AGALLAMH BEO
Ailbhe Nic Giolla Bhrighde
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Bean a chaith am is allas go leor ag scríobh do na sraitheanna teilifíse, Ros na Rún, Seacht agus Aifric í Ailbhe Nic Giolla Bhrighde. As Tír Chonaill ó dhúchas, bhí aithne fhorleathan ar a hathair Tom an Bhungaló. Tá leabhair a scríobh sí aistrithe go Sínis, go Gàidhlig agus go teanga na Cóiré. Chas Seosamh Mac Muirí léi agus thoisigh an chaint.

Íomhá
Ailbhe Nic Giolla Bhrighde
Íomhá
Cuma an ilteangachais ar tháirgí na Gaeilge
Íomhá
Tadhg Mac Dhonnagáin, fear an chomhlachta Futa Fata
Íomhá
Ailbhe
Íomhá
Ailbhe ag amharc ar na leaganacha Sínise agus Cóiréise
Íomhá
Seomra na léitheoireachta in Acadamh Ríoga Éireann
(le Michael Foley ar Flickr)
Íomhá
Mise agus an Dragún, le Patricia Forde
(Futa Fata)
Íomhá
Ailbhe ag amharc ar ais ar na leabhair

SMM: Is é do bheatha go Beo.ie a Ailbhe.

ANGBh: Go raibh maith agat a Sheosaimh.

SMM: Cén t-achar blianta faoin am seo a bhfuil tú ag scríobh don teilifís a Ailbhe?

ANGBh: Tá mé ag scríobh don teilifís, déarfainn, corradh ar scór bliain. Thoisigh mé i dtús ama ag scríobh do Ros na Rún. Bhí mé ag obair san Acadamh Ríoga thuas i mBaile Átha Cliath agus leis an iris Comhar ag an am. Chonaic mé fógra go raibh TnaG, Teilifís na Gaeilge ag an am, ag dul a theacht ar bord agus bhí siad ag cuartú scríbhneoirí don sobaldráma úr. Chuaigh mé go Corcaigh don deireadh seachtaine, áit a raibh fear as Eastenders ag caint faoin scríobh agus achan rud eile. Bhí orainn imeacht agus sliocht a scríobh agus a leagan isteach. As sin, roghnaíodh mise agus, níl a fhios, b’fhéidir scór eile agus chaith muid roinnt deireadh seachtainí ag plé leis an scríbhneoireacht. Char scríobh mé don teilifís riamh. Chan fhaca mé script teilifíse riamh. [gáire] Sin ag gabháil siar 1996. Thoisigh mé ag scríobh an t-am sin. Bhí fear darb ainm Noel Ó Briain, á fear uasal, chuidigh sé linn. Bhí mé féin, Greg Ó Braonáin is Anne Learmont ar an chúrsa sin agus roghnaíodh an triúr againn le scríobh agus le hobair le hAntain Ó Flaithearta. Antain a tháinig aníos leis an choinceap agus is é Noel Ó Briain a bhí mar eagarthóir scripte. Agus an fear bocht, déarfainn nach raibh a fhios aige cad é an méid oibre a bhí faoi bhun aige, i ndáiríre. Chan fhaca mise, mar a dúirt mé, script teilifíse riamh agus ní raibh a fhios agam an dóigh le dul ina bhun, ach d’inis sé an oiread sin dúinn ag an tús agus an dóigh le scripteanna a scríobh.

An Léann Ceilteach

SMM: Ag gabháil siar na blianta, thoisigh tú i ndiaidh na hollscolaíochta i nGaillimh. Cad é a rinne tú san ollscoil?

ANGBh: Cha dtearn mé mórán. [gáire croíúil] Bhí mé ag déanamh matamaitice, ag Dia atá fhios cad chuighe, seandálaíocht, Gaeilg agus dlí, agus bhí mo chroí istoigh sa Ghaeilg. Chuala mé ansin go dtiocfadh leat céim a bhaint amach sa Léann Cheilteach agus a bheith ag plé go huile is go hiomlán leis an Ghaeilg, le litríocht na Gaeilge, cúrsaí Ceilteacha, achan rud eile. Chuaigh mé chun an bhaile agus dúirt mé le mo máthair é agus bhí eagla uirthi é a ráit lem’ athair, nó bhí sí ag smaoiteamh, de gheall ar Dhia, cá bhfaighidh sí post as seo a choíche? Ach bhí a fhios aici go raibh mo chroí istoigh ann.

