AGALLAMH BEO
Úna Monaghan
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Is mó ná riamh rian an ríomhaire ar shaol achan duine agus ní taise do cheoltóirí is do chumadóirí ár linne é. Chas Robert McMillen le hoirfideach a chasann idir bhogearraí agus uirlisí go hoilte is go healaíonta.

Íomhá
Úna Monaghan
(© Pat Mc Cann)
Íomhá
Obair na fuaiminnealtóireachta
(© Stanislav Nikolov)
Íomhá
'Mar seo', ar an Chamac, Camac Harps France Ltd
(© Craig Jackson)
Íomhá
Le Martin Dowling & Ryan Molloy, an Trad Noise Trio
(© Craig Jackson)
Íomhá
Ag am lóin
(© Pat Mc Cann)
Íomhá
Ag casadh ar a 'Camac', Camac Harps France Ltd
(© Craig Jackson)
Íomhá
'Sea, tá achan rud i gceart'
(© Stanislav Nikolov)

Ar na rudaí is scanrúla ar an tsaol seo, tá an X-Factor. Na sluaite síoraí, idir óg agus aosta ar theann a ndíchill clú agus cáil a bhaint amach fríd an cheol. Is gléas é an ceol, dar leo, a sheolfaidh a fhad le cárta óir American Express, pálás i gCalifornia, carranna rásaíochta agus bling. Ach ar an dea-uair, tá daoine eile ann nach bhfuil ar a n-aird ach an ceol mar chuspóir ann féin, daoine a thuigeann a thábhacht agus an cúram atá orthu ina leith. Ar na daoine seo, tá Úna Monaghan, bean óg a bhfuil oiread curtha i gcrích aici is atá ag daoine a dhá hoiread níos sine na í.

D’fhás Úna aníos i dteaghlach a thuig cad é bhí tábhachtach sa tsaol seo. Níor chaith siadsan uaireanta a chloig ag breathnú ar theilifís na ‘réadúlachta.’

Ní raibh TV sa teach againn ach ní raibh rud ar bith aisteach faoi sin,” arsa Úna. “Bhí teilifís in achan teach a raibh mé ann agus ag mo Mháimeó agus bhain mé sult as bheith ag breathnú air, ach níor chronaigh mé é agus níl teilifís agam inniu féin. Ní shílim go bhfuil ceann ceannaithe ag duine ar bith sa teaghlach,” arsa Úna.

In áit na teilifíse, bhíodh cuid mhór léitheoireachta ag dul ar aghaidh. “Is cuimhin liom mo Mhamaí ag leagan boscaí beaga lán leabhar ar an urlár, ceann amháin do gach páiste. Nuair a d’éirigh tú níos sine, fuair tú bosca an duine a bhí níos sine ná tú agus gheobhadh siadsan bosca eile. Bhí sé galánta,” arsa Úna agus gliondar ina súile. “Sin ráite, ní hé go raibh an t-airgead againn lán tí de leabhair a cheannach Bhí an leabharlann áitiúil ag druidim agus cheannaigh Mamaí na leabhair seo uilig ar 10 nó 20 pingin an leabhar!”

Faoi Oiliúint ag Mac Péice

Chomh maith leis an ábhar léitheoireachta, bhí neart ealaíne agus ceol i gcónaí sa teach. Bhí pianó nach raibh spás ag aintín de chuid Úna fána choinne acu agus ba ghnách leis na páistí a bheith ag súgradh air sin - ní ag seinm - nuair a bhí siad an-óg. Ach de réir a chéile, chuaigh na páistí chuig ranganna ceoil, le Scoil clúiteach Mhic Phéice ar dtús agus chuig Patrick Dave ina dhiaidh sin. Ba é an chláirseach a roghnaigh Úna. D’aonturas. Gan siocair. Mhol a Mamaí feadóg stáin agus fidil agus gach uirlis eile dá raibh sa teach ach bhí Úna tiomanta gur mhaith léi cláirseach. Bhí sí ocht mbliana d’aois agus ní shíleann sí gur chuala sí cláirseach ach thaitin an cruth a bhí air léi. Ar an dea-uair, tá sí á seinm go fóill ar bhonn proifisiúnta cé go raibh sí ag iarraidh a bheith ina tréidlia. Cionn is go raibh sí maith ag cóir a bheith gach rud ar scoil, idir na heolaíochtaí agus na daonnachtaí, na healaíona agus cúrsaí spóirt, bhí cuid mhór bealaí a dtiocfadh léi dul maidir le slí bheatha.

