AGALLAMH BEO
An Seanadóir Rónán Mullen
Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí Seosamh Mac Muirí

Chas Seosamh Mac Muirí leis an Seanadóir Rónán Mullen i gceantar dúchais a máthar lena cheistiú faoi Sheanad Éireann, faoi cheist an ghinmhillte agus faoi roinnt ábhar eile ar spéis leis.

Íomhá
Rónán Mullen, Seanadóir
Íomhá
Ansin atá tú
Íomhá
Lucinda Creighton TD, a shnámh in aghaidh an easa
(le William Murphy, Infomatique ar Flickr)
Íomhá
Cogar ó chara
Íomhá
Mar sin é
Íomhá
Fides et Ratio
Íomhá
An uimhir cheart a aimsiú

SMM: Is é do bheatha go Beo.ie a Rónáin.

RM: Go raibh míle maith agat.

SMM: Tá cath caillte ag an ngluaiseacht ar son na beatha. Céard a tharlófas anois meas tú? I bhfianaise an easaontais agus an smachtú a tharla i bhFine Gael, an mbeidh an bhris le tabhairt isteach ag páirtithe an rialtais amach anseo?

RM: Creidim go mbeidh an rialtas thiar leis ach ní fios go fóilleach céard go díreach a thiocfas as seo. An chéad cheist a chuireann buaireamh orm, ná céard a thiocfas as an reachtaíocht seo? Tá sé deacair a thomhas cén dochar atá déanta. Nílim sásta leis an reachtaíocht. Nílim sásta gur féidir páiste a chur chun báis ar bhunús bagairt ó dhuine eile lámh a chur ina bás féin, bíodh gur cás an-tubaisteach, an-deacair atá anseo. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh gach tacaíocht chuí ag an duine a bheadh tinn nó a mbeadh an fhadhb sin aici. Mar a dúirt an t-iar-Thaoiseach John Bruton, is é an chéad uair gur cheadaigh muid duine eile a chur i mbaol toisc bagairt ó dhuine eile lámh a chur ina bás nó ina bhás féin.

Coinsias an Duine

Is léir go mbeadh níos mó saoirse agat dá mbeifeá i do pholaiteoir thar lear ar cheist tábhachtach mar an ginmhilleadh, - ar cheist choinsiasa. Is léir nach bhfuil tuiscint dá laghad ag formhór na bpolaiteoirí anseo ar thábhacht an choinsiasa. Ceapann siad gurb ionann agus coinsias a bheith ag glacadh le rialacha ó eaglais éigin agus, chun an daonlathas a chosaint, go gcaithfidh tú diúltú dó sin. Léiríonn sé sin nach bhfuil tuiscint acu ar shaoirse an duine ná ar shaoirse coinsiasa an duine. Na polaiteoirí a léirigh a gcuid neamhspleáchais, Peadar Tóibín, Lucinda Creighton dar ndóigh, agus an ceathrar Teachta eile ó Fhine Gael, ba dhaoine iad a raibh fáthanna éagsúla acu, ar a seasamh pearsanta féin ar an nginmhilleadh. D’fhógair an Taoiseach inné go raibh sé ag ceapadh Hildegarde Naughton mar Sheanadóir i nGaillimh. Is léir céard tá ag tarlú ansin; díoltas ar Bhrian Walsh agus ar Healy-Eames. Ní dóigh liom gur shíl daoine go mbeadh Enda Kenny chomh dian sin ar dhaoine ar cheist chomh bunúsach sin.

Dul Thar Fóir

SMM: An dtéann roinnt de chur chuige na gluaiseachta ar son na beatha thar fóir agus an gcailleann siad tacaíocht phobail an láir ar an gcaoi sin?

RM: Beidh mionlach le gach gluaiseacht, le gach eagraíocht, nach dtuigfidh go gcaithfidh tú a bheith céad faoin gcéad cuirtéiseach, céad faoin gcéad smaointeach, céad faoin gcéad cúramach. Má théann polaiteoir thar fóir ag déanamh cur síos ar ghinmhilleadh déanach, abair, nó má sheolann daoine teachtaireacht creidimh chuig polaiteoir nuair nach duine le creideamh é, is féidir le polaiteoirí feidhm a bhaint as sin le héalú ón bhfíordhíospóireacht.

meáin chumarsáide ann a bhfuil claonadh iontub i dtreo toradh amháin seachas toradh eile agus má dhíríonn siad isteach ar an mionlach ar an taobh eile - gan aon aird a thabhairt ar na ceisteanna nach bhfuil freagraithe ag na polaiteoirí - tá éagóir níos measa ansin. Cuir i gcás an lá cheana, tugadh fogha faoi Pat Rabbitte i dteach tábhairne ar rud éigin maidir le geilleagar agus bhí sé réchúiseach mar gheall air. “Sin é an pholaitíocht” a dúirt sé.

