Chuaigh Edwina Nig Eochaidhean faoi pholl cnaipe de bheith ina Rós Thrá Lí anuraidh agus tá na céadta den dream an-óg meallta léi i mbun damhsa ar an sean-nós ar fud an iarthuaiscirt. Chuaigh Seosamh Mac Muirí ar céilí chuici i Lea’s Tea Room.
Naisc:
Mhaígh Edwina gur mheath a líofacht Gaeilge ó d’fhág sí Coláiste Phádraig ina diaidh. Is beag an cleachtadh a bhainfeadh an mheirg dá cuid Gaeilge áfach, nó is léir nár mheath a tuiscint ar an nGaeilg.
SMM: Dhá cheist in aon cheist amháin: cá bhfaca tú an damhsa ar an sean-nós an chéad lá ariamh agus céard a spreag thusa tú féin i mbun an damhsa ar dtús?
Edwina Nig Eochaidhean: Is dóigh nár thuig mé céard a bhí ann féin an chéad iarraidh. D’fheicfeá damhsóirí áitiúla sa bhaile, nó thiar i gCruachán (Ros Comáin), d’fheicfeá an chorr-choismeig ag duine éicint. B’fhéidir go bhfeicfeá le linn sosa ag céilí, nuair a shuíodh daoine síos ó na damhsaí foirne, go seasadh duine amach le cúpla coismeig a bhualadh leis an gceol. Níor cheistigh mé riamh céard a bhí ann féin ná níor shainmhínigh mé é. Nuair a bhí mé sé nó seacht mbliana d’aois tháinig Róisín Ní Mhainnín aniar ag teagasc ceardlainne ag Scoil Samhraidh Joe Mooney i nDroim Seanbhó agus chonaic mé damhsa nach raibh glan díreach ar nós an damhsa a bhí feicthe agam roimhe sin ag an seandream thart timpeall anseo. Is ansin a thuig mé gur aon aicme damhsa amháin a bhí ann agus go raibh ‘sean-nós’ baiste ar a leitheid.
Sármhúinteoirí Aniar
Ba shin í mo chéad mhúinteoir, Róisín, as Ros Muc, ag an Joe Mooney. An tseachtain dár gcionn, ba ghnách go dtagadh Pádraig Ó hOibicín as Leitir Mucú le ranganna a thabhairt ag Féile na Cruite i gCéideadh (Ros Comáin) chomh maith. Iad siúd agus damhsóirí an taoibh seo, Tom Beirne agus Sonny Moffitt, as Eanach Dubh an bheirt acu, agus daoine eile nach raibh a n-ainmneacha agam, feicim i mo chuimhne go fóill iad ag damhsa leo. Ní raibh mórán eile ag dul dó agus, ar feadh tamaill, déarfainn gur shíl roinnt daoine nach raibh ann ach nach raibh an rince céime tugtha liom i gceart! [gáire] Nuair a chonaic daoine ar ball go raibh gasúir go leor múinte ar an ealaín chéanna agam, thuig siad maith go leor ansin gur aicme ar leith ealaíne a bhí ann mar shean-nós.
Bhí sé go haoibhinn freastal ar Oireachtas na Gaeilge chaon bhliain agus dream m’aoise féin, muintir Cunningham, agus níos óige, a fheiceáil i mbun an tsean-nóis.
SMM: Thosaigh na sluaite ag freastal ar na comórtais damhsa ar an sean-nós ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Cheanainn roinnt blianta ó shin agus bhí a fhios againn go raibh athbheochain faoi lán réime. Tá an damhsa sean-nóis i bhfad Éireann níos láidre ná mar a bhíodh. Cén fáth meas tú?
ENE: Níl a fhios agam. Pádraig (Ó hOibicín) a d’inis dom faoin Oireachtas i Leitir Cheanainn. Bhí mé dall air go dtí sin. Ní raibh a fhios agam go raibh sé ar an teilifís, go raibh iomaíocht ghéar ann nó rud ar bith. Ní raibh ach seisear nó seachtar sa chomórtas faoi aois an bhliain sin. Caithfidh tú cáiliú le dul ann anois. Bíonn thart ar thrí scór san iomaíocht anois faoi dhá bhliana déag d’aois! Sílim gur imir an teilifís, TG4, tionchar mór ar an bpobal an t-am sin, mar is é an chaoi gur pléasc an líon freastail ar fad in achar gairid blianta. Bhí sé caoithiúil don damhsa trí chéile an t-am sin chomh maith, sílim. Is dóigh liom go ndeachaigh an rince foirne blaisín beag thar cheasaí an t-am sin. Theastaigh an rud aiceanta ó na daoine ansin, an rud a raibh an dúchas fós ann, go téagartha.
