AGALLAMH BEO
Dara Ó Cinnéide
Caitríona Budhlaeir Caitríona Budhlaeir Caitríona Budhlaeir

trí bhonn uile Éireann ag Dara Ó Cinnéide agus ba é a bhí mar chaptaen ar fhoireann bhuacach Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann 2004. Tá sé ag baint a shlí bheatha amach sna meáin anois. Ghaibh sé isteach chun cainte le Caitríona Budhlaeir i nDún Chíomháin, Baile an Fheirtéaraigh. Fear séimh, socair gan aon fhuadar fé agus ba léir go bhfuil an chaid, an Ghaelainn agus Corca Dhuibhne go smior ann.

Íomhá
Dara Ó Cinnéide
(Seó Spóirt, TG4)
Íomhá
'teist na rámhaíochta ar Chinnéidigh Bhaile na hAbha'
(le Mozzer Cork ar Flickr)
Íomhá
'.. ach ar an sásamh a bhaineann tú as an gcaid'
Íomhá
Dara Ó Cinnéide in Aviva
le Seó Spóirt TG4
Íomhá
'ana-lé agam le cúrsaí eolaíochta'
Íomhá
Dara, an fear stiúrach, Seó Spóirt
(le TG4)
Íomhá
'ach a bheith aige baile, ag labhairt na Gaelainne'
(le Nic Dafis ar Flickr)
Íomhá
RnaG ag Gleann an Iolair

Éist anseo leis an alt á léamh ag Caitríona Budhlaeir, Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile Corcaigh:

CB: Dé do bheathasa, a Dhara go Beo.ie

DÓC: Go raibh míle maith agat a Chaitríona

CB: Inis dom a Dhara, an bhfuil aon chuimhní agat ar na chéad lascaí a thugais ar chaid?

DÓC: Bhí caid riamh sa tigh againn agus déarfainn go raibh caid romhainn amach ón gcéad choiscéim a thógamair! Ach go foirmiúil is dócha go dtosnaíomair ag imirt chaide i gceart i Scoil Naomh Eirc ar an bhFeothanaigh. Bhí Corn Mhic Eoin ann dos na bunscoileanna laistiar de nDaingean agus ba é sin an Sam Maguire a bhí againne nuair a bhíomair óg.

CB: An raibh cúrsaí caide láidir i measc do mhuintire, an raibh sí sa bhfuil fé mar déarfá?

DÓC: Ní fhéadfainn a rá go raibh. Bhí teist na rámhaíochta ar Chinnéidigh Bhaile na hAbha. Bhuadar regattas sa Daingean i ndeireadh na ndaicheadaí agus sna caogaidí. Bhíodar tofa ar fad chun rámhaíochta agus iascairí ab ea iad. Ní fhéadfainn a rá go raibh caid sa chlann ach bhí spéis an diabhail ar fad ag m’athair inti agus is as san a tháinig sé is dócha. Bhí seans liomsa leis mar nuair a bhíosa seacht nó ocht de bhlianta, bhí Ciarraí i gceartlár ré órga idir 1975 agus 1986 agus níor ghá dúinn dul rófhada chun laochra a fháilt.

CB: An raibh sé mar aidhm agat i gcónaí Páirc an Chrócaigh a bhaint amach?

DÓC: Ní chuireann tú romhat amach riamh a bheith ag imirt i bPáirc an Chrócaigh – is sórt aisling í. Ní air sin a chuimhníonn tú ach ar an sásamh a bhaineann tú as an gcaid. Bhreá leat an sásamh a bhain le lascáil na caide i gcoinne na binne aige baile cúpla míle babhta. Sin é an rud is mó a bhraithimse uaim mar imreoir caide, an lascáil neafaiseach, shimplí sin i gcoinne na binne.

Cúrsaí Oideachais

CB: An mbainis sásamh as do laethanta ar scoil?

DÓC: Bhaineas ana-shásamh as mo laethanta sa bhunscoil i Scoil Naomh Eirc agus bhuamair a lán cluichí caide ann! Ní fhéadainn a rá gur thaitin an mheánscoil chomh mór san liom ach is blianta deacra iad na déaga. Ba bhreá liom a bheith ag foghlaim sa bhunscoil, bhí sármhúinteoirí againn leithéidí Edna Bn. Uí Chinnéide agus tá ana-chuid rudaí im’ cheann fós uaithi siúd. Bhí ana-dhúil aici sa nádúir, sa stair áitiúil, sa dúchas, in aon rud a bhain le Paróiste Mórdhach.

CB: Eachtraigh dom beagáiníndo thréimhse san ollscoil?

