Bhuail Catherine Foley le Cabríní de Barra, bean as Baile Átha Cliath a bhog chun na nDéise. Thaobhaigh Cabríní le cuspóirí Chonradh na Gaeilge le blianta, ní a thug ar aon ardán í le triúr eile ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Ceanainn le caint a thabhairt; caint a tharraing caint.
Bhí Cabríní de Barra, urlabhraí Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ina haoichainteoir ag Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge i Leitir Ceannainn, Co. Dhún na nGall i mí na Samhna seo caite. B’é téama an tseimineáir ná Ag Pleanáil don Ghaeilge ó Thuaidh & sa Ghaeltacht - Cad Í Do Thuairim? Bhí triúr eile ar an ardán in éineacht le Cabríní de Barra, iarbhainisteoir teanga i nGaeltacht na nDéise chun chúrsaí teanga a phlé. Bhí an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, an tAire Caral Ní Chuilinn ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh agus Niall Comer, Uachtarán, Comhaltas Uladh. D’éirigh an chaint teasaí go leor.
CF: An raibh tú sásta ag an seimineár ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Ceanainn i mí na Samhna agus an méid a bhailigh isteach chun éisteacht leis an gceathrar agaibh.
CAB: Bhí slua mór millteach i láthair.
CF: An raibh ionadh ort.
CAB: Bhí ionadh orm chun an fhírinne a rá mar is dócha gur rud cineál tirim é an phleanáil teanga. Tá an-spéis agam féin ann ach bhí mé ag ceapadh nach mbeadh aon spéis ag éinne eile ann, ach an rud a chur ionadh orm ná an méid sin daoine a tháinig aníos chugam níos déanaí nach raibh aon aithne agam orthu ó cheann ceann na tire, as ceantair Ghaeltachta éagsúla, na hoileáin, muintir Bhaile Átha Cliath. Bhí ionadh mór orm muintir BÁC a bheith i láthair. Ach bhí daoine ann ó gach uile áit agus mhothaigh mé go raibh an-chuid tacaíochta ann. Sin paidir go gcaithfimid a bheith ag brú an t-am ar fad, nach bhfuil saorchaint againn sa tír seo. Má tá tú ag tuilleamh airgid sa Rialtas, má tá tú fostaithe sa Rialtas, ní féidir leat a bheith ag labhairt amach. Is féidir liomsa!
Straitéis agus Acht
CF: Cad é an dearcadh a bhí agat i leith Acht na Gaeltachta 2012?
CAB: Ar dtús bhí mé cineál ag moladh an Rialtais. Cé go bhfuil an tAcht Gaeltachta lochtach, tá áthas an domhain orm go bhfuil an cúram ar na comhlachtaí pobalbhunaithe. Is gá, má tá tú chun plean teanga a fhorbairt, is gá go dtiocfaidh sé ón mbun aníos. Bhí baol ann go mbeadh an tÚdarás i gceannas. Tá siad lárnach agus caithfidh siad tacú leis, ach bhí eagla orm, agus tá fós, eagla orm gur cineál státseirbhíseachais a bheadh i gceist. B’fhéidir gur ag ticeáil boscaí a bheimid. Sin a raibh mise ag caint faoi. Tá eagla orm go mbeidh múnla nó plean áit éigin a sheolfar amach chuig gach duine, go ndéarfaidh siad leanaidh oraibh anois, sin an rud atá le déanamh agus i gceann fiche bliain, beidh fiche cúig fán gcéad níos mó daoine ag labhairt Gaeilge. Ní bheidh. Ní bheidh, muna dtagann sé ón tús. Muna gcuireann tú an cheist ar an bpobal ar dtús, ceard atá uathu agus muna gcuireann tú na hacmhainní isteach sna rudaí go dteastaíonn ón bpobal, teipfidh ort.
CF: Nuair a bhí tú ar do bhealach chuig an Oireachtais, conas mar a bhraith tú. An raibh tú imníoch, trodach agus réidh, dóchasach nó éadóchasach, nó conas mar a bhraith tú?
