AGALLAMH BEO
Pauline Nic Craith, Altra ar an mBlár Catha
Catherine Foley Catherine Foley

Bhuail Catherine Foley isteach chun cainte le Pauline Nic Craith i Rinn Ua gCuanach, bean a bhí lonnaithe i mBéal Feirste agus a d’oibir mar altra ann i rith na mblianta ba mheasa a raibh an dortadh fola agus an scaoileadh luaidhe, rubair is plaistigh ina reacht.

Íomhá
Pauline i mbun oibre sa bhl. '51
Íomhá
Pauline leis an gcarr mór i SAM '54
Íomhá
Pauline & Joe gléasta le dul amach
Íomhá
Lá mór na lánúine 1956
Íomhá
Joe, Pauline agus an chlann
Íomhá
Pauline ar ais ar an bhfód dúchais, An Rinn

CF: Tá tú bogtha thar n-ais i measc do mhuintire i d’áit dúchais féin, Pauline, sa Rinn in iarthar Chontae Phort Láirge anois. Tá a fhios agam gur oibrigh tú mar altra i Nua-Eabhrac sna caogaoidí, ach abair liom ar dtúis, conas a tharla sé gur bhain tú jab mar altra ceanntair agus scoile amach in iarthar Bhéal Feirste agus conas gur fhan tú ag obair ar feadh seacht mbliana déag, ag obair i measc an phobail le linn na mblianta is deacra i dTuaisceart Éireann?

PNC: Tháinig m’fhear céile, Seosamh Mac Parthaláin, ó Bhéal Feirste. Cuntasóir ab ea é. Phósamar thall i Meiriceá i 1956 ach thánamar abhaile ansan ar saoire. Bhí sé beartaithe againn, agamsa ar aon nós, gan dul thar n-ais, agus nuair a thánamar abhaile go hÉirinn as na Stáit Aontaithe, is i mBéal Feirste a chuireamar fúinn. Níor thaitin Béal Feirste liomsa ar aon chor i dtosach mar ní raibh mé ann riamh roimhe agus is iontach an t-athrú a bhí thuas ansan i gcomparáid le Bhaile Atha Cliath.

CF: An raibh tú scanraithe aon uair?

PNC: Ní raibh mé ar dtúis, ach maidin amháin tháinig urchar díreach thar m’aghaidh. Chonaic mé an solas. Scanraigh sé sin mé. Agus bhí deartháir Joe, ina sheasamh ag lorg bus agus fuair sé urchar díreach in airde os cionn a shúile. D’fhág sé poll beag ann. D’imigh sé sin thar n-ais go dtí Meiriceá. Bhí mé lá amháin i Sráid Cooper, sin an phríomhoifig a bhí againn mar bhí mé thuas in iarthar Bhéal Feirste agus 5,200 páistí scoile ar mo leabhar agam. Triúr againn a bhí ann. Obair dhian ach obair iontach a bhí ar siúl againn. Nuair a bheadh na carranna dóite, bheifeá ag tiomáint tríd an luaithreach agus iad te. Chuaigh mise amach ag obair nuair a bhí an dá pháiste, Seosamh Caoimhín agus Áine ina scoláirí meánscoile. Bhíodar críochnaithe sa bhunscoil. Agus is cuimhin liom ar dtúis, nuair a thosnaigh mé, bhíodh na saighdiúirí ag fanacht i seomra a bhí againn sa clinic. Bhí sé sin ceart go leor, an dtuigeann tú, sórt buannachta a bhí acu istigh ann ach ní raibh a fhios agamsa agus d’oscail mé an doras lá amháin agus bhíodar ann, fiche acu, agus na gunnaí agus gach aon rud acu, iad ina gcodladh ar an urlár ag fanacht go dtí go nglaofaí orthu.

Bhíomarna idir an tSeanchill agus Bóthar na bhFál, an Peaceline, an t-am sin. Bhí mé ar Bhóthar na bhFál beagnach an t-am ar fad. Bhí na scoileanna agus na múinteoirí go hiontach. N’fheadar aoinne cad a chuadar tríd.

Saol Cráite

CF: An raibh daoine bocht, Pauline?

PNC: Ní dhéarfainn go rabhadar bocht. Bhíodar cráite agus scaipthe, na fuinneoga briste i gcuid des na scoileanna ann, agus na haithreacha ar teitheadh agus ní raibh a fhios ag na mná cá rabhadar agus ní raibh a fhios ag na páistí cá rabhadar, ach fuaireadar aire mhaith ón Rialtas, déarfainn é sin, agus ós na dochtúirí agus na haltraí. Bhí scéim iontach ar siúl againn dóibh. Agus an méid crá a fuaireadar, ach fuair na daoine ar an dtaobh eile, na Protastúnaigh, an crá céanna. Ní raibh aon difríocht agus má bhí bochtanas in áit amháin, bhí sé san áit eile. Ach bhíodar ag fáilt go leor nuair a chuimhnímse air. Bhí na dochtúirí saor, agus bhí go leor le fáilt acu. Ní raibh aoinne go raibh ocras orthu.

