
Seachtain i ndiaidh Ard-Fheis Shinn Féin, cheistigh Seosamh Mac Muirí an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh faoi na constaicí atá roimh a pháirtí, faoin déine, cás Uí Lubhlaí agus faoi mhórán gnéithe eile nach iad.
»»»Ní fios an obair éachtach atá ar siúl in Oirthear Bhéal Feirste. Chuaigh Robert McMillen chun caint le bean na muirthéachta teanga ag Misean Oirthear Bhéal Feirste, Linda Ervine.
»»»Bhuail Colm Mac Séalaigh leis an bhfear a chuir Kevin Myers, fiú amháin, ag caint níos boige i leith na Gaeilge, Bernard Dunne, iarchuradh dornálaíochta an domhain. Céard ba thús leis an iarracht ar fad?
»»»Chas Seosamh Mac Muirí le fear a bhfuil an-lear eolais bailithe aige ar chanúint Iorrais agus ar stair shóisialta an taobh sin tíre. Chloistí Pádraig S. Ó Murchú go minic ar Raidió na Gaeltachta roimhe seo ach tá an Raidió tarraingte amach as an áit le tamall.
»»»Bhuail Catherine Foley le Cabríní de Barra, bean as Baile Átha Cliath a bhog chun na nDéise. Thaobhaigh Cabríní le cuspóirí Chonradh na Gaeilge le blianta, ní a thug ar aon ardán í le triúr eile ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Ceanainn le caint a thabhairt; caint a tharraing caint.
»»»Chas Robert McMillen le cumadóir, ceoltóir agus amhránaí a bhfuil díolamaí seolta aici agus gealladh fúithi le tamall anuas ar dhá bhruach na teiscinne, Julie Feeney as Achréidh na Gaillimhe. Bean í Julie a chuireann a croí agus machnamh ina saothar, ní a tharraingíonn tuilleadh airde dá réir.
»»»Thug Robert McMillen fogha faoi bhallaí Dhoire agus faoin Chultúrlann le riar maith ceisteanna a chur ar an Phríomhfheidhmeannach ann, Gearóid Ó hEára. Chonaic Gearóid athruithe ag teacht ar an chathair agus ar an saol nár shamhlaigh sé riamh roimhe na blianta ó shin.
»»»Bhuail Seosamh Mac Muirí le fear siúlach scéalach as an Chabhán a mhaíonn gur féidir teanga a fhoghlaim iontach mear ach an cur chuige s’aige a leanacht. Is túisce a aithneoidh roinnt daoine thar lear é mar ‘the Irish Polyglot’ná a ainm féin, Benny Lewis nó Breandán Ó Laobhais.
»»»Fear a bhain duaiseanna Oireachtais as an agallamh bheirte é an Béal Feirsteach, Ray Mac Mánais agus is ceoltóir méarchláir agus bocsa fosta. Ba phríomhoide Ghaelscoil Míde é go dtí le deireanas ach tá obair eile roimhe anois óir beidh ranganna cruinnis agus léachtaí le tabhairt aige i mBaile Átha Cliath cuid den tseachtain.
»»»Chas Seosamh Mac Muirí le láithreoir de chuid BBC na hAlban agus Radiò nan Gaidheal, Andreas Wolff, fear a thug cúrsa ÙLPAN ar Ghaeilge na hAlban i nGleann Cholm Cille i mbliana. Is as Beirlin é Andreas ach rinne sé a chéim ollscoile i Sabhal Mór Ostaig ar Eilean Sgitheanach.
»»»Tá saibhreas Gaeltachta bailithe agus roinnte ar na haerthonnta ag Raidió na Gaeltachta le daichead bliain anuas. Bhuail Seosamh Mac Muirí le ceannaire Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin le scéal an fhorais is gaelaí dár gcuid a chíoradh. Is iomaí duine i dtíortha thar lear a thugann cluas do Gharraí Pheter William ar an tsuíomh idirlín.
»»»Bhuail Seosamh Mac Muirí le Ciarán Ó Cofaigh, príomhfheidhmeannach ROSG, an comhlacht a thug Cré na Cille ina scannán dúinn, a thug Scéal na Gaeilge dúinn a bhain Gradam an Chumarsáide an Oireachtais 2012 an mhí seo caite agus a roinneann mórán eile lena gcois siúd orainn chaon tseachtain. Cíoradh tionscal físe na Gaeilge mar atá agus mar a bheas.
