Tháinig mná aníos ar aistear fada óna sclábhaíocht ag sclábhaithe in imeacht céad bliain. Rianaíonn Robert McMillen cuid de scéal vótáil na mban.
»»»Chas Robert McMillen le bean óg as Indreabhán, Conamara, atá ag saothrú i saol an aistriúcháin le tamall de bhlianta. Ní in Éirinn ná sa mBruiséal atá sí lonnaithe, ach thall san Oileán Úr mar a mbíonn sí ag teagasc ar chúrsaí Gaeilge in Ollscoil Lehman.
»»»Smacht na gealtlainne atá ag déanamh buairimh do Robert McMillen, nó is cosúil go bhfuil Céad Aire Thuaisceart Éireann bailithe ar mearbhall uile go léireach.
»»»Ná fan leis an mhuirthéacht Ghaeilge a chairde. Tá Robert McMillen den tuairim gur thoisigh sé cheana féin agus tá sé ar bun ar áit gar duit féin más ar thalamh ghlas na hÉireann atá tú.
»»»Bhuail Robert McMillen le fear de bhunadh na hAirgintíne is de bhunadh Chlann Mhic Lochlainn Anghaile agus na sean-Mhí. Is é Guillermo Mac Loughlin eagarthóir an nuachtáin La Cruz del Sur, nó Crois an Deiscirt, san Airgintín.
»»»Chuala Robert McMillen tuairim spéisiúil sular scaoileadh John Downey saor faoi bhuamáil Hyde Park. Drámaíocht a bhí sa chúiseamh d’aon aidhm amháin, dar leis an teoiric sin, le dearcadh an phobail a mhúnlú.
»»»Bíonn drámaíocht sa tsaol agus bíonn an saol ina dhrámaíocht chomh minic céanna, nó bhí an mhí seo chuaigh thart mar is eol do Robert McMillen.
»»»Tá Robert McMillen den bharúil go bhfuil is go mbeidh beanna codlatacha na dteampall ó thuaidh codlatach ó thuaidh go Lá Philib an Chleite.
»»»Tá dearcadh níos bunúsaí agus níos ciallmhara ag daoine sna tíortha neamhfhorbartha ná mar atá abhus i leith socrú deacrachtaí dar le Robert McMillen.
»»»Is mó ná riamh rian an ríomhaire ar shaol achan duine agus ní taise do cheoltóirí is do chumadóirí ár linne é. Chas Robert McMillen le hoirfideach a chasann idir bhogearraí agus uirlisí go hoilte is go healaíonta.
»»»Galar gan leigheas, foighid is fearr air. Cibé póit atá ar dhaoine sa tuaisceart, tá Robert McMillen den bharúil nach mbeidh sé furasta a leigheas a dhéanamh.
»»»Chaith Robert McMillen seachtain sách corrach le drámaí agus bhí sé ag seoladh leabhair, am ar sileadh deoir.
»»»Bhuail Robert McMillen le Róisín Ní Eadhra, an láithreoir teilifíse a bhfuil sraith úr darb ainm ‘Róisín’ tosaithe aici ar TG4 an mhí seo caite.
»»»Cad é a chiallaíonn sé a bheith faoi riail an bhunreachta? Bhí Robert McMillen ag breacadh roinnt de na smaointe a rith leis le tamall anuas.
»»»Maraítear iad nó bagraítear a leithéid orthu, ach coinníonn siad orthu ar son na cúise. Ní ceird í an iriseoireacht a réiteodh le gach éinne, Ach is ceird í a thuigeann Robert McMillen.
»»»Éalaíonn Robert McMillen idir cleith is ursain ón ghiolcaireacht anois is arís le halt a scríobh fúthu siúd nach n-éalaíonn, daoine ar nós ‘Cúige Uladh’ sa PUP.
»»»Chas Robert McMillen le húdar an leabhair ‘Language, Resistance and Revival’, gníomhaí teanga, Feargal Mac Ionnrachtaigh, le cuid de scéal corrach Bhéal Feirste agus de scéal na Gaeilge a chíoradh is a mheas.
»»»Tá rudaí deasa le déanamh againn sa tsaol a deir Robert McMillen agus, má tá ciall againn, ní ligfimid do dhonas an domhain bhradaigh dul idir sinn agus sonas an tsaoil seo.
»»»D’fhág Robert McMillen ‘Gleann na nGealt thoir’ seal, seal a thug deis dó meabhrú ar ‘cló ceart’ na ndaoine, cló atá ceilte ar éigean orthu i stair oidhreachta na comharsan acu féin.
»»»Tá Robert McMillen agus daoine go leor eile in ann tuairim a thabhairt roimhré ar an dóigh a mbeidh cur chuige imeachtaí áirithe atá amach romhainn á meas ag na dreamanna éagsúla.
»»»Ní bheadh a fhios ag duine cén tír aineoil i bhfad i gcéin as a dtáinig duine éicint de do shinsear. Chuir leabhar ar an ábhar iontas ar Robert McMillen.
»»»Ní fios an obair éachtach atá ar siúl in Oirthear Bhéal Feirste. Chuaigh Robert McMillen chun caint le bean na muirthéachta teanga ag Misean Oirthear Bhéal Feirste, Linda Ervine.
»»»Tchítear do Robert McMillen gur tanaí agus gur trédhearcach go leor de cheapadóireacht na féiniúlachta, ar neamhcead don taobh den teorainn a mbeidh tú.
»»»Na céadta bliain i ndiaidh bhronnadh a cairte ar Bhéal Feirste, míníonn Robert McMillen go bhfuil lucht na teanga mionlaithe ag cur in iúl go feidhmiúil gur cuid de fhíochán na cathrach iad féin fosta.
»»»Is mór a d’athraigh na Sé Chontae le glúin anuas ach tá Robert McMillen den bharúil go gcaithfidh an cheist náisiúnta fanacht faoi shuan go fóilleach.
»»»D’fhoghlaim Robert McMillen téarma nua, ‘afáise iomlán’. Cibe is siocair leis, tá roinnt daoine ar an fhóidín mheara ó thuaidh nó ní fheiceann siad an bóthar rompu go saol na síochána
»»»Síleann roinnt daoine go dtiocfadh le níos mó ná fearg a bheith ar chúl na ‘léirsithe’ ó thuaidh. Chan amháin sin, ach is cosúil dar le Robert McMillen, go mbeidh an tIRA Leanúnach ag coinneáil orthu arís i mbliana.
»»»Chas Robert McMillen le cumadóir, ceoltóir agus amhránaí a bhfuil díolamaí seolta aici agus gealladh fúithi le tamall anuas ar dhá bhruach na teiscinne, Julie Feeney as Achréidh na Gaillimhe. Bean í Julie a chuireann a croí agus machnamh ina saothar, ní a tharraingíonn tuilleadh airde dá réir.
»»»Beidh soilse geala na Nollag as sméideadh go gealgháireach as fuinneoga siopaí ar chách, ach níl an méid dífhostaíochta, gnólachtaí druidte ná níl na céatadáin dócmhainneachtaí ag tabhairt aon siocair gealgháire sna Sé Chontae ach oiread le háit ar bith.
»»»Thug Robert McMillen fogha faoi bhallaí Dhoire agus faoin Chultúrlann le riar maith ceisteanna a chur ar an Phríomhfheidhmeannach ann, Gearóid Ó hEára. Chonaic Gearóid athruithe ag teacht ar an chathair agus ar an saol nár shamhlaigh sé riamh roimhe na blianta ó shin.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.