CF: An ndeachaigh tú timpeall ar rothar nó i gcarr.

PNC: I mo charr agus bhí sé contúirteach go leor. Bhíodh mar a bheadh pléascán ann. Is cuimhin liom bhí sé go dona ar fad nuair a chuaigh mé isteach, i 1972. Nuair a d’imeodh an buama, scaipeadh na hurchair agus chaithfeá titim ar an urlár go mear mar bhí fuinneoga in aice leis an áit agus is cuimhin liom buachaill beag amháin ag teacht abhaile agus bhí a láimh aige ina phóca, don chéad uair go raibh sé ag tógaint airgid abhaile don a mháthair, agus shíleadar go raibh rud éigin ina phóca aige agus lámhachadh é. Maraíodh é. Is cuimhin liom, bhí pictiúr den mháthair ar an teilifís, ach maraíodh ar an spota é. Is mó saighdiúir, ar ndó, a mharaíodh leis ann.

CF: Ach caithfidh gur bhris sé do chroí nuair a chonaic tú daoine ag fáil bháis.

PNC: Ní fhaca mise mórán ag fáil bháis ach ag léamh mar gheall air. Is cuimhin liom maidin amháin ag dul síos go dtí an scoil ar Bhóthar na bhFál agus bhí carr agus é clúdaithe ach bhí triúr ban tar éis a bheith lámhachtha istigh ann. Dearmad a bhí ann. Agus bhí na páistí leo istigh sa scoil.

Bruanta agus Miotóga

CF: Conas ar mhair tú i measc an áir sin?

PNC: Tá a fhios agat, is i rith an lae a bhímis ann. Ní bhímis ann i rith na hoíche agus ní bhímis ann i ndeireadh seachtaine. Sin an t-am is measa, an deireadh seachtaine. Ach is cuimhin liom lá amháin, dhúnaimis an clinic ag am lóin agus thabharfaimis an lón isteach, bhí cistin ann. Ach d’imigh an clog agus nuair a d’fhreagraíomar an doras, dúradar linn bruanta agus miotóga rubair a fháil agus cabhrú leo. Is léir go raibh buamaí á ndéanamh acu in dá theach sraithe agus séideadh suas iad agus bhíodar anois chun na coirp a bhailiú agus iad a chur isteach i málaí. Bhí cailín liomsa agus thug sí an mála thar nais. Ní bhfaigheadh sí é a dhéanamh. Bhí sé an-deacair.

CF: Agus an raibh ortsa é sin a dhéanamh?

PNC: Ní raibh orm é a dhéanamh an lá sin ach bhí ar go leor daoine. N’fheadar aoinne dén ciapadh agus céasadh a fuair na gnáthdhaoine, ach níor bhris sé an misneach iontu.

CF: Cad mar gheall ar d’fhear céile, Seosamh Mac Parthalán. Bhí an-cháil bainte amach aige mar aisteoir tábhachtach sula bhfuair sé bás i 1994.

PNC: Bhí sé an-cheanúil ar aisteoireacht. Bhíodh sé sa Lyric. Ní raibh an Lyric mór an t-am sin mar atá sé anois. Bhí sé sin i dtigh ar Ascaill Dhoire Bholgaidh agus bhí Joe agus seisear eile, is dóigh liom, ag déanamh drámaí le Yeats. Mary O Malley a bhí ann, tá a fhios agat, sna seascaidí agus bhíodh sé go hiontach. Ní raibh ach ardán beag ann.

CF: An cuimhin leat Joe a bheith ar stáitse?

PNC: Ó is cuimhlin liom é go maith. Nuair a bhí an Lyric ar siúl, bhínn thuas ann agus bhí aisteoirí an-mhaithe ann an uair sin. Ó bhí sé an-greannmhar ar an ardán agus bhíodh sé ar an bpáipéar agus dhein sé sceitseanna leis ar an BBC. Thagadh daoine ó scoil chuige sa tigh ag caint leis mar gheall ar an aisteoireacht.

Imeacht ó Phost

CF: Caithfidh go raibh dúil mhór aige san aisteoireacht ón chéad lá, an raibh?