Mar sin, le dhá bhliain, bhí mise ag plé leis an Léann Cheilteach. Shíl m’athair bocht go raibh mé ag déanamh dlí [gáire croíúil] agus é ag inse d’achan duine é. Ansin nuair a bhí mé ag baint na céime amach, b’éigean domh an fhírinne a inse dó, nach raibh mé ag déanamh an dlí ach an Léann Ceilteach. Bhí sé sin iontach sásta mar bhí dúil bhocht aige féin san ábhar chéanna. Agus bhí sé greannmhar ar bhealach mar ní raibh mórán comhrá idir an bheirt againn go dtí sin agus bhí an oiread céanna spéise aigesean agus agam féin sa litríocht ghaeilg’ agus cheilteach agus achan rud agus d’éirigh cairdeas millteanach eadrainn.

An tSeanlitríocht

SMM: An bhfuair tú rud éicint as an tseanlitríocht sin scéalta s’againne=our stories">="gloss" title="which helped you">a chuidigh leat i saol na teilifíse nó i scríobh na leabhar fiú amháin?

ANGBh: Ó go cinnte. D’fhoghlaim mé an dóigh le staidéar a dhéanamh, le hiniúchadh a dhéanamh agus bhí sin ina chuidiú mhór. Fosta, bhí scéalaíocht i gceist sa tseanlitríocht, an Táin, Scél Mucce Meic Dathó agus a mhacasamhail sin, Fled Bricrenn, na seanscéalta sin ar fad agus an béaloideas agus na canúintí. Bhí an oiread saibhris ar an chúrsa sin, - thóg mé liom é achan áitchuaigh sé i bhfeidhm ar mo chuid scríbhneoireachta go cinnte.

Chuaigh mé go BÁC i ndiaidh na céime nó is ann a bhí Paul ag an am, m’fhear chéile anois. Chuaigh mé isteach go Comhar agus dúirt mé leo go rachainn ag obair dóibh go deonach. Bhí Éamonn Ó hÓgáin, á, fear uasal, ar an bhord agus bhí sé ag obair in Acadamh Ríoga na hÉireann le Tomás de Bhaldraithe. D’inis sé domh go raibh scéim FÁS ag teacht aníos ag cuartú daoine le dul isteach a rachadh ag obair san Acadamh. Chuir mé isteach air agus fuair mé cúig lá na seachtaine, agus bhí sé roinnte eadar rannóga. Mar sin, chaith mé leath na hama ag obair sa leabharlann agus a leath eile ag obair le de Bhaldraithe ag gabháil fríd na focla agus achan rud agus bhí sé iontach. Chionn is go ndearna muid lámhscríbhinní ar an choláiste, ba ghnách le de Bhaldraithe iarraidh orm gabháil fríd na lámhscríbhinní agus bhí mé in ann iad a léamh, ag an am. Tá mé cinnte nach mbeadh anois. [gáire] Ba mhór an onóir domhsa, nó do mo mhacasamhail dul síos agus na rudaí sin a fheiceáil, iad a léamh agus dul fríofu. Rinn’ muid lámhscríbhinní le Máirtín Ó Briain, go ndéana Dia grásta air, i nGaillimh. Bhí sé iontach, iontach ar fad. Bhí Anders Ahlqvist, Donnchadh Ó hAodha agus ar ndóigh, an tOllamh Gearóid Mac Eoin againn ag an am i nGaillimh. Bhí siad galanta.

Futa Fata agus an Saol Mór Amuigh Ansin

SMM: Tá tú ag ’ul do scríbhneoireacht na leabhar, le Futa Fata agus tá siad ag déanamh aistriúchán Sínise, Gaidhlig, Cóirise orthu. Cad é tá ar siúl ansin?

ANGBh: Nach bhfuil sin saoifiúil ar fad! Chaith mé bliain déag ag obair le cara liom, Patricia Forde, ag cumadh scéalta do Ros na Rún agus is mór an spórt a bhí againn ag an am, ach bhí croí Tricia i gcónaí i scríobh leabhar do pháistí, i nGaeilg agus i mBéarla. Chas sise ar Thadhg agus dúirt sí liomsa, “an mbeadh suim agat leabhar a scríobh?” Níor smaoitigh mise riamh air.

Bhí cúrsa, cibé, ag Tadhg; bhí sé ag reáchtáil ceardlann seachtaine, ag plé le scríobh do pháistí. Bhí sé féin agus Barbara Slade, Poncánach a bhí ag obair ar go leor chláracha ag an am, Rogue Rats an ceann is mó ina measc. Roghnaigh siad scéalta s’againne, Tricia, mé féin agus Bridget Breathnach.