DÓC: Bhí ana-lé agam le cúrsaí eolaíochta sa mheánscoil agus dheineas Ceimic Thionsclaíoch in Ollscoil Luimnigh ar feadh ceithre mbliana ach níor éirigh liom an chéim a bhaint amach. An chéad lá a thosnaíos in Ollscoil Luimnigh, ba é sin an chéad lá agam ag traenáil le foireann sinsir Chiarraí chomh maith - 18 Meán Fómhair 1993. Ón uair a thosnaíos ag traenáil leis an bhfoireann sinsir ní raibh faic eile sa cheann agam ach caid. Bhí ocht mbliana imithe is gan aon chraobh buaite ag Ciarraí, mar sin n’a’ héinne a bhuailfeá leo ar thaobh na sráide, déaraidístánn sibh imithe in ainm an diabhail ar fad, “níl aon mhaith ionaibh”, “ní bhuafadh sibh ar éinne” is mar sin de. Ghortaigh sé sin ana-mhór nuair a bhíos ocht mbliana déag ach ina dhiaidh sin níor chuir sé isteach ná amach orm. Bhí brú ar n’a’ haon duine a bhí sáite i gcúrsaí caide i gCiarraí rud éigint fónta a dhéanamh. Bhraithis i gcónaí go raibh rudaí níos tábhachtaí sa tsaol ná cúrsaí ceimice… go raibh rud éigint eile ansan amuigh go raibh bua agat chuige agus gur mhór an trua scaoileadh leis. Thugas ceithre mbliana in Ollscoil Luimnigh ag iarraidh Craobh Sigerson a bhuachtaint. Buadh orainn sa chluiche ceannais nuair a bhíos sa cheathrú bliain agus cúpla lá ina dhiaidh san bhíos imithe ón ollscoil!

Bhíos dhá bhliain is fiche an uair sin agus bhí fonn orm céim éigint a bhaint amach. Chuas i dtreo eile ar fad ansan agus dheineas B.Ed. le Gaelainn i gColáiste Muire gan Smál i Luimneach. Thosnaíos i 1997 agus bhuaigh Ciarraí a gcéad chluiche ceannais sa bhliain 1997 in imeacht aon bhliain déag. Gan dabht thógas seachtain saoire mar bhí an Contae ar fad imithe bándrochthús arís i gColáiste Mhuire gan Smál! Ach thuigeas ag an bpointe go rabhas aige baile sa choláiste seo – bhí meas acu ar chaid is ar an gcultúr agus bhaineas ana-thaitneamh as mo thrí bliana ansan.

Fuaireas mo chéim ach ní chuas riamh leis an múinteoireacht ach an oiread! Is dócha go raibh seans liom ag an am – ré an tíogair cheiltigh ab ea é. Ní raibh aon easpa fostaíochta – bhraithis nach raibh aon bhrú ort ag teacht amach as an gcoláiste fé mar atá ar óige an lae inniu. Bhíos ag cur ana-spéis sa Ghaelainn mar ábhar acadúil, mar theanga agus ní raibh faic uaim ach a bheith aige baile, ag labhairt na Gaelainne agus i measc mo mhuintire féin. D’oir sé dom chomh maith a bheith aige baile mar bhí craobhacha le buachtaint agus bhíos sásta mo shaol a thabhairt don gcaid.

An Chaid

CB: An Club versus an Contae – cad iad na buaicphointí duitse?

DÓC: An club is dócha – sin iad na cuimhní a fhanfaidh leat go deo. Bhí cúpla bliain caite ag an nGaeltacht nach raibh puinn buaite acu ach ansan thosnaíomair ag buachtaint agus bhraitheamair i gcónaí go raibh sé i ndán dúinn na duaiseanna móra a bhuachtaint. Is dócha gurbh í an bhuaic ar fad nuair a bhain an Ghaeltacht Páirc an Chrócaigh amach don gcluiche ceannais ar Lá ’le Pádraig 2004. Nuair a chífeá ar an lá agus nuair a chloisfeá na scéalta ina dhiaidh san go ngaibh naomhóg trí Shráid Uí Chonaill aníos agus go raibh an Mackerel Céilí Band ann agus go raibh muintir na Gaeltachta ann, cuid acu nach raibh aon spéis acu i gcúrsaí caide ach go mbraitheadar go raibh gluaiseacht pobail éigint ar siúl timpeall an ama san. Bhí draíocht ag baint leisbheifeá chomh mórálach. ’Sé an trua nach raibh an cupa ag dul abhaile againn agus cuireann sé sin isteach ana-mhór orm fiú go dtí an lá atá inniu ann. Bheadh sé mar sméar mhullaigh ar iarracht dochreidte a bhí déanta ag pobal agus is dóigh liom go raibh pobal na Gaeltachta ar fad tugtha linn againn an uair sin.