An Damhsa Mar Cheird
SMM: Tá roinnt daoine i mbun damhsa mar ghairm bheatha le roinnt blianta anuas agus bíonn an-saol acu ag siúl an domhain mhóir. An raibh tú féin siúlach leis na seónna móra damhsa thar lear?
ENE: Leis an sean-nós amháin a bhí mé siúlach mar a déarfá. Birmingham, Lá Fhéile Phádraig, measaim, le dream damhsóirí. Rinne mé an dá rud an t-am sin, an rince céime agus an sean-nós, ach bhí deacracht agam an dá láimh a choinneáil sínte síos nuair a bhínn ag rince dóibh! [gáire]
Chuaigh muid go Nua-Eabhrac an bhliain dár gcionn, ach d’fhág mé mo bheannacht ag an rince ina dhiaidh sin i ndáiríre. Mheas mé go raibh an rince céime go maith leis na cosa a neartú. Is lena aghaidh sin a chuaigh mé ina bhun leis an bhfírinne a dhéanamh.
SMM: Bíonn tú gnóthach i mbun múineadh damhsa ar an sean-nós thart sna contaetha mórthimpeall ort le Sean-Nós ar an tSionainn. An mbíonn tú ró-chruógach in amannaí?
ENE: Bím. Is é an t-aistear siar is aniar a thuirseofas duine. Chríochnaigh mé Fleadh Cheoil na hÉireann i Sligeach agus bhí dhá lá ceardlainne i gCo. Lú leis na cluichí pobail. Is deacair freastal orthu go léir mórán ar mullach a chéile, ach is fiú é agus ní dhéanfainn é mura mbeadh an grá agam dó. Is fuath liom tiomáint i bhfad oíche gheimhridh, múchta le dorcadas. Nuair a bhainfidh tú an rang amach, tá tú togha ansin. Is aoibhinn a bheith ann. Bím an-ghnóthach ceart go leor, ach is iontach an rud é sin. Is deas an rud freisin gur feiceálach gur dá ndeoin féin atá na gasúir ann.
Jimmy Gralton agus Jimmy’s Hall
SMM: Bhí an fear an-cháiliúil sa chomharsain leat, Aifrinneach, blianta fada ó shin, fear a díbríodh as Éirinn agus a ndearna Ken Loach scannán faoi, Jimmy Gralton.
ENE: Is iomaí scéal faoi Jimmy Gralton a chuala mé nuair a bhí mé ag fás aníos. Níl an teach againn i bhfad síos an bóthar ó ionad an tseanhalla. Tharraing Dónal O Kelly an scéal amach as smúid na mblianta agus chóirigh é mar ba cheart. Is cuimhin liom col ceathrair Jimmy go maith i nDroim ar Snámh le linn m’óige. Bean í a raibh aigne agus féinmhuinín láidir inti agus scríobh sí an-scéal faoi darb ainm ‘My Cousin Jimmy’ agus d’fhoilsigh sí é. Scríobh Des Guckian thuas an bealach roinnt faoi chomh maith.
SMM: Chóirigh tusa an damhsa don scannán.
ENE: Chóirigh. D’oibrigh mé le Ken Loach. Is fear an-chumasach é. Theastaigh uaidh an deis fostaíochta a thabhairt do mhuintir na háite, an dream a raibh tuiscint acu ar scéal Jimmy cheana féin.
Tá m’athair mór 95 bliana d’aois agus tá an-chuimhne ann, bail ó Dhia air. Inseoidh sé duit rudaí go leor a thit amach ag Halla Jimmy. Shaighdigh an tAthair Cosgrave daoine i dteach an phobail i nDroim ar Snámh amach le spairteanna móna a chaitheamh le Jimmy is lena lucht tacaíochta. Dúirt m’athair mór gur chroch Ellie Cullen a rothar agus tharraing sí an rothar sa mhullach ar fhear acu sin a bhí ag caitheamh na móna agus leag sí amach ar an talamh gan mhothú é. Agus bhí an sagart ag leagan mallachtaí ar na fir. Thit roinnt acu amach fíor ina dhiaidh sin. Gheobhadh fear díobh bás i Waterloo a dúirt an sagart. Chuala m’athair mór é á rá an lá sin agus faoi fhear eile, dúirt an sagart “you’ll die like an ass on the side of the road”. Friothadh an chéad fhear marbh báite in abhainn na Sionainne, agus bhásaigh an fear eile ar thaobh an bhóthair. SMM: Ach is fada an tSionainn ó Waterloo.
