Chuaigh Edwina Nig Eochaidhean faoi pholl cnaipe de bheith ina Rós Thrá Lí anuraidh agus tá na céadta den dream an-óg meallta léi i mbun damhsa ar an sean-nós ar fud an iarthuaiscirt. Chuaigh Seosamh Mac Muirí ar céilí chuici i Lea’s Tea Room.
»»»Roinnt uaireanta an chloig sular gabhadh an fear frithchogaíochta, Niall Farrell, i nGaillimh labhair Seosamh Mac Muirí leis faoina iarrachtaí, in éineacht le Margaretta D’Arcy, feancadh éicint a bhaint as feachtais Arm ECAT i dtíortha bochta amuigh thar lear, go háirithe ó thús an chéid seo.
»»»Tá lear leabhar curtha amach ag an scríbhneoir Séamas Mac Annaidh in imeacht na mblianta. Chas Seosamh Mac Muirí leis i gceantar Chathail Bhuí ar bhruach Loch Mac nÉan, i bhFear Manach.
»»»Chas Robert McMillen le bean óg as Indreabhán, Conamara, atá ag saothrú i saol an aistriúcháin le tamall de bhlianta. Ní in Éirinn ná sa mBruiséal atá sí lonnaithe, ach thall san Oileán Úr mar a mbíonn sí ag teagasc ar chúrsaí Gaeilge in Ollscoil Lehman.
»»»Bean a chaith am is allas go leor ag scríobh do na sraitheanna teilifíse, Ros na Rún, Seacht agus Aifric í Ailbhe Nic Giolla Bhrighde. As Tír Chonaill ó dhúchas, bhí aithne fhorleathan ar a hathair Tom an Bhungaló. Tá leabhair a scríobh sí aistrithe go Sínis, go Gàidhlig agus go teanga na Cóiré. Chas Seosamh Mac Muirí léi agus thoisigh an chaint.
»»»Bhuail Robert McMillen le fear de bhunadh na hAirgintíne is de bhunadh Chlann Mhic Lochlainn Anghaile agus na sean-Mhí. Is é Guillermo Mac Loughlin eagarthóir an nuachtáin La Cruz del Sur, nó Crois an Deiscirt, san Airgintín.
»»»Chas Colm Mac Séalaigh le hAntoine Ó Coileáin, ceannaire Gael Linn, eagras atá ag múnlú bealaí nuála leis an nGaeilge a chur chun cinn le breis is glúin anuas agus atá áirithe anois ar na sé cheanneagras faoin gcóras nua maoinithe.
»»»Labhair Mícheál Ó hAodha le ridire mná, Niamh Dunne, a shiúlann bóithre mhór-ranna an domhain mar bhall den bhuíon aitheanta oilte Beoga.
»»»Ní cheileann bainisteoir fuinniúil Choláiste Lurgan a chuid tuairimí ar dhuine ar bith, fiú amháin nuair a bhíonn praghas le híoc astu. Chuaigh Uinsionn Mac Dubhghaill chun cainte leis.
»»»Is mó ná riamh rian an ríomhaire ar shaol achan duine agus ní taise do cheoltóirí is do chumadóirí ár linne é. Chas Robert McMillen le hoirfideach a chasann idir bhogearraí agus uirlisí go hoilte is go healaíonta.
»»»Tá trí bhonn uile Éireann ag Dara Ó Cinnéide agus ba é a bhí mar chaptaen ar fhoireann bhuacach Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann 2004. Tá sé ag baint a shlí bheatha amach sna meáin anois. Ghaibh sé isteach chun cainte le Caitríona Budhlaeir i nDún Chíomháin, Baile an Fheirtéaraigh. Fear séimh, socair gan aon fhuadar fé agus ba léir go bhfuil an chaid, an Ghaelainn agus Corca Dhuibhne go smior ann.
»»»Bhuail Robert McMillen le Róisín Ní Eadhra, an láithreoir teilifíse a bhfuil sraith úr darb ainm ‘Róisín’ tosaithe aici ar TG4 an mhí seo caite.
»»»Chas Seosamh Mac Muirí le hÍte Ní Chionnaith a bhfuil taithí na mblianta aici ag léachtóireacht sna meáin chumarsáide in ITBÁC. Iareagarthóir Feasta, iar-Chathaoirleach Oireachtas na Gaeilge agus iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, is cinnte go bhfuil tuairim le roinnt aici.
»»»Chas Seosamh Mac Muirí leis an Seanadóir Rónán Mullen i gceantar dúchais a máthar lena cheistiú faoi Sheanad Éireann, faoi cheist an ghinmhillte agus faoi roinnt ábhar eile ar spéis leis.
»»»Chas Robert McMillen le húdar an leabhair ‘Language, Resistance and Revival’, gníomhaí teanga, Feargal Mac Ionnrachtaigh, le cuid de scéal corrach Bhéal Feirste agus de scéal na Gaeilge a chíoradh is a mheas.
»»»Bhuail Gráinne Campion le Breandán Ó hEaghra ón ngrúpa ceoil Rís, fear atá sáite i ngnéithe den cheol le blianta, ón chumadóireacht go tráchtaireacht, agus fear a bhfuil a ghnó féin bunaithe le bliain anuas. Tuigeann Gráinne nach furasta tráchtaire a chur ón tráchtaireacht.