»»»Bhuail Catherine Foley isteach chun cainte le Pauline Nic Craith i Rinn Ua gCuanach, bean a bhí lonnaithe i mBéal Feirste agus a d’oibir mar altra ann i rith na mblianta ba mheasa a raibh an dortadh fola agus an scaoileadh luaidhe, rubair is plaistigh ina reacht.
»»»Chas Shane Ó Curraighín le Mícheál Mac Giolla Easbuic, Uachtarán Oireachtas na Gaeilge i gCúl na Cruaiche Cois Farraige, Cill Chartha. Cheistigh sé é faoin bhreac-Ghaeltacht, a chnuasach béaloidis agus ceoil, An Cumann Lúthchleas Gael, saol an oide agus faoi Fhéile an Oireachtais go háirithe.
»»»Labhair Catherine Foley leis an aisteoir Bríd Ní Neachtain a bhí sa Ghaillimh le déanaí ag ullmhú d’oscailt an dráma, Doubt, sa Town Hall Theatre. Cheistigh sí í mar gheall ar a saol ar an ardán le hAmharclann na Mainistreach i rólanna mar Rose i Dancing at Lughnasa le Brien Friel agus Juno in Juno and the Paycock le Sean O Casey. Labhair Bríd mar gheall ar a rólanna os comhair an cheamara chomh maith sa léiriú den leabhar le Máirtín Ó Cadhain, Cré na Cille, agus sna sraitheanna teilifíse Ros na Rún agus Rásaí na Gaillimhe.
»»»Bhuail Shane Ó Curraighín le John Gleeson, Stiúrthóir Ionad an Léinn Cheiltigh in University of Wisconsin, Milwaukee agus é in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille ar na mallaibh. Cheistigh sé é faoina chuid oibre san ollscoil, faoi eagrais chultúrtha Milwaukee agus faoi phobal Gael-Mheiriceánach na cathrach.
»»»Thug Catherine Foley cuairt ar Chliodhna Ní Anluain i seomra cúl ardáin sa Cheoláras Náisiúnta agus d’fhiosraigh scéal a cuid oibre le clár RTÉ 1an Sunday Miscellany. Is amhlaidh nach ag fanacht taobh leis an stiúideo atá an clár ach go dtugann ruaig faoi fhéilte ealaíne is pobail fud fad na tíre le blianta gairide anuas.
»»»Bhuail Catherine Foley isteach chuig an Ollamh Ríonach Uí Ógáin i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath lena ceistiú faoina cuid oibre agus taighde i gCnuasach Bhéaloideas Éireann. Thagair Ríonach ina cuid cainte do Mháirtín Ó Cadhain, do Shorcha Ní Ghuairim, do Séamas Ennis agus do mhórán nach iad.
»»»Ní aireoidh Aire Stáit na Gaeltachta rud ar bith coimhthíoch faoi Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne mar bhí sé féin, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, ag baint duaiseanna scéalaíochta ag an Oireachtas na blianta siar. Chas Seosamh Mac Muirí leis ar an lá ar seoladh Plean Forfheidhmithe na Roinne don bhliain 2011 maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
»»»Is é seo an dara leath den Agallamh leis an gComhairleoir Contae agus an ball tofa d’Údarás na Gaeltachta, Seosamh Ó Cuaig. Nochtann sé a thuairim ar Shinn Féin, an ionadaíocht neamhspleách, an NUJ agus ar an bPlean 20 Bliain Don Ghaeilge.
»»»Chas Seosamh Mac Muirí leis an gComhairleoir Contae agus an ball tofa d’Údarás na Gaeltachta, Seosamh Ó Cuaig, oíche a raibh sé le freastal ar chruinniú mór le sealbhais agus cleachtais talúin, phortaigh agus tithíochta na Gaeltachta a chosaint ar dhlíthe nua BhÁC / na Bruiséile mar dhea. Labhraíonn Seosamh sa gcéad leath den Agallamh anseo faoi ré Chearta Sibhialta na Gaeltachta, ré Shaor-Raidió Chonamara faoi thairiscintí na hIoruaidhe d’Éirinn sna 70aidí. Foilseofar an dara leath in eagrán na míosa seo chugainn.
