AGALLAMH BEO
Guillermo Mac Loughlin
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Bhuail Robert McMillen le fear de bhunadh na hAirgintíne is de bhunadh Chlann Mhic Lochlainn Anghaile agus na sean-Mhí. Is é Guillermo Mac Loughlin eagarthóir an nuachtáin La Cruz del Sur, nó Crois an Deiscirt, san Airgintín.

Íomhá
Guillermo Mac Loughlin
Íomhá
An tAth. Ó Fathaigh as Gaillimh c. 1860
(le irlandeses.org ar Vicipéid)
Íomhá
Iománaithe Buenos Aires
(le Robert McMillen)
Íomhá
Bunaitheoir an nuachtáin, an tAth. Ó Duillín as Gaillimh
(le bibnal.edu.ar, Vicipéid)
Íomhá
José de San Martin ar chlé le Bernardo O Higgin ag trasnú na nAinde
(le Julio Vila y Prades ar Vicipéid)
Íomhá
Leabhar Bulfin (1902) faoi atheagar
Íomhá
William Bulfin, údar Cuentos de le Pampa
(ar Vicipéid)
Íomhá
Gaeil i dTir na nGauchos
(le Coiscéim)
Íomhá
Foclóir Áisiúil
(le Coiscéim)

Ar na dreamanna Éireannacha atá lonnaithe thar lear, diaspóra na hÉireann, is dócha gurb iad Gaeil na hAirgintíne an ceann is lú eolas air, cé go bhfuil an iliomad eolais i leabhar breá Mhichíl de Barra, ‘Na Gaeil i dTír na nGauchos’ (Coiscéim a d’fhoilsigh). Chuir mé aithne ar chuid den phobal Éireannach seo agus mé ar cuairt go Buenos Aires an mhí seo caite agus b’ábhar iontais agus lúcháire dom é.

Chaith mé tráthnóna aoibhinn ag an Buenos Aires Hurling Club, d’fhreastail mé ar cheiliúradh mór Lá na Féile Pádraig in Plaza San Martin atá baiste as laoch mór agus fuasclaitheoir na hAirgintíne, José de San Martin agus ceol traidisiúnta, amhráin tíre agus callán na mbróg damhsa a lá Riverdance ag líonadh na cearnóige ag dul ó sholas dó.

Mheall ceiliúradh San Patricio na sluaite - bíodh baint acu le hÉirinn nó ná bíodh - agus d’fheadfá a bheith in áit ar bith in Éirinn - mura raibh gach duine ag caint i Spáinnis!

Lá na Féile Pádraig féin, chuaigh mé chuig Colegio Santa Brigidia, scoil ghalánta ar Avenida Gaona a bhunaigh an Asociación Católica Irlandesa in 1899 ach bhí ceol agus craic, pinsinéirí súgacha agus tachráin ghealgháireacha ag caitheamh éadaí glasa agus teaghlaigh ag baint suilt as a n-oidhreacht chultúir faoi sholas na gealaí.

Ar an Mháirt, an 18ú Márta, a bhuí don Ambasadóir James Mc Intyre, bhí mé ag ceiliúradh de chuid Ambasáid na hÉireann san Airgintín i gceann de na hionaid is galánta in Buenos Aires, Lo de Aberg Cobo, é plódaithe le meascán mearaí de Gaeil-Airgintínigh agus a gcairde. I measc na n-aíonna, bhí Guillermo (ráite mar “gíséarmo”) Mac Loughlin, fear gnó, cuntasóir, agus crann taca an diaspóra Éireannaigh cois La Plata. Tá scéal Guillermo cosúil le scéalta na mílte Gael a chuaigh go Meiriceá Theas ó leag beirt cos ar an tír den chéad uair in 1520.

An Séú Glúin

“Is mé an séú glúin de Ghaeil-Airgintinigh,” ar sé liom os comhair Milanesas i gcaifelann in aice leis an Obelisco i lár Buenos Aires.

