Thug Robert McMillen fogha faoi bhallaí Dhoire agus faoin Chultúrlann le riar maith ceisteanna a chur ar an Phríomhfheidhmeannach ann, Gearóid Ó hEára. Chonaic Gearóid athruithe ag teacht ar an chathair agus ar an saol nár shamhlaigh sé riamh roimhe na blianta ó shin.
Tá Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire ar na foirgnimh is suntasaí sa chathair, é ainmnithe do na gradaim ailtireachta The Stirling Prize agus The Venice Biennale. Do mo leithéid a raibh an fhuacht, an tae agus Marie biscuits mar chuid lárnach de shaol foghlamtha Gaeilge, léiríonn an foirgneamh ar Mhórshráid Shéamais an dul chun cinn atá déanta ag an Ghaeilge le 40 éigin bliain anuas. Ar dhóigh, tá an turas céanna ón dorchadas go dti an solas déanta ag an fhear atá ina Phríomhfheidhmeannach ar Chultúrlann Dhoire, Gearóid Ó hEára, ach tosaíonn an comhrá ar an rath atá ar an ionad cultúir iontach seo cois Feabhail.
Deir Ó hEára go bhfuil sé ag dul i bhfeidhm go mór ar mhuintir Dhoire. “Sular osclaíodh Cultúrlann Uí Chanáin, bhí tuairim is dosaen rang againn sa tseachtain agus corradh le 200 dalta ag foghlaim iontu. Ó bhog muid isteach anseo, ba é an sprioc a bhí againn ná 20 rang agus 400 dalta ach i mbliana tá muid chun tosaigh air sin ag mealladh suas le 450 duine. “Anuas air sin, tá beagnach 250 duine, idir óg agus aosta ag foghlaim uirlisí ceoil agus bíonn coirmeacha ceoil agus léiriúcháin de na healaíona traidisiúnta - an damhsa agus an amhránaíocht ar an sean-nós - sa Chultúrlann agus tá cumann fuinniúil óige bunaithe sa Chultúrlann” ar sé.
Dhá Thaobh an Phobail
Ós rud é gur seo tuaisceart na hÉireann agus tá muid ag plé cúrsaí Gaeilge, is éigean an cheist a chur, an meallann An Chultúrlann daoine “ón dá phobal”. “Rud a chuir iontas orainn, ná go mbíonn Comhlachas Tráchtála na cathrach ag reáchtáil cruinnithe dá gcuid anseo. Anois, ní cairde de chuid na Gaeilge iad an Comhlachas ach tchí siad go bhfuil rud éigin uathúil ag baint leis an áit seo, Anuas air sin, tugann oifigigh phleanála na comhairle anseo toscaireachtaí ó lucht pleanála comhairlí eile agus sílim go bhfuil mórtas ar mhuintir Dhoire, ní as an Ghaeilge, b’fhéidir, ach as an fhoirgneamh iontach seo atá acu ar Mhórshráid Shéamais.”
Tá cuma fhir ghnó mór le rá ar Ó hEára agus muid ag comhrá i seomra boird na Cultúrlainne ach tá turas saoil as an ghnáth siúlta ag an fhear a rugadh “faoi scáth na mballaí,” mar a deir sé féin. “Rugadh mé in uimhir 15 Sráid Waterloo, in aice le Geata an Bhúistéara ar imeall Thaobh an Bhogaigh, agus bhog muid go dtí an Creagáin ina dhiaidh sin. Riamh anall, bhí muidinne, Caitlicigh, in áit na leathphingine sa chathair seo. Bhog an tromlach na ndaoine in achan teaghlach thar lear mar ní raibh aon obair ná tithe ar fáil acu abhus agus an cleas is mó a bhí ag na haontachtaithe a bhí i gceannas ná, cé go raibh tromlach náisiúnaíoch sa chathair, b’éigean iad a chur faoi smacht agus rinne siad sin fríd an chlaonroinnt.
“Cé go raibh tromlach 75 faoin chéad ag Náisiúnaithe Caitliceacha, 75 de na comhairleoirí, b’aontachtaithe Protastúnacha iad. Agus nuair a bhí smacht acu ar an chomhairle, bhí smacht acu ar ghnóthaí tithíochta agus chinn siad nach dtógfaí tithe úra ar thaobh na Cathrach rud a chiallaigh go mbeadh dhá toghcheantar acu go brách. Ní raibh Méara Caitliceach ar Dhoire ó 1921 go dtí 1972.”
Sin ráite, ní raibh mórán cainte ar an pholaitíocht toigh mhuintir Uí Eára. Is cuimhin le Gearóid caint ar mharú Sheáin Shabhat agus Fheargail Uí Annluain i 1957. “Is cuimhin liom gur smuigleáladh an ceirnín Seán South of Garryowen isteach sa teach agus cúpla fear cruinn thart ar sheanghramafón ag éisteacht leis mar a bheadh uisce faoi thalamh ann.”