CAB: Ní raibh mé trodach sa chéad dul síos. B’fhearr liom gan a bheith trodach más féidir liom. Bhí mé ag ceapadh nach mbeadh mórán d’éisteacht ann. Tá a fhios againn go léir ceard a cheapann an Rialtas. Bhí mé féin thar a bheith dóchasach nuair a d’fhógair siad an Straitéis Fiche Bliain. Cheap mé gur rud iontach é seo. Don chéad uair riamh beidh straitéis Gaeilge agus Gaeltachta ag an Rialtas. Ach is aer te atá ann i ndáiríre, níl aon bhunús leis. Níl siad chun acmhainní a chur isteach ann. Bhí a fhios agam é sin nach mbeadh aon acmhainn breise ann. Ach fiú amháin nuair atá an t-eolas sin agat, caithfidh tú an fhírinne a insint. Agus measaim go bhfuil sé deacair ag daoine atá ag obair ins na comharchumainn agus mar sin de. Tá sé thar a bheith deacair dóibh siúd a bheith macánta faoi na rudaí seo nó a bheith oscailte, mar tá siad ag brath ar an bpingin sin ó dheontais reáchtála an Údaráis agus ón Rialtas chun iad a choimeád oscailte. Mar sin, tá sé thar a bheith deacair dóibh, cé go seasann siad suas go minic, ach tá sé deacair.
Dhá Chonspóid in Aon Lá Amháin
CF: Ar bhuail tú leis an Aire a bhí ann chun chaint faoi Acht na Gaeltachta 2012? Conas ar réitigh sibh le céile tar éis duitse do chuid a rá agus eisean a bheith ag éisteacht leat.
CAB: Is dócha nach raibh sé iontach sásta liom. Bhí mé ag rá rudaí leis nár aontaigh sé leo. Bhí sé cineál cosantach is dócha agus é ag caint. Bhí ceathrar éagsúil ann. Bhí Dinny ann ag caint faoi Acht teanga na Gaeltachta agus bhí Caral Ní Chuilinn, Aire Oidhreachta sa Tuaisceart, ag caint ó thaobh athbheochan teanga sa Tuaisceart agus an obair atá ar siúl acu siúd. Níl mórán Gaeilge aici ar chor ar bith agus bhí uirthi an rud a bhí a rá i mBéarla, rud a bhí blaisín conspóideach, is dócha. Bhí sí ag rá liom go ndéanann sí dhá uair go leith de cheachtanna Gaeilge gach uile sheachtain. An bhean bhocht, tá sí an–fhabhrach don Ghaeilge.
CF: Bhí tusa conspóideach, nach raibh, mar labhair tú amach?
CAB: Bhuel, is dócha má bhíonn tú ag breathnú ar an lucht féachana, bhí gach duine sásta le gach rud a dúirt gach duine seachas an méid a dúirt Dinny. Ins an comhluadar sin, eisean a sheas amach.
CF: Bhí tú i measc do chairde.
CAB: Bhí. Ní raibh mé ag rá aon rud nach raibh fíor. Tá a fhios ag gach duine atá bainteach le cúrsaí Gaeilge agus le cúrsaí Gaeltachta nach féidir leat a bheith ag forbairt teanga le pinginí suaracha. Fiú amháin, agus ní duine mór mé chun a bheith ag caitheamh airgid as éadan. Is féidir an-chuid a dhéanamh ar beagán. Ach caithfidh tú ar a laghad daoine a bheith agat nach bhfuil tada eile le déanamh acu, ach a bheith ag díriú ar chúrsaí teanga. Muna gcuireann tú na hacmhainní cuí isteach, agus na daoine ar an dtalamh chun a bheith ag tacú le forbairt teanga, ní tharlóidh sé. Bheinnse brónach faoi mar sin, agus tá neart daoine brónach faoi, ach ag an am céanna, níl aon chiall leis an stádas Gaeltachta anois. Níl deontaisí ann. Nil aon airgead le dul le beith i do chónaí sa Ghaeltacht, ach amháin más tú an garda nó an múinteoir, ach seachas é sin, níl aon ní.