PNC: Á, bhí sé fiáin agus sa deireadh, bhí Áine óg, is dóigh liom, bhí obráid croí aige, murmur, ach níor chuir sé isteach air in aon chor… Bhí sé ag obair sa Bonding Company, ach bhí The Full Shilling (dráma le Lee Dunne, Joe McPartland sa phríomhpháirt) ar siúl i 1971. Bhí sé i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i Luimneach agus d’fhág sé an post ansan agus chuaigh sé ag aisteoireacht.

CF: Ar thug tusa tacaíocht dó? Ar cheap tú go raibh an cheart aige éirí as a phost?

PNC: Níor cheap mé. Níor thaitin sé liom in aon chor. Sa deireadh, dúirt sé gur mhaith leis é a dhéanamh agus níor stop mé é, ach chuaigh mise amach ag obair ansan, nuair a bhí an bheirt pháiste críochnaithe sa bhunscoil. Agus fuaireadar an 11 Plus, an bheirt acu agus bhí Joe i St Malachys agus bhí Anne i St Dominic’s. Bhí mise ag obair i Cooper Street, mar altra scoile agus gheobhainn í a thabhairt ar maidin agus bhí Joe ag dul go dtí an oifig ina raibh seisean agus thóg sé Joe óg ar scoil ar maidin. Lean sé sin ar feadh tamaill agus bhí an cogadh ar siúl agus bhí sé millteach.

CF: Cad é an ról is mó a bhí aige?

PNC: In the Name of the Father, bhí páirt Charlie Burke aige, caimeo ba ea é, ach bhí sé an-mhaith ann mar tramp. Agus ar an teilifís, bhíodh sé ag déanamh na Orange men agus hata crua air agus bhí sé go hiontach chun The Old Orange Flute a chanadh. Agus bhíodh sé ag déanamh go leor don teilifís.

CF: Bhí tú ag obair in Ospidéal Maimonides, an phríomhotharlann kosher Iúdach i Meiriceá nuair a bhuail tú leis don chead uair.

PNC: Sea. Bhí sé ag obair don Great American Indemnity Co. Bhí sé mar chuntasóir acu-san agus bhí sé ag taisteal agus théadh sé ó stáit go stáit. Agus bhí carr agus gach rud tugtha dó.

Ní nach Féidir a Fhoghlaim, Fonn .....

CF: Agus tá cáil ar Áine, (Áine Uí Cheallaigh) d’iníon mar amhránaí clúiteach de chuid na nDéise anois. Tá Corn Uí Riada buaite aice dhá uair. An mbíonn tusa ag amhránaíocht, Pauline. An bhfuil guth agatsa?

PNC: Sure, níl mórán. Píosa beag.

CF: An raibh guth ag d’fhear céile?

PNC: O, bhí sé traenáilte. Bhí guth álainn aige. Tá sé ar cheirníní agus bhíodh sé ag canadh i ndrámaí go leor.

CF: Nuair a bhí tú ag obair san ospidéal i Nua-Eabhrac, abair liom mar gheall ar sin.

PNC: Ó, is cuimhin liom othair bhochta, Iúdaigh Pholainneacha, a dh’fheiscint. Maidin amháin bhí Dr Solomons ag fáthmheas an chailín álainn seo agus bhí cúpla mac léinn istigh leis agus dúirt sé liomsa “an bhfeicíonn tú an rud seo ar a láimh, uimhreacha ar a láimh. Is ón concentration camp é sin.” Agus dúirt an cailín liom í féin ina dhiaidh san go raibh sí sa champa seo agus an obair a bhí ar siúl acu, í féin agus fear eile, ná grágáin mhóra de chrainn a chur síos go dtí an abhainn agus iad a fhágaint go rachaidís síos agus oíche amháin, chuadar in airde ar cheann acu agus d’éilíodar amach agus sin an tslí a tháinig sise go dtí America.

Fear eile, bhí seomra aige sin ins an áit go raibh flat againn-ne, fear ana-dheas ar fad agus bhí Béarla maith aige. Ó Gallitiana dó féin agus dá mháthair agus chuireadh na Iúdaigh beart abhaile gach aon mhí, trí chruinniú éigint a bhí acu i mBrooklyn, chuiridís bia dá muintir, do Gallitiana.

CF: Tháinig tú abhaile sa deireadh.

PNC: Tháinig. Tá mé ag cur fúm sa Rinn le hocht mbliain anois, mar ar chaith mé blianta m’óige agus is breá le Joe, mo mhac, an Rinn. Anseo, is féidir linn a bheith le céile. Bhuel, gheobhainnse a bheith in aon áit, mé féin, ach b’fhearr liom a bheith fén dtuaith.

CF: An ea. Bhuel, is dócha gur chóir domsa imeacht. Tá mé faoi chomaoin agat, Pauline. Go raibh míle maith agat as ucht do chuid cainte.

PNC: Tá fáilte romhat, a Chatherine. Tar thar ais aon uair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.