CÚRSAÍ SPÓIRT
Rob Ó hIfearnáin, Curadh an Domhain
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Is coisíocht ar leith í coisíocht i gcomórtas ar nós rás an tsiúil. Is é spórt an tsiúil ceann de na spóirt is deacra agus is crua dá bhfuil ann dar le Colm Mac Séalaigh.

Íomhá
Rob mí Lúnasa 09
(le Franz Richter ar Vicipéid)
Íomhá
Rob i mbun Twitterwalk 12, Power for Sport
(le Mark Mc Manus ar Flickr)
Íomhá
Curadh an Domhain ag Moscó 13
(le JukoFF ar Vicipéid)
Íomhá
Cumhacht an Spóirt
(le Mark Mc Manus ar Flickr)

An-samhradh ab ea é ó thaobh cúrsaí spóirt in Éirinn i ngeall ar an aimsir bhreá agus deiseanna go leor ag daoine a bheith amuigh faoin aer is faoin spéir, ar muir is ar tír, i mbun spóirt is caitheamh aimsire de gach cineál. Bhí lucht coisíochta go tiubh amuigh dar ndóigh idir lucht an tsiúil, lucht an tsodair agus lucht an reatha. Cuid acu mear, cuid eile leathsciobtha, cuid acu malltriallach agus cuid eile chomh mall le seilide. Agus nárbh bhreá an rud é sna tráthnónta fada, geala samhraidh úd a bheith in ann dul amach faoin aer agus cúpla míle nó ciliméadar a rith nó a shiúl, beagán allais a shileadh agus corghram meáchain a chailleadh.

Sea, ar feadh an tsamhraidh bhrothallaigh, thoir agus thiar, ó thuaidh is ó dheas, thall is abhus, bhí siad ar na cosáin agus ar na bóithre, sna páirceanna agus sna goirt, ag rith is ag sodar leo, idir óg agus shean agus mheánaosta, mór agus beag, ramhar agus tanaí, gach cruth agus déanamh coirp, cosa gearra nó na spreangaidí fada, na bóracháin, tóin le talamh, tóin le gaoth, tóin in airde, boilg mhóra is bheaga, saibhir agus daibhir, gruagach agus maol, craiceann bán, buí agus daite. Ba chuma cá ndeachaigh tú, bhí siad le feiceáil. I bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath mar shampla, bhí siad ann ina sluaite, ina mbuíonta le chéile, ina ndaoine aonaracha, ina gcúplaí, chuile thráthnóna breá dá dtáinig.

Diansmacht agus Aigne An-Dírithe

Ach gnó amháin is ea é a bheith ag siúl nó ag rith ar do luas nó ar do chompord féin ar maithe le bheith aclaí nó meáchan a chailliúint, ach rud eile ar fad is ea é a bheith lándáiríre faoin ngnó agus a bheith chomh tiomanta sin is nach ndéanann tú tada eile ach ar éigean. Is é sin an cás ag an gCorcaíoch Rob Ó hIfearnáin a bhuaigh Craobh an Domhain i Moscó i mí Lúnasa seo thart i spórt an tsiúil. Thar 50 ciliméadar a bhí rás Chraobh an Domhain agus don chéad uair ina shaol, agus é cúig bliana is tríocha d’aois, tá ceann de chraobhacha móra an spóirt gnóthaithe ag an Ifearnánach. Is é Curadh an Domhain ar cheann de na spóirt is deacra agus is crua dá bhfuil ann i measc na lúthchleas.

De bharr méid m’aineolais mar aon le heaspa suime le hinsint na fírinne, cheapas i gcónaí go mba aisteach an gnó é an siúl rásaíochta toisc go raibh, dar liom, cuma anásta, neamhéasca ar an siúlóir nach bhfuil iomlán ‘nádúrtha’ i gcomórtas le stíl tharraingteach, ghrástúil fiú, an reathaí. Shíl mé go raibh cuma ar an siúlóir go raibh pian nó anó uafásach air nó go mba gheall le duine a raibh deifir air a bheith in áit éigin (an leithreas mar shampla!) ach nach bhféadfadh sé tosú ag rith le faitíos na timpiste.

Ach, a bhuíochas do shoiléiriú daoine eolacha eile agus don Ghréasán Domhanda chomh maith, tuigim anois gur disciplín ar leith é an siúl a bhfuil rialacha ar leith ag baint leis agus a éilíonn féinsmacht dian agus aigne an-dírithe i gcás an iomaitheora. Rialacha teicniúla atá i gceist atá deacair don ghnáthbhreathnadóir a thuiscint agus bíonn breithiúna ag faire le linn rása ar na siúlóirí chun a chinntiú nach sáraíonn siad na rialacha sin. Is léir dom anois gur spórt an-dian agus an-teicniúil é spórt an tsiúil agus go bhfuil moladh thar cuimse tuillte ag an té atá in ann tabhairt faoi rás 50km ar fhad agus a bheith fós ag siúl ag an deireadh.

Fulaingt agus Diongbháilteacht

Éacht ar leith é dá bhrí sin, éacht mór millteach, Craobh an Domhain a bhuachan faoi mar atá déanta ag Rob Ó hIfearnáin agus éacht atá inchurtha (mura bhfuil siad sáraithe aige) le héachtaí laochra eile spóirt na tíre bige seo le trí scór bliain anuas, laochra ar nós Uí Dhubhshláine, Uí Chochláin, Ní Shúilleabháin, Nic an Táilliúra, Uí Arrachtáin, Uí Dhuinn agus Carruth.

Ba dhána an mhaise don té a déarfadh gur mó éacht Uí Ifearnáin ná éacht an reathaí 100 agus 200 méadar, Usain Bolt, cuir i gcás. Ach, cé nach n-aontódh liom má deirim gur tallann dhúchasach faoi deara Bolt a bheith in ann rith níos mire ná aon fhear nó bean eile ar domhan ach gur de thoradh obair chrua, cruatan, fulaingt agus cur chuige fíochmhar a bhuaigh an tIfearánach Craobh an Domhain.

Cuir leis sin gur mó uair ar theip ar Ó hIfearnáin sna blianta atá thart an bua a shantaigh sé a ghnóthú ach gur choinnigh sé air ag obair agus ag traenáil, idir dhá uair agus ceithre huaire déag in aghaidh na seachtaine, go huaigneach, aonarach agus é ag siúl na mílte míle ar shráideanna Chorcaigh sa mhodh aisteach siúil sin a bhaineann leis an spóirt is ansa leis. Molaimis a chrógacht, a dhiongabháilteacht, a chur chuige agus a uaisleacht dhúchasach Chorcaíoch, Éireannach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.