Labhair Mícheál Ó hAodha le ridire mná, Niamh Dunne, a shiúlann bóithre mhór-ranna an domhain mar bhall den bhuíon aitheanta oilte Beoga.
M.Ó.H: Tá fíorchaoin fáilte romhat go Beo.ie, a Niamh.
ND: Go raibh maith agat, a Mhíchíl.
M.Ó.H: -Inis dúinn fút féin a Niamh?
ND: Ceoltóir is ea m’athair, Mickey Dunne. Is píobaire é agus seinneann sé an fhidil leis. Is ball den Lucht Siúil é agus bhí a mhuintir siúd lárnach i saol cultúrtha na hÉireann sna blianta siar. Thóg siad ceol ó phobal na tuaithe, scaipeadar an ceol sin agus thugadar a gceol féin don phobal chomh maith. Chuirtí na muartha fáilte i gcónaí roimh ridirí an bhóthair: bhídís le cloisteáil ag gach ócáid a mbeadh daoine bailithe le chéile ann ar nós lá aonaigh, margaí, cluichí peile agus iománaíochta agus mar sin de. Bhí an-mheas ag an gcosmhuintir ar cheol m’uncail agus mo shean-athar agus bhaineadar cáil mhór amach fud fad na tíre. An uair úd, slí bheatha ab ea ceird agus ceol an cheird a bhí againne.
Tá an t-ádh liom go raibh an ceol i gcónaí i mo shaol agus go mbíodh (agus go mbíonn) an ceol á sheinm sa bhaile i gcónaí riamh. Fuaireas a lán tacaíochta ó mo Dhaid agus ó mo mháthair agus mé ag teacht aníos. Is sárcheoltóir í mo dheirfiúr Bríd freisin, agus bhíodh ár dtuismitheoirí bochta dár dtiomáint timpeall na tíre chuig ócáidí ceoil, nó fleadhanna, nó chuig ranganna ceoil i gcónaí. Mo chluas a phioc an ceol suas ó m’athair agus ansin dheineas staidéar ar an gceol clasaiceach i Scoil an Cheoil i Luimneach. Nuair a chríochnaigh mé ar scoil, d’fhreastail mé ar Ollscoil Luimnigh mar ar bhain mé céim amach sa cheol traidisiúnta. Ina dhiaidh sin bhuaileas le Seán Óg. Sheinneamar go minic lena chéile i Luimneach. agus tar éis tamaillín eile is ea a thosnaíos ag seinm agus ag canadh le Beoga!
Ag Leanúint na hOidhreachta
M.Ó.H: Is mar fhidléirí a bhí cáil ar na Dunnes i dtús, nach ea? Leithéidí ‘The Fiddler Dunne’ mar shampla.
N.D.: Is de shliocht ársa na bhfidléirí fáin mé féin. Na ceoltóirí taistil. Tá de phribhléid agam é sin a bheith mar oidhreacht agam. B’in mar a shocraíomar ar albam teaghlaigh a dhéanamh lena chéile tá tamall de bhlianta ó shin, chun ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht shainiúil dar díobh muid, an traidisiún áirithe ceoil sin a chaomhnú agus é a sheachadadh go dtí an chéad ghlúin eile.
M.Ó.H: Rinne tú staidéar ar an gceol in Ollscoil Luimnigh, a Niamh. Ar thaitin sé sin leat?
N.D.: Thaitin sé thar barr liom. Bhí an-chraic go deo againn agus is ann a bhuaileas le cuid de na cairde is dlúithe atá agam. Bhí ceolchoirmeacha, seisiúin agus eile ar siúl an t-am go léir agus ní rabhamar díomhaoin riamh. D’fhoghlaimíos an t-uafás ó thaobh an cheoil de in Ollscoil Luimnigh. Bhí sraith de cheoltóirí cónaitheacha ansin acu agus cuid acu ba mháistrí ar a gceird iad. Mar an gcéanna i gcás na gceoltóirí éagsúla a thugann cuairt go rialta ar an ollscoil.
