Chas Seosamh Mac Muirí le fear a bhfuil an-lear eolais bailithe aige ar chanúint Iorrais agus ar stair shóisialta an taobh sin tíre. Chloistí Pádraig S. Ó Murchú go minic ar Raidió na Gaeltachta roimhe seo ach tá an Raidió tarraingte amach as an áit le tamall.
Bhuail fear óg gníomhach isteach ar cuairt, Stiofán Ó Donnchú, nuair a bhí an comhrá in aice le toiseadh agus bhí roinnt le rá aigesean chomh maith faoina bhfuil ar siúl acu sa gceantar agus lasmuigh den Ghaeltacht féin fiú amháin.
SMM: ’Sé bhur mbeatha go Beo.ie a chairde.
PÓMurchú: Go raibh míle maith agat.
SMM: Feicim daoine, a Phádraig, ag scríobh ar Facebook mar gheall ar Shruth Fada Con, ach ní i nGaeilg a fheicim ainm na háite, bíodh nach dtig linn Béarla a thabhairt ar an leagan ach oiread. An obair seo go léir i gCuan an Inbhir, ar thug sé an Béarla céim eile chun cinn ar an nGaeilg, meas tú, i gceantar Iorrais?
PÓMurchú: An bhfuil a fios agat cén milleán a chuirfinnse ar an bhforbairt, má thig leat forbairt a thabhairt air, a tháinig ar an mBéarla anseobh in Iorras? Mar a deir siad, ’siad na meáin chumarsáide is ciontaí le seo, stáisiúin raidió agus graithí craoltóireachta nach bhfuil tuiscint acu ar an teangaidh. Tá Gaeilge agus Gaeilge ann, mar a deir siad. Tá dhá chileán Gaeilge againní anseobh. Tá an Ghaeilge mhór, an Ghaeilge chaighdeánach, ag teacht isteach go trom anseobh agus tá sí ag cur lagair ar Ghaeilg na háite, ar theangaidh na háite. Tá faitíos orm go mb’fhéidir nach bhfuiltear ag déanamh neart ar mhaithe le Gaeilge dhúchais na háit’ a chaomhnú agus a choinneáil beo.
Is míthuiscint é. Tharla an rud céanna anseobh blianta fada fada fada ó shin nuair a thoisíof ag leagan amach mapaí na háite, nuair a tugadh síos na logainmneacha ar léarscáileannaí. Tharla sé sin siar in aimsir an OSI i dtús agus tá sé leanthaí ar aghaidh riamh ó shin. Ní bhfuarthas i gceart ariamh é agus, mar anois, is cosúil go raibh an deacracht chéanna siar an uair sin ann, ba iad na meáin chumarsáidí ag an am, ba chiontaí le seobh.
Tháinig athrú ar ainmneachaí agus logainmneachaí agus ní bhfuarthas i gceart ariamh é mar a dúirt mé, níor cuireadh síos i gceart ariamh iad. Níor deineadh an teangmháil ceart le muintir na háite agus tarlaíonn sé i gcónaí. Sruth Fada Con, sin ceann acu. Béal an Mhuirthead anseobh, Béal an Mhuirthid a deirtear, taobh amuigh, ach is é Béal an Mhuirthead é; –t-h-e-a-d agus níl aon ‘i’ ann agus ní raibh riamh. Anois an t-am le leasú a dhéanamh, nó rachaidh sé chun donacht’.
Imeacht Raidió na Gaeltachta as Maigh Eo
SMM: Tá stiúideo raidió thuas ansin agus bhíodh go leor cainte á chraoladh amach as an áit blianta ó shin. An raibh cineál lagar misnigh ar dhaoine nuair a d’imigh an Raidió as an áit, meas tú?
PÓMurchú: Bhí! Ara chuir sé lagmhisneach mhór ar mhuintir na Gaeltachta. Agus daoine óga mar Stiofán anseobh; shíl muidí go mbeadh daoine óga mar seobh ag teacht aníos agus chaith muide b’fhéidir fiche bliain nó níos mó ag caint le Raidió na Gaeltachta ó tháinig sé go Caisleán an Bharraigh an chéad lá ariamh. Déanann daoine go leor dearmad air, ba é fear as an gCorrán in Acaill a thug, is ba chiontaí le, Raidió na Gaeltachta a thabhairt go Contae Mhaigh Eo an chéad lá riamh agus níor tugadh mórán aitheantais dhon fhear a thug ann é.