Chuaigh muid amach toigh Thaidhg agus bhí sé ag caint ar an fhís atá aige. Bhí sé ag caint ar gan daoine eile a mhaslú leis an mhéid a scríobh tú, gan muc a ithe agus mar sin. Tá cuimhne agam go raibh gairfean millteanach an lá sin agus d’fhág mé féin agus ’Tric [Forde] an lá sin teach s’aige. Shíl mise go raibh sé craiceáilte. [pléascadh gáire] Dúirt mé le Tric, “tá an fear sin ag smaoiteamh ar leabhar Gaeilge a scríobh!”, ach bhí seisean ag smaoiteamh ar an mhargaíocht domhanda, - a bhí ar fáil! Ní raibh seisean ag smaoiteamh ar an Ghaeilg, bhfuil a fhios agat, mar rud beag cúng amháin.

Ar bhealach, bhí sé aisteach mar bhí mise ag scríobh ar feadh blianta don teilifís agus bhinnse ag rá, “ná bí ag amharc ar Eastenders ná ar Fair City. Thig linn a bheith chomh maith céanna leis sin. Níl an t-airgead céanna againn, ach thig linn a bheith chomh maith céanna agus níos fearr. Ná bí ag iarraidh aithris a dhéanamh orthu sin”. San am chéanna, bhí mé fós ag smaoiteamh ar mhuintir agus ar phobal na Gaeilge. Don chéad uair ariamh, chas mé le fear agus bhí sé ag smaoiteamh ‘ó, tá sé i nGaeilg, ach tá saol mór amuigh ansin! Cad chuighe nach mbeadh suim acu i scéalta s’againne?’

Bhíodh sé féin ag aistriú scéalta as teangacha eile go Gaeilg agus dúirt sé leis féin, ‘táimid féin chomh maith céanna agus tá na scéalta s’againn féin chomh maith céanna. Cad chuighe nach dtiocfadh linne scéalta s’againne a thabhairt go Bologna agus go háiteanna eile agus iad a dhíol?’ Sin an fhís a bhí aige, amuigh ar an Spidéal, lá gairfin sa gheimhreadh! [gáire]

An tIlteangachas

Scríobh mise ‘Cócó an Colgán Cairdiúil’ agus bhí Tadhg iontach sásta agus scríobh Bridget Breathnach ceann, ‘Lúlú agus an Oíche Ghlórach’, - sin an ceann a díoladh ar dtús. Thug sé chun na Síne é agus tháinig sé ar ais agus dúirt sé, “táimid i ndiaidh leabhar Bridget a dhíol”. Níor chreid mé é. Chuir sé lena fhocal! Fuair sé scéal go raibh suim acu in Cócó. Tá Cócó aistrithe go Gàidhlig, Cóiréis. Tá leabharthaí eile aige chomh maith. Tá ceann aige faoi láthair, ‘Mise agus an Dragún’ le Tric, tá sin aistrithe go Fraincis agus go Danmhairgis.

Tom an Bhungaló

SMM: Ba dhuine díograiseach drámaíochta Gaeilge é d’athair Tom, beannacht Dé leis. Ba é a chum an t-amhrán fíorálainn, Gabhla, nó Cumhaidh an Oileáin. Tá sibh mórtasach as sin?

ANGBh: Tá. Táimid mórtasach as sin.

SMM: An gcuireann sé cumhaidh ort nuair a chluinfeas tú an t-amhrán sin?

ANGBh: Cuireann sé cumhaidh mhíllteanach orm. An bhean a bhíos ag ceol an amhráin sin, Gracie Mac Ginley a bheirimidinne uirthi, bhí Gracie iontach mór linne i gcónaí agus tá a níon s’aici, Fiona mór liomsa ó bhí muid trí bliana d’aois. Fuair sise bás mí Meán Fómhair anuraidh. Tháinig sise ag obair le mo mhuintir nuair nach raibh sí ach seacht nó ocht mbliana déag agus d’fhás sí aníos in teach s’againne. Bhí sí i gcónaí mar chuid de theaghlach s’againne ag fás aníos agus nuair a mhothaím an ceol sin, cuireann sé cumhaidh mhillteanach orm. Ag tús mhí Mhárta bhí Éigse Uladh ar siúl agus bhí sé fá m’athair, Tom an Bhungaló agus an drámaíocht is eile agus cheol gariníon Gracie an t-amhrán. Chuir sé cumhaidh mhillteanach agus chuir sé crothnú mhillteanach orm, don bheirt acu. Bhí Gracie i bhfad níos óige ná m’athair.

