo dhornálaí mar go raibh m’athair, mo dheartháireacha agus m’uncail ina ndornálaithe. Rinne an timpeallacht inar tógadh mé i mBaile Néill níos ‘tiufáilte’ mé ceart go leor, chuir sí brú orm mé féin a chruthú.

An Inchinn Dearmaid

CMS Rinne tú dearmad glaoch ar ais orm tar éis dom teagmháil a dhéanamh leat. Mar leithscéal, dúirt tú go raibh cuimhne dornálaí agat. An raibh tú ag magadh? Ar gortaíodh thú?

BD Bhí mé ag magadh (gáire) ach tá mé in ann é a úsáid mar leithscéal. Má dhéanaim dearmad ar rud éigin a dhéanamh mar shampla, deirim “What do you expect? I’ve been punched in the head all my life”. Úsáidim an leithscéal sin le mo bhean chéile agus ní féidir léi tada a rá! Ní féidir le duine ar bith argóint leis sin. Le fírinne, níl aon fhadhb agam le mo chuimhne!

CMS Ar gortaíodh tú go dona riamh?

BD Bhris mé mo shrón faoi dhó ach ní ag troid a bhí mé nuair a tharla an dá eachtra. Shiúil mé i gcoinne meáchain an chéad uair toisc nach raibh mé ag féachaint cá raibh mé ag siúl. An uair eile bhí mé ag léimt thar bhinse meáchain agus theagmhaigh mo chos leis, thit mé ar an urlár agus briseadh mo shrón. Bhris mé mo lámh le linn traenála (mar fhear ionaid) i Sydney 2000 ag na cluichí Oilimpeacha agus níor chneasaigh sí ceart ó shin. Ach, níor gortaíodh mé riamh ag troid sa chró!

CMS An bhfuil tú sásta le do chinneadh éirí as an dornálaíocht in 2009 ag an bpointe sin?

BD Tá, anois. Chuaigh mé leis an dornálaíocht mar ghairm ag aois 21. Bhí an chéad troid agam i Samhain 2001 agus an ceann deireanach 2009. Chaill mé an troid sin. Níl aon seans go dtroidfidh mé arís. Ar dtús bí mé sásta go leor le mo chinneadh agus dhiúltaigh mé do gach cineál tairisceana a tháinig i mo threo go ceann bliana. Ach tar éis scaithimh tháinig amhras orm ceart go leor mar go raibh an iomarca ama agam le bheith ag smaoineamh orm féin. Ach, táim sásta anois agus bím gnóthach.

Cur Chuige Uathúil

CMS Céard a cheapann tú faoi dhornálaithe a fhilleann ar an gcró, a dhéanann ‘come back’?

BD Cosúil le Steve Collins? Níor mhaith liom labhairt faoi aon duine eile mar go bhfuil gach duine difriúil. Ní thuigeann aon duine eile seachas an dornálaí a chorp féin. Tá intinn ar leith ag dornálaí agus an bealach ina smaoiníonn sé, tá sin difriúil ó dhuine go duine. Creidimse go mbaineann fócas, cur chuige agus paisean le dornálaithe atá eisceachtúil, uathúil agus go ndéanann an dornálaí íobairtí ar son an bhua nach ndéanann mórán daoine eile i réimsí eile – níl sé feicthe agamsa ar aon nós. Is deacair an cur chuige sin a bhualadh ná a chailliúint; cuirimse na prionsabail sin i bhfeidhm i ngach rud a dhéanaim.

CMS I gcás an ‘Bród Club’ mar shampla?

BD Sea, bheadh na prionsabail chéanna in úsáid agam. I gcás na dornálaíochta, leagtar síos spriocanna (craobhacha a bhuachan) agus próisis agus an príomhphróiseas ná traenáil. I gcás ‘An Bród Club’, daoine a mhealladh leis an méid Gaeilge atá acu a úsáid an aidhm agus na próisis ná casadh ar dhaoine agus a thaispeáint dóibh go raibh mé féin sásta an iarracht a dhéanamh an teanga a fhoghlaim agus gur thosaigh mé amach ag leibhéal an-íseal.

CMs Cén chaoi ar tharla ‘An Bród Club’?

BD Thosaigh mé ag foghlaim Gaeilge dom féin ar dtús agus ansin ar son mo chuid gasúr; bhí mé ag smaoineamh ar iad a chur go dtí Gaelscoil Naomh Pádraig i Leamhcán; bhí mé ag iarraidh cabhrú leo ó thaobh an obair bhaile agus a bheith ag caint leo i nGaeilge. Tháinig sé amach sna meáin phoiblí go rabhas ag foghlaim na Gaeilge agus thosaigh daoine áirithe ag caint liom i dtaobh clár teilifíse. Chuireamar smaointe i dtoll a chéile agus bunaíodh ‘An Bród Club’.

Gach Cineál Duine a Thabhairt Linn

CMS Cé na haidhmeanna nó spriocanna a bhí leis an gclár?

