AGALLAMH BEO
Feargal Mac Ionnrachtaigh
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Chas Robert McMillen le húdar an leabhair ‘Language, Resistance and Revival’, gníomhaí teanga, Feargal Mac Ionnrachtaigh, le cuid de scéal corrach Bhéal Feirste agus de scéal na Gaeilge a chíoradh is a mheas.

Íomhá
Feargal, gona leabhar, 'Language, Resistance and Revival'
Íomhá
Campa Cluain Ceise anois, druidte
(le Giolla Uidir ar Vicipéid)
Íomhá
Long ghéibhinn, an Maidstone
(le C H Parnall ar Vicipéid)
Íomhá
Ag an seoladh
Íomhá
An Ghaeilg in Ultaibh 08
(le D. de Loinsigh ar Vicipéid)
Íomhá
Slad le linn imtheorannú 71, múrphictiúr le R. Ó Murchú
(le Antifa ar Flickr)
Íomhá
An Crom mar a bhí
(le Agadant ar Vicipéid)

Geall le 1Iú Aithne é go gcoinneofar an pholaitíocht agus an Ghaeilge ar scaradh óna chéile. Tá “dípholaitiú na teangaar bhéal an uile dhuine, thuaidh agus theas, ina phota óir a bhfuil gach duine sa tóir air. Ar ndóigh creideann an daoine seo gur thosaigh polaitiú na Gaeilge sna 1970í nuair a thosaigh sé i bhfírinne le Reachtanna Chill Chainnigh i 1366, le hAchtanna Annraoi VIII agus a iníon, Eilís I ina dhaidh sin, leis na Plandálacha, Acht Oideachais 1830 agus le míle gníomh polaitiúil eile de chuid Choncais Shasana in Éirinn.

Má bhain poblachtánaithe úsáid as an teanga mar uirlís pholaitiúil, bhí siad ag iarraidh cúl a chur le 800 bliain beagnach de ghníomhaíocht fhrith-Ghaeilge. Tá cúlra an scéil seo le fáil i Language, Resistance and Revival, leabhar úr le gníomhaí Gaeilge as Béal Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh agus a thaithí pearsanta mar fhianaise aige.

Thuig mé riamh anall agus mé ag fás aníos go raibh nasc idir an athbheochan pobalbhunaithe teanga a bhí againn i mBéal Feirste, a raibh mé féin mar chuid agus mar dhéantús de, agus streachtailt na teanga sa Cheis Fhada agus an dóigh a ndeachaigh an tréimhse sin i bhfeidm ar an chlaochlú phobail a tharla i ndiaidh na stailceanna ocrais,” a dúirt sé liom.

“Thuig mé sin nuair a bhí mé óg ach ní raibh aon doimhneacht leis an tuiscint sin. Bhí a fhios agam gur imtheorannaíodh m’athair agus gur fhoghlaim sé Gaeilge agus é i ngeibheann agus mar thoradh air sin gur sheol sé chuig an Ghaelscoil mé.

“Mise an páiste ab’ óige de cheathrar agus an chéad duine le freastal ar Ghaelscoil. Bhí mo thuismitheoirí tiománta go bhfaighinnse an deis nach bhfuair an triúir eile. Nuair a ghlac Bunscoil Phobal Feirste daltaí ón phobal don naíscoil, bhí mise i measc na gcéad pháistí a d’fhreastail uirthi.”

Aire Éadóchais

D’fhreastal Feargal ar Mheánscoil Feirste ina dhiaidh sin agus tharla eachtra amháin a chuaigh go mór i bhfeidm air. hIarradh air féin agus ar cailín darb ainm Fiona Ní Mhearáin, a bheith mar chuid de thoscaireacht a rachadh go Stormont ag iarraidh an cás a dhéanamh go maoineofaí an Mheánscoil a bhí lonnaithe i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ag an am.

D’iarr na múinteoirí air labhairt i nGaeilge agus d’aistreodh siadsan é, rud a rinne sé.

Ní thiocfadh liom creidbheáil chomh binbeach is a bhí na hairí agus na státseirbhísí seo in éadan na Gaeilge,” ar sé. “Bhí cruinniú eile againn ag a raibh Michael Ancram, Aire Oideachais ag an am, agus muid ag iarraidh meánscolaíocht Ghaeilge a sholáthar. Is cuimhin liom fear amháin ag moladh scoil Bhéarla. “They have a stream for you people, people who are that way inclined,” ar seisean.