“Tháinig mo shinsear anseo ar dtús i 1831, na Mc Loughlins ó Glascorn (.i. Glascharn) cúig mhíle ón Mhuileann gCearr i gContae na hIarmhí agus ó ghaolta eile i lár na tíre. Tá mé gaolta le daoine i gContae Loch Garman chomh maith.”

Is feirmeoir é Guillermo fosta, agus é i seilbh an talaimh a cheannaigh a shinsinseanathair. Thomas Maguire.

Ní hionann feirmeacha anseo agus na feirmeacha in Éirinn,” arsa Guillermo.

“San Airgintín, i ndiaidh d’úinéir feirme bás a fháil, roinntear an talamh i measc gach ceann de na hoidhrí. Mar sin, nuair a fuair m’athair bás in 1999, roinneadh an fheirm idir cúigear againn agus is iad an cúigear againn atá i mbun na feirme. Feirm dheiríochta atá ann ach tá barra againn chomh maith.”

Ó thaobh a mháthar de, tá fuil Éireannach inti ach fuil Iodálach, Fhrancach, agus Inceach chomh maith.”

Ní nach ionadh, mar sin, go raibh suim riamh ag Guillermo sa stair agus sa ghinealach. Inniu, is comhairleoir gnó agus is cuntasóir é, gineolaí cáilithe, tá sé ar choiste an nuachtáin náisiúnta, La Nacion agus tá sé ina chomhairleoir d’ambasáid na hÉireann in Buenos Aires chomh maith.

An Southern Cross

Agus an t-eolas domhan atá aige ina sinsir, ní ábhar iontais ar bith é go bhfuil Guillermo ina eagarthóir ar nuachtán na nÉireannach san Airgintín, La Cruz del Sur/Crois an Deiscirt an nuachtán diaspóra is sine atá ar marthain fós.

Foilsíodh La Cruz del Sur den chéad uair in 1875 agus i measc na n-eagarthóirí bhí cara le Arthur Griffith, William Bulfin, a scríobh dhá leabhar mór-ráchairte, Tales of the Pampas agus ceann a chuaigh go mór i bhfeidhm i measc cheannairí náisiúnaíocha na hÉireann i ndiaidh a fhoilsithe in 1902. [le W. Hudson leabhar na bliana 1916]

“Scríobh mé mo chéad alt don nuachtán i 1976 agus tá mé ag scríobh dó ó shin. Ansin, lá amháin i 2009, dúirt an t-eagarthóir liom gur mise an t-eagarthóir úr agus sin a raibh de,” ar sé.

Ba mhaith le Señor Mac Loughlin go mbeadh níos mó altanna Béarla ar an nuachtán le go mbeidh teagmháil níos fearr aige le lucht léitheoireacht in Éirinn.

(Deir sé gur 99% de na daoine a chuaigh go dti an Airgintín, lucht labhartha an Bhéarla a bhí iontu.)

An Pobal Éireannach

líon an phobail Ghael-Airgintínigh ag méadú faoi láthair - agus ag titim ag an am céanna. “Tá sé ag méadú cionn is go bhfuil linbh úr ag teacht ar an saol agus cúlra Éireannach ag dul siar acu. Tá daoine eile ag fáil bháis ach is líonmhaire na Gaeil-Airgintínigh agus, faoi láthair, tá tuairim’s leathmhilliún Gael-Airgintíneach sa tír, an diaspóra Éireannach is mó chuig tír nach labhraítear Béarla inti.

“Sin ráite, mar gheall ar an idirphósadh tá sé deacair theacht ar dhaoine óga ar Éireannaigh iad gach duine dá sinsir. Cuid de na daoine, tá siad cúig faoin chéad Éireannach, cuid eile, b’fhéidir, 25%.

An chéad seo caite, bhí na pobail Éireannacha druidte, scartha leo fein ar na feirmeacha agus ar na estancios (feirmeacha ollmóra), agus phós Éireannaigh Éireannaigh eile.