Ó tógadh ar súl é anois, tá faitíos orm, go bhfuil an dream óg a raibh ár gcileán dúchais againní, go raibh siadsan ag tógáil suas an chatha seo againní; muna ndéanfaidh siadsan tadaí faoi anois, tá faitíos orm nach ndéanfar tadaí go brách faoi. Ach ar ndóigh, tá caoi eile thart ar seo, mar is léir, ach is é mo bhreithiúnas féin go gcuirfidh sé lagar níos mó ar an nGaeilge anseobh.
Bhíothar ag clons Gaeilge Iorrais, abair Gaeilge Acla agus Gaeilg Thuar Mhic Éadaigh. Tá difear mór idir na trí Ghaeltacht sin ó thaobh canúinte dhó. Tá go leor de mhianach sean-Ghaeilge lár-Uladh meascthaí suas anseobh againní in iarthuaisceart Chontae Mhaigh Eo. Na Gaeilgeoirí móra, tá go leor acu imithe uainn, ar bhrí na fírinne, ach an méid againn a bhí fágthaí; is anois a theastaigh sé níos mó ná ariamh, go mbeadh glór thuaisceart Chontae Mhaigh Eo le clons i nGaeilge.
Turas Siar
SMM: Mothaím go bhfuil sibh ag déanamh iarrachta sibh féin, dul ar an idirlíon. Beidh suíomh agus craoladh de chineál éigin agaibh.
PÓMurchú: Táimid ag iarraidh sin a dhéanamh agus tá mé féin ag iarraidh seobh le trí nó ceathair de bhlianta anois, leis an dream is mó le rá, abair, ar fud Chontae Mhaigh Eo uilig. Ní hé amháin Gaeltacht Iorrais anseobh, ach go dtiocfadh sinn uilig le chéile is go gcuirfeadh sinn brú mór uainn amach. Níl aon mhaith dhúinn níos mó a bheith ag freitheadóireacht ar na boic mhóra seobh atá i gceannas na stáisiún mór raidió seobh. Is ar mhaithe le céard is féidir agus le cé mhéid is féidir a dhéanamh as, atá siadsan. Ar mhaith leis an gcultúr agus leis an teangaidh atá sé ag teacht uainní. Is cuma linne inniu muna ndéanaimid dadaí as, ach go gcoinneodh sinn an teangaidh beo, an chanúint go mór mhór.
Tá suíomh idirlín againn: turassiar.com, agus táimid ag iarraidh, b’fhéidir, go gcuirfeadh sinn podcastannaí amach. Tá daoine óga mar Stiofán anseo, bail ó Dhia air, agus tá daoine eile mar é agus tá neart de na daoine óga seobh ann agus tá muidí ansin i gcónaí le agallaimh a dhéanamh leofa agus cabhair ar bith a thabhairt dófa. Agus tá beagán tuiscint agus cur amach againn féin ar ghraithí raidió, bhí mo bhean féin anseo ag obair le raidió ar feadh na mbliantaí. An bhfuil a fhios agat, tá go leor leor daoine anseo taobh istigh d’Iorras iad féin a bheadh sástaí cur leis. Bheadh sé sin le fáil aige chuile dhuine agus bheadh daoine ag déanamh staidéir ar Ghaeilge na háite seobh. Ní dhearnadh aon staidéar riamh ar Ghaeilge Iorrais i gceart. Táimid féin mar sin ag déanamh staidéir anseobh, san Ionad Turas Siar, ar an teangaidh agus ar an gcultúr.
An Coláiste Uisce
SMM: Is údar dóchais daoibh is dócha, ionad spóirt Chuan Eilí, an Coláiste Uisce. An dtugann sé misneach do dhaoine go bhfuil a leithéid thart in aice láimhe?