“Nuair a thosaigh mé ag machnamh, d’aithin mé nach raibh i ndearcadh s’aigesan ach déantús den phróiséas fhada choilineachta a bhí in Éirinn.”

Marú Dearthár

Agus an smaointeoireacht seo ina chloigeann, d’aithin Feargal go raibh a shaol sóisialta fite fuaite leis an streachailt a bhí ag dul ar aghaidh thart air. Gníomhaí a bhí ina athair, Terry, go háirithe i bhforbairt pobail agus timpeallachta. Nuair a bhí sé ag dul do na scrúduithe Ard-Leibhéil, maraíodh a dheartháir, Terry jnr. Is cuimhin liom féin lá an tórraimh agus an dúscaifte de dhaoine óga, idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh a d’fhreastail air, bhí oiread sin geana ag daoine ar Terry Óg ach cad é mar a chuaigh de i bhfeidhm ar Fheargal?

“Bhuel, le linn na tréimhse sin, chonaic mé daoine a bhí ag obair ar son an phobail, m’athair agus mo dhearthair agus nuair a chonaic mé an dlúthphairtíocht i mo theaghlach i ndiaidh an dúnmharaithe, dhaingnigh sé sin an dearcadh a bhí agam ar cad is pobal ann.” Chomh maith le croíthábhacht an phobail agus an athraithe shóisialta, bhí an dearcadh a bhí ag Feargal ar an Ghaeilge ag forbairt fosta.

Bhí iar-phríomhoide na Meánscoile Fergus Ó hÍr agus Séanna Breathnach ag obair le hÉamonn Ó Dónaill as Tír Chonaill ar ‘Abair Leat’, cúrsa do dhaoine fásta. Tugadh baicle múinteoirí agus cúpla dálta A-leibhéíl ina measc go Gaoth Dobhair le modhanna teagaisc Gaeilge a fhoghlaim. Is cuimhin le Feargal go raibh cuid mhór iarchimí ann ar an chúrsa.

“Ar scoil, theagasc iarchimí mé, agus na daoine seo, d’inis siad scéalta faoin dóigh ar fhoghlaim siad an teanga agus iad i ngéibheann agus chuir mé an dúrud ceisteanna orthu agus de réir a chéile bhí a fhios agam gur mhaith liom rudaí a thabhairt le chéile agus rinne mé sin do thráchtas a bhí mé ag scríobh mar chuid den chúrsa dochtúireachta a bhí idir lámha agam in Ollscoil na Ríona, ach ba é an sprioc a bhí i gcónaí agam ná rud éigin a fhoilsiú.”

Ar ndóigh, measann Feargal go bhfuil i bhfad níos mó i gceist le hathbheochan na Gaeilge ó thuaidh ná na cimí. Deir sé go bhfuil dhá scéal mhóra ann mar théamaí i ‘Language, Resistance and Revival’.

“Sa chéad dul síos, bhí mé ag fiosrú cad chuige ar fhoghlaim cimí Gaeilge agus iad i ngéibheann, cad é a spreag iad, cad é an dóigh ar fhoghlaim siad Gaeilge agus cad é mar a d’athraigh an próiséas seo iad ó thaobh na hidé-eolaíochta de.

“An scéal eile, sin an athbheochan pobail ar an taobh amuigh agus bhí mé ag fiosrú an dóigh a raibh an dá sceal seo fite fuaite ina chéile.”

An Athghabháil

Creideann Feargal go raibh daoine sa tuaisceart, bíodh siad ag obair ar son an phobail nó ag gníomhú ar son na teanga sna carcair, bhí siad á dheanamh mar chuid den idé-eolaíocht sin a chreid gur chóir an díchoilíniú a bhaint amach.

“Bím ag caint ar an díchoilíniú mar chomhthéacs tuisceana ina dtig linn a bheith ag plé rudaí a tharla,” ar sé.

Maidir le stair na Gaeilge i bpríosúin i gcoitinne, i ndiaidh Éirí Amach na Cásca, bhí daoine ag foghlaim Gaeilge i bhFrongach agus bhí bunaitheoirí Chonradh na Gaeilge i ngéibheann. Ag an am sin, bhí an Conradh fite fuaite sa straitéis ar son saoirse na hÉireann, mar sin bhí dlúthnasc idir an teanga agus iad sin a bhí i bpríosún. D’fhoghlaim siad an teanga mar chuid den “troid ar ais” agus bunaíodh an traidisiún sin, foghlaim na Gaeilge i ngéibheann, ón am sin ar aghaidh.

