Bhuail Gráinne Campion le Breandán Ó hEaghra ón ngrúpa ceoil Rís, fear atá sáite i ngnéithe den cheol le blianta, ón chumadóireacht go tráchtaireacht, agus fear a bhfuil a ghnó féin bunaithe le bliain anuas. Tuigeann Gráinne nach furasta tráchtaire a chur ón tráchtaireacht.
Tá Breandán i mbéal an phobail faoi láthair agus comhlacht nua cumarsáide, Measmedia díreach bunaithe aige. Ach ní faoi seo ach ar chúrsaí ceoil agus an grúpa Rís (a bhunaigh sé lena dheartháir Richie, PJ MacDonncha agus Toner Quinn) a labhair muid nuair a chasamar le chéile ar an Cheathrú Rua le deireanas. Is eisceacht é Breandán Ó hEaghra, ceoltóir, amhránaí, cumadóir, tráchtaire ceoil, fiontraí agus fear Gaeltachta. Aisteach go leor is i mBéarla a chum sé i dtosach agus é ina dhéagóir óg. Cén fáth gur i mBéarla a bhí sé ag cumadh mar stócach a fuineadh agus a fáisceadh sa Ghaeltacht?
“Is ag déanamh aithrise a bhí mé ar na ceoltóirí mór le rá ag an am. Nuair a bhí mé thart ar 18 nó 19, rith sé liom go mba chóir dom a bheith ag cumadh sa teanga a labhraím. Ní raibh mórán thart ag an am sin go bhféadfainn tagairt dó i dtaobh cumadóirí ceoil comhaimseartha Gaeilge, seachas léithidí Thaidhg Mhic Dhonnagáin agus Na Fíréin – thaitin a gcuid ceoil go mór liom agus de réir a chéile thosaigh mé ag scríobh i mo theanga féin, ar mo stíl féin.”
An é go raibh an leaid óg seo an-aibí agus é ag tabhairt faoin chumadóireacht agus ag treabhadh gort nua an cheoil? “Bhí mé ag éisteacht cuid mhaith le Dylan agus ansin ag cumadh amhráin a bhí lán d’fhearg i ngeall ar an easpa cothromaíochta a bhain le sochaí Mheiriceá sna seascadaí! Ní raibh ciall ar bith leis,” a deir sé agus gáire ar a bhéal. Is léir go bhfuil cumha i ndiaidh na seanlaethanta ina shúile agus é ag tagairt don fhorbairt a tháinig ar a chuid scríbhneoireachta in imeacht na mblianta. “Mar sin féin, thosaigh mé ag scríobh, ag cumadh is ag casadh i nGaeilge agus na blianta ina ndiaidh sin, bhunaigh mé an grúpa Rís in éineacht leis na leaids – agus bíonn an-chraic go deo againn” a deir sé go bródúil.
Rís
Is banna ceoil úrnua, comhaimseartha é Rís a bhunaigh Ó hEaghra agus a chairde. Tá ceathrar ann, a dheartháir Richie a chumann in éineacht leis, PJ mac Donnacha ar na drumaí agus tá Toner Quinn ar an fhidil.
“Is é an sprioc atá againn ná amhráin nua chomhaimseartha a chumadh agus a chasadh. Tá stíl saghas ‘folk-rock’ againn go minic, nó ‘punk Gaelach’ mar a thugann cuid dár gcairde i nGaoth Dobhair orainn!
Níl aon suim agam amhráin a chum daoine eile a chasadh. Tá daoine ann atá in ann jab i bhfad níos fearr a dhéanamh d’amhráin daoine eile, ach níl éinne ag casadh amhráin s’againne seachas muid féin! Is breá linn a bheith ag casadh amhráin atá iomlán nuachumtha agus a tháinig glan amach as ár gcloigne féin – tá an-spóirt ag baint leis sin” a deir sé.
