AGALLAMH BEO
Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Gaeilge, Béal Feirste Thoir
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Ní fios an obair éachtach atá ar siúl in Oirthear Bhéal Feirste. Chuaigh Robert McMillen chun caint le bean na muirthéachta teanga ag Misean Oirthear Bhéal Feirste, Linda Ervine.

Íomhá
Linda Ervine
Íomhá
An Skainos
Íomhá
Cuntas an PA ar Linda
(le Steven Mc Caffery/PA Wire)
Íomhá
Agóid brataí
Íomhá
Athnuachan pobail
Íomhá
Gaeilg in Ultaibh 08
(le D. de Loingsigh ar Vicipéid)
Íomhá
Oifigeach Gaeilge Oirthear Bhéal Feirste
Íomhá
Hidden Ulster Phádraig Uí Shnodaigh
Íomhá
Towards Inclusion le Ian Malcolm
(Blackstaff Press)
Íomhá
Bratach Uladh

Dhá chaimeo:

  1. Deirfiúr cleamhnais an fheisire David Ervine nach maireann agus bean Brian Ervine, iarcheannaire an PUP, bhí Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Misean Oirthear Bhéal Feirste ag caint leis an Chéad Aire Peter Robinson le linn ceiliúradh 60 bliain den scoil a raibh sí ag obair inti, Ashfield Girls’ High School. Dúirt sí leis go raibh sí ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn.“Dá dtiocfadh leis, chaithfeadh sé seileog orm,” arsa Linda.

  2. Le linn na scliúchas a bhain le bratach na Breataine a bheith ar foluain ar líon níos lú laethanta os cionn Halla na Cathrach i mBéal Feirste, bhí agóid ar siúl ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda in oirthear dílseach na cathrach. Le linn na hagóide a raibh corradh le fiche duine páirteach ann, gar don Skainos Building ag uimhir a 239, bhí léacht ar siúl ar logainmneacha Gaeilge Bhéal Feirste ag a raibh 65 duine.

Léiríonn sé na coranna casta i gcinniúint an cheantair seo go bhfuil an struchtúr is sine i mBéal Feirste, an droichead ag Connswater – Abhainn Choinn (baiste as an tiarna Gaelach, Conn Ó Neill) anois i gcroílár an cheantair atá ag seasamh an fhóid (mar dhea) ar son an cheangail leis an Bhreatain. – Gnaithí fás daonra - demographics a bhráthair, demographics.

Ar an dea-uair, ní hionann ciall don duine agus i measc lucht oibre oirthear na cathrach, tá saint acu i leith na Gaeilge, an bean amháin sin ach go háirithe, Linda Ervine.

Tá Linda ar scor bliana óna post mar mhúinteoir leis an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail Phrotastúnaigh, a bhuíochas do dheontas ó Fhoras na Gaeilge.

An Skainos

Bhuail mé le Linda Ervine lá fuar sneachta an tseachtain seo caite le fáil amach cad é mar a thiocfadh leis go bhfuil “réabhlóid” ar son na Gaeilge ag dul ar aghaidh sa cheantar is mó a bhfuil daoine ag troid ar son comharthaí a bhféiniúlachta Briotanaí. Ach ar tús, an Skainos Building é féin Cad é atá ann?

“Bhuel, focal Gréigise ón Bhíobla atá ann agus ciallaíonn sé puball. Sin an fáth go bhfuil cuid mhór gnéithe ailtireachta agus siombail san fhoirgneamh a chuirfeadh puball i gcuimhne duit. Mar shampla, san eaglais, tá cuardhíon os a chionn mar a bheadh puball ann agus an smaoineamh atá taobh thiar de ná go bhfuil Dia ag teacht anuas agus ag tógáil pubaill i measc a mhuintire. Dia sa phobal atá i gceist.

Measaim gurb é an rud atá á rá ag Misean Oirthear Bhéal Feirste nach teach pobail é seo a dtiomáiníonn daoine chuige gach Domhnach agus a n-imíonn siad uaidh nuair atá an tseirbhís thart agus go ndruidtear an doras go dtí an Domhnach dár gcionn. Oibríonn an misean taobh istigh den phobal, ar son an phobail agus is de dhlúth agus d’inneach an phobail é an misean.”

