AGALLAMH BEO
Róisín Ní Eadhra
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Bhuail Robert McMillen le Róisín Ní Eadhra, an láithreoir teilifíse a bhfuil sraith úr darb ainm ‘Róisín’ tosaithe aici ar TG4 an mhí seo caite.

Íomhá
Róisín
TG4
Íomhá
Cois cladaigh
(le TG4)
Íomhá
Róisín Ní Eadhra
(le TG4)
Íomhá
Ag an bPóirse Caoch, Gaillimh
(le TG4)
Íomhá
Róisín
(TG4)

Daonna’ an focal ba choitianta sa chomhrá a bhí agam le Róisín Ní Eadhra, duine de na daoine is so-aitheanta ar an teilifís in Éirinn.
Le 17 mbliana, tá Róisín ag obair mar thuairisceoir agus mar láithreoir nuachta do RTÉ agus do TG4. Tógadh le Gaeilge agus le Béarla í féin agus a deartháireacha Risteard agus Cormac (Cormac@5 ar RnaG) sa bhaile ar an Cheathrú Rua mar b’as Sligeach a hathair agus cé go bhfuil Gaeilge aige anois is Béarla a labhair sé sa bhaile.“Ceoltóir traidisiúnta atá ann, casann sé ar an bhfeadóg mhór agus tá an-chur amach aige ar chúrsaí staire,” arsa Róisín.

Chuaigh an t-athair ar imirce nuair a bhí sé an-óg, 15/16 bliana d’aois, agus creideann Róisín go ndeachaigh an scéal sin i gcion go mór uirthi.

“Is i Londain a casadh m’athair ar mo mháthair agus bhíodh siad i gcónaí ag inseacht dúinn a dheacra is a bhí sé orthu thall, an fáth go raibh orthu imeacht le dul ag obair i dtír eile, chuaigh sé sin i gcion orainn go léir,” ar sí. Bhí na tuismitheoirí i gcónaí ag iarraidh ar a bpáistí bheith go maith ar an scoil agus ag iarraidh orthu díriú ar an oideachas mar ní raibh sé acusan. “Mo mháthair ach go háirid, bhí sí tiomanta go mbeadh oideachas orainn agus í i gcónaí ár mbrú chun cinn. Deireadh sí i gcónaí ‘seas suas duit féin” Sin an dearcadh a bhí aici agus sílim gur fhoghlaim sí sin ó Shasain. Measann Róisín (agus a máthair) gurb é an t-oideachas, fiosracht faoin saol agus uaillmhian gan a bheith ardnósach, tréithe an-luachmhara.

Tús Maith sna Meáin

Ba é an fhiosracht sin faoin tsaol a sheol Róisín i dtreo na meán. Rinne sí céim san iriseoireacht in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ach níor thuig sí go dtí go ndeachaigh sí go TG4 agus go ndeachaigh sí ag inse scéalta ar an teilifís a chumhachtaí is atá an meán.

“Is féidir leat meon dhuine éicint atá ag breathnú ar an TV a athrú i dtaobh ábhar éagsúla agus b’fhéidir tuiscint níos fearr a thabhairt do dhaoine ar shaol daoine eile ar an saol atá thart orthu. Sílim, gur rud an-tábhachtach atá ansin. Tá sé níos cumhachtaí anois ná mar a bhí sé riamh go bhfuil deis ag daoine fud fad na cruinne tú a fheiceáil ar an idirlíon.”


Thosaigh Róisín ag obair ar RTÉ agus í 19 mbliana d’aois ag léamh na nuachta le linn di bheith ag dul don chéim in DCU. “Bhí sé aisteach liom, bhí sé deacair dom, bhí mé i mo chailín an-óg aníos as Conamara agus ní raibh aon duine eile le Gaeilge ar an teilifís go rialta seachas na daoine a bhí ar Cúrsaí, ach b’annamh daoine óga a fheiceáil, mar sin ba scéal iontais a bhí ann do mo thuismitheoirí agus do Chonamara - go raibh cailín óg Gaeltachta ag léamh na nuachta ar RTE, an craoltóir náisiúnta.”

Turas fada é ó Dhomhnach Broc go dtí an Chéinia agus Kosovo, ó cheamaraí agus smideadh RTÉ agus TG4 go dtí machairí maraithe na hAfraice agus na hEorpa ach níor leor riamh é bheith ag léamh scéalta nuachta ag Róisín.

Léan ar an mBás

“Nuair a chríochnaigh mé mo chéim, fuair mé post mar iriseoir físe i 1997 agus cuireadh amach mé go dtí go leor áiteanna, ina measc Kosovo i 1999, mé féin agus ceamaradóir,” arsa Róisín. “Gan amhras ar bith b’shin buaicphointe mo shaoil oibre, fiú go dtí an lá atá inniu ann. Sin an t-am is mó a chuaigh i gcion orm. Ní raibh mé ach 23 bliana agus is cuimhin liom ag dul isteach go Kosovo, go Priština agus an cogadh beo beathach. Bhí muid ag taisteal thart, ag scannánaíocht agus bhí na holluaigheanna, na cillíní móra millteacha seo ina ndearnadh slad ar an mhuintir eitneach Albánach.