Deirimse le daoine gurbh é an lá ba mheasa sa tsaol a bhí agamsa ná an lá a chaill an Ghaeltacht an cluiche ceannais agus is iontach go bhféadfá a bheith chomh ábharach san sa tsaol. Ach ceann de na laethanta is fearr a bhí agam, gan dabht, ná an lá a bhuaigh foireann Chiarraí cluiche ceannais na hÉireann i 2004 nuair a bhíosa mar chaptaen. Gan dabht tá rudaí níos mó sa tsaol ná caid – nuair a thagann leanaí ar an saol is mar sin ach ní chreideas é sin ag an am!

CB: An buaicphointe do ana-chuid againne ab ea an óráid cháiliúil Gaelainne a thugaise ag an gcluiche ceannais 2004. An raibh mórán ullmhúcháin déanta agat don óráid roimhré?

DÓC: Ní raibh mar nár theastaigh uaim aon mhallacht a chur orainn féin mar bhí caillte ag an nGaeltacht i bPáirc an Chrócaigh leathbhliain roimhe sin. Ina dhiaidh san, b’ait liom go dtarraig an óráid an oireadsan cainte. Ach cad eile a dhéanfá? Níl faic níos nádúrtha le déanamh mar chaptaen buacach ar an lá is mó sa bhliain i bhféilire an CLG ach a bheith gaelach. Níorbh aon chinneadh domsa é labhairt as Gaelainn, ba chinneadh a bheadh ann dá labhrainn as Béarla. Chuir sé iontas orm go mbeadh oiread is duine amháin i do cheistiú mar gheall air.

Na Meáin

CB: Tá tú sáite sna meáin chraolta is chlóite – cad a sheol i dtreo na meán tú?

DÓC: Thosnaíos le Raidió na Gaeltachta ar chlár na bhfógraí. Ní shin é a bhí sa cheann in aon chor agam, ach n’a’ haon lá a bhíos ag obair sa raidió, bhíos ag foghlaim. Ní fhéadfainn a rá go raibh dea-Ghaelainn agam. Bhí Gaelainn na scol agus Gaelainn ón gcliabhán agam ach ní raibh saibhreas ceart agam ach bhíos ag fhoghlaim n’a’ haon lá ó Mhicheál Ó Sé is ó Mháire Ní Chéilleachair, beannacht Dé léi. Bhínn ag éisteacht is ag caint leo agus iadsan i mo cheartú. Gaelainn thruaillithe atá agamsa agus formhór na ndaoine ar comhaois liom ach níl aon leigheas againn air ach táimíd ag déanamh ár ndíchill. Táimse ag déanamh mo dhíchill feabhas éigint a chur ar sin i gcónaí.

Nuair a d’éiríos as chúrsaí caide thuigeas go raibh folús mílteach ann ó thaobh ama de. Ach sa chéad bhliain phósas, ansan bhí leanaí againn. Thosnaíos ag oibriú le RTE leis an Sunday Game, ansan thosnaíos ag oibriú le Seó Spóirt ar TG4 agus ag scríobh don Irish Examiner agus bhíos ag obair liom ar “An Saol ó Dheas” do RnaG. Bhí oiread rudaí le déanamh agam bunaithe timpeall ar an gcaid, ar na meáin, an spóirt is n’a’ haon rud eile – líonadh an bhearna ana-thapaidh, mar sin ní bhraitheas an t-uaigneas a bhraitheann ana-chuid imreoirí nuair a éiríonn siad as.

Cúrsaí Teanga

CB: Is fear Gaeltachta tú agus is fear clainne tú – an dóigh leat go bhfuil sé dúshlánach clann a thógaint le Gaelainn i nGaeltacht an lae inniu?

DÓC: Dochreidte. N’a’ haon chor a thógann tú braitheann tú go bhfaigheann tú stiall sa phus. Tá an córas oideachais nach mór naimhdeach agus tá constaicí á gcur romhat n’a’ haon lá. Braitheann tú go gcaitheann tú claí a léimeadh n’a’ haon uair go dteastaíonn uait rud éigint a bhaint amach. Ach níl an snáth briste fós agus ní bheidh go deo le cúnamh Dé.

I ndeireadh an lae is cinneadh pearsanta é do dhaoine a gclann a thógaint le Gaelainn nó gan é a dhéanamh. Ach ba dheas liom a cheapadh gurb é mo dhualgas mar thuismitheoir Gaeltachta é sin a dhéanamh.

CB: Go raibh míle maith agat, a Dhara.

DÓC: Fáilte romhat!

Ón uair a deineadh an t-agallamh seo rugadh an ceathrú iníon do Dhara is dá bhean chéile, Jean. Comhghairdeachas ó chroí leo ar fad agus guímíd gach rath orthu. Fé mar a dúirt Dara féinig, “tá sé beannaithe i measc na mban”!

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is í Caitríona Budhlaeir bainisteoir Dhún Chíomháin, Ionad Oideachais Choláiste na hOllscoile Corcaigh ar an mBuailtín.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.