ENE: Tá a fhios agam, ach tuigeann tú an chaoi a mbíodh sé i bhfad siar san am sin. Bhí an-scéalta nár insíodh sa scannán ar ndóigh. B’fhéidir gur fearr mar sin é.
Rós Thrá Lí
SMM: An saol iar-Rós Thrá Lí; saol na múinteoireachta nó eile?
ENE: Caithfidh tú seasamh do do chontae ar feadh na bliana nuair a bhíonn comórtas Thrá Lí thart. Is deas é sin, mar rachaidh roinnt de na dualgais a bheas le comhlíonadh mar Rós agat i bhfeidhm go mór ort. Cuireadh anonn chuig an mBán-Rúis mé agus má chuidigh muide leosan, tá mé a rá leat, chuaigh siadsan i bhfeidhm an-mhór orainne. Lucht dílleachtlainne tá mé a rá. Ní raibh tada sa saol acu, na créatúir. Beidh mé ag gabháil ar ais ann i mí Feabhra ar cuairt chuig chuid diobh sin a casadh dom an chéad turas.
Thug na damhsóirí óga thart timpeall anseo, an-lear éadaí, bréagán agus ní fios a leath eile a bhronn siad ar an dream thall. Thiomsaigh muid €7,000 dóibh anuraidh as dhá iarracht maoinithe. Murach na damhsóirí óga sin agus a dtuismitheoirí, ní thiocfadh linn a leithéid a dhéanamh.
SMM: Tá tú ag damhsa le fear amháin le tamall anuas. An bhfuil aon damhsa suas chuig an altóir leagtha amach romhaibh go fóill?
ENE: [gáire] Cuirtear an cheist orm anois is aríst agus cuirtear an cheist air féin chomh maith. Is as Ciarraí é Michael O Rourke agus ar ndóigh is an-damhsóir é. Táimid le chéile roinnt mhaith blianta ceart go leor. Deirim leis gur ag teacht abhaile atá sé mar is as Liatroim na Ruarcaigh ó thús ar ndóigh.
Spéiseanna
SMM: An scannán is fearr leat?
ENE: Na cinn as Éirinn, is breá liom iad, Michael Collins agus The General nó mar sin. Ní bheadh tóir mhór agam ar na scannáin as Hollywood. B’fhéidir go n-amharcfainn ar The Shawshank Redemption nó a leithéid. Tá siad ag obair ar scannán ar Sheán Mac Diarmada, fear an Éirí Amach, faoi láthair agus ba spéis liom é nuair thiocfas sé amach. Tá siad ag caint ar chostas 4 mhilliún €uro dó faoi láthair agus go seolfaí é sa bhliain 2016.
SMM: Sin tuilleadh cóiriú damhsa duitse.
ENE: [gáire] Níl mé a rá go mbeidh mórán den damhsa ann.
SMM: An leabhar is fearr?
ENE: Léim an-chuid. Thug mé an-taitneamh don cheann sin, That They May Face the Rising Sun. Tá an-léamh ar an taobh seo tíre sa leabhar sin. Rinne mé céim Bhéarla sa choláiste, mar sin, thum mé mé féin sna saothair mhóra ansin, ach is é Roehl Dahl an t-údar is rogha liom, cheapfainn.
SMM: An turas thar lear is fearr dar leat?
ENE: Bím an-siúlach thar lear. Nua-Eabhrac i mí Márta le Michael agus mo thuismitheoirí. Chomh maith le dualgas a ghabháil ann mar Rós, chuaigh gach duine taobh m’athar amach ar imirce ansin ach aon duine amháin. Tá an-líon gaolta linn amuigh ansin mar sin. Bhí sé sin thar cinn ar a lán bealaí, casadh leo go léir. Thaitnigh an turas sin go mór lem’ athair agus bhí sé an-taitneamhach dúinn go léir. Thug mé ceardlann in Ionad na nÉireannach i mBostún an turas sin agus bhuail mé le slua ollmhór as Liatroim ann, rud a bhí an-deas.
SMM: Guímid gach rath ort féin a Edwina agus ar Sean-Nós ar an tSionainn.
ENE: Go raibh míle maith agat.