Bhuail Seosamh Mac Muirí le fear siúlach scéalach as an Chabhán a mhaíonn gur féidir teanga a fhoghlaim iontach mear ach an cur chuige s’aige a leanacht. Is túisce a aithneoidh roinnt daoine thar lear é mar ‘the Irish Polyglot’ná a ainm féin, Benny Lewis nó Breandán Ó Laobhais.
Naisc:
SMM: Do chéad míle fáilte go Beo.ie a Bhen. An bhfuil an ceart agam a rá gur as an Chabhán thú?
BL: Tá. Rugadh agus tógadh sa Chabhán mé agus chuaigh mé go Baile Átha Cliath nuair a bhí mé sé bliana déag d’aois. Chaith mé ceithre bliana i mBÁC agus d’éirigh mé siúlach ansin. – Tá brón orm mar tá a lán Sínise i mo chloigeann faoi láthair agus tá meirge dá réir ar mo chuid Gaeilge faoi láthair, mar sin, ní féidir liom ... (gáire)
SMM: Tuigim, tuigim duit, ach cé na teangacha atá agat faoin am seo a Bhen?
BL: Tá deich gcinn de theangacha agam. Níl ach sé theanga go líofa agam anois. Is iad sin, an Fhraincis, an Phortaingéilis, an Iodáilis, an Esperantais, an Ghearmáinis, ... tá ceann eile ach rinne mé dearmad! Tá a lán .... (gáire) Tá teangacha eile agam ar nós na Gaeilge agus is féidir liom caint ar a lán rudaí, mar shampla, i nGaeilge, ach tá fadhbanna agam. Níl mé líofa.
SMM: Tuileann is tránn an líofacht ar ndóigh. [Ach ní raibh aon deacracht ag Ben é féin a chur in iúl ná agamsa a thuiscint.] Cén tslí bheatha atá agat anois? An aistritheoir thú nó cibé?
BL: Ba aistritheoir mé, is dóigh, ceithre bliain ó shin, ach anois, is scríbhneoir taistil mé. Tá blag an-mhór agam. Tá 400,000 léitheoirí ag an bhlag. Bím ag scríobh faoin dóigh ar fhoghlaim mé teangacha. Mar shampla, tá trí mhí caite agam i dTaiwan i mbliana agus chaith mé dhá mhí ag taisteal sa tSín. Bhí mé ag scríobh faoin dóigh ar fhoghlaim mé an Mhandairinis – an tSínis – agus faoi ghnéithe den chultúr a chonaic mé le linn an ama. Is breá liom físeáin a dhéanamh fosta. Tá Youtube ann agus bíonn na milliúin duine ag caitheamh súil isteach air sin.
Tá mé in Éirinn anois le scríobh faoin Ghaeilg mar an chuid is mó de mo chuid léitheoirí, is Meiriceánaigh iad. Níl a fhios acu cad é tá i gceist. Síleann siad gur teanga mharbh í is nach mbíonn á labhairt ach seanduine thall is abhus. Ba mhaith liom rud éicint a dhéanamh faoi sin, gur teanga nua-aimseartha í, agus mar sin de.
Imeacht ón Innealtóireacht
SMM: Ar bhraith tú a fhad is a bhí tú beo ar an obair aistriúcháin go raibh an saol sin crua, tharla go raibh tú ag taisteal?
BL: Rinne mé gach rud ar an ríomhphost. Sheoltaí ríomhphost Fraincise chugam, sheolainn an t-aistriúchán ar ais chucu, iompaithe go Béarla. Bhain cruóg leis an obair sin. Anois, níl mé ach ag scriobh ar an bhlag, de réir mar a thograím agus freagraím ríomhphoist faoin bhlag, fosta. Ní saol crua é ar chor ar bith.