M.Ó.H: Cad a thug ort spéis a chur sa Ghaeilge?
N.D.: Mo mháthair. Tá sí an-phaiseanta faoin nGaeilge. Ar bhonn pearsanta, sílim go mbaineann an Ghaeilge le gach duine againn agus tá sé tábhachtach í a úsáid go rialta más féidir, fiú muna bhfuil ach beagán di ar eolas againn. Cén dochar? Théinn chuig an nGaeltacht gach samhradh agus is ann a d’fhoghlaimíos an chuid is mó de mo chuid Gaeilge. Tá cion faoi leith agam ar Chontae Chiarraí agus is de thairbhe na teanga é sin freisin.
An Chéad Díolaim
M.Ó.H: Inis dúinn faoin gcéad albam aonair agat, Portraits?
N.D.: Bailiúchán d’amhráin tíre agus den cheol traidisiúnta a thaitníonn go mór liom atá cuimsithe agam ar an albam seo. Bailiúchán ceoil is ea é a léiríonn – ar nós ‘portráide’ is dócha –cá bhfuilim féin mar cheoltóir agus mar amhránaí i láthair na huaire agus pé forbairt atá déanta agam sa dá réimse seo. Is cineál aistir é an ceol feictear domsa, aistear nó oilithreacht a dhéanann an ceoltóir ó bhreith go bás. Dá réir sin, is tábhachtach an ní é sos a thógaint ó am go chéile agus machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna bunúsacha ealáine sin – Conas tá ag éirí liom i láthair na huaire? Cén sprioc atá ar intinn agam, agus eile. Ag bogadh agus ag athrú a bhímid de shíor ar an saol seo. Ach is fiú pictiúr nó ‘portráid’ a dhearadh ó am go chéile a léiríonn cá bhfuil do threo agus cá bhfuil do mhian – ag an am áirithe sin.
M.Ó.H: Cad a cheapann tú de réimse an cheoil in Éirinn i gcoitinne?
N.D.: Ní saol éasca é ar chor ar bith, go háirithe agus tú ag tosú ar an mbóthar i dtús báire. Tá go leor constaicí os do chomhair amach agus is deacair slí bheatha a shaothrú mar cheoltóir in Éirinn ár linne. Ach, nach amhlaidh atá sé i ngach réimse den saol inniu? Caithfear a bheith diongbháilte agus tiomanta i leith pé réimse saothair is áil leat, go háirithe i láthair na huaire agus cúrsaí geilleagair mar atá. Is í mo thuairim gur ar éigean go bhféadfadh caighdeán an cheoil a bheith níos airde ná mar atá sé faoi láthair. Tá an-chuid ceoltóirí óga a bhfuil tallann den scoth acu ag seinnt ceoil traidisiúnta agus gach saghas ceoil in Éirinn faoi láthair agus mórán de na ceoltóirí seo, is ón iasacht a thánadar an chéad lá riamh. Tá ilghnéitheacht agus saibhreas agus beocht sa cheol a sheinntear inniu a bhí in easnamh b’fhéidir san am atá thart.
M.Ó.H: Cén cineál ceoil a thaitníonn leat féin? Cén cineál ceoil a n-éistfeá go rialta leis?
N.D.: Is ‘folkie’ go bunúsach mé! Éistimse le réimse leathan amhránaithe ó na traidisiúin tíre éagsúla. Is saghas andúiligh mé i leith rac-amhránaithe móra na 1990í freisin – go háirithe iad siúd a bhí ar i mbarr a réime ag tús na nóchaidí!
M.Ó.H: Cad a spreagann tú chun amhrán nua a chur le do stór amhrán pearsanta féin nó chun amhrán nua a chumadh?