Tugann sí moladh mór don scolaíocht a fuair sí i mbunscoil Phobal Feirste, an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge sna Sé Chontae, is é sin na seanbhotháin in áit an fhoirgnimh úir ghalánta atá anois ann. Bhain mé sult as cuimse as an Bhunscoil,” ar sí, “cé go raibh go leor fadhbanna le sárú - ballaí taise, easpa leabhar, ach dá mbeinn ag iarraidh scoil a chruthú nuair a bheadh páistí agam féin, sin an scoil a dhéanfainn. B’aoibhinn liom an áit.

An Réaltfhisic

Ach í ar an Mheánscoil (Naomh Doiminic), b’éigean rogha a dhéanamh agus na hardleibhéil ag teannadh léi.

“Bhí suim riamh agam san eolaíocht agus ní raibh a fhios agam cé acu na heolaíochtaí nó an ceol a dhéanamh ach d’aithin mé gurbh fhéidir an ceol a sheinm taobh amuigh den scoil ach nach dtiocfadh an eolaíocht a dhéanamh taobh amuigh di, agus ar ndóigh, bhí na múinteoirí ag cur na gceisteanna is éigean dóibh a chur faoi phostanna agus ar airgead a dhéanamh, ar ghairmeacha agus araile.”

Deir Úna go raibh sé doiligh “céim shábháilte” nó “a safe degree” a dhiúltú mar sin, roghnaigh sí, em, cúrsa san fhisic agus sa réaltfhisic (astrophysics) sa bhliain dheireanach in Ollscoil Cambridge. Céim shábháilte mar dhea!

Nuair a chuaigh Úna go Cambridge an chéad uair - bhí beirt dheirfiúracha dá chuid ansin roimpi - thit sí i ngrá leis an bhaile álainn ollscoile.

Anuas air sin uilig, ar ndóigh, bhí ceol sa bhaile - tá clú ar an Cambridge Folk Festival ar fud na cruinne agus roimh i bhfad, bhí Úna ag cuardach a céad seisiúin (seinneann sí ar an chonsairtín chomh maith leis an chláirseach, dála an scéil).

Fuair sí amach go raibh pub ar an taobh eile den bhaile ina raibh ceol traidisiúnta na hÉireann á sheinm ann. Cé go raibh sé ag cur sneachta, shiúil Úna an dá mhíle go leith go dtí an Mill Road. Nuair a bhain sí an áit amach bhí sí cosúil le yeti agus consairtín aige!

Ní raibh ach beirt cheoltóirí eile san áit ach tá sí cairdiúil leo ó shin, John ó York ar an fheadóg mhór agus Andy ó Londain a sheinneann ar an fhidil.

Ina dhiaidh sin amach - nuair nach raibh sé ag cur sneachta - bheadh slua mór daoine ag an phub, ceoltóirí agus lucht éisteachta, Martin Green ó Lau ina measc ach chinn Úna ar an cheol thraidisiúnta Éireannach a chur chun cinn san ollscoil fosta, ag déanamh ceadail uair sa téarma in áit a bhí ag cur thar maoil le ceol clasaiceach.

I ndiaidh i an chéim a ghnóthú - Eolaíochtaí Aiceanta (Réaltfhisic) - bhí cumha ar Úna i ndiaidh na hÉireann agus i ndiaidh a cairde agus bhí sí ag iarraidh theacht chun an bhaile.

Agus í ag coirmeacha, bhí suim aici sa deasc fuaime agus sa tástáil fuaime oiread leis an choirm í féin.
Ansin, chuala sí go raibh cúrsa Máistreachta ag toiseacht sa Sonic Arts Research Centre in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste.

(Fuair sí post mar aisteoir ag an BBC leis an táille a íoc ach sin scéal eile!)

Ag Taibhléiriú an Imill

Mar chuid den chúrsa, rinne Úna taighde ar imeallacha taibhléirithe de cheol traidisiúnta na hÉireann, (the boundaries of Irish Traditional Music Performance), go háirithe an tobchumadóireacht agus fuaimeanna beo leictreonacha (live electronics). Ar ndóigh, mura bhfuil sé ag taifeadadh nó ag ardú na fuaime le go gcluinfidh daoine é, tá go leor den aos ceoil go dubh in éadan na haibhléise, gan a bheith ag caint ar an leictreonach. Cén dearcadh atá ag Úna? “Ní thig liom teoiric ghinearálta a thairiscint,” ar sí.