Tábhacht an Teaghlaigh
CAB: Mar sin, má thugann gach duine aire dá theaghlach féin, agus an Gaeilge a choimeád ina dteaghlach féin, leanfaidh an Ghaeilge. Agus b’fhéidir go mbeimid níos fearr a bheith ag breathnú ar an nGaeilge ó thaobh an teaghlaigh de seachas an pobal, mar má thugann tú cabhair do gach uile theaghlach, fásfaidh an pobal. Sin an fáth go labhraím faoi bheith ón nGaeltacht is mó, mo Ghaeltacht, BAC, togha na nGaeilgeoirí. Formhór na Gaeilgeoirí, táimid i mBaile Átha Cliath. Agus tá aithne agamsa ar neart daoine anseo i nDún Garbhán agus i nDún na Mainistreach agus is Gaeilgeoirí iad freisin. Ní dóigh liom mar sin go bhfuil líon na nGaeilgeoirí ag dul síos chomh tapa b’fhéidir, ach má táimid chun é a choinneáil ar an leibhéil is atá sé anois, caithfimid obair a dhéanamh.
CF: An dtéann tú chuig an Oireachtas de ghnáth?
CAB: Is aoibhinn liomsa an tOireachtas. Anuraidh an chéad uair dom le beagnach tríocha bliain. Ansin d’imigh mé thar sáile. Is aoibhinn liom a bheith ag éisteacht leis na hamhráin i nGaeilge, is aoibhinn liom an rince. Agus feiceann tú cé chomh beag is atá an pobal Gaeilge agus buaileann tú le daoine uair sa bhliain. Bhuail mé le daoine anuraidh nach raibh mé tar éis a fheiscint le tríocha bliain. Bhuail mé le duine éigin i mbliana, Bláthnaid Ó Bradaigh. D’fheicinn Bláthnaid beagnach gach Domhnach ag an Aifreann agus mé ag fás suas. Bhíodh Bláthnaid agus m’athair ag seinnt ag an Aifrinn gach Domhnach agus bhí aithne agam uirthi ar feadh na blianta. Bhí sé go hálainn.
Coláiste na bhFiann
CF: Abair liom mar gheall ar d’óige ar dtús agus an spreagadh a fuair tú i leith na Gaeilge ach go háirithe.
CAB: Rugadh mé i mBaile Átha Cliath. Ba Ghaeilgeoir é m’athair. Bhí Gaeilge mar sin againn sa bhaile i gcónaí. Is Corcaíoch é. Rugadh é lasmuigh de Chionn tSáile. Beirt mhúinteoirí a thuismitheoirí agus bhí Gaeilge acu sa bhaile de bharr go raibh sé ar scoil acu. Rinne m’athair cinneadh go leanfadh sé leis an nGaeilge.
CF: Agus cad faoi do mháthair?
CAB: Rugadh mo mháthair i nDroichead an Mhionnáin. Iarthar Chorcaí arís. Bhí sise ar scoil, agus tuismitheoirí m’athar a mhúin í. Bhí seacht déag bliain eatarthu. Bhí m’athair ar scoil lena máthair… Níor phós sé go dtí go raibh sé 38. I ndáiríre, bhí sé i gcónaí ina bhaitsiléir. Bhí an-spéis aige sa Ghaeilge. Ó thaobh chúrsaí oibre, bhí sé ag obair sa státseirbhís. Rinne sé a chuid oibre ar fad i nGaeilge le páipéarachas mar bhí an cead sin aige, agus sin a rinne sé. Sa bhaile, Gaeilge amháin a bhí againn leis ach gur Béarla a labhair mo mháthair. Bhí an-spéis ag m’athair sa Ghaeilge agus sa chultúir. Bhí club céilí aige.
CF: Cén chuid den chathair inar tógadh sibh?
CAB: Bhíomar i nDún Laoghaire sa Cábán tSíle. Bhogamar nuair a bhí mise a cheathair agus bhíomar i Ráth Garbh go dtí sin. Bhíodh Club Chualann thuas i gCill Iníon Léinín ar dtús. Séamus Olíbhéar de Barra an t-ainm a bhí air. Bheadh aithne ag Gaeilgeoirí dheisceart Bhaile Átha Cliath air, agus é istigh sa Chultúrlann, ag seinnt na feadóige.
CF: Agus an raibh a fhios agat go mbeadh an Gaeilge tábhachtach i do shaol ag an bpointe sin?