N.D.: Sin ceist mhaith! Is tábhachtaí an t-amhrán domsa ná an té a chasann an t-amhrán. An bhfuil scéilín nó eachtra cumhachtach luaite leis an amhrán áirithe sin? An bhfuil mothúcháin dhoimhne le brath ann? Na mothúcháin chéanna sin a chur trasna ar an lucht éisteachta – sin is amhrán ann i mo thuairimse.
Beoga
M.Ó.H: Tá tú ag seinm leis an ngrúpa Beoga le blianta fada agus tá an domhan mór siúlta agaibh. Inis dúinn beagán faoi sin.
N.D.: Táimid ar an mbóthar le fada an lá anois agus bhí sé d’ádh orainn cuid mhór taistil a dhéanamh agus camchuairt a thabhairt ar réimse leathan tíortha, mar ar bhuaileamar le ceoltóirí ó na ceithre hairde. Táimid ar tí ár gcuigiú halbam a chur amach go luath, agus táimid go léir fós ag caint lena chéile, éacht suntasach ann féin! Táimid gafa i gcónaí leis an gceol is dual dúinn agus is aoibhinn linn go bhfuilimid ag baint slí bheatha as foirm ealaíne a bhfuil ár gcroí is ár n-anam inti. Ainmníodh an t-albam The Incident ar ghearrliosta ghradam na Grammys sa bhliain 2010, agus bhíomar an-bhróduil as sin. Tá cúigear againn sa bhanna, ceathrar lads agus bean amháin. Tá dhá bhosca ceoil againn, pianó amháin, bodhrán amháin agus bím féin ag seinnt ar an bhfidil agus ag canadh. Tá dearcadh úr againn i leith an cheoil ceapaim, agus spéis faoi leith againn i gcruthú ceoil atá úrnua agus uathúil. Tá ár bhfuaim féin againn, is dócha. Is Tuaisceartaigh iad baill an ghrúpa, seachas mise. Is as Contae Antroma do thriúr de na lads agus is as Contae Dhoire don leaid eile. Agus mise mar Luimníoch – i m’aonar! Is mór an spórt iad na lads agus bíonn an-chraic againn lena chéile.
M.Ó.H: Conas a tháinig sibh le chéile an chéad lá riamh?
N.D.: Tá sé sin spéisiúil. Bhíomar go léir páirteach i gComhaltas Ceoltóirí Éireann agus bhímis ag na feiseanna éagsúla fud fad na tíre leis na blianta fada. Ba i gCiarraí a thánamar le chéile den chéad uair i ndáiríre áfach agus shocraíomar ar bhanna a chur ar bun. B’in ag an bhFleadh i Lios Tuathail beagnach 9 mbliana ó shin. Bhraitheamar ceangal láidir agus spiorad faoi leith eadrainn féin ón gcéad lá riamh.
M.Ó.H: Cén chaoi ar tháinig sibh ar an stíl cheoil uathúil atá ag Beoga?
N.D.: Chun an fhírinne a rá, chuaigh réimse leathan ceoil idir shean agus nua i bhfeidhm orainn, ar bhonn aonair agus mar ghrúpa. Tá tionchar ag réimse leathan ceoil orainn –an ceol domhanda san áireamh. An rud is ansa liom faoi Bheoga ná go bhfuil an oiread sin saoirse againn mar cheoltóirí ó thaobh tionchair agus stíle de. Dá mbeifeá chun cur síos a dhéanamh orainn ó thaobh stíle de, is dócha go bhféadfá a mhaíomh gur meascán eicléicteach atá ann idir cheol traidisiúnta na hÉireann, ceol na muintire agus an ceol domhanda – táimid oscailte don iliomad tionchar agus stíle - ó Michael Jackson go Mozart!
Rotha Mór an tSaoil ag Síorchasadh
M.Ó.H: Cad iad na deacrachtaí is mó atá le sárú ag an nglúin óg ceoltóirí atá ag teacht in inmhe anois meas tú – más mian leo slí bheatha a bhaint amach i réimse an cheoil?