Sílfidh cuid de na daoine gurb é an rud is fearr dár chuala siad riamh é ach daoine eile, sílfidh siad go bhfuil muid ag marú an cheoil. Sin mar atá na healaíona uilig.”

In amanna, oibríonn an cheannródaíocht, amanna eile, ní oibríonn ach is éigean, agus tá an t-ádh orainn go bhfuil daoine cosúil le hÚna sásta dul sa fhiontar.

Bhuail mé léi roimh an agallamh seo agus í ag déanamh na fuaime do grúpa úr dar teideal Notify ina bhfuil fear an chonsairtín Pádraig Rynne agus triúr eile, Mike Shimmin, Tyler Duncan agus Joe Dart. Meascann siad an ceol traidisiúnta le rac-cheol, le ceol nach bhfuil cur síos air fós agus le fuaimeanna leictreonacha.

Thaitin an gig go mór liomsa agus thaitin sé le hÚna fosta.

“Ba léir go raibh na ceoltóirí ag seinm ceoil a bhí ina gcroí, rud a thuig an lucht féachana go láidir ar an oíche. Bhí sé lán fuinnimh, bhí sé éagsúil agus nuálach. Mar shampla, rinne siad leagan de Down by the Seaside de chuid Led Zeppelin, yep, Led Zeppelin, agus Pauline Scanlan mar amhránaí acu a bhí go hiontach.

“Beag beann ar lucht ar bith éisteachta, bíodh siad beag nó mór, faoi dhraíocht nó dúdóite, cuireann an bhuíon a n-anam isteach sa cheol agus sin an rud is tábhachtaí,” arsa Úna.

Owenvarragh

Ar na rudaí is mó atá déanta ag Úna, tá saothar dar teideal Owenvarragh, píosa thar a bheith casta bunaithe ar theimpléid de chuid John Cage, _, _ circus on __ (ní meancóg é seo!)

Chruthaigh Cage é féin Roaratorio, An Irish Circus on Finnegan’s Wake agus chruthaigh Úna agus an fidléir Chicago-ach Martin Dowling atá ina léachtóir , Owenvarragh, A Belfast Circus on the Star Factory.

Tá sé i bhfad róchasta le cur síos iomlán a dhéanamh air anseo, ach caithfidh tú leabhair a roghnú - The Star Factory le Ciaran Carson sa chás seo - léann an t-údar sleachta fánacha as, seinntear ceol traidisiúnta, agus gach fuaim atá luaite sa leabhar, is éigean sin a thaifeadadh le go mbeidh sé mar chuid den taibhléiriú.

The Star Factory suite i mBéal Feirste agus é baiste as sean-neachtlann i gceantar dhílseach ar Bhóthar Dhún na nGall.

Bhí Úna ag taifeadadh ansin maidin chiúin Domhnaigh nuair a chuaigh carr thart léi, stad, d’amharc na paisinéirí uirthi agus d’imigh.

Níorbh fhada gur imigh Úna féin!

Ach nuair a chualathas don chéad uair é sa Sonic Arts Research Centre, bhí Owenvarragh draíochtach an dóigh ar ceanglaíodh gach gné éagsúil lena chéile, idir cheol, fhriotail shonta (sonorous words) á leamh ag Carson é féin, íomhánna, agus na fuaimeanna a thaifead Úna, ó dhaoine ag caint i dteach tábhairne, go dtí cipín á lasadh agus an fhuaim a thagann as seantolg i ndiaidh tú suí air!

Ainneoin éagsúlacht na gcomhábhar, bhí sé iontach mothúchánach fosta.

“Is é an aidhm atá le scór Cage ná taibhléiriú a chruthú as leabhar agus déanann sé sin ach ag an am chéanna, cruthaíonn sé taibhléiriú as áit, Baile Átha Cliath i gcás Cage agus Béal Feirste i gcás s’againne agus rinne fear eile leagan bunaithe ar Londan ach bhí sé sin i bhfad níba ghiorra. “Ar na rudaí is mó a thaitin liom faoi Owenvarragh ná go raibh muid ag éisteacht leis an fhíor-Bhéal Feirste, an trácht, rithimí na cainte, an blas, an dá thraidisiún mhóra, chuala muid sin uilig agus is aoibhinn liom an chathair seo, mar sin thaitin an ghné sin liom.

“Chomh maith, is breá liom bheith ag éisteacht le seandaoine ag scéalaíocht agus le páistí ag súgradh ar an tsráid, agus tá an daonnacht sin go láidir mar chuid d’Owenvarragh. “Agus an rud deireanach a thaitin liom faoi ná gur thug sé céim an-bheag dom bheith ag seinm ceol traidisiúnta ar dhóigh eile agus i gcomhthéacs eile. Sin an rud a bhfuil mé dírithe air faoi láthair, comhthéacsanna úra don cheol traidisiúnta,” arsa Úna.

