Chas Seosamh Mac Muirí le hÍte Ní Chionnaith a bhfuil taithí na mblianta aici ag léachtóireacht sna meáin chumarsáide in ITBÁC. Iareagarthóir Feasta, iar-Chathaoirleach Oireachtas na Gaeilge agus iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, is cinnte go bhfuil tuairim le roinnt aici.
SMM: Is é do bheatha go Beo.ie a Íte.
ÍNíCh: Go raibh míle maith agat.
SMM: An le Baile Átha Cliath do chúlra a Íte?
ÍNíCh: Tógadh le Gaeilge anseo mé. Mar sin, is cainteoir dúchais Gaeilge as Inse Cór mé. Ní aithníonn daoine a leithéid mar glactar leis go minic, má tá Gaeilge agat i mBaile Átha Cliath gur fhoghlaim tú Gaeilge. D’fhoghlaim mé Gaeilge mar a fhoghlaimíonn gach éinne teanga ach bhí Gaeilge agam i dtosach. Ní cuimhin liomsa a bheith gan Béarla ach is cuimhin le cuid de mo chuid aintíní agus uncal tréimhse nach raibh Béarla ar bith agam. Ba shin an cinneadh a rinne mo thuismitheoirí, go dtógfaí mé féin is mo dheartháir anseo le Gaeilge.
SMM: Conraitheoirí, lucht Chonradh na Gaeilge a bhí in do mhuintir mar sin?
ÍNíCh: Sea. Bhí mo mháthair gníomhach sa Chonradh ó bhí sí óg. Bhí a hathair, Mícheál Ó Cuileannáin, gníomhach sa Chonradh le Peadar Ó hAnnracháin sa Sciobairín in iarthar Chorcaí. Ba Bleá Cliathach m’athair, thíos ar an gcanáil ansin, Cros an Araltaigh. D’fhoghlaim seisean an teanga sa Churrach le Máirtín Ó Cadhain sna daicheadaí, ach ní raibh an Ghaeilge chomh mór ar a thoil aige is a bhí ag mo mháthair. Bhí scoth na Gaeilge aicise mar tógadh le Gaeilge í. Bhí an Ghaeilge, mar sin, níos nádúrtha dom riamh ná mar a bhí an Béarla.
Fear eile a chloigh leis an nGaeilge i ndiaidh theacht as an gCurrach, Maitiú Ó Néill, thóg seisean clann le Gaeilge. Máirtín Standún as Learpholl agus Gearóid Ó Maoil Mhíchil ar ndóigh, mar a chéile, d’fhan siad dílis don Ghaeilge.
Córas Oideachais na Tíre
SMM: Tá do shaol oibre caite in oideachas tríú leibhéal na tíre agus is iomaí cor a chuir an córas de le blianta anuas. Do bharúil, cén chuma atá ar chóras oideachais na tíre agus céard tá romhainn?
ÍNíCh: Ceist an-leathan. Is dóigh liom go bhfuil an córas oideachais cúngaithe a lán go dtí scrúduithe. Pointí ardteiste agus fiú sna coláistí tríú leibhéal, tá brú pas a thabhairt do gach éinne agus ní chun leas an oideachais an méid sin. Táthar ag caint anois ar gach saghas measúnú a thabhairt isteach ar léachtóirí agus ar choláistí agus an rud a mbeinn buartha faoi ná cé mhéad mac léinn go n-éiríonn leo dul ó bhliain amháin go bliain eile agus an chéim a chríochnú. Táthar ag déanamh, saghas, neamhaird de chúrsaí caighdeáin.