Pobal Measctha
Sa tsráid a raibh Muintir Uí Eára ina gcónaí ann, bhí idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh, ball de na B-Specials a thagfadh chun an bhaile go mall san oíche agus raidhfil .303 ar a ghualainn aige san áireamh. Comharsanaigh eile a bhí ag Gearóid, sacadh isteach sa Cheis Fhada iad mar gheall ar eachtraí ar son an UVF - ag an am céanna a raibh Gearóid ann mar gheall ar eachtraí ar son an IRA.
Chuaigh Gearóid ar scoil ag na Bráithre Críostaí “a bhuail an cac asam” agus uaidh sin go Coláiste Cholmcille scoil “inar bualadh an cac asam.”
I gColáiste Cholmcille, mhothaigh sé nach raibh meas madaidh ag na múinteoirí ar an ghnáthmhuintir. Thug na sagairt "Cannibal Island" ar an Chreagán agus thógadh siad thú amach as do shuíochán le greim daingean ar do ghruaig nó ar do leathchluais. Ní raibh meas ar bith acu ar an lucht oibre ach ba chuma cén t-oideachas a bhí ar fáil d’aos óg Dhoire, bhí an saol thart orthu réidh le pléascadh. De réir a chéile, bhí teannas ag dul i méid ar fud an tuaiscirt agus náisiúnaithe ag iarraidh cearta sibhialta a bhaint amach. D’fhreagair an Stát agus lucht a tacaíochta leis an láimh láidir.
Ar an 12ú mí Lúnasa 1969, bhí Ó hEára i measc scaifte ógánach ag bacán ag bun Shráid Liam nó William Street ag déanamh agóide in éadan mhórshiúl na bprintíseach a dhéanadh ceiliúradh bliantúil ar bhua na bProtastúnach le linn Imshuí Dhoire i 1689 ach a aithníodh mar mhasla ag pobal Caitliceach Dhoire. Thosaigh an dá dhream ag stróiceadh mionnaí móra ar a cheile ach d’éirigh sé níos measa agus d’imigh sé go hiomlán as smacht agus Gearóid Ó hEára i lár an aonaigh.
Saighdiúirí Anall
“Bhí mise óg go leor, thart ar 15 bliana ag an am agus bhí mé i lár scaifte as an Chreagán. Thóg duine rud éigin agus bhí sé á chur thart ag iarraidh ar dhaoine é a chaitheamh, mar sin caith mise é. Níl mé ag rá gur chuir mé tús leis na Trioblóidí ach phléasc achan rud ansin agus thosaigh Cath Taobh an Bhogaidh.
“Seo rud nach bhfacthas riamh roimhe sin,” arsa Ó hEára. “Bhí an pobal ina iomláine páirteach ann, idir fhir agus mhná, an t-aos óg agus sheandaoine. Daoine a bhí cleachtaithe le neamhaird a dhéanamh de na maslaí, den leatrom, den chos ar bolg, phléasc siad i racht ollmhór feirge.”
Mhair an cath ar feadh thrí lá agus thrí oíche agus gach duine sa phobal diongbháilte nach mbeadh an bua ag an RUC a raibh oiread sin fuatha acu dóibh nó ag na Paisleyites a bhí ag cuidiú leo. Agus fórsaí an stáit traochta, don chéad uair ó tháinig an chríochdheighilt isteach, imscaradh saighdiúirí Shasana ar shráideanna na Sé Chontae agus tháinig ciúnas bhagarthach go malltriallach ar Dhoire. Cois Feabhail - agus i mBéal Feirste agus in áiteanna eile - cuireadh fáilte chroíuíl roimh Arm na Breataine cionn is gur léirigh siad gur chaill an RUC an troid, ach ní raibh Gearóid Ó hEára chomh buíoch sin.
“Bhí daoine ag moladh dúinne gan aon fháilte a chur roimh na Sasanaigh,” is cuimhin leis. “Roimh i bhfad, bhí na saighdiúir ag cur isteach orainn, ár stopadh agus ár gcur in éadan an bhalla lenár gcuardach agus b’ag an am sin a chinn mé ar dhul isteach i nGluaiseacht na Poblachta.”
An Rud is Measa le Duine, b’Fhéidir …
I 1973, chaith Ó hEára bliain ar athchur as buamáil a cuireadh síos dó ach níor ciontaíodh riamh é. I ndiaidh bliana, bhí díospóireacht ag dul ar aghaidh i measc poblachtánach faoi na cúirteanna a aithint. Am ar bith a raibh Ó hEára os comhair na cúirte, dhiúltaigh sé seasamh, pléadáil nó an cúirt a aithint ach an bhliain sin, roghnaíodh seacht gcas ina bhfeadfaí saoirse a bhaint do chimí ar athchur ach iad an chúirt a aithint. Bhí cás Uí Eára ina measc ach ní raibh sé iontach sásta ach b’éigean an t-ordú a chomhlíonadh.