“I gcuid de na carcracha, ar an loing Argenta, i mBóthar Cromghlinne, ar an Churrach, ní raibh ach baicle bheag i mbun fhoghlaim na Gaeilge. In áiteanna eile, ag brath ar an mhúinteoir, ar an chur chuige teagaisc, bhíodh níos mó daoine á foghlaim agus á teagasc.

Sa Churrach agus ar Bhóthar Cromghlinne sna 40í, bunaíodh botháin Ghaeltachta don chéad uair, áiteanna a raibh, chan amháin Gaeilge á teagasc iontu, ach ina raibh Gaeltacht á múnlú ag an am chéanna.

“Tá sé sin thar a bheith spéisíuil ó thaobh na sochtheangeolaóchta de mar go bhfaca siad gur oibir an cur chuige sin i bhfad níos fearr ná gnáthranganna.”

Níor Lia Duine ná Inspreagadh

Cad é a spreag na daoine seo i dtreo na Gaeilge? An dtabharfadh siad lá airde ar an teanga mura mbeadh an choimhlint pholaitiúil ag dul ar aghaidh ag an am chéanna? Measann Feargal go raibh cimí áirithe spreagtha ar shiocracha éagsúla.

“Dar liom, bhí daoine spreagtha ag an chultúr agus ag an tsochtheangeolaíocht, daoine eile, ag brath ar theaghlach s’acu féin, bhí siad spreagtha go hiomlán ag an pholaitíocht, ach sílim go raibh fiche spreagadh ann.

“Ceann de na rudaí a tharla sna 70í a bhí difriúil ná, i ndiaidh an imtheoranaithe, gur léir nach raibh an pobal náisiunaíoch sásta fanacht in áit na leathphingne. Bhí cineál réabadh pobail ag dul ar aghaidh, rud nach raibh fíor sna 40í agus sna 50í,” arsa Feargal.

“Arís eile, sna hagallaimh atá déanta agam, deir go leor daoine nach raibh mórán ratha ar na ranganna Gaeilge an áit a raibh an t-imtheorannú. Bhí na céadta istigh; ní raibh a fhios acu cá fhad a mbeadh siad i ngéibheann; bhí siad saor i rith an lae, iad amuigh ag imirt peile, bhí suim acu sa phopcheol, mar sin ní raibh ach baicle bheag a chuaigh a fhoghlaim Gaeilge.

“Ach an áit ina raibh cimí daortha, bhíothar ag eagrú Gaeltachtaí, ag léamh leabhar fá stair na hÉireann, leabhair an Phiarsaigh, Mháirtin Uí Chadhain, bhí siad ag léamh Franz Fanon agus ag foghlaim faoin streachailt san Ailgéir, fá Vítneam agus mar thoradh air seo, thuig siad go raibh siad mar chuid den aisfhreagra ar an domhandú agus den troid a bhí ag dul ar aghaidh in éadan an chos ar bolg. Sin an fáth gur bhunaigh siad sciatháin Ghaeltachta, rud a spreag daoine eile.

Ar na rudaí is spéisiúlaan t-athrú aigneolaíochta a tháinig orthu sin nach raibh Gaeilge ar bith acu roimhe ach i ndiaidh iad an teanga a fhoghlaim, chreid siad gur daoine difriúla iad nuair a bhí siad ábalta a bheith ag smaoineamh agus ag brionglóidí i nGaeilge. Na daoine seo, níos maille, bhí siad na Blocanna-H agus ar agóidí na plúide agus bhí siad ag brú na Gaeilge chun cinn mar ghléas streachailte.”

Fréamacha i bhFad Siar

Le linn dó seo uilig a bheith ag dul ar aghaidh, bhí cúinsí nó an comhthéacs ag athrú i bpobail ar fud an tuaiscirt.

“Taobh amuigh bhí gníomhaithe eile ag bunú Gaeltachta agus bhunaigh siad an chéad scoil lán-Ghaeilge ó thuaidh. D’fhás sé sin as an athbheochan cultúrtha a raibh Máirtín Ó Cadhain bainteach leis. D’eascair sé as an aeráid neamhspleáchais ina raibh na cimí ag feidhmiú, cé gur ghné dhifriúil ar fad é i measc bhunaitheoirí Bhóthar Seoighe. Mar sin, i ndiaidh na gcimí theacht amach i ndiaidh na stailceanna ocrais, bhí dúshraith leagtha a dtiocfadh leo tógáil air.