»»»Cainteoir dúchais a tógadh sa nGalltacht, nó ‘cainteoir athdúchais’ i dtéarmaí teangeolais, é Liam Ó Dochartaigh a shaothraigh sna forais acadúla ó thuaidh is ó dheas. Iar-Uachtarán ar Chomhar na Múinteoirí Gaeilge agus é anois ar leathscor as saol riaracháin Ollscoil Luimnigh, glacann Liam páirt ghníomhach i gCumann Merriman, ina scoileanna samhraidh agus geimhridh. Bhuail Seosamh Mac Muirí isteach chuige i Luimneach le roinnt ceisteanna a chur air faoin gcumann agus faoi ghnóthaí go leor eile.
»»»Bhuail Robert McMillen le fear a bhfuil tionchar mór ar dhá thaobh na teorann i saol na craoltóireachta agus i saol an chomionannais, an fear a bhí ina Ard-Stiúrthóir ar RTÉ nuair a cuireadh TG4 ar bun. Tá Bob Collins sáite in obair an athraithe go córas digiteach craolacháin faoi láthair.
»»»Is sochtheangeolaí í Ceil Lucas ó Ollscoil Gallaudet i Washington D.C. Bunaithe in 1864, is í seo an t-aon ollscoil ar domhan a bhfuil rochtain ar gach clár staidéir do na bodhair ann agus pléann Lucas le gothaíl agus le héagsúlacht na dteangacha comharthaíochta. Tá Spáinnis, Fraincis, Iodáilis, Gaeilge agus Béarla ar a toil aici chomh maith. Bíonn sí ag múineadh na hIodáilise ag scoil Iodáilise fosta. Casadh ar Maitiú de Hál í ag deireadh seachtaine ‘Daltaí na Gaeilge’ in Esopus, Stát Nua-Eabhrac.
»»»Labhair Robert McMillen leis an bhfear a tháinig faoi sclamhairt aisteach ghoimhiúil nuair a bhunaigh sé Teilifís na Gaeilge > TG4, iarléachtóir, iar-Aire agus fear a bhfuil a shúil dírithe amach roimhe anois ar Áras an Uachtaráin, Michael D. Ó hUiginn.
»»»Tá bean as íochtar álainn Mhaigh Eo ag tiomáint go stuama an eagraíocht rathúil, Gaillimh le Gaeilge, a bhfuil a lorg fágtha go láidir is go feiceálach ar thimpeallacht agus ar shochaí na Gaillimhe ó thosaigh sé. Bhuail Seosamh Mac Muirí léi in Oifigí Ghaillimh le Gaeilge chun fiafraí faoin eagraíocht agus faoina fód dúchais.
»»»Bhí an saol ag múineadh Aire Oideachais na Sé Chontae, Caitríona Ruane, sa dóigh gur shiúil sí cuid de Mheiriceá Láir, taithí a thug uirthi a hamhail a dhíriú ina dhiaidh sin ar dheacrachtaí an Tuaiscirt. Chuaigh Robert McMillen chun cainte léi i mBeannchar, Contae an Dúin.
»»»Chas Seosamh Mac Muirí le duine de cheoltóirí Kíla, Rossa Ó Snodaigh, i Liatroim agus cheistigh é faoina chur chuige fuinniúil i gcúrsaí Gaeilge. Tá sé ag ceapadh faoi láthair gur mithid do shaol na Gaeilge tabhairt faoi ghné an-tábhacht eile, saol an airgeadais, trí chomhar creidmheasa a bhunú do mhuintir na Gaeilge.
»»»Comharthaí ‘dátheangacha’ a chrochadh sa Ghaeltacht, loiceadh ar na bannaí/ titim na hÉireann as an €uro agus díluacháil roimh an olltoghchán, an ceardchumainn chearta iad na ‘white collar unions’? Bhuail Seosamh Mac Muirí chun cainte le Seosamh Ó hUiginn, FPE, i ndeireadh na Nollag chun a cheistiú faoi na hábhair thuas agus faoi ábhair nach iad.
»»»Thug an Dr. Séamas Ó Direáin, cainteoir Liotuáinise, aghaidh ar an nGaeilge san Afraic agus é i mbun taighde ar an teanga KiSwahili sa Chéinia beagnach dhá scór bliain ó shin. Lonnaigh an Gael-Mheiriceánach sin in Éirinn dhá bhliain déag ó shin agus chuaigh Seosamh Mac Muirí chun cainte leis i nGaillimh le déanaí.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.