Ach nárbh é sin teachtaireacht Íosa Chríost riamh anall, a d’fhiafraigh mé di.

“Go díreach,” ar sí, “ach creidim go ndeachaigh sé sin amú ar chuid de na heaglaisí!” I measc na seirbhísí a chuireann an EBM ar fáil, tá ceann do dhaoine gan dídean, seirbhísí fostaíochta, an geilleagar sóisialta, obair óige agus theaghlaigh agus forbairt phobail chomh maith le tógáil síochána agus, ag an am chéanna, pobal beoga urnaitheach a chothú. Cé gur Críostaí tiomanta atá in Linda anois, ní raibh sí riamh amhlaidh.

Cumannaigh a bhí i m’athair agus i mo sheantuismitheoirí, mar sin ní raibh Críostaíocht de chineál ar bith sa teach agus mé ag fás aníos. Déanta na firinne agus mé ag fás aníos, bhí mé thar a bheith bródúil as nach raibh creideamh ar bith agam mar ba é an creideamh ba bhun le cuid mhór den olc sa tsochaí thart orm - an seicteachas agus rudaí eile a chuir samhnas orm - a bhí in ainm is a bheith Críostúil.

“Sin ráite, ar na rudaí is mó a bhfuil cuimhne agam air ag fás aníos ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda sna 1980i dom, daoine meánaicmeacha ag teacht isteach is ag imeacht, ach bhí an Misean i gcónaí anseo. Ba ghnách linn theacht anseo le dinnéar a fháil. Bhí club fostaíochta ann agus rinne siad an dúrud oibre ar son na ndaoine.”

Teasghrá don Teanga

Nuair a tháinig géarchéim ina saol agus í sna 30í, áfach, thiontaigh Linda chuig an Dia nach gcreideadh sí ann, ag fáil amach nár Críostaíocht ar chor ar bith a bhí ar bun ag daoine a mhaígh go callánach gur Críostaí iad. An rud ba mhó ina saol ag an am sin, ag fáil amach gurbh é Íosa Críost an sóisialaí ba mhó dár mhair riamh. Admhaíonn Linda mar sin nach “gnáth-Phrotastúnach” atá inti agus tá sí ag snámh in aghaidh an easa go fóill agus an pháis atá aici don Ghaeilge.

Má tá duine ar bith in amhras faoina seasamh leis an Ghaeilg, mothaím go bhfuil sí 100% dáiríre. Chonaic mé í ag tabhairt léachta i nGleann Gormfhlaith a raibh baill d’eite dheas an DUP i láthair agus níl eagla ar bith uirthi dul isteach sa bhearna bhaoil leis an teachtaireacht a chraobhscaoileadh. Dálta gach duine dá cúlra, ní raibh a dhath eolais aici ar an Ghaeilge ag fás aníos, ach ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí.


Bhí sé saoithiúil,” ar sí, “ach d’iarr Sinn Féin orm caint dar teideal ‘The Irish language, My Language’, a thabhairt ag comhdháil Ghaeilge dá gcuid mar, cúpla bliain roimhe sin, chreid mé gur “Trá” an t-ainm a bhí ar gach trá i dTír Chonaill agus go raibh na bailte seo uilig darb ainm “Amach” ann. Fiú, dá bhfeicfinn an focal “fáilte” is ar éigin a d’aithin mé gur ‘welcome” a bhí ann, ach ní thiocfadh liom é a fhuaimniú. Seachas an logainm “Béal Feirste” níor chuala mé focal Gaeilge ar scoil. Mhothaigh mé go raibh mé glasáilte amach.”

Focal a bhaineann leis an chreideamh é Eipeafáine a thagraíonn don uair a léirigh Críost é féin do na Gintlithe. Tá ciall níos leithne leis inniu, mothú nó léargas ar an bhunchiall atá le rud, léargas a thagann de ghnáth de thoradh ar eachtra nó ar thaithí bheag shimplí nó choitianta. B’amhlaidh é i gcás Linda.

Dhia bhliain ó shin, hiarraidh uirthi mar mhúinteoir a bheith mar chuid de bhuíon na mban ag Misean Oirthear Bhéal Feirste agus rud éigin a dhéanamh leis na mná a thagann chun na háite le buíon ban as an Trá Ghearr. Rinne sí cúrsaí ealaíne a thaitin go mór léi ach ...