Tá athruithe agus tá plé ar siúl, ach tá an iomarca de ar siúl i gcomhthéacs airgid. An fiú ó thaobh airgeadais an cúrsa seo nó an modúl seo a bheith ar siúl? Ní hé an bhfuil tábhacht ann féin ó thaobh ábhair, fiú mura bhfuil líon ard mac léinn i gceist sa mhodúl. Na mic léinn féin, tá siad ag fás, tá roinnt acu an-fhorbartha ar fad agus is mian leo foghlaim, ach níl radacúlacht ag baint leo. Níl siad ag iarraidh aon rud a athrú, seachas rudaí a bhaineann go díreach lena saol féin. Ní théann siad amach ag agóidíocht faoi dhrochthithíocht nó cúrsaí airgeadais, seachas a dtáillí nó a gcuid deontaisí féin.
Na blianta siar, is iad na mic léinn a bhíodh chun tosaigh in an-chuid eagraíochtaí éagsúla a bhíodh ag ceistiú an tsaoil in ionad a bheith ag ceistiú a staid airgeadais féin. Ina dhiaidh sin, caithfidh mé a rá go bhfuair mé mic léinn a bhí cliste. Bhí pointí arda ag teastáil le freastal ar na cúrsaí a bhí á dteagasc agam. Roghnaigh siad féin an Ghaeilge.
Gaeilge ar an Scáileán Faoi Dheireadh
SMM: Chonaic tú na 1970aidí agus na 80aidí nuair nach mbíodh ach leath uaire an chloig Ghaeilge ar an teilifís in aghaidh na seachtaine sa samhradh. An bhfuil freastal thar cinn ar mhuintir na Gaeilge anois?
ÍNíCh: Bhí an tréimhse sin ann. Tá sé dearúdta ag a lán daoine. Is cuimhin liom féin go maith é. Tá mé ag ceapadh nach mbíodh Nuacht ar bith ar an satharn is ar an domhnach agus ansin féin, cúig lá na seachtaine, ní bhíodh ann ach cúig nóiméad nuachta. Dochreidte sa lá atá inniu ann. Tá freastal níos fearr ná mar a bhí riamh le mo linnse, ar lucht na Gaeilge ó thaobh na craoltóireachta de. Ní hionann sin is a rá go bhfuil gach rud sásúil. Is dóigh liom gur éacht a bhí i mbunú TG4. An rud is tábhachtaí, dar liomsa, a baineadh amach lenár linn féin, fiú, níos tábhachtaí ná Bille na dTeangacha Oifigiúla, nó Stádas na Gaeilge san Eoraip, mar thug sé íomhá nua, den Ghaeilge, don phobal go ginearálta. Ní luaitear go minic gur thug sé deis do dhaoine a raibh Gaeilge acu a gcuid scileanna a fhorbairt agus as sin d’fheabhsaigh gnéithe eile: an aisteoireacht i nGaeilge, an scríbhneoireacht i nGaeilge, forbairt na craoltóireachta i nGaeilge. Tháinig fuinneamh nua cumadóireachta sa nGaeilge féin agus chuir sé postanna sármhaithe ar fáil do dhaoine óga sa nGaeltacht.
Postanna monarchan a bhí ina lán de na postanna roimhe sin a chruthaigh Gaeltarra Éireann agus Údarás na Gaeltachta ar ball. Ach bhí glúin nua tríú leibhéal ag teacht ar aghaidh nach raibh ag iarraidh an chuid eile dá saol a chaitheamh istigh i monarchain. Chruthaigh TG4 an-chuid deiseanna mar sin do dhaoine óga le Gaeilge sa nGaeltacht agus lasmuigh.
An Chraoltóireacht
SMM: Ní luaithe scortha den obair thú le deireanas go raibh tú gafa le scannánú do chlár teilifíse. An mbeidh tú ag ligean do scíthe in aon chor nó a ghlanmhalairt sa saol úr atá romhat, meas tú?