PÓMurchú: Tugann go mór. Tá obair iontach ar siúl aige Ciarán agus ag a chombalacht thíos ansin. Bheadh an áit seobh, bheadh sé bánaithe inniubh ‘ach go beag’ é sin. Tá sé ag tabhairt isteach go leor leor daoine ann agus tá suim mhór ag muintir na háite iad féin ann. Sin rud iontach. Tá an fharraige mhór thart anseobh againn agus tá chuile chileán féithe den fharraige ann. Tá an dá chuan ar chaon taobh againn. Tá cuan an Atlantaigh ar ár gcúl taobh thiar agus na hoileáin, agus ansin tá Cuan an Fhóid Duibh atá séimh suaimhneach. Lochán na nGéabh mar a thugann siad air. Agus tá sé sin suaimhneach agus sábháiltí. Agus ansin tá na tonntracha móra ag teastáil ón dream a bhfuil an scil mhór seobh acu, tig leofa dul taobh thiar idir na hoileáin anseobh agus tá sé sin acu. Bhí sé sin ansin leis na bliantaí agus níor tugadh faoi deara é, ach thug Ciarán faoi deara é agus tá leas á bhaint aige as. Is dul chun cinn mór é don áit seo mo léan.
Ionad Deirbhile
SMM: Tá Ionad Deirbhile ann do na turasóirí. An bhfuil tábhacht ag baint leis sin?
PÓMurchú: Ara tá. Tá tábhacht ag baint le chuile cheann, is cuma beag ná mór é, príobháideach ná cumann pobail. An rud ba cheart a bheith dhá dhéanamh thart anseobh, go mbeadh chuile dhuine ag tarraingt le chéilí. Má chuireann muidí le chéilí agus tarraingt le chéilí, - bhíof muintir Iorrais i gcónaí agus roimhe seobh, bhíodh siad ag tarraingt le chéile go hiontach. Chonaic muid anseo le cúpla cruinniú a thugas muid féin le chéilí, oíche Dé hAoine seo a caitheadh, thug muid scata daoine le chéilí a bhíof ag piocadh na bhfataí fadó agus tháinig os cionn céad duine le chéilí. Daoine nach bhfacaidh a chéilí is nár labhair le chéilí le dhá scór bliain. Agus thiocfadh linn an rud céanna a dhéanamh anois. Má chuirfimid le chéilí, tiocfaidh rud éicint as ar deireadh agus go mbeadh rud éicint fágtha thiar ag an dream óg le coinneáil ag imeacht.
Béal an Mhuirthead
SMM: Bhraith mé na blianta ó shin go raibh Béal an Mhuirthead ar aimhleas na háite seo, go raibh sí ag sú rudaí isteach chuici féin in ionad rudaí a theacht anseo. Feicim anois go bhfuil Gaeilge go leor scríofa thart ar na siopaí. An bhfuil leigheas de chineál éicint ag teacht ar an mbaile seo meas tú?
PÓMurchú: Tá leas ag teacht air gan amhras. Bhí tráth ann is ní raibh sé mar sin, ach de réir imeacht an ama, … Tá Béal an Mhuirthead imithe síos go mór, abair, le céad bliain. B’ mhú an líon siopaí a bhí i mBéal an Mhuirthead i 1901agus roimhe ná atá inniubh. Tháinig lagú ar an nGaeilge ó na ficheadaí i leith anuas go dtí, abair aimsir na n-ochtóidí nuair a tháinig Údarás na Gaeltachta isteach agus Donncha Ó Gallchóir, chuir sé an t-eagras sin ar bonn. Thoisigh deontais agus airgead ag teacht as. Rinne sé sin leas mór dhó chomh maith, ach tá tarraingt siar mór déanta ar ghraithí tacaíocht’, leis an nGaeilge a choinneáil ag imeacht.
’Bhfuil a fhios agat gur bocht an cás é nuair a chaithfidhear a dhul ag iarraidh airgid leis ár dteangaidh dhúchais a choinneáil ag imeacht. Fuair muid in aiscidh an teangaidh agus ní chosnódh sé tadaí an teanga a choinneáil ag imeacht, a choinneáil beo. Agus is iontach an rud gur tháinig sí chomh fada seobh ar ais aríst! Bhí sí tití as a chéilí ansin ó na seachtóidí i leith, ach iad ag cur suas na n-ainmneachaí Gaeilge anois. Ach rud amháin a mholfainn dho na daoine a bheith aireach faoi, ná litriú agus fuaimniú Ghaeilge dhúchais na háite a úsáid i gcónaí. Ba cheart go mbeadh Gaeilge s’againn féin ar churaclam scoileanna Chonnacht ar aon nós.