»»»Seachtain i ndiaidh Ard-Fheis Shinn Féin, cheistigh Seosamh Mac Muirí an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh faoi na constaicí atá roimh a pháirtí, faoin déine, cás Uí Lubhlaí agus faoi mhórán gnéithe eile nach iad.
»»»Ní fios an obair éachtach atá ar siúl in Oirthear Bhéal Feirste. Chuaigh Robert McMillen chun caint le bean na muirthéachta teanga ag Misean Oirthear Bhéal Feirste, Linda Ervine.
»»»Bhuail Colm Mac Séalaigh leis an bhfear a chuir Kevin Myers, fiú amháin, ag caint níos boige i leith na Gaeilge, Bernard Dunne, iarchuradh dornálaíochta an domhain. Céard ba thús leis an iarracht ar fad?
»»»Chas Seosamh Mac Muirí le fear a bhfuil an-lear eolais bailithe aige ar chanúint Iorrais agus ar stair shóisialta an taobh sin tíre. Chloistí Pádraig S. Ó Murchú go minic ar Raidió na Gaeltachta roimhe seo ach tá an Raidió tarraingte amach as an áit le tamall.
»»»Bhuail Catherine Foley le Cabríní de Barra, bean as Baile Átha Cliath a bhog chun na nDéise. Thaobhaigh Cabríní le cuspóirí Chonradh na Gaeilge le blianta, ní a thug ar aon ardán í le triúr eile ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Ceanainn le caint a thabhairt; caint a tharraing caint.
»»»Chas Robert McMillen le cumadóir, ceoltóir agus amhránaí a bhfuil díolamaí seolta aici agus gealladh fúithi le tamall anuas ar dhá bhruach na teiscinne, Julie Feeney as Achréidh na Gaillimhe. Bean í Julie a chuireann a croí agus machnamh ina saothar, ní a tharraingíonn tuilleadh airde dá réir.
»»»Thug Robert McMillen fogha faoi bhallaí Dhoire agus faoin Chultúrlann le riar maith ceisteanna a chur ar an Phríomhfheidhmeannach ann, Gearóid Ó hEára. Chonaic Gearóid athruithe ag teacht ar an chathair agus ar an saol nár shamhlaigh sé riamh roimhe na blianta ó shin.
»»»Bhuail Seosamh Mac Muirí le fear siúlach scéalach as an Chabhán a mhaíonn gur féidir teanga a fhoghlaim iontach mear ach an cur chuige s’aige a leanacht. Is túisce a aithneoidh roinnt daoine thar lear é mar ‘the Irish Polyglot’ná a ainm féin, Benny Lewis nó Breandán Ó Laobhais.
»»»Fear a bhain duaiseanna Oireachtais as an agallamh bheirte é an Béal Feirsteach, Ray Mac Mánais agus is ceoltóir méarchláir agus bocsa fosta. Ba phríomhoide Ghaelscoil Míde é go dtí le deireanas ach tá obair eile roimhe anois óir beidh ranganna cruinnis agus léachtaí le tabhairt aige i mBaile Átha Cliath cuid den tseachtain.
»»»Chas Seosamh Mac Muirí le láithreoir de chuid BBC na hAlban agus Radiò nan Gaidheal, Andreas Wolff, fear a thug cúrsa ÙLPAN ar Ghaeilge na hAlban i nGleann Cholm Cille i mbliana. Is as Beirlin é Andreas ach rinne sé a chéim ollscoile i Sabhal Mór Ostaig ar Eilean Sgitheanach.
»»»Tá saibhreas Gaeltachta bailithe agus roinnte ar na haerthonnta ag Raidió na Gaeltachta le daichead bliain anuas. Bhuail Seosamh Mac Muirí le ceannaire Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin le scéal an fhorais is gaelaí dár gcuid a chíoradh. Is iomaí duine i dtíortha thar lear a thugann cluas do Gharraí Pheter William ar an tsuíomh idirlín.
»»»Bhuail Seosamh Mac Muirí le Ciarán Ó Cofaigh, príomhfheidhmeannach ROSG, an comhlacht a thug Cré na Cille ina scannán dúinn, a thug Scéal na Gaeilge dúinn a bhain Gradam an Chumarsáide an Oireachtais 2012 an mhí seo caite agus a roinneann mórán eile lena gcois siúd orainn chaon tseachtain. Cíoradh tionscal físe na Gaeilge mar atá agus mar a bheas.
»»»Bhuail Catherine Foley isteach chun cainte le Pauline Nic Craith i Rinn Ua gCuanach, bean a bhí lonnaithe i mBéal Feirste agus a d’oibir mar altra ann i rith na mblianta ba mheasa a raibh an dortadh fola agus an scaoileadh luaidhe, rubair is plaistigh ina reacht.
»»»Chas Shane Ó Curraighín le Mícheál Mac Giolla Easbuic, Uachtarán Oireachtas na Gaeilge i gCúl na Cruaiche Cois Farraige, Cill Chartha. Cheistigh sé é faoin bhreac-Ghaeltacht, a chnuasach béaloidis agus ceoil, An Cumann Lúthchleas Gael, saol an oide agus faoi Fhéile an Oireachtais go háirithe.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.