“Is cuimhin liom go maith gasúr beag amháin a tháinig aníos chugam nuair a bhí mé ag déanamh ‘míreanna ceamar “piece to camera” a rachadh amach ar Nuacht a Seacht ar TG4, agus dúirt sé “come over here, come over here, there’s bodies behind my house,” agus thaispeáin sé olluaigh dúinn a bhí ar chúl a thí. Bhí sé aisteach.

“Agus ní dhéanfaidh mé dearmad choíche den bholadh ach oiread. Bhí sé cineál milis agus bhí mé ag léamh leabhair ar na mallaibh ar Auschwitz (as you do) agus mhothaigh siadsan an boladh céanna, boladh an bháis,” ar sí.

Croí an Scéil

“Sin rud a d’fhoghlaim mé i Kosovo mar thuig mé féin go raibh daoine sa mbaile nach dtuigfeadh mar ní féidir an teagmháil, an comhbhá, an tsuim chéanna a bheith agat i gcás stair thír i bhfad i gcéin ach tá suim ag gach duine sa scéal daonna, scéal duine amháin má tá siad in ann caidreamh a bheith acu le duine ar scáileán agus tuiscint níos leithne a fháil fríd sin.

Nach í sin an iriseoireacht i ndáiríre? D’fheadfadh muid a bheith ag cíoradh cúrsaí geilleagair ach i ndáiríre píre, ciallaíonn an iriseoireacht is fearr ná an iriseoireacht a insíonn scéal an duine. Cineál cuntas stairiúil den chaoi a maireann daoine atá ann,”ar sí.

Is dócha gurb í sin fealsúnacht an chláir úir cainte atá ag Róisín ar TG4, clár dar teideal, er, Róisín. 
Tá Éire an-tugtha go fóill don talk show agus cé nach bhfuil siad chomh trom is a bhíodh siad, níl siad tugtha suas don tsiamsaíocht ar fad mar atá thall le cláracha Graham Norton agus Jonathan Ross.

“Tá fadhb an-mhór in Éirinn le mná a olann an iomarca, fir freisin, ach dhírigh muide ar mhná. Sa chlár, bhí mná ag caint ar conas mar atá ag éirí leo éirí as agus, b’fhéidir, ar an gcaoi sin go mbeidh muid in ann cuidiú le duine nó beirt amuigh ansin atá ag dul fríd am an-chrua leis an ól agus atá ag streachailt.

Glúin Eile Seolta le Bád Bán

Don chlár ar an imirce, Róisín í féin a rinne an taifeadadh ag Aerfort Átha Cliath agus í ag caint le daoine a bhí le himeacht agus lena ngaolta croíbhriste.
“Dúirt go leor daoine liom ó shin nach raibh siad in ann breathnú ar an mhír sin mar gur chuir sé i gcuimhne dóibh an t-am sin nuair a d’fhág siad slán ag a mac nó ag a n-iníon”Ach ag an am chéanna, ní dhearna an clár ‘luaithreach iomlán Aingil’ de, nó the full Angela’s Ashes mar a thugaim air, gan ann ach olagón agus ochón ó. Bhí an taobh eile den scéal ann agus daoine a rá go raibh an saol acu san Astráil “togha”.
Dúirt Aindrias de Staic gur rud maith é imeacht agus nach maith an rud é go bhfuil An Astráil – agus Sasain agus SAM agus áiteanna eile againn.

“Sílim go bhfuil rud éigin i sícé na nÉireannach a ghlacann le rudaí” arsa Róisín. “Glacann muid le cúrsaí agus leanann muid orainn. Tá cineál crosáid aonarach againn. Feictear dom go gceapann go leor Éireannach go bhfuil sé seo i ndán dúinn, go bhfuil sé cineál tuillte againn, go gcaithfidh muid glacadh leis, gur rud é atá ag tarlú dhúinn agus ‘imeoidh mise mo bhealach féin’.

“Sílim go bhfuil sin ionainn mar dhream de bharr na staire, de bharr rudaí a thit amach siar sna blianta.

‘Ara sin é, is casadh eile den roth é. Nach ndeachaigh ar dtuismitheoir ar an imirce agus tá sé ag tarlú arís’ a deir daoine.