Ach nuair a tháinig siad a chónaí in Buenos Aires, mheasc siad leis na ciníocha eile agus de réir a chéile laghdaíodh an tÉireannachas a bhí iontu. Mo theaghlach féin, tá siad 25% Éireannach, ach is iomaí Airgintíneach a bhfuil sloinne Éireannach air agus tá siad an-bhródúil as sin,” arsa Guillermo. Sin ráite, go dtí le gairid, mhothaigh Gaeil Mheiriceá Theas gur dream dearmadta a bhí iontu mar gheall ar an easpa teagmhála a bhí acu le hÉirinn.

“I Meiriceá Thuaidh, tá an ceangal nó an gaol iontach cóngarach. Is Éireannaigh 100% iad féin nó a dtuismitheoirí nó labhraíonn siad faoina n-uncail nó a gcol ceathracha Éireannacha atá ina gcónaí fós in Éirinn. Ní sin mar atá sé anseo. Caithfidh muid dul i bhfad siar le theacht ar na caidrimh chlainne sin féin,” arsa Guillermo.

Bunús na ndaoine a tháinig ó Éirinn go dtí an Airgintín, tháinig siad as dhá cheantar ar leith - triantán i lár na tíre ina bhfuil Longfort, Uíbh Fhailí agus an Iarmhí chomh maith léi ceantar ar leith i gCo Loch Garman. Mar sin, is beag ceantar ar oileán na hÉireann a bhfuil dáimh dhíreach acu leis an Airgintín.

Easpa Teanga ina Constaic

Sin an fáth nach n-aithnítear go bhfuil a oiread sin Éireannach anseo. Tá an teanga ina chonstaic fosta,” ar sé cé go n-admhaíonn sé go bhfuil an t-ollfhás faoi ghnóthaí cumarsáide ina chuidiú agus Airgintínigh ag teacht ar ghaolta i bhfad amach fríd an idirlíon.

“Tá a fhios ag níos mó daoine anois go bhfuil cóilíneacht nó go raibh ionradh tábhachtach Éireannach san Airgintín.”

Mhínigh Guillermo go raibh tréimhsí ar leith nuair a thaistil Éireannaigh trasna an Atlantaigh go Meiriceá Theas. I dtréimhse na coilíneachta, nuair a bhí an tír faoi smacht na Spáinneach - ón 16ú cead go dtí an 19ú cead agus cogadh na saoirse san Airgintín - bhí Éireannaigh sa tír. Nuair a bunaíodh Buenos Aires in 1536, bhí Éireannaigh i measc an 78 duine a chuir fúthu ann. Ar ndóigh, bhí an-dáimh ag Éireannaigh leis an Spáinn agus bhí na Spáinnigh an-bhuíoch de na Gaeil a throid ar a son san iliomad cath agus mar gheall ar nasc ársa a maíodh idir an dá thír fríd Chlann Míleadh.

Bhí clú agus cáil ar na hÉireannaigh le linn ré na Spáinneach - an Dr. Michael O Gorman a bhunaigh an tAcadamh Leighis in 1780; bhí muintir Lynch ina ríshliocht sa tír ar chúiseanna difriúla ó bhog Patricio Lynch ansin sna 1740í (Ernesto Guevara Lynch nó Che Guevara an duine is clúítí acu inniu).

“Is é José de San Martin an laoch náisiúnta, an fear a bhain neamhspleáchas amach dúinn ach ba é John Thomand O Brien as Bealach Conglais i gCill Mhantáin a bhí ina aide de camp aige.”

Ag Socrú Isteach

Agus bhí Ghaeil-Airgintinigh i measc cheannairí na tíre i ndiaidh í neamhspleáchas ón Spáinn a bhaint amach. Rialaigh Juan Martin de Pueyrredón an tír in 1816 mar Supreme Director of the River Plate Provinces. Dogan a bhí ar a athair mór.