CAB: Ní raibh. Agus mé ag fás aníos, bhí mise réasúnta diúltach ó thaobh na Gaeilge mar bhí mé i gcónaí ag troid lem’ athair. Bhíodh sé de nós agam é a fhreagairt i mBéarla go díreach d’fhonn cur isteach air. Go dtí go raibh mé dó dhéag, d’imigh mé go Coláiste na bhFiann i Ros Muc agus is ansin a d’athraigh mé m’intinn ó thaobh na Gaeilge. Tháinig mé abhaile agus bhí sé im’ intinn nach labhróinn Béarla riamh arís, ach sin an áit a tháinig an cion agus d’athraigh mé m’intinn ó thaobh na Gaeilge. Labhair mé Gaeilge as sin amach. Fós, labhraímse Gaeilge sa bhaile le mo dheirfiúr, mo bheirt deartháireacha, is Gaeilge ar fad a labhraímse leo.
Bogadh Abhaile
CF: Nuair a tháinig tú go dtí an Rinn agus an Seanaphobal céad uair i 2008 mar bhainisteoir teanga, an raibh cur amach agat ar an gceantar?
CAB: Bhog mise chuig an gceantar seo dhá bhliain déag ó shin. Ní rabhamar anseo riamh. Bhogamar anseo go Dún Garbhán. Bhíomar i Sasana trí bliana déag agus thángamar thar n-ais. Fuair mise post thuas i gcathair Phort Láirge agus fuair Mick obair i gcathair Chorcaí.
CF: Cad é an post ceart, an obair laethúil, atá agat, a Chabríní?
CAB: An jab atá agam faoi láthair, is bainisteoir seirbhísí mé do dhaoine le míchumais. Roimhe san ar feadh sé bliana, bhí mé i mo thraenálaí in abhcóideachas agus luacháil seirbhísí, ach an cúlra atá agam ná i mbainistíocht seirbhísí le daoine faoi mhíchumais.
CF: Dá mbeifeá ag cur síos ort féin, cad déarfá, cad iad na tréithe is láidre atá agat?
CAB: Tá an-spéis agam i gcúrsaí chearta daonna, cearta teanga. Sin bunús mo chuid oibre. Nuair a d’fhág mise an scoil nuair a bhí mé ocht déag, bhí a fhios agam go díreach cad a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh. Bhí mé ag iarraidh obair leis an nGaeilge, obair le daoine gan dídean, bhí mé ag iarraidh obair le daoine le míchumas foghlamtha. Téann na rudaí timpeall i gciorcail. Thosaigh mo shaol oibre leis an nGaeilge. Bhí mé mar thimire Gaeilge.
CF: Cad a spreagann thú mar tá cás na Gaeilge an-chasta agus ní bhíonn torthaí agat i gcónaí.
CAB: Muna labhrann tú amach ar son an chúis go gcuireann tú suim ann, ní fiú éirí ar maidin. Fiú amháin muna m-aireoidh tú inniu é, cloisfidh duine áit éigin am éigin tú agus athróidh sé. Agus sin mar atá sé.
CF: An mothaíonn tú uaireanta go bhfuil tú ag snámh in aghaidh an easa. An mbíonn tú éadóchasach nó conas mar a bhraitheann tú i leith na teanga.
CAB: Ní dóigh liom é. Is rud éagsúil é, is dócha, forbairt na Gaeilge agus forbairt Ghaeltachta. Táimse thar a bheith dóchasach go leanfaidh an Ghaeilge. Ceapaim go mbeidh sé teoranta chuig an nGaeltacht. Tá baol ann ó thaobh na Gaeltachta muna gcuirfimid ár gcuid iarrachtaí ar fad isteach i gcúrsaí teanga. Is pobal muid cosúil le gach duine eile agus má táimid ag caint faoi chúrsaí eacnamaíochta agus turasóireachta agus mar sin de, tá sé sin go breá, beidh pobal breá ann agus iad go léir fostaithe, ach beidh siad ag labhairt i mBéarla, mar sin é an teanga ghnó atá ann agus sin mar a bheidh sé, ach tá mé éadóchasach ó thaobh forbairt nó leanúnachas agus fás na Gaeltachta, tá. Bheadh eagla orm.
CF: Tá mé fíor-bhuíoch duit, a Chabríní, agus go n-éirí libh ar an bhfochoiste sa bhliain atá romhaibh.