N.D.: An fhadhb is mó, bhféidir ná go bhfuil gach ní ag athrú chomh tapa sin. Le teacht an idirlín, tá cúrsaí athraithe go mór agus is deacair do mhéar a leagan ar conas a bheidh cúrsaí sna blianta amach romhainn. Tá saol an cheoil athraithe as éadan le hais mar a bhí deich mbliana ó shin fiú amháin. Ní féidir ach buille faoi thuairim a thabhairt faoi conas mar a bheidh againn i gceann deich mbliana eile. Ach déanta na fírinne, ní raibh sé riamh éasca do shlí bheatha a shaothrú leis an gceol agus toisc go mbíonn tú ag streachailt leis an saol go minic, ní hionann sin is a rá nach fiú é. Tá idir bhuntáistí agus mhíbhuntáistí ag baint leis an idirlíon maidir leis an gceol de.
Dar ndóigh is deacracht mhór é gur féidir an t-uafás ceoil a íoslódáil go mídhleathach agus saor in aisce anois ach tá buntáistí móra ag baint leis an idirlíon do cheolteoirí comhaimseartha. Fúinne atá sé na nua-theicneolaíochtaí seo dála twitter agus eile a oibriú ar mhaithe linn féin agus lenár gceird.
M.Ó.H: Cé hiad na hamhránaithe óga Éireannacha a bhfuil meas agat orthu?
N.D.: Nell Ní Chróinín. D’fhéadfainn éisteacht léi ar feadh an lae... Banna ceoil óg as Luimneach agus Sligeach ó dhúchas iad is ea Moxie agus taitníonn a gcuid ceoil go mór liom.
Ealaín Luimnigh
M.Ó.H: Bhí Luimneach sa nuacht go minic le déanaí - cad a cheapann tú de shaol cultúrtha/ceoil Luimnigh i gcoitinne?
N.D.: Ceapaim go bhfuil roinnt de na ceoltóirí is fearr i Luimneach sa lá atá inniu ann – ach táimse claonta dar ndóigh. Cúis aifeála a bhí ann gur thosaigh bliain na Cathrach Cultúrtha amach ar an mbonn mícheart. Agus caithfear é a rá arís eile. Tá ceoltóirí den scoth i gcathair Luimnigh – ceoltóirí go bhfuil saoldearcadh agus réimse fairsing stíle ar a dtoil acu. Ní hamháin sin ach tá saibhreas ealaíontóirí, damhsóirí agus filí i Luimneach. Is dóigh liom féin gur maith an rogha atá ann don chathair chultúrtha toisc chomh spreagúil agus bríomhar atá saol ealaíne na cathrach le fada an lá.
M.Ó.H: Cén scannán a thaitin leat, le déanaí abair?
N.D.: Bhí Django Unchained go hiontach.
M.Ó.H: An leabhar is ansa leat?
N.D.: Taitníonn leabhar cócaireachta Yotam Ottolenghi ‘Jerusalem’ go mór liom. Ní bhíonn deis agam a bheith ag léamh go rómhinic – ach amháin nuair a bhímid ar camchuairt. Taitníonn an chócaireacht go mór liom agus taitníonn an bia liom dá reir! Is breá liom a bheith ag turgnamh le cineálacha nua bia agus tá i bhfad an iomarca leabhair cócaireachta sa bhaile agam – dar fia! - níl sé greannmhar ná sláintiúil.
M.Ó.H: Tionscadail cheoil amach anseo?
N.D.: Táim chomh gafa sin le Beoga agus le stuif aonair ar na saolta seo nach bhfuil am agam cuimhneamh ar an lá amárach. Ta tionscadal an-deas idir lámha agam le Seamie O Dowd, Pauline Scanlon agus Damien O Kane: Homeward Bound, amhráin a dhéanann ár bhfód dúchais a cheiliúradh. Ba dheas liom albam aonair eile a dhéanamh amach anseo.
M.Ó.H: Go raibh míle maith a Niamh!
N.D.: Céad fáilte a Mhíchíl. Go raibh maith agat féin.