AR NA SAOLTA SEO
Bia ar an Bhord nó an Bhratach a Stríocadh?
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá dearcadh níos bunúsaí agus níos ciallmhara ag daoine sna tíortha neamhfhorbartha ná mar atá abhus i leith socrú deacrachtaí dar le Robert McMillen.

Íomhá
An Dr. Dambisa Moyo
(le David Grundy ar Vicipéid)
Íomhá
Bono le Obama
(le Pete Souza ar Vicipéid)
Íomhá
Cailín i mbaol báis den ocras sna 60aidí
(leis an Dr. Lyle Conrad ar Vicipéid)
Íomhá
Bono arís
(le Paul Morse ar Vicipéid)

Cad é an bhaint ata ag an tSín, na geilleagair éiritheacha agus bratach Shasana lena chéile? Fan liom. Bhí mé ag breathnú ar cúpla TED talk, sraith léachtaí faoin uile ábhar faoin spéir agus na mílte acu thar a bheith suimiúil.

Chuir mé sonrú ar leith i gcaint a thug an Dr Dambisa Moyo, eacnamaí idirnáisiúnta ón tSaimbia, agus í ag caint ar an dóigh gur féidir gurb í an tSín a bheas mar eiseamláir do thíortha i mbéal forbartha (cé gur thug sí margaí éiritheacha orthu) in áit Stáit Aontaithe Mheiriceá. Dúirt an Dr Moyo go raibh an t-iarthar faoi dhraíocht ag trí ghné - an daonlathas liobrálach, an caipitleachas aonair agus tosaíocht cearta polaitíochta ar chearta geilleagair.
Ach in áiteanna eile ar fud na cruinne, bhí siad ag breathnú ar an tSín mar eiseamláir le hiad a tharraingt amach as an tsáinn geilleagair ina bhfuil 90% de dhaonra an domhain. Sa tSín, tá caipitleachas stáit i bhfeidhm, níl béim á chur ar an daonlathas agus is tábhachtaí leo cearta geilleagair ná cearta polaitíochta.
Mar thoradh air seo, tá 300 milliún Síneach tógtha amach as an bhochtaineacht, a deir sí.“Arbh fhearr le daoine bochta ‘an tríú domhain’ mar a thugtaí air, ceart vótála lena n-uachtarán a roghnú nó bia a bheith ar an bhord?” a d’fhiafraigh sí.

Luaigh an Dr Moyo Patrick Henry, rialtóir Virginia a dúirt i 1765: “Give me liberty or give me death” ach tá daoine sna tíortha is boichte ar domhan compordach leis an diabhal ‘saoirse’ má chiallaíonn sé go mbeidh siad níos fearr as ó thaobh mhaoin shaolta de. Ní mar sin atá dílseoirí ó thuaidh.

Feicfimid Linn faoi na Bratacha

Chuir sé mo sháith iontais orm nuair a léigh mé gurbh í ceist na brataí an idirbheartaíocht=the most difficult in the discussions">an ceann ba chasta s="gloss" title="the bargaining">an idirbheartaíocht atá á stiuradh ag na toscairí Meiriceánacha, Richard Haass agus Meghan O Sullivan, le tamall anuas.

“Tá fíordhul chun cinn déanta againn ar cheist na mórshiúlta agus ar an am atá thart,” arsa Haass, Dé hAoine, “ach ‘we shall see where we come out on flags’ - abairt a bhfuil an oiread sin doiléire inti go bhfuil sí do-aistrithe ach is léir gurb í ceist na brataí an ceann is doréitithe.

Is tábhachtaí cearta polaitíochta/féiniúlachta ná cearta geilleagair, .i. gurbh fhearr le haontachtaithe go mbeadh bratach os cionn Halla na Cathrach i mBéal Feirste ná an dul chun cinn geilleagrach a d’eascródh as socrú polaitíochta ar na saincheisteanna seo.

Gach Nollag, bíonn mo theaghlach ag breathnú ar The Grinch ar an teilifís, scannán bunaithe ar an leabhar The Grinch Who Stole Christmas.Tá a leithéid againn ó thuaidh - the IRA (Grinch Wing) nó Grintseanna na hÉireann, mar le tamall anuas, de thaisme nó d’aonturas, bhí easaontóirí poblachtánacha ag iarraidh an Nollaig a scriosadh ar phobal Bhéal Feirste. Agus daoine a mharú. Duine ar bith. Fear, bean, páiste, Protastúnach, Caitliceach, Sunni, Shia, ba chuma leis an té a d’fhág buama i gCeathrú na hardeaglaise, Barra an Teampaill Bhéal Feirste, oíche Aoine roimh an Nollaig.

Dhírigh Grints eile ar chroí gheilleagrach na Breataine nuair a chuaigh sé isteach i siopa earraí gailf – níl mé ag magadh - lena chur trí thine. Chuir sé é féin trí thine. Ach ba mheasa i bhfad an t-ionsaí a rinne siad in éadan phóilíní an PSNI a bhí ag faire ar scata dílseoirí.
Seo an cúlra atá le cainteanna Richard Haass agus Meghan O Sullivan agus iad ag iarraidh na páirtithe polaitíochta a mhealladh i dtreo comhshocruithe.

Agus mé á scríobh seo (22 Nollaig), tá an toiscaireacht le cáipéis a chur faoi bhráid na bpáirtithe agus tosóidh an idirbheartaíocht Dé Luain. Beidh sé seo deacair. Is léir go bhfuil cinneadh déanta ag an DUP gan socrú de chineál ar bith a dheanamh le Sinn Féin roimh an chéad toghcháin eile do Stormont. San idirlinn, tá daoine macánta ag fanacht le poist, le caighdeán ceart maireachtála agus le bliain úr faoi mhaise.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.