Tá lear leabhar curtha amach ag an scríbhneoir Séamas Mac Annaidh in imeacht na mblianta. Chas Seosamh Mac Muirí leis i gceantar Chathail Bhuí ar bhruach Loch Mac nÉan, i bhFear Manach.
SMM: ’Sé do bheatha go Beo! a Shéamais.
Séamas Mac Annaidh: Go raibh míle maith agat.
SMM: Tháinig do chéad leabhar aniar aduaidh ar dhaoine ag an am a Shéamais. Tháinig sé ina Chuaifeach cheart d’fhéadfaí a rá. Ar thuig tú roimh ré chomh mór is a rachadh an leabhar sin i bhfeidhm ar phobal na Gaeilge?
Séamas Mac Annaidh: Ní dóigh liom gur thuig. Cinnte, bhí mé ag iarraidh preab a bhaint as daoine, ag iarraidh rud úr nua a dhéanamh, ach ar an láimh eile, bhí mé ag plé le foilsitheoir nua. Ní raibh aon taithí agam ar fhoilsiú ná ar aon saghas aischothú a bheadh ann. Bhí iontas orm mar sin, le fírinne. Bhí a fhios agam ar bhealach, b’fhéidir go gcuirfeadh sé isteach ar dhaoine, ó tharla go raibh mé ag magadh faoi chuid de na fíor-Ghaeil, más maith leat, ach ag an am chéanna, cuireadh fáilte mhór roimh an leabhar. Thuig daoine nach raibh mé in éadan na Gaeilge ná aon rud mar sin. Ní raibh mé ag iarraidh a bheith maslach.
Féith na Cruthaitheachta
SMM: Ar bhain imirce d’óige ó bhaile go baile cuid mhaith le forbairt na cruthaitheachta ionat nó cad é a sheol amach i mbun pinn thú a Shéamais?
Séamas Mac Annaidh: Sílim go bhfuil sé sin tábhachtach ceart go leor. Cuid mhór scríbhneoirí, chaith siad tamaill in áiteanna eile. Tharla sé i mo chás-sa nuair a bhí mé óg mar bhí m’athair insan Munster and Leinster Bank is ba ghnách linn bogadh thart ó áit go háit. Chaith mé mo chéad chúpla bliain i Muineachán, ansin i nDún Dealgan, ansin tháinig muid go hInis Ceithleann sa bhliain seasca sé nuair a bhí mé cúig bliana d’aois. Is i bhFear Manach atá mé ó shin, d’fhéadfá a rá. Seo an baile más maith leat, ach cinnte, d’fhág sin nach raibh gaolta againn insa cheantar. B’éigean dúinn aithne a chur ar an áit agus aithne a chur ar na daoine agus gur bhraith mé ar bhealach éigin gur bhain mé le háit éigin eile, gur duine ón taobh amuigh a bhí ionam. Duine as baile isteach, más maith leat.
Is cinnte nach ndearna sé dochar ar bith. Ar ndóigh, an cheist atá ann: an post a líonadh roimh Inis Ceithleann, b’shin Iúr Cinn Trá, agus an ceann ina dhiaidh sin, Leitir Ceanainn. Thiocfadh dó mar sin, go mbeadh saol eile ar fad agam dá mba in Iúr Cinn Trá a bhí mé, nó bhí Iúr Cinn Trá garbh go maith le linn na dTrioblóidí agus b’fhéidir nach mbeadh an dearcadh céanna agam i leith na Gaeilge dá mbeinn i mo chónaí i Leitir Ceanainn. Níl a fhios agam.
SMM: An scannán a scríobh tú, Misteach Bhaile Átha Cliath (1996), an raibh tionchar ag scéal Uí Chadhain ort, an státseirbhíseach ‘J’ sa scéal An Eochair?
Séamas Mac Annaidh: An scéal sin, Misteach Bhaile Átha Cliath, bhí sé insa chéad chnuasach gearrscéalta a scríobh mé. Bhí cuid de bunaithe ar an fhírinne. An bunrud a spreag é, nuair a chuaigh mé abhaile ar an bhus cúpla uair, agus níor iarradh aon táille orm, mheas mé, ‘tá rud éigin saoifiúil ag tarlú anseo!’ Gné na státseirbhíse, is dóigh go mbaineann sé le Brian Ó Nualláin. Tá tagairtí go leor ann agus fiú, Máirtín Ó Direáin, faoin saol leadráin a bhí ag daoine, daoine éirimiúla gafa le hobair leadránach.
