AGALLAMH BEO
Niall Farrell, Fear na Frithchogaíochta
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Roinnt uaireanta an chloig sular gabhadh an fear frithchogaíochta, Niall Farrell, i nGaillimh labhair Seosamh Mac Muirí leis faoina iarrachtaí, in éineacht le Margaretta D’Arcy, feancadh éicint a bhaint as feachtais Arm ECAT i dtíortha bochta amuigh thar lear, go háirithe ó thús an chéid seo.

Mhínigh Niall Ó Fearghail go raibh sé in amhras faoina chuid Gaeilge ag tús an agallaimh. B’fhéidir gur bhraith sé róchorraithe faoin ábhar cainte anois is sa chaoi nach bhféadfadh sé é féin a chur in iúl sách soiléirsách láidir in amanna mar sin. An méid sin ráite, i ngnáthchaint an lae, d’áireoinn a líofacht Gaeilge níos airde ná go leor daoine eile ar m’aithne, roinnt san áireamh a thugann ‘Gaeilgeoir’ orthu féin. An Ghearmáinis a labhraíonn Niall lena bhean chéile.

SMM: Do chéad míle fáilte romhat go Beo.ie a Niall.

NFarrell: Go raibh maith agat.

SMM: Ba as Liatroim do mháthair a Niall. Cad é an dóigh ar chas sí led’ athair?

NFarrell: Ba as Béal Feirste m’athair ar ndóigh agus bhí sé ar cuairt chuig Béal an Átha Móir i Liatroim blianta fada ó shin agus bhuail sé lem’ mháthair. Ar nós go leor eile i Liatroim, níor fhan ach beirt de theaghlach mo mháthar i Liatroim. Thug gach éinne eile, cé is moite dem’ mháthair, aghaidh ar na Stáit Aontaithe.

Gaillimh in Aghaidh na Cogaíochta

SMM: Bhí na mná i do theaghlach an-ghníomhach i dtólamh. Bhí do dheirfiúr, Mairéad nach maireann, iontach gníomhach i nGluaiseacht na Poblachta agus tá d’iníon den ainm céanna, Mairéad, sáite in obair na polaitíochta anseo i nGaillimh. Ba í an duine is óige a toghadh ar an gcomhairle riamh. Tá aird mhór ar Margaretta, mar gheall, b’fhéidir, ar chúinsí aoise agus sláinte. Is í mo cheist, an duine ciúin thú féin, an ndéarfá?

NFarrell: Ní fear ciúin mé ar chor ar bith. [gáire croíúil] Bím ag scríobh go leor agus bím ag labhairt go seasta! Is spéisiúil gur feimineach láidir a bhí i mo dheirfiúr nuair a scaoileadh as an gcarcair í agus mhaíodh sí ‘women are always the extension or another, a male’, an dtuigeann tú? Ach is é mo scéal féin, mar a tharlaíonn, gur deartháir Mairead Farrell mise. Is cuma cá háit a rachaidh mé, deartháir Mairead Farrell a bheas ionam i súile cách. [gáire beag] “In actual fact, in one case she was wrong.” Maidir le ‘fear ciúin’. Ní dócha gurb é sin an bharúil choiteann.

SMM: Cén fáth is mó a bhfuil tú in aghaidh na cogaíochta?

NFarrell: Shíl muid sa bhliain 2001 go raibh sé uafásach, nó obscene, go ngairmfí cogadh in aghaidh tír nach ndearna tada. An Afganastáin. An dream i bhfírinne a d’ionsaigh an dá thúr i Meiriceá, ba shin iad na surrogates, na hiarrachtaí a bhí cruthaithe ag Meiriceá iad féin. Ní hamháin go raibh muid ina choinne sin, ach bhíomar i gcoinne Éire agus an tSionainn a bheith ina cuid den chogadh sin. Agus bhí. Inniu féin, tá saighdiúirí ann. Ba shin é an tús.

SMM: Cuirfear chun an phríosúin thú ar ball inniu a Niall. An féidir leat aon mhaith a dhéanamh le gníomhaíocht den chineál seo?

NFarrell: B’fhéidir mar gheall ar mo thógáil i mBéal Feirste – tá sé san fhuil, instinctively, I try to avoid prison! Creidim go bhfuil go leor de na meáin chumarsáide sa stát seo a shíleann gur cheart go mbeadh éinne as an tuaisceart caite isteach sa charcair. Dhéanfainnse iarracht gan dul isteach, ar an leaba chláir, mar a deir siad. Cuireadh fíneáil orm agus níl aon bhealach faoin ngréin go n-íocfaidh mé a dhath riabhach.