Faighimid uilig teachtaireachtaí atá mímhúinte. Deir daoine rudaí gránna liom sa tsráid. Ní tharlaíonn sé go minic. Cuirfidh tú suas leis. Glacaim leis go mb’fhéidir go bhfuil fadhb ag an duine atá á rá agus nach agam féin atá sé. Ach ní maith liom an chaoi ar thapaigh an rialtas an deis, agus botún an mhionlaigh a úsáid chun éalú ó lár na ceiste agus míchlú a chaitheamh ar lucht an fheachtais ar son na mbeo. Is í mo thuairim gur ceist cearta daonna é agus tréaslaím leis na dreamanna éagsúla. Chonaic mé iad ag an mbigil i mí an Mheithimh, daoine séimhe múinte a bhfuil suim acu i gcúrsaí cearta daonna.

Na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí, d’admhaigh siad go raibh tromlach na dteachtaireachtaí a fuair siad dea-mhúinte. Gabh roinnt acu buíochas leis na polaiteoirí a raibh siad i dteangmháil leo.

Creideamh Láidir

SMM: Sílim go ndéarfaí fút go bhfuil creideamh láidir agat. Má tá creideamh láidir agat, cé as a bhfuair tú é?

RM: Is peacach mé ar ndóigh. [gáire] Caithfidh tú a bheith cúramach in Éirinn má admhaíonn tú go bhfuil creideamh láidir agat, go gcloisfear rud eile; go bhfuil tú dod’ mholadh féin. Míním go minic do dhaoine nach ionann creideamh láidir a bheith ag duine agus a rá go bhfuil gach tuairim atá agat bunaithe ar an gcreideamh sin. Is tábhachtach a mheabhrú, gur cuma cén fhealsúnacht atá agat, más creidmheach thú nó a ghlanmhalairt, deir gach duine réasúnta go bhfuil meas acu ar an mbeatha. Luíonn sé sin le réasún agus leis an dlí nádúrtha, más mian leat. Ba chóir go mbeadh sé sin i gcoitinne againn uilig.

Nuair a labhraím ar mo chreideamh, ní maith liom go ndéanfaí ionannú idir sin agus na tuairimí polaitiúla. Is dócha go mbainim leis an bhfealsúnacht, daonlathas Críostaí.

Bhaintí mífheidhm as creideamh i bpolaitíocht na tíre seo na blianta ó shin. Bíodh nach n-abraítí é, bhí meme sa saol a raibh daoine ag maíomh as a gcreideamh agus á chrú, ag tarraingt tacaíochta chucu féin. In ionad a bheith ag moladh an chreidimh agus Dé, bhí daoine á mbrú féin ar aghaidh. D’fhéadfá a rá, agus caithfidh mé a bheith cúramach anseo, go raibh saghas an rud céanna i gceist ag an Taoiseach: ‘Tá mé cosúil leatsa, sa lár. Ní den eite chlé mé. Ní duine radacach mé. Is gnáth-Chaitliceach mé – AGUS tá mé ag tabhairt isteach an ginmhilleadh sa tír’.

B’fhearr liomsa nach labhródh an Taoiseach faoin gcreideamh in aon chor, ach go labhródh sé faoi na hargóintí. Labhairt faoin gceist. Sin a rinne mise iarracht a dhéanamh agus measaim gur chóir dó a leithéid a dhéanamh. Ní maith liom go bhfuil daoine, saghas ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar a chéile.

SMM: Ar bhun seicteach?

RM: Ar bhealach, ach laistigh den chreideamh féin. Má tá plé le bheith ann faoin gcreideamh, bíodh plé faoin gcreideamh, ach má tá plé le bheith ann faoin gceart agus faoin meas a bheith againn ar an mbeatha, fiú i gcásanna deacra, fanaimist leis an díospóireacht sin.

Chun filleadh ar do cheist faoin gcreideamh, mo thuismitheoirí i dtosach, an sagart paróiste i gCill Ghlas, an tAthair Joe Smith, fuair sé bás i dtimpíste agus ghoill sé sin orm. Bíodh sé ag lorg ceisteanna faoin gcreideamh agus bhí an-suim agam i gcur na gceisteanna. Chuaigh sé sin i bhfeidhm orm. Chothaigh sé an fhiosracht ionam. Tharla sé sin uilig sula bhfuair muid amach faoi na rudaí gránna a tharla san eaglais. Bhí an t-ádh orm go raibh an saghas caidreamh sin agam le sagart is nár baineadh mí-úsáid as an iontaoibh. Ag an meánscoil arís, Coláiste na Corónach Muire, An Creagán, bhí atmaisféar ansin, saghas meas ar dhínit an duine. Bhí mná rialta ansin agus ba léir gur daoine carthanacha iad.

Nuair a thug mé aghaidh ar an ollscoil, spreag sé ceisteanna faoi bhrí na beatha ionam. Daoine a bhí ag dul le sagartóireacht, bhí siad ann agus mórán daoine eile, agus blianta ina dhiaidh sin, léigh mé rud i leabhar an Phápa ‘Fides et Ratio’ – creideamh & réasún – ar an gcéad líne: ‘Faith and reason are the two wings on which the spirit rises to the contemplation of truth’, nó focail mar sin. Chuaigh sé i bhfeidhm orm agus tá sé sin tábhachtach domsa.