An Pósadh Ríoga agus Suim sa Ghaeilge

“Thosaigh muid cúrsa eile le blaiseadh ar an Ghaeilge a thabhairt,” a mhínigh sí. “Bhí rún againn staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge, ar an Ghàidhlig agus ar an Albanais Uladh, ach shíl muid gur barraíocht a bheadh ansin agus chinn muid ar an Ghaeilge amháin mar ba mhó an tsuim a bhí ag an dá ghrúpa sa Ghaeilge. Albainis Uladh, bhí na focail sin in úsáid againn gach lá, mar sin ní raibh muid ag foghlaim a dhath.”

Arís tá cuid mhór íoróine i scéal Linda.

“An t-am sin, ba mhó an tsuim a bhí ag mná na Trá Ghearr sa phósadh ríoga (William agus Kate) agus ba mhó an tsuim a bhí againne, mná Bhóthar Bhaile Nua na hArda, sa Ghaeilge!’ ar sí.

Ach ba í Linda an duine is mó a ndeachaigh an cúrsa i bhfeidhm uirthi. Fuair sí amach go raibh dianchúrsa le bheith ar siúl ag an Droichead ar an Íochtar Ormeau, ceantar ina raibh trioblóid a bhain le mórshiúlta aimsir Dhroim Cria, ach bhí Linda diongbháilte.

D’iarr sí ar chara dá cuid, Alison, a raibh a hathair ina bhall den UDA sna 1970í, dul ina cuideachta. “Bhuel, chuaigh an dá shúil siar ina ceann nuair a chuir mé chun tosaigh uirthi é, ach an rud a raibh suim aici ann, gur luaigh Maureen, an múinteoir a bhí againn ag an Droichead, go raibh cuid mhór Protastúnach ina gcónaí ar Bhóthar na Seanchille a raibh Gaeilge acu de réir daonáireamh 1911. Mar sin, chuardaigh muid an daonáireamh.


“Bhí Alison ag iarraidh taighde a dhéanamh ar a muintir, gaol darbh ainm Letitia ar baisteadh a haintín aistí, agus Alison féin, bhaist sí Annie Letitia ar a hiníon féin. Bhuel tháinig muid ar Letitia sa daonáireamh, sin ansin romhainn i, ball d’Eaglais na hÉireann, í ina cónaí i Sráid Malvern i gceantar na Seanchille, Gaeilgeoir. Sin rud a chuaigh i bhfeidhm uirthi agus, mar sin, away linn go dtí an Droichead agus bhí sé thar barr.

“Ar an lá, caithfidh go raibh “Protastúnach” tátúailte ar ár n-éadain mar, ag am lóin, tháinig an múinteoir, cailín galánta darb ainm, Áine, a fhad linn ag an lón agus dúirt sí linn go raibh daoine as gach cearn den chathair ag freastal ar na ranganna agus go raibh fear as oirthear Bhéal Feirste ar ball den PUP é, ag freastal orthu - tráth a raibh m’fhear cheile, Brian, ina cheannaire ar an PUP!

“Mar sin, gach Luan, chuaigh mé féin agus Alison chuig na ranganna agus bhain muid an dúshult as,” arsa Linda.

Áilleacht na Teanga

Áilleacht na teanga a mheallann í a deir sí, ach tá sé níos doimhne arís.


“Deir Alison liom, bean ó chúlra thar a bheith dílseach, ‘is í teanga dhúchais s’againne í, tá sé fite fuaite ionainn, tá rud éigin taobh istigh ionainn atá oscailte don Ghaeilge. Agus tá sé fíor. Bhí suim agam inti sular thosaigh mé ar an togra seo ach an rud is mó a chuir iontas orm ná líon na ndaoine ó chúlra Protastúnach a mhothaíonn an rud céanna. Díolann sí i féin.

“Tá daoine lán-dáiríre faoin tsuim atá acu sa Ghaeilge mar aithníonn siad go bhfuil sí anseo, go bhfuil sí thart orainn, tá sí sa Bhéarla féin a labhraíonn muid,” arsa Linda.


Ach cad é na cúiseanna atá taobh thiar den spéis atá ag Protastúnaigh i dteanga seo ‘na leipreachán’, mar a thug Sammy Wilson ar an Ghaeilge. Tá a spreagadh féin ag gach duine, a deir Linda, agus gur cúis choitianta í an taisteal.