Maidir le síniú banna síochána, níl ann ach seafóid! Is mise an gníomhaí ar son na SÍOCHÁNA. Iad siúd na ‘warriors’ mar a déarfá. Rachaidh mise isteach sa tSionainn ar neamhchead dá gcuid bannaí siadsan! B’fhéidir go spreagfadh sé machnamh i ndaoine, is é sin, a raising of consciousness, ach is mór m’amhras.

Nuair a cuireadh Margaretta isteach ar an bpláta beag, mhúscail sé sin machnamh sna daoine. Níl amhras ar bith faoi sin, ach beidh daoine ar nós cuma liom fúm féin a bheith istigh. Shílfeadh daoine i mBéal Feirste go raibh mé glan as mo mheabhair a bheith ag iarraidh dul go príosún! [gáire croíúil]

Prionsabal Nuremburg

SMM: Ar cheart duit tacú le páirtí polaitíochta in ionad fanacht neamhspleách?

NFarrell: Bhí mé le Páirtí Cumannach na hÉireann ar feadh i bhfad, bheadh sé fiche bliain ó shin anois. – [stadann, ag machnamh, tosaíonn ag caint arís] -

Is é an fáth a ndeachaigh muid ar an rúidbhealach, le barr frustrachais. Bhí deireadh dúile caillte againn sna meáin chumarsáide. ‘Ní fhaca siad tada is níor chuala siad tada’ a bhain leis an tSionainn. Bhí rialtas Poblachtach Mheiriceá ag eitilt daoine a céasadh tríd an tSionainn. Dá mba Phoblachtach éicint as Gluaiseacht na Poblachta a bhí ann is a bheadh ag iarraidh airm a smuigleáil tríd Aerfort na Sionainne, bheadh RTÉ ann go seasta gach lá ag taifeadadh le ceamara. Ní thugann siad aird dá laghad air. Sin an fáth a ndeachaigh muid ar an rúidbhealach. Bhíomar spíonta tuirseach den chur i gcéill.

Ceann de na deacrachtaí atá againn is ea go raibh na Glasaigh, an Lucht Oibre, iad seo go léir lena gcuid Michael D. Higginses gona gcuid aitheasc áille – ‘advocating peace’ – agus ag insint dúinn céard a dhéanfaidh siad, ach nuair a bhaineann siad cathaoir na cumhachta amach, ní dhéanfaidh siad a dhath.

Bhíomar fágtha tréighte, asainn féin feasta. Mheas muid gurb í an tSionainn croí na ceiste agus go gcaithfimis seasamh le Prionsabal Nuremburg. Is é sin, mar a bhfuil gníomhartha coiriúlachta á ndéanamh ag an stát, go luíonn dualgas orainn mar shibhialtaigh, fiú amháin más gá an dlí náisiúnta a bhriseadh, go gcaithfidh tú iarracht a dhéanamh an choiriúlacht a stad. Sin an fáth go bhfuilimid ann.

An té a chaithfeas súil ar na Nuremburg Principles, idir bhreitheanna agus chiontuithe, tuigfidh sé gur sealán na croiche i ndán do Obama, Bush, Clinton, Cheney, Rumsfeld agus Blair mar is coirpigh chogaidh iad go léir. Na cogaí agus na cogaí seachadta sa Mheán-Oirthear inniu, sa tSiria, san Iaráic agus go háirithe an t-ionsaí fíochmhar anuas sa mhullach na gasúir i nGáza, ar geall le cinedhíothú é, tháinig na hairm sin tríd an tSionainn nó trí aerspás na hÉireann a cuireadh ann iad.

The Great Financial Crisis

SMM: Cén leabhar is fearr a léigh tú?

NFarrell: Leabhar? Tá sé thar cinn ar fad, The Great Financial Crisis; Causes and Consequences an t-ainm atá air. Tá mé ag iarraidh é a thabhairt liom isteach sa phríosún. Tá sé an-domhain ar fad.

SMM: Cén scannán is fearr a chonaic tú?

NFarrell: Ní chuirim aon suim sna scannáin.

SMM: Maidir le caitheamh aimsire, céard is fearr leat a dhéanamh?

NFarrell: Téim chuig halla aclaíochta agus téim ag rith.

SMM: Tá mé faoi chomaoin agat a Niall. Nár braithe tú am na carcrach crua ort.

NFarrell: Go raibh maith agat a chomrádaí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.