Ní féidir a shéanadh nach bhfuil an-cheart aige nuair a dúirt sé nach mbeidh sé ábalta cur le haon amhrán atá déanta cheana féin, ach is annamh a chastar le duine mar Bhreandán. Is cosúil go bhfuil an dúchas go smior ann mar chumadóir a chumann as an nua go nádúrtha gan mórán stró a chur air féin agus ní rud éasca é an chumadóireacht!
‘Meiriceá’
Is iomaí téama a bhíonn idir lámha ag an ghrúpa, an imirce ina measc agus labhraíonn sé faoin amhrán, Meiricea. “Is ag éisteacht le blue grass agus rockabilly a bhí mé ag an am ar scríobh mé an ceann beag seo agus thaitin an stíl phioctha sin go mór liom. Bhí mé ag scríobh faoi dhuine a bhí ag iarraidh dul go Meiriceá ar thóir saoil nua – agus ar ndóigh ag iarraidh a bhean a mhealladh anonn leis! Síleann sé go mbeidh sé ag ‘siúl ar bheilbhit’ thall ann! Sin leagan a tháinig ó mo sheanmháthair, a chaith blianta i Meiriceá. Bhíodh sí ag inseacht dhúinn faoi bhean eile ón mbaile a chuaigh anonn agus a bhí díomách le gruaim na cathrach. Shíl sí go mbeadh sí ag ‘siúl ar bheilbhit’ thall ann – cheap mé gur álainn an leagan cainte é sin…
Meiriceá
Ag siúl ar bheilbhit a bheas mé thall ann
Beidh clú agus cáil ormsa ar ball ann
Meiriceá...
Ní aithneoidh mise uaimse tír ná trá ann
Is ní shilfinn deoir ó mo chroí go brách ann
i Meiriceá...
An dtiocfá liom?
Meiriceá ar Youtube: http://www.youtube.com/watch?v=0-9Rkaf22Lg
Sílim féin go bhfuil gné eile ag Meiriceá mar amhrán, b’fhéidir gné nár thóg Breandán é féin faoi deara. Agus muid ag caint agus ag comhrá le huair anuas faoin am seo, feicim go bhfuil brionglóid ag an fhear seo agus go bhfuil sé i gcónaí ag iarraidh dul chun cinn sa saol agus ag lorg na veilbhite seo.
Ceol Tíre na nÓg
Ní hé an ceol tíre an cineál ceoil is gaire dá chroí. Sin ráite, tá dhá amhrán cumtha aige sa stíl seo. “Tá an-tóir ar an gceol tíre i gConamara, agus tá sé cliste go leor an bealach gur athraigh grúpa ceoil amhráin le Johnny Cash, Kris Kristofferson agus daoine eile go Gaeilge” a deir sé. Mar fhorbairt ar an tuairim sin, deir sé:
“Ní hé an saghas ceoil is fearr liom, ach tuigim go bhfuil an-chlisteacht ag baint leis ann féin. Airím go bhfuil cineál meoin an chowboy ag muintir na Gaeltachta amanta…Tá an-fhiántas sa tírdhreach… agus is ar sin a bhunaigh mé cúpla amhrán chomh maith. Is cineál send up den genre seo iad na hamhráin, Rio bravo agus Tar ar ais go Camas —wild west Chonamara! Briseadh iad ó na seansmaointí traidisiúnta Gaeltachta, agus níl aon locht ar sin, amanta” a deir sé. Meas tú, an gceapann sé go bhfuil sé bainteach leis an aigne seo nó an bhfuil sé ag iarraidh éalú uaidh mar fhear Gaeltachta?
Tar ar ais go Camus
D’fhág sí mé go uaigneach in sa ngleann,
uaigneach gan chairde ná gan chlann,
chuaigh sí anonn, go Boston Mheiriceá
Tar ar ais go Camus sin mo phaidir chuile lá
Tar ar ais go Camus, tar ar ais go Camus,
tar ar ais, nuair a bhíonn an féar ag fás
Tá saol an bhaitseailéara anseo i gCamus i gcruachás.