Tá mé ag taisteal le deich mbliana. Bhíodh an-chuid oibre agam nuair a thosaigh mé. Bhí mé i mo mhúinteoir Béarla, i mo mhúinteoir matamaitice, bhí mé ag obair in óstán san Iorua. Caithfidh sé go raibh daichead post agam! Staidéar san innealtóireacht leictreonach a rinne mé ar dtús agus níor bhain sé sin le teangacha ar chor ar bith. Ní dhearna mé ach Gaeilge bhonnleibhéil san ardteist! Ní dhearna mé ach leibhéal C sa Ghearmáinis. Mar sin, ní fear maith teangacha mé, ach thosaigh mé ar an Spáinnis a fhoghlaim nuair a chaith mé sé mhí sa Spáinn. Chonaic mé gur féidir teanga a fhoghlaim. Is cuma thú a bheith cliste nó gan a bheith. Tá daoine níos cliste ná mise chun teanga a fhoghlaim. Is féidir le gach duine teanga a fhoghlaim, ar neamhchead dá aois agus eile. Is féidir.
SMM: Ni le Erasmus a bhí tú?
BL: Ba scoláirí Erasmus mo chairde agus chuaigh mé amach leo. Ní raibh mé féin ar thogra Erasmus. Ba as gach áit iad, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil agus bhíodar ag foghlaim na Spáinnise. Ní raibh Spáinnis líofa acu. Shíl mé an t-am sin go gcaithfeadh duine a bheith iontach líofa roimh ré, ach tuigim anois gur cuma. Níl mé iontach líofa sa Ghaeilge, ach chaith mé an chuid is mó den mhí seo in Éirinn ag caint i nGaeilge, anseo sa Chabhán agus i dTír Chonaill. Scríobhaim i nGaeilge chomh maith, cé nach bhfuil sí thar moladh beirte.
Thosaigh mé ansin na blianta ó shin ar an Spáinnis agus bhí mo chuid Spáinnis mar atá mo chuid Gaeilge anois, ach tá snas thar na bearta curtha agam ar mo chuid Spáinnise ó shin. Síleann muintir Mheiriceá Theas gur as an Spáinn mé.
SMM: Ach thréig tú an innealtóireacht?
BL: Thréig. Chaith mé tamall amuigh sa Spáinn agus chaith mé naoi mí ag obair mar innealtóir i bPáras ....
SMM: Go díreach le Fraincis a fhoghlaim?
BL: Sin é! Bhí mé ag obair i mBéarla, ach bhí mé ag foghlaim na Fraincise.
An Chéad Dara Teanga
SMM: Cén teanga is fusa a fhoghlaim, meas tú?
BL: An Esperantais, gan amhras. Is breá liom í. Is féidir í a fhoghlaim an-tapa. Tá cúrsa Esperantaise i nGaeilge le Seán Ó Riain agam. Stano Marček a scríobh, Seán Ó Riain a d’aistrigh é. Tá na mílte alt ar fáil san Esperantais ar an idirlíon. Chaith mé seacht seachtainí nuair nár labhair mé ach an Esperantais amháin. Is féidir í a leanacht ar an idirlíon. Molaim an Esperantais mar thús. Beidh an dara teanga níos fusa ina dhiaidh sin. Ba í an Spáinnis an ceann ba dheacra dom féin. Chaith mé dhá bhliain le foghlaim na Spáinnise mar ba shin an chéad teanga dom tabhairt faoi. Mo chéad dara teanga mar a déarfá. Thig liom teanga a fhoghlaim i bhfad níos tapúla anois.
Níor chaith mé ach thimpeall is dhá mhí le foghlaim Gaeilge mar bím thar lear ag foghlaim teangacha eile. Níor chaitheas ach trí seachtaine sa Ghaeltacht go fóill. B’fhéidir le mí amháin eile sa Ghaeltacht, go mbeinn líofa i gceart. Nuair a bhím le teanga amháin, ní labhróidh mé ach an teanga sin amháin.
SMM: An mbíonn dianchleachtadh nó ‘workout’ sna teangacha eile agat len iad a choinneáil?
BL: Braitheann sé. Beidh mé sa Bheilg ina dhiaidh seo agus tabharfaidh mé faoi na teangacha eile a chleachtadh, an Fhraincis, an Ghearmáinis srl. Slogaim dhá teanga nua gach bliain anois. Ciallaíonn sé sin sé mhí nach mbeidh á labhairt agam ach an dá theanga sin. Caithfidh mé mo chuid teangacha eile a neartú an leath eile den bhliain nó caillfidh mé iad. Bhí mé ag caint gach teanga atá agam nuair a chaith mé trí mhí i Meiriceá anuraidh, an Spáinnis, an Iodáilis agus mar sin, mar ní raibh mé dírithe ar aon teanga as an nua ag an am. Is féidir leat an-fhoghlaim agus an-chothú teangacha a dhéanamh trí shráideogadh fosta. Buailfidh tú le cainteoirí éagsúla ar an dóigh sin.