Tógadh sa teach muid le drámaíocht i gcónaí. Shíl mise go raibh achan teach mar a chéile, bhfuil a fhios agat, nuair nach raibh fhios agat a dhath níos fearr. Bhí mé ar an ardán ó bhí mé ceithre bliana d’aois. Bhíodh sé ag cleachtadh drámaí sa teach i gcónaí. Bhí sé mar chuid de mo shaol agus mé ag fás aníos agus ag plé drámaíochta agus scéalta, ag plé aisteoirí agus carachtairí

Tionchar na Drámaíochta

SMM: Caithfidh gur shaighdigh sé sin thú i dtreo na scríbhneoireachta agus na teilifíse?

ANGBh: Go cinnte! Gan amhras ar bith agus crothnaím go mór m’athair anois, ar na mallaibh ansin, bhí mé ag cur iarratas le chéile le cur isteach ag TG4. Chrothnaigh mé an oiread sin é, nó bheinn i gcónaí ag plé rudaí leis, nuair a bheadh smaoiteamh agam. Bhí sé ceithre scór go leith nuair a fuair sé bás, ach fiú go dtí an coicís deireanach, bhí sé gníomhach.

Bhí mo dheirfiúr sa bhaile as Londain agus bhí sí ag aithris dán Aoidh Ruaidh, ‘Triallaidh liom ar bhord mo loing’ arsa an captaen go dtí an béal binn bréagach’. Dán mór mór fada. Chuaigh sí in abar cúpla iarraidh leis, ach má chuaigh, thug seisean leide daoithi achan iarraidh. Bhí sé ar fad ar eolas aige. Sin tús na Samhna. Bhí sé ina cheann go fóill.

An Teaghlach agus an Obair

SMM: Tá tú ag tógáil clainne agus ag scríobh anseo i nGaillimh. Ar choinnigh tógáil na cloinne siar thú nó ar chuidigh sé le do shaothar?

ANGBh: Óóó! Go fíreannach, déarfainn gur choinnigh siad siar mé. [gáire croíúil] Ó ’Dhia á sábháil. Má tá mé ionraic, choinnigh sé siar mé. Bhí mé díograiseach ag an tús, déarfainn, i bhfad ródhíograiseach, déanta na fírinne. Go cinnte, nuair atá na páistí agat, níl an t-am céanna agat le tabhairt do rudaí. Le cúrsaí teilifíse, tá sé níos oiriúnaí don aos óg, i ndáiríre. Tá mé ag iarraidh níos mó am leis na páistí anois, ar mhaithe liom féin chomh maith leis páistí. Tá an t-am ag imeacht agus tá siadsan ag fás aníos.

SMM: An bhfuil cumhaidh ar bith ort i ndiaidh Thír Chonaill?

ANGBh: Níl. Is breá liom Gaillimh. Tá mo chroí istoigh ann, ón chéad lá ariamh ar leag mé cos ann. Tá gach rud againn, ach amháin na tránna. Tá na tránna i dTír Chonaill i bhfad níos deise. [gáire] Tá achan rud eile i nGaillimh agus tá na daoine galánta. Tá mo shaol i nGaillimh anois; sin an áit a bhfuil Paul agus na gasúir agus mo chuid cairde.

Cén cineál laetha saoire is fearr leat?

ANGBh: Is breá liom laetha saoire ar bith. [gáire] Is breá liom an Iodáil. Is breá liom na daoine, na dathanna, agus tá an oiread sin staire ag baint leis an Iodáil.

Cén leabhar is fearr leat?

ANGBh: Perfume, (Das Parfum) le Patrick Suskind. Tá rud inteacht scáfar ag baint leis; an smaoineamh ar fad, nach mbeadh boladh ag duine inteacht; go bhfuil tábhacht ag baint le chuile chéadfa atá againn.

Cén scannán is fearr leat?

ANGBh: Tá beirt. Dangerous Liaison, tá sé chomh cliste agus b’fhéidir an scannán is snasta ó thaobh scripte, tchítear domh féin, The Lion King. Tá achan uile fhocal agus achan uile líne roghnaithe go cúramach. Tá máistreacht iontach sa script sin. Ón line tosaigh, ‘Life’s not fair, is it?’. Tá achan line chomh lán le fothéacs, tá sé aoibhinn, cé gur scannán do pháiste é.

SMM: Go raibh míle míle maith agat a Ailbhe.

ANGBh: Go ndéanaí mhaith duit.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.