D’éirigh mise maidin lá amháin, le pianta géara gasta de mo sháinn,
Líon mé mála de mo chuid éadaí,
go dtéifinn anonn go Meiriceá go dtugfainn ar ais í.
Tar ar ais....
Tar ar ais go Camus, ar Youtube: http://www.youtube.com/watch?v=IgyaCD-GQ80
Tobsmaointeoireacht Chultúrtha
Cuirim suim sa mhéid atá le rá aige faoi na ‘smaointí traidisiúnta Gaeltachta’ seo agus tagann an soiscéal de réir Bhreandáin amach: “Teastaíonn feachtas margaíochta mór millteach sa nGaeltacht féin chun ár gcuid féiniúlacht a chosaint agus a chur chun cinn. Tá seo déanta ag lucht na mBascach mar shampla, áit go bhfuil sé soiléir do na daoine óga gur rud iontach atá ann a bheith éagsúil agus gur ábhar bróid an fhéiniúlacht agus go neartaíonn sé thú mar dhuine” a deir sé go paiseanta. “Tá ár gcuid nósanna traidisiúnta thar a bheith tábhachtach dhúinn, ach freisin caithfidh muid nósanna nua agus ealaíon nua a chruthú inár dteanga féin – seo an meascán nádúrtha a tharlaíonn idir an sean agus nua i gcultúir folláine,”
A Ghealach Bhréagach!
A Ghealach Bhréagach, thuas san aer
Dúirt tú liom go mbeinn chomh saibhir leis an spéir
Go bhfaighinn málaí óir is airgid gan stró. ó ó ó...
A Ghealach Bhréagach, an chonúis bhréan
Chreid mé chuile ní a dúirt tú os mo chionn
Ach chuir tú mearbhall orm is chas mé chuile threo ó ó ó…
Ná bí ag inseacht bréaga dhom...
An Gealach Bhréagach, ar Youtube: http://www.youtube.com/watch?NR=1&v=muJ-yGzOSX4&feature=endscreen
An Fáinne Fí a Bhaineann le Comórtais
Agus é ag caint faoi dhúchas an cheoil thraidisiúnta agus nósanna na nGael, thosaigh muid ag caint faoin Oireachtas, chomh luath agus a luaigh mé an focal agus sular chuir mé aon cheist bhí tuairim láidir á nochtadh:
“Is breá liom an tOireachtas agus téim beagnach chuile bhliain – ach sílim go bhfágann pobal na Gaeilge ualach na healaíne ar fad ar an tOireachtas chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí sean-nóis, agallamh beirte, scéalaíochta 7rl. Tá rudaí ag feabhsú, cinnte, ach is beag a chloisfeá faoi na healaíona seo ó Oireachtas amháin go hOireachtas eile go dtí le gairid.”
Is léir nach bhfuil sé róthógtha le coincheap na hiomaíochta …
“Nílim róthógtha le comórtais – tuigim an gá a bhaineann leis an Oireachtas agus an luach a bhaineann le gradam a thabhairt do dhuine, ach níor mhaith liom go mbeadh aicme ealaíne ar nós amhránaíocht ar an sean-nós ag brath chomh mór sin ar chomórtais. Ní lia duine ná tuairim agus ní thaitníonn sé liom go ndéantar díluacháil ar an té a chailleann.”
Nua-Nós den Sean-Nós?
Bhí moladh aige faoi bhealaí eile leis an ealaín seo a chomóradh:
“Ba cheart níos mó ardáin mhóra a thabhairt don sean-nós, nach bhfuil bunaithe ar chomórtas. Is art form é as féin atá go hiomlán difriúil ó go leor stíleanna canta eile agus samhlaigh nó smaoinigh faoi hip-hop, abair nach mbeidh dada eile ag tarlú i saol an hip-hop ó bhliain amháin go bliain eile ach comórtas ina mbeadh 50 cent agus iad seo uile ag teacht le chéile, tá sé seafóideach, gan outlet ar bith eile a thabhairt dó” a deir sé.