BD An bhunaidhm a bhí leis an gclár ná teagmháil a dhéanamh le gnáthdhaoine trí mheán na Gaeilge. Bíonn cláir Ghaeilge dírithe ar Ghaeilgeoirí nó ar dhaoine a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu. Theastaigh uainn gach saghas duine a thabhairt linn, Gaeilgeoirí san áireamh, ach gnáthphobal na hÉireann go háirithe, daoine cosúil liom féin a raibh Gaeilge na scoile acu, droch-Ghaeilge scoile dáiríre. Bhí mé ag iarraidh iad a mhealladh leis an méid a bhí acu a úsáid agus iad a dhéanamh bródúil astu féin, as a gcultúr dúchais, as a dteanga agus iad a spreagadh chun ‘Dia dhuit’, ‘cén chaoi a bhfuil tú?’, ‘slán’, ‘go raibh maith agat’ a rá gan náire.

Ba chuma cad déarfadh duine, ach an teanga a úsáid. Is linn an teanga agus níl fáth ar bith nach n-úsáidfimis í agus go ndéarfadh duine ‘slán’, ‘go raibh maith agat’ agus mar sin de le bród. Agus mura bhfuil duine in ann ach an méid sin a rá, ba chóir dó é sin a dhéanamh. B’in an sprioc, daoine a spreagadh leis an méid Gaeilge a bhí acu a úsáid. Agus d’éirigh linn, tá fhios agam gur éirigh: gach áit a dtéim anois labhraíonn daoine Gaeilge liom!

CMS Mar sin, d’éirigh go maith leis an gclár? An mbeidh ceann eile ann?

BD Bhí mé an-sásta leis, an-an-sásta. Tá an clár nó an tsraith críochnaithe. Bhíomar ag smaoineamh ar chlár eile ach tá a lán fadhbanna ó thaobh airgid in RTÉ. Faoi láthair níl an t-airgead ann. B’fhéidir amach anseo.

CMS An bhfuil teoiric agat faoin teanga agus faoi mhuintir na hÉireann?

BD Is dóigh liom go bhfuil grá i measc mhuintir na hÉireann don teanga. Is dóigh liom go bhfuil suim acu inti. Is é mo thaithí féin gur fíor sin, agus go bhfuil fonn ar dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid – ar pháirc na himeartha, sa teach tábhairne, ag siúl síos an tsráid, sa tacsaí. Mar a dúirt mé cheana, labhraíonn daoine Gaeilge liom gach áit a dtéim.

CMS An cuma leat a bheith i do shiombail de shaghas éigin ar son na teanga mar sin?

BD Is breá liom é! Thug mé faoin seó teilifíse chun an Ghaeilge a chur chun cinn (ní chun mé féin a chur chun cinn). Is ceart dúinn a bheith bródúil as ár dteanga agus fiú más Gaeilge bhriste í is cóir dúinn í a labhairt. Cén fáth nach ndéanfadh? Táimse ag déanamh iarrachta i gcónaí. Nílim líofa ach táim ag feabhsú. Sílim gur mian le daoine a bheith in ann comhrá a dhéanamh i nGaeilge gan imní a bheith orthu faoi bhotúin ghramadaí. An rud a theastaíonn ná cead a thabhairt do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid gan bhrú agus le bród.

Gníomhach i gCónaí

CMS Cad é do ról le foireann peile Átha Cliath?

BD Ní féidir liom mórán a rá faoi sin, ach amháin go bhfuilim ag baint an-taitneamh as an obair. Ta sé iontach ar fad. Bhinn ag leanúint foireann; ‘Na Dubs’, ach anois is cuid den fhoireann mé – an fhoireann bhainistíochta atá i gceist agam. Bím ag cleachtadh mo chuid Gaeilge le cuid de na himreoirí - Emmet Ó Conghaile, Ciarán Mac Giolla Cheannaigh, Ger Brennan agus eile.

CMS Tá tú an-dáiríre i dtaobh na Gaeilge?

BD Anseo i mo theach, déanaim iarracht Gaeilge a labhairt gach lá leis na gasúir. Uaireanta deir mo mhac ‘I do Irish at school, da, will you give me a break!’, agus caithfidh mé a bheith cúramach nach bhfuilim ag cur brú rómhór ar na gasúir. Teastaíonn uaim go mbainfidh siad taitneamh as an teanga a labhairt. Anois is arís bíonn sceitimíní orthu nuair a thagann siad abhaile toisc go bhfuil amhrán nua foghlamtha acu nó a leithéid agus is breá leo insint faoi. Is breá liom é sin.

Labhraím Gaeilge ag an mbord, ag an mbricfeasta. Tuigeann siad gach rud ach uaireanta freagraíonn siad as Béarla. Ach níl mé maith go leor go fóill a bheith ag labhairt i nGaeilge an t-am ar fad. Is é an sprioc atá agam a bheith líofa roimh na gasúir. Sin an sprioc!

Ach, ceartaíonn Caoimhe mé agus níl sí ach sé bliana d’aois. Is breá liom é sin, tá sé iontach. Táim beagáinín chun cinn orthu fós, ach ní fada a mhairfidh sin. Tá sé i gceist agam a bheith líofa i mbliana ach caithfidh mé tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht agus freastal ar rang eile. Níl ann ach ceist ama.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.