Bhí an t-ádh orm. Is bronntanas é an creideamh. Creidim go bhfuil an grá lárnach sa saol agus gur diamhrach an domhan seo. Tá eolas go leor againn faoin gcaoi ar fhorbair sé ach níl a fhios againn faoin gcaoi go díreach ar tharla sé. Tugann an creideamh freagraí dar liom, freagraí nach féidir a chruthú leis an réasún ach is dócha an tástáil atá le déanamh orthu, saol an chreidimh a chaitheamh - to live the experience of faith. Trí ghlacadh leis an ngaol atá le Críost agus trí dul ar aghaidh leis.

An Seanad agus an Rialtas seo

SMM: An gcuirfear deireadh leis an Seanad le linn saol an rialtais seo, dar leat?

RM: Braitheann sé sin ar bhreithiúnas an phobail. Tá fearg ar dhaoine faoin gcaoi ar theip ar pholaiteoirí fadhbanna ollmhóra tromchúiseacha a sheachaint agus faoin gcaoi ar chuir polaiteoirí leis na fadhbanna. De réir a chéile mar a fheicimid an chaoi a chaitheann rialtas a bhfuil tromlach mór acu le daoine, sa díospóireacht faoin nginmhilleadh le deireanas abair, beidh daoine a rá gur chóir go mbeadh bac de chineál ar mhí-úsáid rósciobtha na cumhachta.

Breathnaigh ar Theach na dTiarnaí i Sasana. Ní fhéadfaí glacadh leis an gcaoi a fhaigheann daoine isteach ann [gáire], ach ainneoin na staire aistí agus easpa a daonlathais, éiríonn leis ról dearfach a imirt ar shaol polaitiúil Shasana. Is féidir le Teach na dTiarnaí reachtaíocht a dhiúltú faoi thrí sular féidir feidhm a bhaint as Acht na Parlaiminte.

Abhus, tá an iomarca smachta ag an rialtas ar na Seanadóirí. Tá roinnt acu ag iarraidh ainmniúchán Dála an chéad iarraidh eile. Ainmníonn an Taoiseach aon dhuine dhéag. Ba mhaith liom toghchán náisiúnta a fheiceáil bunaithe ar liostaí. Tá córais éagsúla liostaí ann inar féidir cumhacht na elites a sheachaint: bheadh coimhlint idir liostaí éagsúla agus bheadh coimhlint taobh istigh de na liostaí.

B’fhéidir a rá nach bhfuil an iomarca tithe parlaiminte ann ach go bhfuil an iomarca polaiteoirí ann. Bhuail mé le hambasadóir El Salvador le déanaí. Aon teach amháin atá acu ach taobh istigh den teach sin tá 85 ball parlaiminte nó mar sin do 6.7 milliún daonra. Tuige nach mbeadh Dáil níos lú againn agus Seanad nios lú againn?

Suíochán Dála?

SMM: Ar spéis leat suíochán Dála a cheapadh duit féin amach anseo agus ar spéis leat dul le páirtí polaitíochta?

RM: Ba spéis liom a bheith sa Dáil. Ní bheinn compórdach leis an pragmatism a fheicimid sa Dáil agus ar thagair Lucinda Creighton dó le déanaí. Bíonn daoine gafa le rudaí gearrthéarmacha ag am toghcháin, ach chonaiceamar go raibh polaiteoirí sásta seasamh amach agus snámh in aghaidh an easa ar cheist an ghinmhillte agus ba bhreá liom labhairt leo. Tá taithí agus scil acusan nach bhfuil agamsa. Ba bhreá liom a fheiceáil céard ab fhéidir a chruthú a rachadh chun leas na tíre a bhfuil grá againn di.

SMM: Cén caitheamh aimsire is fearr leat?

RM: Cur is cúiteamh is caint le mo chairde. Tá mé iarraidh am a chruthú i mo shaol don spórt is don aclaíocht. Ní dhéanaim a dhóthain sa seomra aclaíochta, ach téim ann faoi dhó sa tseachtain. Thug mé faoin sciáil cúpla bliain ó shin agus is breá liom go bhfuil mé in ann teacht anuas, go fiú ar na ‘fánaí dubha’. [gáire]

Tá an-suim agam i gceol Leonard Cohen agus chuaigh mé chuig roinnt ceolchoirmeacha a raibh sé ann.

Thug mé faoin Camino sa Fhrainc anuraidh mar tá an-dúil agam i saol, cultúr agus i dteanga na Fraince agus na hIodáile.

SMM: Cén scannán is fearr leat?

RM: Is dócha Man for All Seasons. Measaim gur scannán fíorfhiúntach é. Agus La Vita Bello. Agus is breá liom Alfred Hitchock, na seanscannáin mar sin. Torn Curtain agus Rear Window. Agus Midnight in Paris, le Woody Allen, is breá liom é.

SMM: Cén leabhar is fearr a léigh tú?

RM: Le déanaí aisteach go leor, thosaigh mé ‘Mere Christianity’ le C. S. Lewis. Tá stíl an-snasta aige. Léim leabhair Fraincise le cur le mo chuid den teanga.

SMM: Go raibh míle maith agat a Rónáin.

RM: Tá mé fíorbhuíoch díot féin a Sheosaimh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.