“I ndiaidh na stailceanna ocrais bhí aeráid eile ar fad ann. Bhí daoine tógtha agus spreagtha, b’fhéidir mar a bhí daoine i ndiaidh 1916, bhí claochlú iomlán tagtha ar dhaoine agus bhí an Ghaeilge le feiceáil ag an ghnáthphobal mar ghléas a dtiocfadh leo feidhm a bhaint as le bheith páirteach ann.

Sin ceann de na pointí is mó a rinne Séamus Mac Seáin san agallamh a rinne mé leis. Tá miotas ann go raibh muintir Bhéal Feirste naimhdeach don Ghaeilge. Ní raibh. Bhí siad i gcónaí fial lena gcuid airgid, ach mhothaigh siad nach dtiocfadh leo a bheith páirteach sa ghluaiseacht seo, ach sa tréimhse sin i ndiaidh na stailceanna ocrais agus iarchimí tiománta ag pilleadh ar a bpobail agus an dúshraith leagtha síos ag gníomhaithe eile a bhí go hiomlán neamhspleách ar a raibh ag titim amach sna príosúin. Comhtharlú staire a bhí ann mar sin. Dúirt Séamus gur mhothaigh daoine go dtiocfadh leo féin teanga a fhoghlaim iad féin ach téann na fréamhacha i bhfad siar go dtí Pádraig Mac Piarais agus bunaitheoirí an Chonartha.”

‘Tá an Ceart Acu’

Ach seo 2013 agus is é an mana atá á chraobhscaoileadh ag an uile dhuine ná go gcaithfear an teanga a dhípholaitiú. Níl ann ach cur chuige amháin, dar le Feargal.

“Tá an ceart acu. Tá fiche fealsúnacht fite fuaite i gcur chun cinn na Gaeilge á gcur chun cinn agus tá an ceart ag achan cheann acu.”

Deir Mac Ionnrachtaigh gurb é an rud is dóchasai fán taighde atá déanta aige ná cumhacht an duine aonair. Mura raibh seachtar sásta gníomh a dhéanamh agus Conradh na Gaeilge a bhunú, ní bheadh muidinne ag caint Gaeilge anois, a deir sé. Seans mór go mbeadh an Ghaeilge ar shlí na fírinne.

Ach go bé gur shíl muintir Bhóthar Seoighe go dtiocfadh leo Gaeltacht a bhunú, ní bheadh Cultúrlann ann agus na tograí a d’eascair aisti sin. Ní hamháin sin ach spreag siad daoine eile taobh amuigh de ghluaiseacht na Gaeilge le dul i mbun gnímh. Níor bhunaigh siad coistí le pleananna cúig bliana a chumadh ach rinne siad lá arna mhárach é.”

Misneach

Tá an cur chuige céanna mar chuid d’fhealsúnacht Mhisneach a bhfuil Feargal ina chomhbhunaitheoir air. Cad é na pleananna atá ag an ghrupa?

“Bhuel, tháinig baicle díograiseoirí le chéile mar gur mhothaigh muid go raibh spás agus géarghá le guth radacach agus cur chuige feachtasaíochta a neartódh neamhspléachas ghluaiseacht na teanga. Ainneoin an dul chun cinn atá déanta ag streachailt na teanga le blianta beaga anuas, is léir go bhfuil bóthar fada corraitheach le taisteal againn go fóill le contúirtí an domhandaithe is nósmhaireacht an bhéil bháin i measc bhunaíochta na tíre seo ina mbagairtí fhollasacha ag fís athghabhála na Gaeilge.

“Aontaíodh go mbeidh Misneach neamhpleách ar mhaoiniú stáit agus saor ón pholaitíocht pháirtí ach seachas seo, tá an coincheap féin i mbéal forbartha agus le bheith múnlaithe ag an ghlúin úr de dhíograiseoirí atá mar spriocghrúpa againn leis an bhéim ar spás cruthaitheach sóisialta inár féidir le Gaeil óga teacht le chéile mar phobal aitheanta.

“Tá ag iarraidh go geal leis an sprioc seo cheana leis na hoícheanta G.Spota atá ag teacht chun cinn arís i mBéal Feirste, cuirim i gcás. Is cinnte go mbeidh an cur chuige feachtasaíochta bunaithe ar na riachtanais is tábhachtaí agus is práinní i measc ghnáthmhuintir na Gaeilge.”

Glór na Móna

Cé go gcaitheann Feargal cuid mhór ama ag smaoineamh ar fhealsúnacht chur chun cinn na teanga is fear gnimh é fosta, go háirithe le scaifte ar Bhóthar Cluanaí in iarthar Bhéal Feirste, Glór na Móna, a bhfuil an dúrud bainte amach acu go dtí seo.