Tír na nGealt

“Ach tá cúpla duine anseo is ansiúd a deireanns ‘Breathnaigh, níl sé seo ceart, níor cheart go dtarlódh sé seo. Níor chóir go n-íocfadh muid na céadta milliúin le lucht na mbannaí agus an t-airgead a ghearradh ar dhaoine a bhfuil sé ag teastáil uathu. Níor chóir glacadh leis seo’, ach cuirfear an lipéad ‘gealt’ nó níos measa, ar na daoine seo! “Tá sé doiligh muintir na hÉireann a mhúscailt mar aonad iomlán chun agóidíochta. Ar bhealach, is drochrud é sin, Is é an trua nach bhfuil níos mo daoine a labhródh amach,
“Tá ceathrar gasúr agam féin agus don chéad uair, b’fhéidir, i stair na hÉireann - tá súil agam nach dtarlóidh sé ach tá faitíos orm - go mbeidh an chéad ghlúin eile níos measa as.”

Cad é mar a sheasann iriseoireacht na Gaeilge sa mhanglam ar fad?

A Mhaighdean,” a fhreagraíonn sí, ag cur a lámh ar a héadan.
“I bhfírinne, tá imní orm. Tá faitíos orm. Sílim go bhfuil Ghaeilge in áit an-chontúirteach. Bhí mé ag caint le fear acadúil a dhéanann staidéar ar stair agus ar thodhchaí na Gaeilge agus ar mheáin na Gaeilge, agus dúirt sé liom nach bhfuil ach 15 faoin gcéad de dhéagóirí na Gaeltachta ag comhrá i nGaeilge ó lá go lá.

A Mhaighdean Bheannaithe,’ a dúirt mé leis. “Cén uair a mbeidh deireadh leis an teanga”’ a d’fhiafraigh mé dhó. “Tá sí caillte cheana féin” ar sé.

Sin gné amháin den Ghaeilge í féin, tá go leor iarrachtaí á ndéanamh taobh amuigh den Ghaeltacht ach caithfear aird a thabhairt ar an nGaeltacht anois. Bheadh sé uafásach dá scaoilfí chun srutha í.

Iriseoireacht Ghaeilge

Maidir le hiriseoireacht na Gaeilge, deir Róisín gur iontach ann é TG4 agus murach é, bheadh díobháil déanta don teanga fadó. Chuir siad an Ghaeilge i mbéal an phobail nuair a theastaigh sé ach tá borradh eile ag teastáil anois, dar léi.

“Sílim go bhfuil daoine ag iarraidh iriseoireacht i nGaeilge, go bhfuil margadh ann di agus sílim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh a leithéid ann. Mar shampla, ag filleadh ar an chéad chlár, chuala mé daoine a rá go raibh go leor plé ar an imirce in áiteanna eile ach go raibh sé álainn a bheith ag éisteacht le duine éicint ag caint Gaeilge ar skype as Perth. Agus an cailín a bhí ina cónaí ann, dúirt sí go raibh sí ag múineadh Gaeilge dá páiste - in Perth.”

I ndiaidh í iomarcaíocht dheonach a ghlacadh ó RTÉ, chuir Róisín a comhlacht féin ar bun, Irelandreporter.com le cláracha gairide faisnéise a dhéanamh.
Bhí suim riamh aici sa taobh theicniúil den tionscal, láimhseáil cheamara agus eagarthóireacht, srl., agus bhí frustrachas áirithe uirthi faoin mhéid a bhí a dhéanamh aici agus í ag iarraidh scéalta níos daonna a dhéanamh, mar fhís-iriseoir (VJ). Tá a saothar le feiceáil ar an suíomh idirlín.

Cúram Oibre agus Baile

Leoga ar skype a bhí mé féin ag caint le Róisín agus chonaic mé í ag titim as a suíochán beagnach nuair a chuir mé ceist uirthi an raibh a leithéid ann mar “an bhean a bhfuil gach rud aici.” Tá fear breá céile aici, ceathrar gasúr, teach deas agus post ardphróifíle sna meáin. I ndiaidh í theacht chuici féin deir sí nach bhfuil. “Tá mise in ann seo a dhéanamh mar go bhfuil fear maith agam,” arsa Róisín.

“I bhfírinne, is fear iontach é Mark O Connell. Bhíodh sé ag obair mar iriseoir agus é ina chomhfhreagraí polaitíochta leis an Sunday Business Post, tá sé ina abhcóide anois ach tá sé an-mhaith leis na gasúir, an-tuisceanach, tugann sé tacaíocht iontach dom.
“Is obair iontach egotistical í seo, éadomhan ar go leor bealaí fosta agus bíonn tú buartha cad a cheapann daoine dhuit. Sin an drochrud faoin teilifís.

“Bean ar bith a bhfuil páistí óga aici agus í ag obair, tuigeann siad go bhfuil sé an-deacair an troid inmheánach sin leis an chiontacht. “An bhfuil mé ag caitheamh dóthain ama leis na gasúir? Nó mura dtéann tú amach ag obair, ní bhíonn tú sásta leat féin agus braitheann tú sáraithe.” Agus leis sin, dúirt mé le Róisín “it’s a wrap” agus ghlac mé buíochas léi as agallamh thar a bheith daonna.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.