“Is cuma cad é chomh flannbhuí is atá daoine anseo, éiríonn siad glas nuair atá siad thar sáile,” ar sí. “Ní bhíonn an eagla chéanna orthu roimh an Éireannachas sin nuair atá siad as baile agus i gcuid mhór cásanna, titeann siad faoi dhraíocht aige.”

“Bhí fear ar na ranganna anseo a bhí sna (Royal Irish) Rangers arb as Bóthar Bhaile Nua na hArda dó agus dúirt sé nár admhaigh sé comhartha ar bith Éireannachais go dtí go ndeachaigh sé isteach in Arm na Breataine mar rinne siadsan ceiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig! Dúirt sé gur chrothnaigh sé sin go mór i ndiaidh dó an tArm a fhágáil. Lig sé tÉireannachas isteach ina fhéiniúlacht, cé go bhfaca sé é féin mar aontachtach, mar Phrotastúnach, mar Bhriotanach, agus sin an rud a mheall i dtreo na Gaeilge é.”


Ag Roinnt an Eolais

Ach níorbh é an chead duine é a chonaic é féin sna téarmaí cuimsitheacha sin. Tugann Linda caint dar teideal ‘Hidden History of Protestants and the Irish Language’ ina gcuireann sí síos ar na nascanna a bhíodh is atá idir an Ghaeilge agus Protastúnaigh, ó Arm na Breataine (‘Fág an Bealach’ rosc cath nó mana na Connaught Rangers) go dtí paraimíleataigh dhílseacha féin (‘Lámh Dearg Uladh’ mana na Red Hand Commandos, scaifte taobh istigh den UVF).

Míníonn Linda an dóigh a bhfuair a deartháir cleamhnais, David Ervine nach maireann, iarcheannaire an PUP agus a fear cheile, Brian, amach go raibh Gaeilge agus Béarla ag a seantuismitheoirí cionn is gurb as ceantar tuaithe inar labhraíodh an Ghaeilge.

Luann sí na nascanna idir Preispitéirigh agus an Ghaeilge, go bhfuil sí sa Bhéarla a labhraíonn muid, sna logainmneacha, sna sloinnte.

“Nuair a chuirim an t-eolas seo faoi bhráid daoine, deir siad, ‘wow, ba shin soilsiú an eolais. Dá múineofaí sin dúinn, ní bheadh fadhb agam leis an Ghaeilge inniu.’

Sin ráite, measann Linda go bhfuil an Ghaeilge á polaitiú agus go gcuireann sé olc ar Phrotastúnaigh “Tiocfaidh ár lá” a chluinstin. Déanann sé dochar mar measann Protastúnaigh go bhfuil dlúthbhaint idir an teanga agus poblachtachas, dar léi, ach glacann sí leis go bhfuil an ceart ag poblachtachas an Ghaeilge a chur chun cinn.

“Deirim le daoine, “anois, is féidir “Ná géillimis” a rá chomh maith le “Tiocfaidh ár lá.’”

Níl dearcadh polaitíochta ag an Ghaeilge. Ní bhíonn bratach ar bith ar foluain aige.”

“Chreid mise agus Alison gur sinne na chéad Phrotastúnaigh riamh a d’fhoghlaim Gaeilge ach ar ndóigh, níl sé sin fíor, ach rud difriúil atá muid a dhéanamh anseo in oirthear Bhéal Feirste ná go bhfuil muidinne ag scairtigh amach gos ard go bhfuil muid ‘ag teagasc Gaeilge agus ag foghlaim Gaeilge anseo. ‘Bígí linn’, an teachtaireacht.” arsa Linda.

Ní Bagairt an Ghaeilge

Ar ndóigh, d’fhéadfadh sin a bheith contúirteach agus conspóid na brataí ar siúl, aighneas a bhaineann leis an chosc ar an fhéiniúlacht Bhriotanach (níl sé amhlaidh, ach sin mar a fheictear é) nuair atá cead a cos ag “teanga an IRA” (níl sé amhlaidh ach sin mar a fheictear é) in oirthear dhílseach na cathrach.