Siúlach Thar Lear
SMM: Lonnaigh tú scéal amháin sa Tuirc (Dioscó Dé), an ceann is déanaí sa Bhriotáin (Ar ais go Keriolet, 2011) agus eisítear ceann eile chugainn i gcruth dialainne (An Deireadh). Arbh fhíor a rá go ginearálta gur scríbhneoir scéinséiriúil thú a bhíos ag cíoradh ceist choimhthíos an duine?
Séamas Mac Annaidh: Duine ón taobh amuigh, beagáinín aisteach, nach réitíonn leis na daoine eile atá thart air, tá imir de sin ann ceart go leor, ach leis an dá úrscéal sin, is dóigh go raibh mé ag iarraidh léiriú gur féidir leis an Ghaeilg cur síos ar aon tír, ar aon phobal, ar aon saghas duine. Ní gá dúinn a bheith teoranta. Tá a fhios agam úrscéalta i mBéarla atá suite i Mars nó ar an ghealaigh. Cad ’uighe nach féidir linne é sin a dhéanamh chomh maith. Agus ar ndóigh, fuair mé an-spreagadh. Chaith mé tamall sa Tuirc. Chaith mé tamall sa Bhriotáin. Tháinig mé ar scéalta. Bhí an taithí sin agam is chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm. Chaith muid, sílim, ocht samhradh sa Tuirc, ag teagasc Béarla, mé féin agus Joy, agus ba ghnách linn 13 seachtain a chaitheamh ann achan samhradh. B’fhéidir deich seachtaine ag obair agus trí seachtaine ag taisteal thart. Chuaigh muid i dtaithí na tíre ar dhóigh nach féidir le turasóirí a dhéanamh. D’fhoglaim muid méid áirithe den teanga agus chuaigh muid thart linn féin, ar an ghnáthchóras taistil a bhí ag na daoine. Chuaigh muid chuig áiteanna nach mbeadh oiread sin tóir ag na turasóirí orthu.
Tharla an crith talún nuair a bhí muid insa Tuirc, 1999. Bhí muid ochtó míle ar shiúl óna chroílár, ach fós féin, bhog na leapacha i lár na hoíche, agus sílim gur maraíodh 40,000 míle duine an t-am sin. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm orainn, bhí sé chomh mór sin. Bhí taithí agam ar bhuamaí agus a leithéid sin, ó bheith i mo chónaí i mBéal Feirste agus i nDoire, ach bhí sé seo chomh mór sin. Ní raibh muid in ann an rud a shamhlú. Bhí an áit ar fad scriosta, bhí oiread cumhachta ag baint leis. Bhí muid ag obair i gcampa a raibh ceithre chéad páiste ann agus ní raibh siadsan ag dul i dteagmháil lena dtuismitheoirí sa bhaile. B’éigean dúinn áit na dtuismitheoirí a ghlacadh. Bíonn múinteoirí ag caint ar in loco parentis, ach sin mar a bhí muid.
Saothrú an Bhéarla
SMM: Ní raibh tú díomhaoin i dtaca le scríobh an Bhéarla ach oiread a Shéamais. An raibh aon phingin le saothrú as scríobh i mBéarla?
Séamas Mac Annaidh: Bhí corrphingin ceart go leor. Scríobh mé cúpla potboilers. Leabharthaí staire. Fuair mé conradh leis an leabhar sin, The Irish History Micropedia a scríobh agus scríobh mé an leabhar i dtrí seachtaine. Tá sé i gcló ó shin ach ní fhaighim aon phingin as toisc gur ghlac mé le cnapshuim ag an tús.
SMM: Ar aistriúchán as an bhunteanga Iodáilise a bhí i gColún Deataigh?
Séamas Mac Annaidh: Sin an rud a rinne mé. Rinne mé Iodáilis ar scoil. Níl labhairt na hIodáilise go líofa agam, ach bhain mé feidhm as an leabhar sin mar chleachtadh le mo chuid Iodáilise a fheabhsú. Ní raibh aon Google Translate an t-am sin agus b’éigean domh suí agus dul tríd go measartha mall, ach d’aithin mé gur scéal suimiúil a bhí ann. Bhí mé sa Róimh uair amháin agus bhí leabharthaí ar díol agus dúirt mé liom féin go mba chóir domh cúpla leabhar a cheannach; go léifinn iad ina dhiaidh sin. Sin mar a tharla. An rud is iontaí faoi, ba é sin an chéad leabhar de chuid Andrea Camilleri a aistríodh go teanga ar bith. Tá clú agus cáil air anois i mBéarla mar gheall ar na scéalta bleachtaireachta a scríobh sé, ach dúirt sé in agallamh – agus léigh mé é – gurb é an chéad cheann a aistríodh, an ceann sin go Gaeilg agus bhí iontas an domhain airsean gur tharla sé. [gáire]
Ceantar Chathail Bhuí Mhic Giolla Ghunna
SMM: Roghnaigh sibh ceantar ciúin álainn le socrú síos i measc loch is sléibhte. Ceantar Chathail Bhuí agus Loch ‘Mhic an Éin’ ar ndóigh. Chonaic mé fógraí crochta le taobh an bhealaigh anseo in aghaidh an domhainscoilteadh nó an fracking. An bhfuil sibh buartha nó suaimhneach faoi sin?