SMM: An duine eisceachtúil thú ó thaobh muiníne? - Sa mhéid go bhfuil tú in ann imeacht ó thír go tír, agus ó theanga go teanga gan mórán stró, mar bheadh daoine go leor eile a bheadh rófhaiteach lena leithéid a dhéanamh?
BL: Tá mé á dhéanamh le blianta anois agus tá mé cleachta leis, ach braithim go bhfuil mé ag tuirsiú. B’fhéidir go dtabharfaidh mé suas é i ndiaidh bliain nó dhó eile. Tharla gur cultúr éagosúil lena chéile iad, is féidir cairde a dhéanamh go furasta sa Spáinn ag dioscó nó i dteach leanna, ach sa tSín ní rachaidh siad chuig áit mar sin agus is doiligh aithne a chur ar dhaoine. Is fadhb a bheith siúlach i d’aonar mar sin.
I nGrá le Roinnt Tíortha
SMM: An mbeidh tú ag obair i réimse na dteangacha faoi cheann fiche bliain, meas tú?
BL: Ní bheidh. Trí nó ceithre bliana eile ar a mhéid. Níl suim mhór agam i dteangacha. Ní shin é atá i gceist agam. Braitheann sé ar an tír agus ar an chultúr. Mura mbeidh spéis agam ina gcultúr agus murar spéis liom cur fúm sa phobal sin ar feadh trí mhí, ní bheidh mé ag santú teanga na tíre sin.
SMM: Ó tholg tú an tochas siúil agus an dúil sna teangacha nó ina gcultúr, cén tír is mó a chuir faoi dhraíocht ort?
BL: An tír is fearr liom, an Bhrasaíl, mar tá na daoine an-oscailte ann. Nuair a bhím ina measc im’ aonar fiú, beidh fiche cairde aimsithe agam mura gcaithfidh mé ach uair an chloig ag cóisir leo. Is dream mór damhsa iad. Is mór is fiú a bheith ina measc. Na hIodálaigh, na Spáinnigh chomh maith, na tíortha Laidineacha, is aoibhinn liom iad. Ní thig liom méar a leagan air, ach tá rud éigin acu. Tá mé i ngrá leis na tíortha sin.
SMM: Chonaic tú Fleadh na hÉireann sa Chabhán, do bhaile féin, agus an dream óg chomh fuinniúil i lár an aonaigh ann. Cad é do bharúil faoi mhisneach agus faoi mheanma na ndaoine in Éirinn, tharla gur ag breathnú isteach ar an tír ón taobh amuigh a bhíonn tú cuid mhaith den am?
BL: Níl a fhios agam. Bím bródúil as Éirinn agus bím ag scríobh is ag caint faoin tír, mar chineál ambasadóra nuair a bhím thar lear, ach tá fadhbanna anseo. Tá fadhbanna cultúir, teanga agus airgid ar ndóigh, anseo. Is cultúr an-chairdiúil é agus braithim go bhfuil siad láidir, ach is mór an méid deacrachtaí atá rompu chomh maith.
SMM: An bhfuil aithne agat ar roinnt eile de lucht an ilteangachais?
BL: Tá mé i ndiaidh físeán a dhéanamh i gColumbus Ohio le Moses Mac Cormick. Bhíomar ag caint deich dteanga lena chéile agus tá aithne agam ar Richard Simcott. Tá a lán acu ann. Níl le déanamh ach ‘polyglot’ a chur isteach in Youtube agus feicfidh tú iad. Ach is leor teanga nó dhó a bheith ag duine ar ndóigh. Is mór an rud é an méid sin.
SMM: Go raibh míle maith a Bhen is go dté tú slán chun na dtíortha agus chun na dteangacha eile atá amach romhat agus go bpille tú slán follán go hÉirinn nuair is mian leat.
BL: Go raibh maith agat a Sheosaimh.