Tá an taithí ar fad á ríomh aici anois mar ábhar dochtúireachta agus beidh sé sin curtha i gcrích aici in Earrach 2014.

An Trad Noise Trio

Ach thar gach rud, is ceoltóir traidisiúnta í Úna cé gur maith léi bheith ar an imeall fosta. Tá an-suim aici sa tobchumadóireacht agus seinneann sí le dhá grúpa, Trad Noise Trio agus Fuaim is Solas.

I mí Eanáir, beidh sí ag seinm le Fuaim is Solas (í féin, an t-innealtóir fuaime agus fidléir Tim Matthew agus Martin Green ó Lau) i nDún Éideann.

Is é atá i gceist anseo ná scannán atá curtha as a riocht ag scátháin agus ag lionsaí agus déanfaidh FiS tionlacan ceoil leis na híomhánna seo.

Ach ní ceol traidisiúnta a bheas ann. Beidh Martin ag seinm ar an bhosca cheoil agus ag seinm lúbanna agus samplaí fríd ríomhaire; beidh Úna ag seinm ar an chláirseach ach rachaidh na fuaimeanna sin isteach i ríomhaire ag cruthú rud éigean as an úr agus bainfidh Tim feidhm as trealamh leictreonach.

Anois, más seo an dearcadh atá agat ar Ifreann, amharc ar Fuaim is Solas ar vimeo. Tá sé thar a bheith feidhmiúil. Agus álainn féin.

Ansin tá an Trad Noise Trio ann - Úna, Martin Dowling agus Ryan Molloy - agus an ceol a dhéanann siad curtha i dtoll a chéile ag an fhorbróir bhogearraí cheoil Eric Lyon.

Arís, tá sé ródhoiligh cur síos ar an cheol a sheinneann siad mura dtuigeann tú an neamhchinntitheacht chórasach, nó an ginteoir ríomhaireachtúil fothraim, ach éist le Splendid Isolation ag https://soundcloud.com/journalofmusic/trad-noise-trio-splendid agus gheobhaidh tú blaiseadh dá bhfuil i gceist.

Maine sna Stáit Aontaithe

Agus murar leor é seo, bionn Úna ag seinm le tríréad clasaiceach a bhfuil Gascia Ouzounian, agus an cumadóir Gerard Gormley ina cuideachta agus iad ag athchruthú ceoil de chuid an chumadóra HIF Biber, a bhí ag cumadh sa 17u céad.

I mí Iúil na bliana seo, ceapadh Úna mar Future Music Lab Performance Fellow ag Féile Cheoil an Atlantaigh, i Maine, sna Stáit Aontaithe agus i ag obair leis an veidhleadóir Mari Kimura. An rud is mo a bhfuil sí ag iarraidh tabhairt chun críche ná ríomhaire a sheinm fríd a gluaiseachtaí ar an chláirseach. Chan ionann agus lucht an X-Factor a bhfuil a n-uaillmhian uilig beagnach bunaithe ar chlú agus cáil agus ar an mhaoin saolta, deir Úna go mothaíonn sí go bhfuil rath uirthi má tá sí ábalta codladh istoíche agus fios aici go ndearna sí rud éigin chomh maith agus a b’fhéidir léi.

Tá síor-éiginnteacht an ealaíontóra ina chuid thábhachtach de shaol Úna. “Is ionann an rath domsa agus mothú go maith,” ar sí.

Tá dhá rogha ann, an rogha céillí ina dtugann tú tús aite do na rudaí a bheidh úsáideach duit sa saol - an cúrsa eolaíochta mar shampla - le bheith cinnte gur féidir leat theacht i dtír ach tá roghanna eile ann, roghanna a ligfidh duit a bheith sásta agus bródúil nár dhíol tú tú féin faoi do luach.” ar sí.

Cé go bhfuil sí sáite sa cheol agus an teicneolaíocht, níl sé de dhánacht in Úna bheith ag iarraidh an ceol traidisiúnta a athrú.

“Ní bheadh mo leithéidse, cláirseoir óg as Béal Feirste, ag iarraidh an ceol saibhir, iontach seo atá chomh sean agus chomh tábhachtach sin, a athrú,” ar sí.

Tá ceol Úna le fáil ar a suíomh idirlín, Úna Monaghan.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.