SMM: Inis Gé, an dtéann daoine isteach ansin sa samhradh, an sprioc turasóireachta é an turas farraige sin, isteach ar na hoileáin?
PÓMurchú: Tá siad ag déanamh beagán faoi ach b’fhéidir ní b’ mhó a dhéanamh faoi. Ba cheart chuile shórt a bheith déanta de léir treoraíocht’ ó mhuintir na háite. Seobh iad an dream a dtáinig a muintir ó na hoileáin. Tá an ceart acusan i gcónaí agus is leofasan an talamh agus is leofa na hoileáin. Ba cheart an comhoibriú sin a bheith idir graithí turasóireachta agus muintir na n-oileán agus socrú a bheith déanta le muintir na n-oileán iad féin faoi chuile ní a bhainfeas le dhul isteach agus amach ar na hoileáin.
Dúshlán Bhealach na Glaise
SMM: Céard é féin a Stiofáin, an Challenge the Green Way seo?
SÓDonnchú: Beidh mé á dhéanamh an 23 Márta, an Bealach Glas seo, le hairgead a bhailiú d’ionad fiobróis sisteach in Otharlann Chaisleán an Bharraigh. Seo an darna bliain dom. Is féidir rothaíocht ó Oileán Acla go Cathair na Mart ar an mBealach Glas. Bóthar iarainn a bhíof ann, ach cóiríodh é agus is áis iontach anois é le siúl nó le bheith ag rothaíocht ann. ’Sé Johnny Houston, nó Mac Giolla tSeachlainn, an t-eagraí. Tá sé ar Facebk agus ar Twitter.
SMM: Deir tú go bhfuil sibh ag iarraidh ar dhreamanna Gaeilge theacht ar an Challenge agus taitneamh a bhaint as bualadh le dreamanna cosúil leo féin as áiteanna eile.
SÓDonnchú: Is féidir linn daoine le Gaeilge a chur in aithne dá chéile lá an Dúshláin, ag an óstán in Acaill, Bialann Alice, agus ag brath ar an siúl a bheas faoi dhaoine seachas a chéile, is féidir leo oibriú amach cén dream Gaeilge a bhfanfaidh siad in éineacht leo ar an mbealach isteach go Cathair na Mart. Beidh lá aclaíochta acu agus beidh deis acu aithne a chur ar shlua daoine eile as áiteacha éagsúla a bhfuil Gaeilge acu. Aithneoidh siad a chéile ina dhiaidh sin nuair a bhuailfidh siad le chéile ag siopadóireacht i gCaisleán an Bharraigh, i gCathair na Mart nó i mBéal an Mhuirthead.
SMM: An t-airgead atá bailithe leis an iarracht seo chun ionad dea-chúraim a lonnú i gCaisleán an Bharraigh, níl an t-uafás eile fanta le déanamh agaibh. Tá sibh gar don sprioc, nach bhfuil?
SÓD: Táimid gar dhon milliún anois. Caithfimid níos mó a fháil mar níl an rialtas ag tabhairt aon rud amach go furasta ná go fánach.
SMM: Go raibh míle míle maith agaibh a Phádraig agus a Stiofáin.
PÓMurchú: Go raibh míle maith agat.
I n-éis imeacht as oifigí Turas Siar, thug mé aghaidh ar an bhFál Mór ar cuairt chuig muintir Uí Chatháin. Chuir áille agus fiántas farraige, talaimh agus spéire faoi dhraíocht mé. Sheas mé ag Teampall agus ag Tobar Naomh Deirbhile, mar a bhfuil an t-uisce ag coipeadh aníos go fuinniúil as an talamh i dtólamh. Bhí mé rófhada gan chuairt a thabhairt ar cheann de chúlacha speisialta an domhain. Bhí an áit á léiriú féin le mórtas ag teilgean dathanna agus scáthanna ar chaon taobh.