ÍNíCh: Ba mhaith liom leanacht ar aghaidh leis an gcraoltóireacht, más féidir. Le deich lá anuas rinne mé dhá agallamh do Raidió na Gaeltachta móide scannánú do cheann de na cláracha sa tsraith nua de Éagóir. Sin an cineál ruda gur mhaith liom a bheith ag plé leis. Tá mé breá fuinniúil go fóill. Níl mé ag éirí as an saol. Tá mé ag éirí as gné áirithe agus as tréimhsé áirithe de mo shaol. Níl mé ag iarraidh a bheith chomh gnóthach agus a bhí. Ceann de na rudaí a bhraith mé i gcónaí nó go raibh mé ag rith ó rud amháin go rud eile. B’fhearr liom a bheith in ann suí siar anois is arís agus beagán staidéar a ghlacadh agus smaoineamh a dhéanamh, ach ba mhaith liom níos mó den chraoltóireacht, den iriseoireacht scríofa, agus tá mé ag cuimhneamh ar chúpla leabhar chomh maith. Níl mé ag ligean mo scíthe go hiomlán mar sin go fóill. [meangadh]
An Dóchas agus an Duainéis
SMM: Céard a sheol i dtreo gníomhaíocht Chonradh na Gaeilge thú siar sna 70aidí agus go deimhin i dtreo pholaitíochta chomh maith nuair nach raibh sé furasta a bheith gníomach go polaitiúil?
ÍNíCh: Is dócha gurbh é tionchar mo thuismitheoirí i dtosach. Toisc gur tógadh le Gaeilge i mBleá Cliath mé agus go raibh dearcadh an-nua-aimseartha agus forfhásach ag mo mháthair ó thaobh na Gaeilge de - ní hamháin gur thóg sí le Gaeilge muid, ach do mhínigh sí tábhacht na Gaeilge dúinn ó thús. Do mhínigh sí go raibh rud éigin breise againn. Ní hé go raibh muid níos fearr ná níos measa ná aon duine eile. Do chreid sí go mór i gcearta na Gaeilge. D’éiligh sí cearta i gcónaí ó thaobh foirmeacha Gaeilge, ó thaobh ár n-ainmneacha féin. Is iomaí raic is cuimhin liom ó m’óige, na dreamanna a bhí ag diúltú (glacadh) lenár n-ainmneacha i nGaeilge agus a leithéid. Do throid mo mháthair na cásanna sin i gcónaí agus í ag plé leis an státseirbhís, nó le dreamanna eile, chinntigh sí i gcónaí gur foirmeacha Gaeilge a fuair sí. Mar sin do tháinig a lán de ó mo thuismitheoirí.
An chéad uair a ndeachaigh mé féin isteach sa Chonradh, ní raibh mé ach ceithre bliana déag d’aois. Mar a tharla, níor thuig mé ag an tús go raibh mé sa Chonradh. Bhí múinteoir scoile agam a bhí go hiontach ar fad, Proinsias Ní Dhorchaí, chuala tú trácht uirthi. Bhí sí ina léachtóir níos déanaí i gCarysfort.
SMM: Fuair sí bás ró-óg.
ÍNíCh: Bhí Proinsias mar mhúinteoir agam i Scoil Chaitríona, scoil lán-Ghaelach ar ndóigh. Spreagadh sí muid go mór ó thaobh díospóireachtaí, i nGaeilge don chuid is mó agus i mBéarla ó am go chéile. D’imríodh go leor de na mic léinn camógaíocht ar an satharn, ach ní raibh mé féin rómhaith chuige. Luaigh Proinsias liom go raibh an dream seo, Dáil na nÓg ann. Cumann díospóireachta Gaeilge. Sin mar a chuaigh mise isteach i gConradh na Gaeilge, trí Dháil na nÓg. Bhí an-chuid daoine cáiliúla ann. D’éirigh mé gníomhach agus d’fhreastail mé ar mo chéad Ard-Fheis i 1969 agus níor chaill mé ceann ar bith ó shin.
