AR NA SAOLTA SEO
An Náisiúnaí Bunreachtúil
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Cad é a chiallaíonn sé a bheith faoi riail an bhunreachta? Bhí Robert McMillen ag breacadh roinnt de na smaointe a rith leis le tamall anuas.

Íomhá
'Éistim le Dervish', Cathy Jordan
Íomhá
Bíogadh na Leathghlúine - Patellar-knee-reflex
Íomhá
Martin Mc Guinness
Íomhá
An tUachtarán, Mícheál D.

Yippee. Is Éireannach mé. Bhí barúil agam riamh anall gur mar sin a bhí sé - labhraím Gaeilge ar bhonn laethúil, bíonn comhráite fada teasaí idir mé féin agus mo chairde ar ghnóthaí Chumann Lúthchleas Gael, bíonn Liam Ó Maonlaí agus Skara Brae agus Dervish ag dul ar an seinnteoir dlúthdhiosca sa charr, bím ag breathnú go minic ar TG4 agus olaím Guinness. Is sainmhíniú an Éireannachais mé. Anois, tá glactha ag An Coinbhinsiún ar an Bhunreacht le mo dhintiúir. Mhol siad do Rialtas Éireannach na hÉireann go dtabharfaí vóta dom le caitheamh i dtoghchán na huachtaránachta mar Éireannach agus mar Ghael, cionn is, dar liom, dalta an fhile a d’imigh ar shlí na fírinne an mhí seo caite, “tá mo phas glas” - cé go bhfuil mé i mo chónaí i Leath Choinn. Ní thig liom fanacht go dtí 2018.

Ar ndóigh, caithfidh an rialtas trasna na teorann (cén teorainn?) glacadh leis an mholadh a glacadh le móramh 73% a bhí i bhfách agus 20% ina éadan (Ní raibh an 8% cinnte nó níor léirigh siad aon bharúil). Ach, in alt ar The Detail, dúirt Richard Moore gur mheas sé go mbeadh leasc ar an chomhrialtas glacadh leis an mholadh. Bhí Richard ina stiúrthóir ar fheachtas Seán Gallagher le linn an toghcháin dheireanaigh don Uachtaránacht.

I suppose by the nature of the fact that they are not present in a State, they might be seen as much more volatile and much more likely to have a knee-jerk reaction.

An tUasal Volatile

Tá Richard ag caint ormsa. Mr Volatile an leasainm atá orm. Ní stopann mo ghlúin de bheith ag bíogadh in am ar bith. Tchí Dia an sciúird a bheadh ar siúl le linn toghchán uachtaránachta. 
Dia idir é agus an namhaid ag an gheata, slua nordies ag déanamh Riverdance leis na glúine síorphreabacha sin a fhad le ambasáideanna na hÉireann le vóta a chaitheamh do Dana nó do, óro dheabhail, Martin Mc Guinness. Th’anam don Diúc.


Déanta na firinne, dá mbeadh an vóta agam i 2011, chaithfinn é ar son Michael D Higgins. Gurbh fhada uaim ireland.inc Uí Ghallchóir agus diamhracht amhrasach Mhic Aongusa. Bhí eagla mo chraicinn orm go mbainfeadh Ó Gallchóir agus bhain mé pléisiúr thar a bheith ciontach as an bhobghaiste meafarach a leag Mc Guinness síos dó.

Tá dáimh agam le hÉireannachas Uí Uiginn, rud nach raibh agam le duine ar bith eile de na hiarrthóirí dhá bliain ó shin. Má fhaigheann muintir an tuaiscirt vóta i dtoghcháin uachtaránachta, ba chéim bheag ach tábhachtach é chun aitheantas a thabhairt dom mar Éireannach.

Seo sampla beag. Ní chraolann BBC NI cluichí ceannais na hÉireann mura bhfuil foireann Ultach ag imirt agus tá mé cinnte go mbeadh cur agus cúiteamh ar siúl i dTeach Craolacháin i mBéal Feirste i gceist dá mbeadh Muineacháin, An Cabhán nó Tír Chonall ag dul fá choinne Sam (dá éadóiche é an chéad bheirt!).

Bhain iománaithe faoi-21 Aontroma cluiche ceannais iomána amach i mí Lúnasa, an chéad fhoireann Ultach lena leithéid a dhéanamh, ach níor chraol BBC The Province an cluiche mór (Is mór an gar, arsa tusa). Ní fheicfeadh duine ó thuaidh ar bith an sár-chluiche idir an Clár agus Corcaigh mura mbeadh gléas RTÉ acu. Tá an oiread sin brú ag teacht ó gach taobh glacadh leis an Éireannachas Tuaisceartach coincheap atá cumtha leis an Éireannachas a cheilt, déanta na firinne.

Cinneadh an Choinbhinsiúin

Mar sin, is céim bheag chun cinn é an cinneadh seo ag An Coinbhinsiún ar an Bhunreacht ach aithním go bhfuil lámha salacha na polaitíochta ar obair agus gur eagla roimh Shinn Féin príomhspreagadh na bpáirtithe móra ó dheas agus iad ag plé na ceiste seo.

Measann Aontachtaithe go fóill gur cruthaíodh Reich Míle Bliain i 1921 agus nach ceadmhach aon athrú cé go bhfuil an timpeallacht bhunreachtúil, pholaitiúil, shóisialta, mhorálta, thart orthu athraithe as a riocht mar sin, faigheann tú fir an lae inné, Michael Mc Gimpsey agus Tom Elliott ag rá go gcuirfeadh sé deireadh le Comhaontú Aoine an Chéasta (Mc Gimpsey) agus

“Ní thugann Uachtarán na hÉireann ionadaíocht do mhuintir Thuaisceart Éireann. Tá ár monarcacht féin agus Banríon againn. Sin an saol. Caitheann muid glacadh leis sin agus bogadh ar aghaidh.”

Tá mé buartha, Tom, ach tugann Michael D Higgins ionadaíocht domsa, ní Elizabeth Saxe-Coburg-Gotha aka Windsor.

Dlíonn Poblacht na hÉireann agus éilíonn sí leis seo, géillsine mhuintir uile na hÉireann, idir fhir agus mhná,” a deirtear san Fhórfhógra, a rialtais na hÉireann.

Tá géillsine náisiúnaithe an tuaiscirt agat. Cad é a dhéanfaidh tú dóibhsean?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.