“Bunaíodh Glór na Móna in 2004 le freastal ar phobal Uachtar Chluanaí agus tá pobal labhartha na teanga ag dul ó neart go neart ó shin. Leoga, aithnítear Uachtar Chluanaí mar cheann do na ceantair uirbeacha is mó bláth ó thaobh na Gaeilge de i dtuaisceart na hÉireann. Tá dhá bhunscoil lán-Ghaeilge rathúil sa cheantar mar atá, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh i mBaile Uí Mhurchú agus Gaelscoil na Móna i Lóiste na Móna.

“Lena chois, tá an Ghaelcholáiste is mó ar an oiléan, Coláiste Feirste, lonnaithe ag cois an cheantair le timpeall 600 daltaí ag freastal uirthí, agus tá 35% den scoilphobal seo a bhfuil cónaí orthu i gceantar an uachtar Chluanaí.

“Tuigimid go bhfuil muid ag feidhmiú i gceantair faoi mhíbhuntaiste soch-eacnamaíochta ina bhfuil cuid do na bardaí is boichte sná 6 contae. Amharcann muidne ar obair athghabhála na Gaeilge mar dheis chun muinín, rannpháirteachas agus cumhachtú a chothú i measc an phobail seo.” Cuireann muid an illiomad seirbhísí ar fáil ar nós ranganna Gaeilge ag gach leibhéal, cláracha oideachais pobail, oiliúint chreidiúnaithe, imeachtaí teaghlaigh, campaí samhraidh, campaí spóirt Gaelacha agus féiltí pobail.

“Tháinig na céadta foghlaimeoirí agus daoine óga trí chúrsaí oideachasúla agus trí thógraí pobail s’againn le bliantaí beaga anuas.

Le déanaí, d’éirigh le Glór maoiniú caipitíl a bhaint amach d’fhoirgneamh úr ag seansuíomh Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh in aice le sólann na Carraige Báine le tacaíocht ó Halla na Cathrach agus ón Chiste Infheistíochta Gaeilge.

Tá sé de rún againn ollionad pobail a thógáil le sainchuspóir chun riar ar an chreatlach oibre atá luaite agam cheana. Cuirfidh sé le teacht an phobail ar na seirbhísí seo san aon ionad, ilghnéitheach amháin. Bheadh soláthar ann do 3 sheomra ranga, spás oifige agus seomra ilchuspóireach a dhéanas freastal ar léachtanna poiblí, obair óige, ionad teaghlaigh agus sainoiliúint creidiúnaithe. I bplean s’againn, tógfar foirgneamh adhmaid, modúlach a bheas éiceabhách i gcomórtas le foirgnimh thraidisiúnta.”

Forbairt Feirste agus Gaelchúrsaí

Murar leor sin, tá post ag Feargal le Forbairt Feirste i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste, áisínteacht a imríonn ról lárnach i saol agus athbheochan na teanga i mBéal Feirste go háirithe sa Cheathrú Ghaeltachta.”

“Tá comhlacht úr Oideachas agus Traenála s’againn, Gaelchúrsaí, ag dul ó neart go neart agus ag seachadadh an ilomad cúrsaí creidiúnaithe do Ghaeil óga na cathrach. Le cois, tá nascanna trasphobail a thógáil againn le cúrsaí oidhreachta trí Theach Ard na bhFeá agus pleananna móra do thaispeantás ealaíne agus dramaíochta beartaithe don bhliain úr in éineacht le East Belfast Mission, Ashfield Girls agus Coláiste Feirste. Ghlac na nascanna seo muid go hAlbain ar na mallaibh ar deireadh seachtaine chun Oileáin Í Cholm Chille, agus ó croílár ríocht Dál Riata ag Dún Add, áit a ndearna siad ceiliúradh ar chéad turas Cholm Chille féin chun an oileáin agus chun críocha Dál Riata in Albain sa bhliain 563.

“Tá súil againn fosta gur féidir linn tionchar dearfach a imirt ar na hiarrachtaí chun dul chun cinn suntasach a bhaint amach i bhforbairt na Ceathrún Ghaeltachta sna míonna amach romhainn is tógraí ar nós Áras na bhFál ag Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Spórtlann Choláiste Feirste agus Slí na Gaeltacha, a bheas mar áis turasóireachta cultúrtha i gcroílár na gCeathrún Ghaeltachta, ag bogadh chun cinn i dtreo a thosaithe.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.