Bhí Bartolomé Mitre ina Uachtarán ar an tír idir 1862 agus 1868. B’as Loch Garman dá mháthair mhór.

“Agus cérbh é an fear a chuir an Cód Sibhialta agus an Code Commerciale le chéile i dtús báire - Dalmacio Vélez Sarsfield.” (Tá siad ann a deir go bhfuil Vélez Sarsfield gaolta le Patrick Sarsfield ach níl Guillermo chomh cinnte sin.)

Agus muid in Mendoza in iarthar na hAirgintíne, bhí buidéal mór Quilmes againn in onóir William Brown as Béal Easa i gContae Mhaigh Eo. Ba é Guillermo Brown a bhunaigh cabhlach na hAirgintíne agus nach iontas é gur bhunaigh ceathrar Éireannach cabhlaigh ar Mhór-Roinn Mheiriceá - Brown san Airgintín, Thomsa Charles James Wright san Eacuadór, Admiral John Barry a bhunaigh cabhlach Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Pedro Campbell - Uragua. Chomh maith, ba é Brown a bhain an cogadh idir an Airgintín agus an Bhrasaíl ar bunaíodh Uraguaí mar thoradh air agus a bhain cath ríthábhachtach a chuir bun faoi neamhspleáchas Buenos Aires.

Protastúnaigh na hAirgintíne

Cé gur tír Chaitliceach í an Airgintín, seasann Guillermo air gur cuireadh oiread fáilte roimh Phrotastúnaigh is a cuireadh roimh an mhóramh Chaitliceach a tháinig chun na tíre ach de réir a chéile, phós na Protastúnaigh Caitlicigh agus tógadh na páistí mar Chaitlicigh agus thit líon na bProtastúnach dá réir.

“Ní hionann sin is a rá nach raibh na cearta céanna ag gach saoránach de chuid na hAirgintíne; bhí, rud nárbh amhlaidh sna Stáit Aontaithe agus i dtíortha eile. Is léir gur imríodh leatrom institiúideach ar na hÉireannaigh nó ar chuid den phobal Éireannach sna tíortha a ndeachaigh siad chucu. San Airgintín, bhí siad in ann, ba chuma cé acu Caitlicigh nó Protastúnaigh iad, dul chun cinn a dhéanamh i ngach réimse - cultúr, polaitíocht, na fórsaí míleata - ach mheasc siad le cultúr na tíre a ghlac isteach iad. Sin mar atá sé inniu.”

Níorbh ionann na hÉireannaigh a chuaigh chun na hAirgintíne agus do go leor imirceach eile. Níor teifigh ón Ghorta iad ach daoine a chuaigh ann le saol níos fearr a dhéanamh - daoine gairmiúla, saighdiúirí, feirmeoirí. Ba léir go raibh ag éirí go maith leo. Bhí idir 5,000 go dtí 200,000 caora ag na feirmeoirí, ba leo luach £2 mhilliúin de thalamh agus iad ag saothrú idir £1,000 agus £10,000 sa bhliain (airgead ollmhór sa 19ú haois déag). Ní raibh áit ar bith eile ar domhan ina raibh na hÉireannaigh chomh rathúil is a bhí siad i mBuenos Aires. Duine amháin acu, Michael Duggan, mhaígh sé gurbh é an tÉireannach ba shaibhre, ní amháin san Airgintín, ach ar fud an domhain é.

Ilchineálachas

Is iomaí cine a bhfuil a dtinteáin féin acu san Airgintín. Meastar gur de chúlra Iodálach a shíolraigh 24 milliún Airgintíneach, 60% den daonra agus tá Gearmanaigh, Spáinnigh, muintir na Siria, Seapánaigh, beo beathach sa tir, chomh maith le bundúchasaigh na hAirgintine agus imircigh ón Bholáiv agus as Paragua. Deirtear go dtarlaíonn géarchéim geilleagair gach deich mbliana san Airgintín agus tá an geilleagar in ísle brí faoi láthair.