Séamas Mac Annaidh: Tá muid buartha faoi, mar níl a fhios againn cad é go díreach atá ann. Tuigimid go bhfuil ollchomlachtaí idirnáisiúnta i gceist agus gur féidir leo an scéal a chasadh agus bréagscéalta a chur amach. Tá sé iontach deacair teacht ar an fhírinne mar gheall ar an rud. Is é an t-aon dóchas amháin atá againn, go mb’fhéidir nach mbeidh go leor den ghás ann chun tochailt a dhéanamh. Bhí siad anseo, b’fhéidir gach deich mbliain, le caoga bliain anuas. Ta grianghraf cáiliúil i gceann de na leabharthaí áitiúla staire agus an uair dheireanach a raibh drilling rig anseo, bhí an cléir Caitliceach is Protastúnach ag beannú na rige agus tá na cléirigh túise leo, caipíní crua orthu agus duine de na cléirigh túise, Nevin Maguire atá ann! [gáire]
Tá sé spéisiúil. An t-am sin, bhí daoine ag dúil go mbeadh postanna agus níor aithin siad an t-am sin go mbeadh aon dochar ann. Tuigeann daoine an iarraidh seo, tharla go bhfuil próiseas eile i gceist, go bhfuil i bhfad níos mó contúirte ag baint leis.
SMM: An mbíonn tú ag gabháil don cheol ar aon bhealach go fóill? Cad é faoi Lonta Fhear Manach, an maireann siad go beo ceolmhar i dtólamh?
Séamas Mac Annaidh: Ní mhaireann mar ghrúpa, ach bíonn cuid acu ag seinm le grúpaí eile nó leo féin. Deirim féin corrstéibh d’amhrán, in amanntaí, ach an t-aon saghas cur i láthair a dhéanaim na laetha seo, ná a bheith ag insint scéalta. Téim thart ar na scoileanna ag insint leaganacha nua de na seanscéalta, i nGaeilg nó i mBéarla, nó insa dá theanga amanntaí. Thug mé corrléacht ag Féile Samhraidh Chathail Bhuí, ach blianta eile, bhí muid ar shiúl sa Tuirc. Is maith an rud gur féidir le háit chomh beag leis an Bhlaic féile den tsaghas seo a chur ar siúl.
Ruaig Chun na Rúise
SMM: Ceist faoi Chuaifeach mo Lon Dubh Buí sula scarfaimid: an dtáinig aon scéal ó éinne sa Rúis in imeacht na mblianta fá dtaobh don leabhar áirithe sin?
Séamas Mac Annaidh: Fuair mé an deis dul chuig an Rúis. Bhí deacracht leis an íocaíocht, ach íocadh mé faoi dheireadh. Bhuail mé leis an bhean a rinne an t-aistriúchán, Tatiana agus bhí sí iontach deas.
SMM: Táimid faoi chomaoin mhór agat a Shéamais as labhairt linn.
Séamas Mac Annaidh: Go ndéanaí a mhaith duit.
Aguisín:
Ar mo bhealach siar i dtreo Ghleann Fearna, bheannaigh fear i nGaeilg bhreá Theallaigh Eachach domh le taobh leac chuimhneacháin an fhile, Cathal Buí, ar bhruach Loch ‘Mhic an Éin’. Níor aithin mé i dtosach é cumhdaithe mar a bhí faoi scáth a chaipín ó theas láidir an lae. An file na háite é seo, Séamas Ó hUltacháin? Proinsias Ó Caiside as Gleann Gaibhleann a bhí ann, iarua duine de chainteoirí dúchais an taobh tíre sin, an seanchaí cáiliúil Seán Éamoinn Ruairí Mhig Uidhir. Creidim gur bhog oidhreacht na háite trí chuislí m’anama i n-éis an dá chomhrá le cainteoirí chomh breá leo in achar chomh gairid. Ní raibh mé sa ghalltacht a thuilleadh, nó bhí sin leáite ina ceo. Cé déarfas nach raibh Caitlín Triall agus Cathal Buí faoi scáth na gcrann ar an ard thall ag dearcadh anuas orm sular bhog mé an carr chun siúil aríst?