I bhfírinne, ní raibh mórán trioblóide againn,” arsa Linda. “Cinnte bhí daoine ann a léirigh suim sna ranganna ach a tharraing siar nuair a thosaigh na hagóidí, ach chonaic mé sin ag athrú rud beag ar na mallaibh, ach ba é an deacracht ba mhó é nach dtiocfadh le daoine an foirgneamh a bhaint amach agus chaill muid go leor daoine, ní cionn is go raibh fadhbanna acu leis an teanga ach nárbh fhéidir leo na ranganna a bhaint amach mar gheall ar na hagóidí.”


Deir Linda go mbaineann na hagóidí leis an bhagairt a mhothaíonn dílseoirí dá mBriotanachas ach go bhfuil sise ag iarraidh cur in luí orthu nach aon bhagairt í an Ghaeilge dóibh agus go bhfuil tairbhe féin le baint as an teanga acu. Measann Linda gur rud réabhlóideach atá sna ranganna atá acu in oirthear Bhéal Feirste, mar is ón bhun aníos atá sé ag teacht, gur rud aicme oibre atá i gceist. Sin an fáth go bhfuil mearbhall ar pholaiteoirí aontachtacha (dar liom) faoi.

Ag an ócáid a luaigh mé ag tús an ailt, i dteannta Peter Robinson, bhí Ard-Mhéara Bhéal Feirste, Gavin Robinson, gaol ar bith fola, ach tá an bheirt acu sa DUP. Labhair Gavin Robinson cúpla focal Gaeilge le Linda ach dúirt Peter go raibh an teanga polaitithe. D’fhreagair Linda gur sin an fáth amháin gur ceart do Phrotastúnaigh í a fhoghlaim agus athsheilbh a ghlacadh uirthi, ach thiontaigh sé ar a sháil, “gan an t-am de lá a thabhairt dom,” arsa Linda.

Ar scor ar bith, bhí na ranganna ag dul go breá ach ní raibh Linda sásta leis an mhéid sin amháin. Bhí sí ag iarraidh níos mó a dhéanamh.


In Áit na Garaíochta

Thug mé faoi deara alt a bhí scríofa fúm, agus thuig mé go raibh seo nuachtúil agus go raibh spéis ag daoine ina raibh ar siúl agam. ‘Ervine relation stands up for Irish’ an cheannlíne más buan mo chuimhne. Luadh Misean Oirthear Bhéal Feirste san alt agus tháinig na múrtha scairt gutháin isteach chuig an Misean, daoine ag fiafraí faoi na ranganna.

“Bhí mise fós i mo mhúinteoir ag an am ach d’iarr siad orm a bheith i m’éascaitheoir don rang. I bhfírinne, mhothaigh mé spíonadh éigin mar shil mé go raibh mé san ait a dtiocfadh liom rud éigin speisialta a dhéanamh, mar gheall ar an mheas atá ar David agus ar Brian. Bhí sé rud beag mar a bheadh muidinne, teaghlach chlúiteach dhílseach, ag tabhairt cead do Phrotastúnaigh eile an Ghaeilge a fhoghlaim, ar dhóigh, má thuigeann tú sin.

“Mhothaigh mé go dtiocfadh liom an scéal a chraobhscaoileadh, bhí smaointe dearfacha agam, agus fuair mé an post seo le Foras na Gaeilge ina bhfuil mé, ach caithfidh mé a rá go raibh Misean Oirthear Bhéal Feirste ar fheabhas chomh maith,” ar sí. Tá trí rang ar siúl sa Mhisean agus beirt eile le toiseacht i ndiaidh na Cásca, cúigear ar fad. Leanfar ar aghaidh leis na ceardlanna Gaeilge - níl go leor slí do gach duine atá ag iarraidh freastal orthu - agus tá mé ag iarraidh comhoibriú a dhéanamh le muintir Albanais Uladh. Deir sí nach miste léi na daoine a dhiúltaíonn don Ghaeilge - a fhad is atá an naimhdeas bunaithe ar fhíricí.

Beidh rath orm nuair nach mbíonn iontas ar dhaoine go bhfuil ranganna Gaeilge ar siúl anseo agus go bhfuil na ranganna mar chuid den saol achan lá anseo in oirthear Bhéal Feirste agus go bhfuil daoine ar nós cuma liom faoi. Sin atá uaim,” arsa Linda.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.