An gciallaíonn sé seo nach dtiocfaidh Éireannaigh chun na tíre níos mó?

“Bhuel, stad an sruth deireanach inimirce sna 1870í mar gheall ar chúinsí geilleagair,” arsa Guillermo a bhfuil léargas fadtéarmach an staraí aige. “Thit luach na holna agus fuair Éireannaigh amach gur mhó na deiseanna le hairgead a dhéanamh i gCeanada nó sna Stáit Aontaithe nó san Astráil féin agus chomh maith le sin, bhí sé de bhuntáiste ag na tíortha sin gur tíortha Béarla iad. Sin ráite, i ndiaidh an dara cogadh domhanda, thosaigh sruth Éireannach ag teacht chun na tíre, ach tá siad ag teacht ina n-aonair ó shin. Níl teaghlaigh ag teacht mar a thagadh. Faoi láthair, tá liosta 300 duine a rugadh in Éirinn atá ina gcónaí agus ag obair san Airgintín ag Ambasáid na hÉireann.”

Measann Guillermo gur chóir go mbeadh níos mó ann, mar beag beann ar na fadhbanna leis an gheilleagar, tá postanna ar fáil sa tír agus deiseanna chun gnó a thógáil. Tá Éireannaigh ag glacadh leis na deiseanna sin san Airgintín agus sa Bhrasaíl chomh maith. Mar a dúirt mé, thug mé cuairt ar an Buenos Aires Hurling Club le breathnú ar na leaids i mbun iomána ach spórt eile a bhfuil nó a mbíodh na hÉireannaigh iontach maith ina cheann is ea - an póló.

Nuair a bhain an Airgintín a gcéad bhonn óir ag cluichí Oilimpeacha 1936 i mBeirlín, bhí beirt Chaomhanach, Roberto agus Diego Cavanagh agus fear darbh ainm Luis Duggan ar an fhoireann seachtair. Iontach go leor, tá an cumann iomána in áit darbh ainm Hurlingham, ach imrítear spórtanna eile ar na tailte - haca, rugbaí agus tá linn snámha ann chomh maith.

Gnóthaí Graí

Tá na capaill mar dhlúthchuid de chultúr na hAirgintíne - mar atá sé in Éirinn - agus is iomaí Gael-Airgintíneach, idir fhir agus mhná, a d’imir an spórt, Guillermo ina measc. An bhfuil an póló ina chluiche den uasaicme mar atá sé in áiteanna eile ar domhan?

“Bunaíodh an póló anseo sna 1880í agus na Sasanaigh a thug abhus é ach bhí na Éireannaigh cleachta le capaill mar sin rud nádúrtha a bhí ann go n-imreodh siad an cluiche agus bhíodh an iliomad cumann póló ar estancias na nÉireannach. Inniu féin, tá an cluiche á chur chun cinn i scoileanna a bhfuil cúlra Éireannach acu.”

Bhí capaill thart ar Guillermo riamh anall agus imríonn a beirt mhac an póló ar bhonn gairmiúil agus inniu tá céatadán níos airde Gael-Airgintíneach ag imirt an chluiche ná mar atá cine ar bith eile.

Tá sé tamall ó d’imir an Gael-Airgintíneach an cluiche ach is iomaí caitheamh aimsire atá aige mar fhaoiseamh ar an ualach mór oibre atá air.

Ar theacht ’n a’ bhaile dom, chuir sé gliondar orm ag smaoineamh ar na daoine iontacha ar bhuail mé leo 10,000 míle ó Bhéal Feirste. Ag éisteacht le blasanna Éireannacha ag plé cluichí ceannais na hÉireann le daoine a raibh McAllister, Quinn, agus Wade (Mac Uaid), orthu. Is col ceathracha iad ar chóir cuairt a thabhair orthu níos minice!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.