“Mar sin, i ndiaidh bliana de bheith ag diúltú an chúirt a aithint, thiontaigh mé suas le dlíodóir agus abhcóide, rud a chuir na bleachtairí fríd a cheile ar fad! Cuireadh an cás ar athló agus tugadh chuig na cillíní mé áit ar dúradh liom go dtabharfadh na póilíní le fios go raibh mé ag sceitheadh scéalta ar mo chomrádaithe agus go raibh mé ag comhoibriú leo dá rachainn ar aghaidh leis an chás.
“Chuaigh mé ar ais chun na carcrach agus dúirt le mo OC nach raibh mé ag dul a aithint an chúirt nach raibh mé sásta go millfí mo chlú ach dúirt seisean, “nó tá tú ag dul ar ais arís”. An lá dár gcionn, bhí mé os comhair na cúirte arís, thit an cás as a cheile agus ligeadh saor mé.” Nuair a tháinig sé amach, chreid sé go diongbháilte “sa streachailt armtha” agus maítear go raibh sé páirteach i líon mór scaoileadh agus buamáil agus admhaíonn sé gur tógadh é corradh le 200 uair, mar sin, cá huair ar iompaigh Ó hEára mar Naomh Pol ar a bhealach go Damaisc, i dtreo na polaitíochta agus ar shiúl ón fhoréigean?
“Bhí difir idir muidinne agus muintir Bhéal Feirste cuir i gcás, mar ní raibh traidisiún láidir poblachtachais i nDoire. Tháinig muidinne ó theaghlaigh Chaitliceacha, náisiúnaíocha choimhéadacha ar chuid mhór bealaí, agus níor thuig muid go hiomlán cad chuige a raibh muid ar an leaba chláir go dtí go raibh muid ar an pláta bheag agus fuair muid deis leabhair a léamh, éisteacht le daoine agus staidéar a ghlacadh.”
Stailc Ocrais ’81
D’athraigh sin ar ndóigh le stailceanna ocrais 1981. Bhí Gearóid ag obair le Cumann na nIarchimí i nDoire, ag bunú seirbhís tacsaithe dubha, ag ceannach tithe tábhairne agus gnónna eile, agus bhí sé ina rúnaí ar Chumann na Stailceanna Ocrais. I 1981 nó 1982, chláraigh sé le Sinn Féin agus mar dhuine a bhí thar a bheith feidhmiúil ag eagrú rudaí, ceapadh ina chathaoirleach ar an pháirtí i nDoire é i 1985, ina chathaoirleach ar Chomhairle na Sé Chontae i 1990 agus bhí sé ar an Ard-Chomhairle ar feadh 20 bliain ach i 1986, thosaigh Gerry Adams ag caint ar fheachtas síochána agus bhí Ó hEára mar bhall d’fhoghrúpa a rinne an scéal a chíoradh go mion - ainneoin go raibh sé amhrasach ann féin faoin treo ina raibh an páirtí ag dul.
“Bhí an feachtas míleata faoi lán seoil agus shíl mé go raibh sé aisteach a bheith ag caint ar shíocháin,” ar sé. “Mar sin féin, thosaigh Sinn Féin ag obair faoin mhana, Saoirse, Ceart agus Síocháin, an chéad uair gur bhain poblachtánaithe feidhm as an fhocal “síocháin.” “D’fhoilsigh muid bileog dar teideal A Scenario for Peace agus phléigh é le ceardchumannaithe, leis an chléir agus le daoine eile agus uaidh sin tháinig doiciméad eile amach Towards a Lasting Peace in Ireland. Ag an am seo, bhí na Brits ag caint go ciúin linn, bhí Gerry Adams i mbun cainteanna le John Hume, agus ó thaobh agamsa de, bhí baint agam leis na cainteanna a bhí ag plé an tsosa chogaidh.”
Fear a raibh clú air mar fhear crua agus a bhí amhrasach faoi “shíocháin”, bhí Ó hEára anois ag plé le forbairt phobail, le teagmháil a dhéanamh le Protastúnaigh a chathair dhúchais, le tógáil agus athnuachan foirgneamh a mbíodh an eagraíocht a raibh sé mar bhall ann ag iarraidh a scrios le tréan semtex. Toghadh é mar chomhairleoir ar Chomhairle Chathair Dhoire don chéad uair i 1989 agus i 2004, toghadh é mar Ardmhéara na cathrach, fear ón DUP mar Leas-Mhéara agus ar íorónaí an tsaoil, tá an fear a bhí ina bête noir ag an RUC anois ina ina leas-Chathaoirleach ar an Bhord Póilíneachta ó thuaidh. Dá mba dhúshlán do na póilíní a bhíodh ag iarraidh é a chur faoi ghlas, ba dhúshlán do phoblachtánaithe é chomh maith, a deir Ó hEára.