Cuirimse i gcuimhne dó go bhfuil neart féilte, ceardlanna agus ceolchoirmeacha ar súil fud fad na tíre a thugann outlet don stíl i rith na bliana...
“Tá rudaí ag feabhsú cinnte, níor mhaith liom a bheith diúltach, ach sílim go bhfuil áit ansin do bhailte Gaeltachta chun ceiliúradh a dhéanamh ar na healaíona dúchais – ar nós agallamh beirte nó lúibíní a chur ar siúl nó ceolchoirmeacha den chéad scoth ar an sean-nós. Tá go leor féidearthachtaí ann, ach tabharfaidh sé deis don ealaíon briseadh amach as an bhfáinne fí den chomórtas agus gur féidir réaltaí cearta a dhéanamh de na daoine atá go maith ag an sean-nós.”
Sceitheadh
Uair an chloig ina dhiaidh sin tá ceist chonspóideach an tsean-nóis fós ina cnámh spairne eadrainn, ach tá an clog ag breith orainn. Rud amháin atá cinnte, is ábhar é seo atá gar dá chroí agus chum Rís amhrán nua a dhéanann ceiliúradh ar an sean-nós:
“Bhí amhrán ar an dlúthdhiosca s’againne Sceitheadh a tharraingt conspóid. Thóg muid sampla d’amhrán ar an sean-nós Cúirt an Bhaile Nua agus chuir muid an sampla sin isteach san amhrán nua. B’aisteach an rud é mar tháinig drumloops isteach san amhrán ina dhiaidh sin agus giotár ard. Pléadh é ar chlár Mháirtín Tom Sheáinín agus shíl go leor daoine gur drochrud a bhí ann tionlacan a chur leis an sean-nós ach ní sin a bhí i gceist ar chor ar bith. Ag tabhairt sampla d’amhráin ón sean-nós agus a chur isteach in amhrán nua cumtha a bhí ann. Tá tú ag tabhairt ómóis don stíl a bhí ann romhat agus is cleachtas é a tharlaíonn go minic san India agus i dtíortha eile. Thaitin sé le roinnt daoine agus níor thaitin sé le roinnt daoine, ach ba iontach an rud é gur tharraing sé cainte mar bhí píosa spraoi leis.”
Sceitheadh
(Ón amhrán ar an sean-nós, Cúirt an Bhaile Nua)
‘Ar lá breá gur éiríos ar maidin, ag triall dom ar Chúirt Bhaile Nua, Cé d’fheicfinn ach Neilí ag gabhail tharam, agus ba ródheas a leagan, is a snua’
Páiste ag an doras, déirce arís uaidh féin,
Fan glan nó fágfaidh sé gan phingin thú
Cailín thíos faoin tsolas, dúil aici i do scéim
Ag saint arís atá tú faoi bhrú
Nach tú atá lag, nach tú atá tite ionat féin,
B’fhearr liom dá bhfágfadh tusa anois mé
Nach mé atá náirithe agat, ag gáirí anois leat féin
Ag saint arís atá tú faoi bhrú...
Fágfaidh mise Neilí ag duine éicint eile...
Thit tú trí huaire cheana, titfidh tú arís,
Ach ní ar nós Críost ar uair a pháise
Oíche ar shráid na cathrach, sceitheadh ar do straois,
Ag saint arís atá tú cráite
Tá uair go leith caite againn ag comhrá agus tá uair an mheánoíche ag teannadh linn. Tá míle ceist fós ar mo ghoib, agus faoin am seo tá sé ag bailiú amach an doras, ach tá i bhfad níos mó le plé againn. Is dóigh go gcasfaidh mé arís leis chun a thuairimí a phlé. Níl a dheireadh cloiste againn fós!
Mac léinn MA sa Chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge is ea Gráinne Campion.