Saol Corrach na Polaitíochta
Bhí sé níos deacra a bheith gníomhach i gcúrsaí polaitíochta sna seachtóidí, an tréimhse sin ó 73 go 77 go háirithe nuair a bhí an comhrialtas uafásach sin ann de Fhine Gael agus an Lucht Oibre. Coscadh ó cheithre phost mé an t-am sin. Tréimhse an heavy gang, tréimhse na cinsireachta, éisteacht le glaonna gutháin, cur isteach ar dhaoine. Bhí sé deacair. Toisc go raibh an cúlra poblachtánach agam, bhí mé spéis agam i gcúrsaí polaitíochta ó bhí mé óg agus bhínn ag freastal ar agóidí éagsúla. Bhí feachtas mór ar siúl leis na cimí i Sasana a thabhairt ar ais. Bhí mé ag freastal ar fish-ins roimhe sin le Sinn Féin Oifigiúil, Páirtí an Lucht Oibre sa lá inniu.
D’fhág mé an eagraíocht agus chuaigh mé leis an IRSP 1974. Bhí sé sách deacair. Bhí daoine thart orm á marú sa tréimhse sin. Duine de na cairde ab fhearr a bhí agam i mBéal Feirste, Pádraig Ó Cléirigh, a bhí an-ghníomhach sa Chonradh, fear tacsaí, dhúnmharaigh na dílseoirí é os comhair a pháistí féin - teach a raibh mé ann go minic.
Miriam Daly, bhí aithne an-mhaith agam uirthi agus d’fhan mé ina teach siúd freisin. Ronnie Bunting, bhí mé le fanacht le Ronnie coicís i ndiaidh a dhúnmharaithe. Bhí mé le fanacht sa teach aige mar bhí mé le dul agus bualadh le cimí de chuid an IRSP sa Cheis Fhada mar bhí siad ag iarraidh níos mó a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge agus bhí siad ag lorg comhairle. Bhí socrú déanta agam le Ronnie go rachainn ó thuaidh agus go bhfanfainn leis, ach an chéad rud eile a chuala mé go raibh sé dúnmharaithe.
Séamus Costello ar ndóigh, a raibh aithne agam air ó 1970. Thosaigh mé ag obair mar mhúinteoir óg sa mheánscoil an bhliain sin i gCill Mantáin agus chláraigh mé le Sinn Féin ansin. Theastaigh uaim dul ar an ollscoil ach ní raibh Laidin agam, ábhar a bhí riachtanach an t-am sin. Mar sin, chaith mé an bhliain sin ag foghlaim na Laidine agus ag múineadh na Gaeilge i mbaile Chill Mantáin. Chuir mé aithne ar Shéamus Costello an bhliain sin agus bhí meas an domhain agam air. Bhí tuiscint an-mhaith aige, ba chainteoir an-mhaith é ach ba oibrí an-mhaith é chomh maith. Bhí meas mór ag daoine air taobh amuigh den saol poblachtánach. Lena dhúnmharú siúd agus le dúnmharú Miriam Daly, bhraith mé go raibh cuid den cheannasaíocht ba thábhachtaí ar lár, go raibh an eagraíocht ar strae. D’fhág mé an IRSP ina dhiaidh sin ach d’fhan mé dílis do na tuairimí a bhí agam go dtí an lá inniu.
Corrcheist
SMM: Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?
ÍNíCh: Mo thuismitheoirí cinnte. Ina dhiaidh sin, múinteoirí, Mairéad Nic Dhonncha san ollscoil, Tomás de Bhaldraithe. Sraith daoine i ndáiríre, meascán stairiúil de Phádraig Mac Piarais agus James Connolly.
SMM: Cén caitheamh aimsire is fearr leat?
ÍNíCh: Taisteal, don Iodáil go minic, teilifís, léitheoireacht, garraíodóireacht. Suí sa gháirdín!
SMM: Cén scannán is fearr leat?
ÍNíCh: Cláracha faisnéise.
SMM: Go raibh míle maith agat a Íte.
ÍNíCh: Fáilte romhat.