Ait an Mac an Saol
“Nuair a thoiligh mé dul ar an Bhord, shíl mé gur cailís nimhe a bhí ann ach chuaigh mé féin agus Martina Anderson isteach chuig an chéad chruinniú agus malairt eile cultúir a bhí ann. Sin ráite, mhothaigh muid go raibh na péas chomh imníoch linne.
“Roimhe sin, bhí mé ag seimineár eolais sa Stormont Hotel agus bhí siad ag inse dúinn an dóigh ar oibir an córas. Ag am lóin, i scuaine an buffet, bhí póilín an-sinsearach a raibh aithne agam air ó bhí sé ina sháirsint i nDoire, díreach romham. Caithfidh sé gur chuir sé faoi ghlas mé 20 uair. Bhí stair eadrainn, mar a déarfá.
Thosaigh an mionchomhrá ar chluiche rugbaí agus ansin shuigh sé síos lena chuid bia agus shuigh mise síos in aice leis. Níor shuigh aon duine eile ag an table. Chuaigh an mionchomhrá ar aghaidh faoi chúrsaí spóirt ach go tobann, stad sé, agus dúirt:
“tá sé seo aisteach, Gerry. Ar shil tú riamh go bhfeicfeá an lá seo?”
“Níor shil,” a dúirt mé.
Ach an eagraíocht í an PSNI an dtig le náisiúnaithe muinín a chur ann?
Measann Ó hEára go bhfuil cuid mhaith daoine ann ar daoine maithe iad atá ag iarraidh tús úr a chur le cúrsaí póilíneachta mar a dúirt Patten, ach go bhfuil “roinnt bheag” daoine ann go fóill a bhfuil an “seanaigne” acu. Measann sé go bhfuil coimhlint inmheánach ag dul ar aghaidh sa PSNI idir an dá aicme agus go bhfuil ról le himirt aige féin agus ag an Bhord le cinntiú go rachaidh na leasuithe ar aghaidh.
(Tá Ó hEára agus a chomhghleacaithe ag fáil réitithe de níos mó stáisiún póilíneachta ná mar a rinne an IRA riamh! Féach http://www.nipolicingboard.org.uk
Freasúra
Ar ndóigh, tá daoine eile ann nach mbeadh ar aon intinn le Ó hEára, easaontóirí poblachtánacha atá gníomhach i nDoire. Mar a bheifeá ag dúil leis le fear a bhí gníomhach i gcogadh in éadan Arm na Breataine agus an RUC, níl mórán measa aige ar na heasaontóirí. “Tá daoine anseo atá in éadan na ndrugaí agus is iad is láidre sa tuaisceart iad, ar iarbhaill d’Óglaigh na hÉireann cuid acu. Níl siad ag rá go bhfuil siad in éadan phróiseas na síochána, nó in éadan na póilíní féin. Tá siad in éadan drugaí, tá siad buartha, i ndiaidh na sosanna cogaidh go dtiocfadh na drugaí i réim agus go mbeidh contúirt ann do dhaoine óga. Measann na daoine seo nach féidir leis an PSNI déileáil leis an fhadhb, mar sin, tá siadsan i mbun gnímh ‘ar an tseandóigh’. Silim go bhfuil siad mícheart agus deirim sin leo. Ina measc tá daoine ionraice atá go dubh in éadan na ndrugaí agus daoine eile ann nach bhfuil chomh honórach sin, daoine eile ann ar mhaith leo cumhacht a bheith acu i measc an phobail, ar mhaith leo clú a bheith orthu.”
Agus muid ag caint, tá Doire á hullmhú mar Chathair Chultúrtha na Ríochta Aontaithe 2013. Is cuma le Gearóid faoin lipéad "UK" a bheith ar an bhliain.
“Ní cathair de chuid an UK an chathair a bhfuil mise i mo chónaí inti,” ar sé, “ach ghlac muid cinneadh, in áit an gradam a ionsaí, go ndéanfadh muid ráiteas faoin chathair, gur cathair ilchultúr atá ann agus tá muidinne chun a léiriú gur cathair Ghaelach atá i nDoire. Mheall muid Fleadh Cheoil na hÉireann go Doire, tá an CLG áitiúil iontach gníomhach, tá na heagraíochta Gaeilge uilig ag ullmhú don bhliain ach ní hionann sin is a rá nach mbeidh cead ag Protastúnaigh cultúr s’acu a léiriú go bródúil, ach measaim go bhfuil cultúr s’againne níos láidre agus níos doimhne agus déanfaidh daoine a measúnú féin ar sin.”