Is mór a d’athraigh na Sé Chontae le glúin anuas ach tá Robert McMillen den bharúil go gcaithfidh an cheist náisiúnta fanacht faoi shuan go fóilleach.
Naisc:
[seoladh feachtais Shinn Féin: http://www.youtube.com/watch?v=YbKnPOt211w)
Bhí mé ag caint le cara de mo chuid an tseachtain seo, an staraí Eamon Phoenix, agus dúirt sé gur scairt duine air le hinse dó go raibh pictiúr aige ina raibh Michael Collins, Sam Maguire agus duine ainaithnid eile, agus an chuma orthu go raibh siad ag ceiliúradh go lúchaireach síniú an Chonartha i 1921.
Ar ndóigh, níor ghlac de Valera leis an Chonradh, lean Cogadh na gCarad agus tréigeadh an tuaisceart go deo na ndeor. Measann Seamus Heaney go bhfuil an tuaisceart tréigthe go brách in agallamh a thug sé an tseachtain seo do Times Londain. Tá an ceart aige nuair a deir sé go bhfiul córas na seanaicmí ar obair ag aontachtaithe ach ní aontaím leis faoin bhratach.
Ní aontaím leis ach oiread nach mbeidh Éire Aontaithe ann choíche ach is cinnte go bhfuil an scéal athraithe as a riocht. Is cuma cad é an léamh atá agat ar an daonáireamh, is léir go mbeidh náisiúnaithe mar chuid den réiteach ó thuaidh. Le 50 bliain, b’fhurasta neamhaird a dhéanamh orthu, le neart polaitíochta agus le gaireas smachtaithe an stáit anuas ar an neamhaird a rinne rialtais i Sráid Chill Dara agus ag Westminster. D’athraigh na Trioblóidí sin uilig agus ní bheidh an smacht céanna ag aontachaithe is a bhíodh acu ina “ré órga”. Glacfaidh sé tamall fada ach bainfear cothromaíocht chultúir amach luath nó mall agus tá difir an domhain idir stádas na gCaitliceach inniu agus a stádas le linn reiméas Stormont. Beidh deis ag mo pháistí agus ag mo gharpháistí rudaí a bhaint amach nárbh fhéidir leathchéad bliain ó shin.
Cé shamhlódh go mbeadh Caitliceach choíche ina Ard-Aighne ó thuaidh? Nó go mbeadh Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an tuaiscirt ina Ghaeilgeoir Caitliceach - agus ina phíobaire cumasach uilleann chomh maith! Tá aithne agam ar dhochtúir a dúirt liom nach speisialtóir amháin Caitliceach san otharlann a mbíodh sé ag obair inti. Dia ár sábháil, chonaic mé iardhalta de chuid Bhunscoil Phobal Feirste ag imirt do Linfield! Mar sin, tá an saol ag athrú ó thuaidh ach go malltrialach.
Guthaíocht faoin Teorainn
Leis an fhoréigean a bhain le laghdú líon na laethanta a mbeadh brat na Breataine ar foluain os cionn Halla na Cathrach i mBéal Feirste, tuigeann muid cén fáth. Sin an fáth go bhfuil sé doiligh a oibriú amach cad é tá le gnothú ag Sinn Féin as vóta nó reifreann ar an teorainn a iarraidh. Tá bunús na ndaoine a bhfuil aithne agam orthu ar nós cuma liom faoin vóta. Mar a dúirt Eamon Phoenix, tá daoine beo i saol réadúil an gheilleagair, an cúlú geilleagair, cúrsaí oideachais, fadhbanna pearsanta agus feiceann siad gur féidir na cuspóirí pearsanta agus na gairm-mhianta atá acu a chomhlíonadh sa tuaisceart.
Tá cothromaíocht de chineál éigin bainte amach ag náisiúntóirí agus ní chaithfidh siad vóta atá in éadan a leasa geilleagair. Anuas ar sin, is cuma cad é a déarfadh Gerry Adams, agus is cuma cén dearcadh atá ag an DUP - tá dearcaidh éagsúla ag baill shinsireacha an pháirtí - ní cheadóidh Rúnaí Stáit an tuaiscirt, Theresa Villiers, reifreann ar cheist na teorann. Níl sé de dhíth ar pháirtithe an rialtais ó dheas ach is cosúil go bhfuil ceannaire Shinn Féin ag iarraidh, ach go háirithe, dúshlán a thabhairt d’Fhianna Fáil agus stádas “An Páirtí Poblachtach” a athghabhadh.
Tharla an reifreann deireanach i 1973, bhí 591,820 nó 98.9% i bhfách le go bhfanódh na Sé Chontae sa Ríocht Aontaithe agus 6,463 nó 1.1% ina éadan sin. Ar ndóigh, rinne an páirtí (amháin) náisiúnaíoch, an SDLP, baghcat iomlán ar an reifreann ach is cosúil, fiú mura ndearnadh an baghcat, go mbeadh tromlach mór i bhfách leis an aontas. Measann daoine atá in eadan an vóta gur cuntas seiceach cloigeann a bheas ann, ach sin mar a bunaíodh an Stát sa chéad dul síos!
Bhí ciall sa rud a dúirt an feisire sóisialach, Joe Higgins, sa Dáil an tseachtain seo nuair a dúirt sé gur córa go mbeadh an aicme oibre Chaitliceach agus an aicme oibre Phrotastúnach ag caitheamh dua le theacht le chéile leis na fadhbanna a chránn iad araon a réiteach in áit a bheith gafa ag ceisteanna ceannasachta. Beidh ar an cheist náisiúnta fanacht sa chófra tamall eile.